Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanmóir ar Pháis ár dTiarna Íosa Críost

Title
Seanmóir ar Pháis ár dTiarna Íosa Críost
Author(s)
Meighan, Michael,
Compiler/Editor
Ó Fachtna , Anselm
Composition Date
1825
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1967-1968)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Seanmóir ar Pháis ár dTiarna Íosa Críost



Ní chuireann aon duine chun báis mé, ach tugaim suas m'anam
uaim féin - Briathra Íosa Críost annsa deichiú caibidil do Naomh
Eoin.



1. Do thuaradh <?> páis ár Slánuitheoir, mar do rinn' a bheatha,
le fios siúrálta ar na mórphianta do bhí sé le fuilint. Dá bhrí sin,
nuair do tháinig an noimint do cheap sé chun a bheatha do thabhairt
suas, ba thoil leis an bás do fhuilint anna leithéid sin do shlí, go
mb'fhiú is a bhás, go mba mhian leis ceart an Athar síorraí do
shásamh go hiomlán, agus dá bhrí sin, ár gcroíthe do spreagan chun
é ghráú agus ár n-aigne chun é aithint. Ó sé so amháin ba chúis do
iomlán a phianta, níor fhan sé go dtiocfadh lucht a chéasta chun a
chuid fola naofa do tharraint, ach gan a bheith ábalta air moill a
dhéanadh, do thug sé é féin suas do an uirid sin pianta nárbh
fhéidir le iomlán mailís a námhad a leithéid do cheapadh ná chuimh-
neamh air, de bhrí go mba mhó a ghrá dhúinne ná iomlán a
ndíbheirgene.



2. Ná bíodh, dá bhrí sin, aon iontas ort, <má> chíonn tú an
teampall ann culaith dubrónaigh; <ó> d'imigh a chompánaigh do
thug sé suas a ana<m> naofa. Tá teora le mailís a námhad, níl dul
níos sia acu. Déanaimid, dá bhrí sin, a chríostaithe, cabhraithe
le
smaointibh ár gcreidimh, féachaint ar an tUan naofa annsa
ngriofad <?> 'nar chuir ár mórpheacaí é, nó níos mó, a mhórghrá
dúinn. Ní thaispeánann sé é féin dúinn ina dhuine onórach, uasal, ná
ábalta, do chuirfeadh oibliogáid orainn omós agus urraim do thabh-
airt dó. Ann cás don tsórt so níorbh fhéidir cur suas do urraim do
thaispeáint dó, ach ní lasfadh so ár gcroíthe le grá dó chun sinn do
cheangal go dlú dhó; is fearra leis é féin do thaispeáint dúinn 'na
dhuine anacrach, dubrónach. Níl aon lot ar iomlán a chuirp ná
taispeánann a ghrá dúinn. Féach ar an gcolainn naofa sin tair-
neáilte ar chúis scannalaigh, crochta idir neamh agus talamh,
loitithe le gearrtha dona, agus líonta le fuil. Féach ar an gceann
naofa sin, lena choróin deilgne, a' lúbadh faoi ualach a phianta. Tá a
shúla nach mór dúnta le tuile deóraíochta, agus tugann sé, ar a
shon sin, féachaint truamhéileach oruinne. Tá a bhéal, nite le
domlas chomh searbh le boramóta, oscailte chun labhairt 'ár bpáirt.
Agus ós a gceann go léir, féach ar an chaomh grámhar do Thiarna,
briste le pianta agus cortha le anacra. Leag do shúla ar an somplóir
atá anois ós do chomhair, agus féach an féidir leat gan caduaic


L. 181


féachaint ar griofad <?> anacrach Rí na Glóire agus bás údar na
beatha.



3. Déanfaidh pianta bhur Slánaitheoir, mailís gan meisneamh a
námhad, crot dubrónach an teampaill, ciúineas agus féachaint
uaigneach na haltóra, bhar n-anamnacha inniu do dhiúltú chun
féachaint ar an bpíc uafásach do thaispeáineann sliabh Calvary.
Déanaimid mar sin, a chríostaithe, machtnamh fírinneach ar an ní
is iontaí ann ár gcreideamh naofa, páis agus bás Íosa Críost. Ach
le tnúth gur chun seirbhís ár n-anamnach é, tabhairfaidh mé
iarracht le grásta Dia píc do thabhairt díbh ar pianta bhar dTiarna
i ngairdín Gethsemani agus ar an drochúsáid do fuair sé ó na
giúistísí. Déanfaidh so an chéad phoint; agus a bhás ar sliabh
Calvary, an dara point.



4. Ó, a Íosa, do dhoirt do chuid fola ar an gcrois, achainímid ort
tarbhú dhár n-anamna dhe. Ó ghlaodh-se do Dhia isna flaithis
chun trócaire do fháil dúinn agus abhcóideacht do dhéanadh 'ár
bpáirt, ó go ndéanaidh na tuilte do ghluais ód loitibh inniu ár
bpeacaí go léir do ní amach, agus go ndéanaimid ar fad as so suas
ár mbeatha go hiomlán do chaitheamh chun do sheirbhíse agus do
ghlóire.



5. Ba thoil le Mac Dia, do tháinig anuas ós na flaithis agus do
ghlac colann daonna chun é féin do ofráil don Athair síoraí chun
leorghníomh do dhéanadh ann ár bpeacaibh, tosnú lena pháis, le
allus fola, agus pianta fírinneacha i ngairdín Gethsemani. Annso
do chíonn sé go soiléir gach cúrsa dá pháis shearbh. Chíonn sé do
ghlanmheabhair na sciúirsí, na deilgne, na lanna do bhí ullamh
faoina chomhair. Chíonn sé drochchumann agus dorchadas mórán
ná tarbhóchadh dá phianta; agus chun barr ainnise do chur ar a
phianta, do chonnaic sé na mórpheacaí do dhéanfaí go laethiúil in
aghaidh an Athar síoraí agus cruachroíocht lucht a chéasta, do
chuaidh chomh mór go dtína chroí air, ó do ghrá sé go fírinneach
iad. Ach an ní is mó do ghoill air, gur athain sé roimhré ná beadh
do sheirbhís acu i dtaobh an méid do fhuiling sé ar a son ach chun
iad a dhéanadh níos ciontaí i láthair Dia agus níos mífhortúnaí i
gcaitheamh lá fada na síoraíocht.



6. Annso a' fágaint an chuid eile dá dheisciobail tamall uaidh,
agus a' breith Peadair, Séamuis agus Seáin leis, osclann sé a aigne
dhóibh agus deir sé: Atá m'anam ródhubrónach; sé sin le rá: Tá
ualach briste croí ar m'aigne. Chíonn sibh, a chríostaithe, cad é an
griofad <?> 'na gcuireann ár bpeacaí ár dTiarna naofa. Cuirid siad


L. 183


iachalla ar a chuid fola rith anuas ó gach ball dá cholainn, agus ní
bhainid siad aon osna amháin uainne. Tá sé sin dubrónach agus
táimidne líonta le peacaí gan míshásamh ar domhan oruinn. Annsa
staid truamhéileach so tugann a Athair síoraí cluas bhodhar dá
achainí ar shon go mba dhóigh leat go bhfuil sé á sclogadh leis an
mbás, agus go mba cúis trua é. Féach anois ar do Thiarna agus
beidh tú féin ábalta a mheas cad é an ní é an peaca ós é ba chiontach
le iomlán a phianta.



7. Más mian leat a bheith id aithríoch fírinneach, bíodh cosúlacht
éigin ag d'aithrí le pianta do Shlánaitheoir atá a' lúbadh a ghuaillí
faoi ualach do pheacaí. Is anois, go deimhin, is féidir a rá gur duine
anacrach é. Tréigeann an saol é, agus ní thagann amháin aoinne dá
dheisciobail lámh leis. Níl ach neamhní dó a bheith a' glaoch orthu,
atá siad ar fad 'na suan codlata. Á, bíodh truamhéil anois go
háirithe agat don staid mhífhortúnaigh 'na bhfuil sé, a' cur alluis a
chroí dhe. Caitheann sé é féin ar a bhéal agus a aghaidh ar an
talamh, agus le neart a phianta ritheann sruthán fola thart thimpeall
air. Ach, a chríostaithe mo chroí, sé an ní is mó ba chúis don allus
fola so, agus is mó d'oibrigh air a chroí truamhéileach, an fios
siúrálta do bhí aige ar mhéid ár neamhchumann, agus ar damaint
síoraí na mílte anam ná tarbhóchadh don leigheas spioradálta do
thairscin a charthanacht don chine daonna go léir.



8. Trócaire, a Thiarna, trócaire. Táimidne tuilte le peacaí agus
ainnisí agus is tusa neamhchionta féin. Ar a shonsa féin atá tusa
ciúin agus labhraimidne in ár bpáirt féin. Brúann tusa fút mailís do
námhad, agus screadaimidne in aghaidh beagán cúise. Gránn tusa
an mhuintir do mhaslaigh annsa tslí so thú, go dtugann tú thú féin
suas chun bás d'fháil ar a son; agus ár gcásne dhe, colmóirí cráite,
bíonn ár gcroíthe líonta le fearg in aghaidh ár gcomhchréatúr.
Cathain do chífimidne ár gcroíthe aistrithe, a Thiarna thrócairigh?
Cad é an fad go bhfeicfimid tusa coitianta ós comhair ár súl?
Toradh go raibh inniu le n-ár ndaoirse agus ár mallaitheacht, a Íosa
roghrámhair, nuair gur mó do phian do fuair do chroí beannaithe
le féachaint ar an méid anamnacha do caillfí ná le méid do phianta.
Achainímid ort go humhal gan aon duine annsa phobal so do
chailliúint go síoraí. Atá do dhólás mór go leor gan a bheith
méadaithe le feiscint ár ndamanta. Oscail ár gcroíthe go n-éistimíst
led ghlóir; oscail ár súla go bhfeicimíst do dhea-shompla agus go
leanaimíst do rialacha as so suas.



9. Fad do bhí Íosa Críost tar éis a shuipéir dhéanaigh a' teagas-
cadh a dheisciobal, do bhí Iúdás, an fear falsa, a' cuimhneamh cad


L. 185


é an tslí do dhíolfadh sé é. Cuireann an scríbhinn diaga i gcuimhne
dúinn pobal do bhí mífhortúnach ann a thuitim ach ámharach
ann a éirí, pobal eile comhpháirteach <?> ann a thuitim ach ar deire
ann a éirí. Do chaoin duine acu a mháistir, do dhíol an duine eile é. Do
rug deora na haithrí Peadar go dtí's na flaithis, agus éadóchas
Iúdás go fíoríochtar ifrinn. Féachaimid anois, a chríostaithe, le súla
ár gcreidimh ar an meisneach agus an fhearúlacht do thaispeáin ár
Slánaitheoir chun pionós do fhuilint ar ár son a' dul a' teagáilt leis
an tréatúir agus a chomhlucht mhallaithe. Féach le cad é an mhéid
umhlaíocht do ghlac sé an phóg mhailíseach. Ach ar a shon sin
féin, chun a thaispeáint ná raibh aon chumhachta ar talamh do bhí
ábalta ar príosúnach do dhéanadh de gan a thoil féin, le aon dá
fhocal amháin, Ego sum, mise an Duine, treascrann sé ar an machaire
an comhthiolán go hiomlán do tháinig chun é ghabháil, ní do
phrobhálann go rófhírinneach na focail a dúirt mé i dtoiseach mo
sheanmóir, ná raibh aon duine ábalta ar é chur chun báis gan a
thoil féin.



10. Tar éis a chur in iúl dóibh go raibh sé anna chumhachta an
imirt do chur orthu, dá mba é a thoil é, tugann sé cead dóibh éirí 'na
seasamh agus a dtoil a bheith ach. Ceanglaíd siad go daingean é
agus tógaid siad leo é, i gcorp an mheán oíche, go cathair Jerusalem.
Ní go lúcháireach ná go fáiltiúil do ghlac daoine míchumannach an
bhaile so é, mar do rinneadar Domhnach an Iúir do ghabh tharainn,
ach le mórgharda saighdiúirí a' tiomáint, ag óspairt, agus a' tabhairt
gach uile shórt drochmheas dó, agus gan aoinne muintire ariamh
do gheobhadh a pháirt. chífidh tú anois Rí na glóire, tarcuisnithe,
sáraithe, faoi dhrochmheas a ghiúistísí, agus na finnéithe falsa do
bhí chun é dhaoradh ag an ardchaint, agus an mhorthorann do rinn'
an dream do bhí dhá bhreith leo. Bailíonn muintir na háite ar fad
timpeall air le hiontas mór go dtabharfaí úsáid don tsórt so do
dhuine do thuigeadar beagán laetheanta ó shoin do bhí 'na rí ar na
flaithis. Óna chiúineas, óna shlabhra, ó na giúistísí a bheith i láthair,
is dóigh leis na daoine go bhfuil sé ciontach, agus gur thuill sé
pionós do chur air. An chéad lá 'na chéile, beirid siad chun cathaoir
giúistísí é; chéad uair chun tí Annas, an áit 'na maslaíonn buachaill
guir é. Tógaid siad leo as so é chun cúirt Caiphas mar a raibh na
hardshagairt bailithe, dearbhaithe giúistís na mbeo agus na marbh
do chur chun báis.



11. Ach, a chríostaí, fiafróchaidh tú go siúrálta cad do rinn' sé
nó cad iad na coireacha do bhí 'na choinne. Neamhchionta a
bheatha, na míorúiltí do rinn' sé, agus an mhórcharthanacht do


L. 187


thaispeáin sé do gach n-aon; ba iad so iomlán a choireacha: níorbh
fhéidir ní ar domhan eile do thabhairt 'na choinne. Gan stad, agus
gan aon anáil do tharraint, glaoid siad ar a thriail é, agus freagrann
na finnéithe do bhí le dearbhú 'na choinne. Do b'fhuras faoi an am
so a mailís d'fheiscint, agus an nimh do bhí i gcroí gach n-aon 'na
choinne, mar nár rinneadar ceilt ar domhan ar a n-aigne. Agus ar a
shon sin, do dhiúltann Íosa iomlán a ndíbheirgese le foighne, le
ciúineas, le carthanacht, agus le críostúlacht. Nach so sompla do
thugann ár Slánaitheoir dúinn, a chríostaithe, nuair a bhaineann an
teanga mhallaithe ár gcomarsan ár gclú shaolta dhínn? Caithfimidne
sásamh do bheith againn nuair ba chóir dúinn éisteach go carthanach
mar do rinn' ár dTiarna. An féidir linne gearán do dhéanadh nuair
nár sparáladh Íosa? An féidir leis an seirbhíseach a bheith ós cionn a
mháistir? Ach faraoir, nach minic do chímid mórán ar buille le
fearg in aghaidh a gcomhchréatúr, nár mhiste leo aon phionós do
chur orthu, chun sásamh aigne dóibh féin, ar shon gur minic do
chloisid siad ó bhéal an tsagairt, dá bhfaighidís bás annsa staid sin
go mbeadh a n-anamnacha damanta i gcaitheamh lá fada na
síoraíocht.



12. Daoradh, mar ba eadh, do dhéanfaí ár Slánaitheoir i láthair
an choisde mhallaithe so, agus glaonn an dream mífhortúnach do
bhí dá ghardáil air é chur chun báis. Tiomáineann Pilate go dtí
Herod é, agus tar éis caitheamh aimsire a dhéanadh dá chuideachta,
don bhfíorDhia so, ordaíonn sé thar n-ais go dtí Pilate é, tar éis
dó bra lín bhán do chasadh timpeall air mar chomhartha amadán-
tacht. Ó a chríostaithe, féachaigí Mac Dia, ceann na céille, i gcóta
amadáin agus ann libhré scornúil. Annsa chulaith giobalach so
tugtar Íosa an dara huair ós comhair Pilate. Admhaíonn an fear so,
sásta dhá neamhchionta, ná feiceann sé aon choir 'na choinne. Atá
fonn air é shaoradh agus tá mífhonn air gan a dtoil féin do thabhairt
dos na Iúdaigh do bhí dearbhaithe an t-anam do bhaint as. Tá sé
ag imirt idir a choinsias agus a thairbhe saolta; agus tar éis mórán
machtnaimh agus cuimhneamh aigne deir sé leis féin: Sásóchaidh
mé mo choinsias agus sásóchaidh mé na Iúdaigh. Ba sheannós
annsa náisiún so go mb'fhéidir aon phríosúnach amháin do shaoradh
in aimsir na Cásc, dá mbeadh na daoine go hiomlán ar a shon agus a
phárdún d'iarraidh le aontoil. A' breith buntáiste ar an bpribhléid
so, fiafraíonn Pilate díobh cé acu dob áil leo, Íosa Mac Dia do
shaoradh nó Barabas, an robálaí is mó a bhí annsa tír, agus do bhí
ciontach ann coir crochta míle uair, sásta, dár leis féin, ná cuirfidíst
go bráth air an murdurer do shaoradh. Ach a chríostaí, má ba cion


L. 189


ós cionn cion Íosa, Rí na n-aingeal, do chur i gcomparáideacht leis
an ngadaí agus an fear fola, cad is féidir leat a rá le fuath na ndaoine
mallaithe so, nuair le aon toil do bhéiceadar: Saor Barabas agus
céas Íosa.



13. Ní féidir leat a rá ná cuimhneamh amháin, a chríostaí mo
chroí, conus a b'fhéidir leis an dream mífhortúnach so a mailís do
bhreith chomh fada so, ach stad tamall agus caithfidh tú admháilt
nár rinneadar ní ar domhan ná déanann tú féin gach lá dod shaol.
Nach minic do thug tú toil dod pháisiúin mhírialta in aghaidh dlí
réasúin agus ordú na hEaglaise? Nach minic do dhíol tú do chuid
dos na flaithis agus do thuill tú pionós síoraí ifrinn? Nuair do
chíonn Pilate gur theip a chéad iarracht, tugann sé ordú ár Slán-
aitheoir do sciúirseáil mar shúil go sásóchadh so iad, agus leis sin go
sparálfaí a anam. Beireann na saighdiúirí mallaithe, do bhí a'
fuireach le gaoith an fhocail, ar an tUan trócaireach. Bainid siad
de a chuid éadaí agus ceanglaíd siad go daingean é do phiolóir
cloiche. Gearrann agus cogaineann dream cruachroíoch a ghuaille
agus a dhrom naofa. Ritheann an fhuil ar gach taobh. Tá a cholann
creimneach agus na cnámhna bochta le feiscint trína chuid feola.
Ach níl siad sásta leis so gan é tharcuisniú mar an gcéanna. Scaoilid
siad anuas é; cuirid siad coróin deilgne ar a cheann, slat saileoige
mar chána onórach anna láimh agus chun fharasbarr péine, cromaid
siad a nglúna a' rá: Go mbeannaíthear duit, a Rí na nIúdach. Caithid
siad seilí ann a éadan; buailid siad annsa phlaosc é i mullach na
ndeilgne do tharraingíonn leis sin tuile fola as áit gach ceann acu.
Annsa ngriofad <?> díomách so, tugtar Slánaitheoir an domhain ós
comhair na ndaoine. Ecce Homo, féachaigí anois air, adeir Pilate,
a' tnúth nár bheag leo ar rinneadar leis. Ach bhí sé meallta; ní
shásóchadh níos lú ná a bhás iad, agus glaoid siad i seanard a gceann:
Chun siúil leis, chun siúil leis; céastar é, céastar é.



14. Féachaigí anois, a chríostaithe, an fear anacrach so, agus
admhaígí cad é an t-ualach ainnise do thug bhar bpeacaí air. Agus
fós, is dóigh liom go gcloisim é a' labhairt na mbriathra do leanas i
gcluasa gach n-aon atá annso i láthair: A anamnacha do cheannaigh
mé go daor le mo chuid fola, ná bíodh an gearán céanna agaibhse le
déanadh do bhí ag an fear tinn do bhí ar bruach an tobair ag
fuireach go gcorróchadh an t-uisce agus ná raibh aoinne i láthair do
chuirfeadh síos é, óir atáimse annso; is mise an té atá uait agus is é
mo chuid fola go hiomlán an tobar duit chun tú féin do ghealadh.
Cá dtéann tú nuair imíonn tú uaim? Cad a ghránn tú nuair ná
gránn tú mise? Cá bhfuighidh tú aon duine muintire mar mise; cad


L. 191


é an t-athair, cad é an driotháir do dhéanas duit mar do rinneas
duit? Tagaigí, dá bhrí sin, a anamnacha bochta, go dtí mise agus
tabharfaidh mé compord díbh, agus roinnfidh mé soirbheas mo
ghlóire libh. Bíodh an ghráin agad ar do pheacaí as so suas, agus
gheobhaidh tú iomlán tairbhe an charthanacht do chuir mé chun
báis ar sliabh Calvary.



15. An dara point. Tar éis breith báis do thabhairt ar ár dTiarna,
do bhí na Iúdaigh ar buille chun é chur i bhfórsa, ar eagla go
gcúlaíodh a húlta Pilate agus go n-aistreochadh a aigne, dá mbeadh
am aigne cuimhneamh air féin. Déanann clann an dorchadais so
aithris ar a n-athair an t-áirseoir, óir atá fios dóite aige so cad é an
ní é fearg do chur ar Dhia, agus gur luaithe a fhuilingeóchadh daoine
an bás ná déanadíst an peaca, dá mbeadh fios a ghráiniúlacht acu.
Ceilleann sé an t-eolas so uathu, agus ní thaispeáineann ach an
pléisiúr atá ann ar eagla go dtabharfaidís cúl dó. Éisteann Pilate
faoi dheireadh leo, agus in aghaidh a choinsiais ordaíonn sé Íosa
do chur chun báis ar an gcrois. Gabhann Mac Dia go toilteanach
leis an sceimheal <?> ba mheasa do rinneadh ar duine riamh.



16. Do bhí an chros ullamh acu roimhré chun fharasbarr pionóis
do chur ar ár dTiarna len í iompar ar a ghuaille go dtí áit a chéasta.
Do chuireadar garda láidir saighdiúirí ar gach crosbhóthar ar eagla
go n-éireochadh na daoine 'na gcoinne, agus i gcaitheamh na
haimsire níor oscail Íosa a bhéal ach imeacht i nós an uain. A
dhaoine deabhóideacha, tagaigí anois go háirithe agus féachaigí ar
bhar dTiarna annso, a chúrsa déanach. I dtús an chomhthioláin atá
fear an chloigín a' craobhscaoileadh go hard coireacha ná raibh sé
riamh ciontach iontu. Taobh ar thaobh leis atá beirt robálaí agus
'na ndiaidh sin tagaid na saighdiúirí agus lucht a chéasta, le téadacha,
casúirí, tairní, agus gach comhgar eile do bhí a' teastáilt. Anois
tagann ár n-ardshagart gan ann ar éigin cos a chur thar an chos
eile, brúite, cortha, lán fola, agus an chros, 15 troithe déag ar fad
leagaithe anuas ar a ghuaille loitithe, dá tharraint leis coiscéim ar
choiscéim i gcuideachta grathain do bhí a' tiomáint, a' gáirsiúlacht,
agus a' teannadh leis fad a bhí an mhuintir do bhí chun a chéasta
a' tabhairt cúnaimh annsa tslí dó le doirne, le cuaillí, agus le gach
uile shórt drochúsáid.



17. Tar éis dár dTiarna naofa d'iompar a chroise ar feadh tamaill
le iomad pianta agus le cailliúint mórán fola, tuiteann sé mionmarbh
faoi an ualach, gan a bheith ábalta ar a iompar níos sia. Cuireann a
námhaid neamhchumannach iachala ar fear nar b'ainm dó Síomón
cúnamh do thabhairt dó, agus ní le grá dó, ach le eagla go bhfuigh-


L. 193


eadh sé bás annsa tslí. Tá mé siúrálta, a chríostaithe, go bhfuil
mórán bhar measc 'na mbeadh sé d'aigne acu cúnamh do thabhairt
d'bhar dTiarna ar an ócáid so. Má tá sibh fírinneach ann bhar nDia,
a dhaoine, crothaígí dhíbh an t-ualach peacaí atá oraibh, ualach
níos truime air ná iomlán a mhífhortúin. Iompar le foighne an
bhochtaineacht agus an anacra do leagann sé ort, sásta go gcaith-
fidh tú do chros d'iompar, más mian leat a leanúint.



18. Faoi dheireadh tá sé sínte ar an gcrois, leaba an anacra, ach
cad é an t-ullmhúchán do rinneadh faoina chomhair. Scaoilid siad
de a chuid éadaí, do bhí ceangailte anna loití. Déantar poill trína
lámha agus a chosa le tairní móriongacha. Brúitear an choróin
deilgne níos daingní isteach anna phlaosc agus leontar gach cnámh
anna cholainn. Tá sé lán fola. Tá sé anois ceangailte go daingean
agus tógann na búistéirí fola suas idir neamh agus talamh é, gan
ao' rud dá choimeád suas ach na tairní do bhí anna chosa agus a
lámha. Is anois is féidir a rá, mar a dúirt an fháidh: Ó sibh ar fad
do ghabhann an tslí féacaigí 'bhfuil aon dólás mar mo dhólás.



19. Éist leis an ngearán do níonn an teampall ann ainm an
Tiarna annsan aimsir naofa so, in aghaidh na ndaoine neamhchum-
annach so. Cad do rinne mé leat, nó cad é an dubrón do chuir mé
ort, ar shon gur ghearr tú mo cholainn go mion? Do thug mé deoch
duit chun do thart do mhúchadh, agus do thug tú domlas agus
fínéagar dom le hól. A chríostaithe, ná déarfar an ní céanna 'nár
gcoinne, má chéasaimid an Tiarna le peaca marfach, tar éis an
oiread muintearais agus do thaispeáin sé dúinn? Má fhaigheann sé
míchumannach sinn tar éis a' ghrá do dhoirt dúinn, cé bhéas ábalta
ar sinn do chosaint ar a fhearg? An féidir linn aon ní is ámharaí a
iarraidh ná an noimint so 'na bhfuil sé a síneadh amach a lámha
chun fáilte do chur romhainn, agus dá ofráil féin don Athair síoraí
chun ár bpeacaí go léir do ní amach? Ach tá náire agus eagla ár
bpeacaí dá bhacadh dhínn, a Athair síoraí, ár súla do thógáil suas
go dtí thú. Tá fios aicíd ár n-anamnacha agat; má scrúdaíonn tú ár
bpeacaí, táimid réidh. Féach, dá bhrí sin, ar an tUan trócaireach
so do fhuiling bás ar altóir na croise chun sinn do leigheas. Ofráilimid
duit inniu é agus leis ofráilimid iomlán ár bpeacaí.



20. Atá sé anois ann pianta briste croí. Chíonn sé a mháthair
naofa lán dubróin. Chíonn sé comhthiolán mór daoine, lúcháireach
i dtaobh a mhéid pianta. Cloiseann sé iad dá rá: Do shábháil sé
daoine eile, cad í an chiall ná sábhálann sé é féin; más é Mac Dia é,
tagadh sé anuas ó an chrois agus onóirfimid é. Ach dá mhéid mailís
lucht a chéasta, ní thréigeann a ghrá iad; agus gabhann sé a bpáirt


L. 195


i láthair an Athar síoraí, dá rá: Maith dhóibh, a Athair naofa, óir
n'fheadar siad cad a tháid siad do dhéanadh. A chríostaithe, is ceart
dúinn foghlaim ónár dTiarna naofa an leisiún carthanacht so, grá
a bheith aguinn dár námhaid agus guí chun Dia ar a son. Á, cad é
comh fírinneach agus is féidir a rá le gach peacach: N'fheadarann sé
cad do bhíonn sé á dhéanadh, óir dá mbeadh fhios, ní bheadh sé
a' troid in aghaidh toil Dia, ní bheadh sé chomh mór ar buille is na
flaithis do dhíol ar feallréad agus é féin do theilgean, c'áit í, go
hifreann.



21. Tagann faoi dheireadh comharthaí fogais an bháis ar Slán-
aitheoir an domhain. Tosnaíonn a shúla a' dúnadh, agus ar fheiscint
nach féidir lena ghrá dul níos sia, admhaíonn sé go bhfuil gach ní
socair. Cromann sé a cheann go dtína bhrollach naofa, imíonn a
neart, briseann a chroí, agus scarann an t-anam lena cholainn. So
mar do fuair bás údar na beatha, fuaiscailteoir an domhain, aon
Mhac Dia ár nduine muintire agus ár gcrann seasaimh. Ní luaithe
du fuair Íosa bás ná do dhiúltaigh an ghrian taithneamh, agus fágann
sé an saol ann dorchadas. Crathann an talamh; scoltann na carraig-
eacha, agus osclann tuamaí na marbh. Ag feiscint na míorúiltí so,
buaileann eagla mórán dos na Iúdaigh mífhortúnach, agus admhaíd
siad go hoscailte gurb é Mac Dia do chuireadar chun báis. Agus an
féidir, a chríostaithe, go mbeidh muidne cruachroíoch ar an ócáid
so? Nach ceart dúinn ár ngrá do thaispeáint dár dTiarna annsa lá
naofa so? Mara silimid deor na trua ar son an duine muintire is
fearr againn, nár cheart dúinn go háirithe míshásamh do bheith
orainn i dtaobh ár bpeacaí, ós iad ba chiontach a chuid fola do
tharraint annsa ngairdín, ag an phiolóir agus ar chrann na croise.



22. Nuair do chíonn tú Cruthathóir neamh agus talaimh dá
chrochadh idir bithiúnaigh, nuair do chíonn tú é tarcuisnithe,
maslaithe, agus ar éigean gotha duine air, an féidir leatsa brath, <?>
beart, tarcuisne do thabhairt dod chomhchréatúir? Umhlaigh tú
féin, dá bhrí sin, bí 'duine húr, agus foghlaim leisiún na humhlaíocht
ón sompla tá ós do chomhair inniu. Má deir do choinsias leat go
bhfuil tú neamhshuimiúil ann rialacha do chreidimh, ná héisteoch-
aidh tú le glórthaibh an té do chuir fuil a chroí ar do shon, nó an
dtabhairfaidh tú masla dhó annsa lá so an dubróin len bhar gcroíthe
do dhúnadh 'na choinne? Sil deoracha na haithrí, a pheacaigh, ó
theastaíonn deoracha uait chun leorghníomh do dhéanadh ann do
bheatha mhórálta.


L. 196


23. Cathain is mian leat ceangalacha do pheacaí do bhriseadh?
Tosnaigh annsa lá so, agus má tú fírinneach ann t'aithrí, geallaim
duit go nífear amach do pheacaí go hiomlán ann fuil do Thiarna.
Tóg suas do shúla agus féach ar sompla do Shlánaitheoir. Féach ar
an gcrois le súla deabhóideacha bhar n-anamnacha, agus tabhair faoi
ndear na dúshruthanna fola a' rith óna cheann, óna lámha, óna
chosa, agus óna thaobh naofa chun tú a ní agus tú ghlanadh d'iomlán
do pheacaí. An féidir linn a bheith chomh neamhchumannach agus
fuireach níos sia 'na námhaid tar éis an méid do rinn' a ghrá dúinn?
Conas do gheobhaimid ionainn féin é do chéasadh aríst le peaca
marfach? Ó a Íosa, grá ár n-anamnacha, maith dhúinn gach peaca
do rinneamar i n-aghaidh do thoil' naofa. Admhaímid ann t'fhian-
aise, ó a Thiarna, agus i láthair na croise agus ós comhair do chuid
fola naofa, gur pheacaíomar and' choinne, gur mhaslaíomar thú.
Féach, ar a shon sin, orainn ar an noimint so 'na bhfuil tú a fáguint
slán againn, agus tabhair dúinn do bheannacht mar thabhraíocht
naofa. Amen.
Michael Meighan.
Pastor Ville
March-14-1825



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services