FÓGRA
MAER. Fear do bheidheadh eolguiseach air threabha agus fhuirse
dhéanadh, agus feirim thalmhan do choimead mar ba chóir, agus stoc
is áirnéis d'aireachas: mar an g-céadna caithfeadh sé a bheith eólach
air dhíol is air cheannach air aenach is margadh, agus teasdas maith
do bheith aige air a bheith na dhuine throsdamhuil mhacánta. Gheabh-
adh fear do'n t-sórt-sa do theasbánfadh teasdas é bheith na dhuine
chreideamhnach, agus labharfadh an teangadh Ghaeidheilge choit-
cheann, dathad (dá fhithchit) púnta san m-bliaghain, agus tigh maith;
air son maeirsígheacht do dhéanadh air fheirim Ghleann an Phriacháin
Glenville a g-Conntae Chorcuighe; acht glaedhach chum Charles
Hudson, atá na chomhnuidhe san áit chéadna.
Baile-atha cliath
Bealltaine. 1852.
William Elliot Hudson, 39 Upper Fitzwilliam Str<eet>.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11