Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Moladh Mná Gaoil

Title
Moladh Mná Gaoil
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1727
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1964-1966)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



MOLADH MNÁ GAOIL



Moluim mo shiúr an bhrollaigh ghil bhúidh,
is deimhneach nách taidhbhsi ná bladhmann mo sgeól
gurab í Máire Ríghis is feárr pearsa is gnaoi,
an triathbhruinneall mhúirneach gan smúit ar a cló.



Sí as masculach gnaoi mar ala ar an linn,
an sneachta ag cómhrag le rósaibh 'na gruadh;
sí bhus solasda ciabh atá mogallach fiar,
Vénus 'na dréimre fuilt gheibh tréintsearc na sluagh.



Inghion óg chaoin Rolóint De Ríghis
a cCnoc an Ghróigín do gheabhthaoi an choirrchíoch dheas bhláth;
a rosg rín is mómhar mar lítis a sróllchorp
sé an dúnnsa nach tiubhradh dá lonnradhchorp grádh.



Ní leor lé a sgéimh do líonadh gach laoch
's do chuirfeadh a n-ainriocht gach tréinfhear dár fhéach ar a gnúis;
atá a tréithe 's a miann go daonnachtach fíal,
's an stéadmhilis mhaordha gan béim ar a clú.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services