Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Agallamh na bhFíoraon

Title
Agallamh na bhFíoraon
Author(s)
Mac Cairteáin, Conchubhar,
Compiler/Editor
Ó Súilleabháin, Pádraig
Composition Date
1704
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1961-1963)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

An 17 Tráchtadh
Ar na Ceinnpheacadhaibh



M. Cá mhéid ceinnpheacadh ann? Qvot enumerantur vitia
capitalia?



D. A seacht a líon. Septem.



M. Abar an chéadpheacadh díobh? Dic primum?



D. Uabhar. Primum est Superbia.



M. Créad é an ní an t-uabhar? Quid est Superbia?



D. Anndúil aoirde neamhchubhaidh. Est peruersae celsitudinis
inordinatus appetitus.


L. 28


M. Créad fá n-áirmhthear an t-uabhar air an nuimhir sin?
Quare vocas vitium capitale?



D. Mar as é as tobar agus as máthar do mhórán do pheacadhaibh
eile. Quia est radix, initium et caput multorum peccatorum.



M. Créad fá n-áirmhthear an t-uabhar mar chéadcheann rés na
peacadhaibh eile? Quare superbia recensetur primum inter omnia
capitalia?



D. Mar as é an chéadpheacadh do rín an t-aingeal air neamh é, agus
an duine a bparrathas talmhuídhe. Quia fuit primum peccatum
Angeli in coelo, et hominis in Paradiso.



M. Créad an pianadh do bheir Dia don uaibhreach? Qua poena
illud peccatum punit Deus?



D. Do bhrígh go mbí an t-uaibhreach lán d'fhonn éirghe suas go
neamh lé hannlán, teilgidh Dia síos é féin mar aon ris an uabhar go
hifrionn. Quia sectatores suos vult eleuare in coelum superbia,
detrahitur illa cum ipsis ad inferos.



M. Créad fá n-abarthar gurab é an t-uabhar peacadh as aoirde?
Quare superbia vocatur altissimum peccatum?



D. Mar do bheir an t-uaibhreach iarracht ar tharcaisne do thabhairt
do Dhia féin. Quia erigit se contra Deum, vsque ad eius contemptum.



M. Créad fá n-abarthar gurab é peacadh as uirísle agus as doimhnne
é? Quare etiam dicitur profundissimum peccatum?



D. Do bhrígh go ttairngion duine chum eirceachta, agus chum gan
creidiomh do Dhia féin, agus dá bhrígh sin as é as uirísle agus as gráin-
eamhla dona peacadhaibh eile. Quia vsque ad profundissima peccata
mergit hominem. I. Declara id? R. Deducit homines vsque ad haereses,
et atheismum, qui est centrum peccatorum.



M. An bhfuilid iomad géaga nó brainnsídhe ag an uabhar?
Habet-ne superbia aliquas sub se species, siue filias?



D. Atáid gan amharas. Habet plurimas.



M. Abair cuid díobh? Recense aliquas?



D. Glóire dhíomhaoin, bladhmann, aindréim, agus saobhchrábhadh.
Vana gloria, iactantia, ambitio, hypocrisis.



M. Créad í an ghlóire dhíomhaoin? Quid est vana gloria?



D. Anndúil molta agus buídheachuis saoghalta. Est appetitus
inordinatus humanae laudis.



M. Créad an ní an bladhmann? Quid est iactantia?



D. Duine do labhairt go hiomarcach amadánta air féin ní as mó
nó mar as fiú é, nó ní as mó ná as oiremhnach é. Est inanis et stulta
sui ipsius preadicatio, dicendo de se plusquam est, vel plusquam decet.



M. An peacadh marbhthach an bladhmann agus an ghlóire dhío-
mhaoin? Est-ne gloria vana et iactantia ordinarie peccatum mortale?


L. 29


D. Ní hí gach aon uair as peacadh marbhthach é. Non est.



M. Cá tráth as peacadh marbhthach iad? Quando ergo censetur
mortalis iactantia, vel gloriatio?



D. An tan do ní duine glóire dhíomhaoin nó bladhmann ar son
pheacadh mharbhthaicc do dhéanamh. As peacadh marbhthach
mar an ccéadna ceachtar díobh an tan tig díobh díoghbháil do
dhéanamh don chómharsain. Quando quis iactat se, vel gloriatur de
peccato mortali. I. Quando adhuc? R. Quando redundat in graue
praeiudicium proximi.



M. Tabhar sómpla leis sin. Declara exemplo.



D. Amhuil do bhiadh liaigh ainbhfiosach ag déanamh bladhmainn
as a eólas, dob fhéidir go ttiocfadh díoghbháil dona daoinibh
éagcruaidh do bhéaradh creideamhuin dó agus do dhéanadh gnáthúgh-
adh de. Sic Medicus imperitus iactans suam scientiam potest aegris
grauiter nocere.



M. Créad as aindréim ann? Quid est ambitio?



D. Fonn neamhórdaighthe onóra agus uachtarántachta. Est honoris
seu praeeminentiae immoderata cupiditas.



M. An conntabharthach an peacadh sin? Est-ne illa periculosa?



D. As conntabharthach, más duine neamhchubhaidh iarras oificc
chille nó tuatha. Est omnino periculosa, si quis indignus ambiat officia
vel Ecclesiastica, vel etiam Politica.



M. Créad as saobhchrábhadh ann? Quid est hypocrisis?



D. Duine go foirmealach do bheith díadha, cráibhtheach,
coinnsiasach, agus bheith conntrárdha dhóibh sin ina ghníomhaibh.
Est simulatio, qua quis se iustum simulat, vel iustiorem quam sit.



M. Abair na gnéithe eile leanas an saobhchrábhadh? Dic et alias
species seu filias superbiae?



D. Poimp, tóirtéis, annlán, iomarcadh, tarcaisníoghadh ar
dhaoinibh eile. Arrogantia, tumor, praesumptio, despectus aliorum.



M. Créad fá n-abra gur géaga don uabhar iad sin? Quare vocas
filias superbiae?



D. Do bhrígh gurab ón úabhar fhásaid. Quia ex superbia tanquam
matre originem ducunt.



M. Créad as poimp ann? Quid est arrogantia?



D. Móirmheas do bheith ag duine air féin, agus tarcaisne air dhaoinibh
eile. Est existimatio sui cum insolentia et temeritate coniuncta.



M. Créad as tóirtéis ann? Quid est tumor?



D. Inntinn uaibhreach atmhar fhásas as an bpoimp. Est ex
arrogantia, mentis inflatio superba.



M. Créad an ní an t-annlán? Quid est praesumptio?



D. An tan chuirios duine roimhe neithe do dhéanamh ós cionn a


L. 30


chumais nó a acfainne. Est, cum quis corde elato attentat aliquid
supra vires.



M. Cia léna cosmhuil an dream do bheir tarcaisne do chách?
Cuinam similes sunt qui alios contemnunt?



D. As cosmhuil iad leis an bhFairisíneach uaibhreach úd
adubhairt, "Ní duine misi mar chách, etc." Superbo Pharisaeo qui
dicebat: Non sum sicut caeteri homines.



M. Aithris cuid eile do ghéagaibh an uabhair? Dic et alias
superbiae filias?



D. Ceanntréine, sbairinn, dobhuídheachas, agus easúmhla. Pertinacia,
discordia, inobedientia, ingratitudo.



M. An peacadh coitcheann an t-uabhar? Est-ne superbia valde
commune vitium?



D. As eadh go deimhin. Est omnino commune.



M. Foillsig sin. Declara.



D. Bíth an t-uabhar róchómhfhoigsioch dona huaislibh, dona
daoinibh saidhbhre; bídh mar an ccéadna róthaistiollach idir na
mnáibh; bídh na hógánaicc fós tugtha don phoimp; ní saor uaidh
na daoine foghlamtha, agus fá dheóigh do bheir iarracht ar na daoinibh
diadha féin. Quia Nobilibus est agnata superbia, item diuitibus, item
in sexu muliebri illa regnat. I. Declara vulterius. R. Arrogantia est
communis iuuenibus, est etiam frequens inter doctos, imo interserit se
inter pios.



M. Cionus sin? Quomodo hoc?



D. Do bhrígh gur gnáthach leó bladhmann nó glóire dhíomhaoín
do dhéanamh as a bhfoghluim nó as a ndiadhacht. Quia gloriari
solent in doctrina sua, aut pietate.



M. Créad an leíghios atá a n-aghaidh an uabhair? Quaenam
sunt remedia contra superbiam?



D. As iomdha leíghios air, gidheadh atáid a cúig go speisíalta
díobh lé a n-áiriomh. An chéadleíghios .i. smuaineadh oruinn féin
agus air uirísliocht an neithe ó ttángamair. An dara leíghios, a smuain-
eadh nách fuil aoinní aguinn acht ó Dhia as ar chóir dhúinn maoidh-
eamh ná bladhmann do dhéanamh. An treas leíghios, a smuaineadh
nách fuil acht suarrachas san saoghal so, théid ar ceal uainn a
n-aimsior ár mbáis. An ceathramhadh leíghios, smuaineadh ar na
pianaibh atá fá chómhair lucht an uabhair. Agus an cúigeadh leíghios,
smuaineadh ar na mallachtaibh do beirthear dóibh ré linn a
mbeatha agus a mbáis. Sunt multiplicia. I. Dic primum? R. Considerare
seipsum, et propriam suam originem et vilitatem. I. Dic secundum?
R. Considerare nos nihil habere nisi a Deo, vnde in nullo possumus
gloriari. I. Dic tertium? R. Considerare breuem finem omnium rerum
huius saeculi in morte. I. Dic quartum? R. Considerare poenas futuras
superborum. I. Dic quintum? R. Considerare maledictiones in hac
vita, et in morte ipsis contingentes.


L. 31


M. Créad an tsúbháilce lé a cclaoidhtior an t-uabhar? Quae est
virtus opposita superbiae?



D. Leis an úmhlacht. Est humilitas.



M. Cia mhúin dúinn an úmhlacht ar ttús? Quis eam nos primo
edocuit?



D. Íosa Críost ár Slánaighthóir, lé a bhriathraibh agus lé a bheatha
ar an saoghal. Christus Dominus, verbo et exemplo.



M. Cionnus do theagaisg an úmhlacht dúinn lé a bhriathraibh?
Quomodo verbo?



D. An tan adubhart sé, "As beannaighthe na boicht a sbioraid"
.i. an drong bhíos úmhalchroídheach. Quando dixit beatos esse
pauperes, siue humiles spiritu.



M. Cionnus do theagaisg an úmhlacht dúinn lé a bheatha?
Quomodo exemplo?



D. Do bhrígh gur choimeád an úmhla gan leóna ó aimsir a
bheartha go bás na croiche. Quia tota vita sua humilitatem coluit,
a praesepio vsque ad crucem.



M. Cia hiad clann na húmhlachta? Quae sunt filiae humilitatis?



D. Neamhchion do bheith ag duine air féin, moladh agus meas na
ndaoine do sheachnadh, admháil ár bpeacuídhe agus ár laige féin.
Contemptus sui, fuga laudis, agnitio proprij peccati et propriae
infirmitatis.



M. Abar an chuid eile do chlainn na húmhlachta? Dic et alias
filias:



D. Foighidhne air éagcóir, measardhacht, agus maordhacht a
n-ímtheacht agus a mbriathraibh, agus fá dheóig tréigion do bhreitheamh-
nais féin agus do thoile. Patientia in iniuriis, modestia in incessu, et
verbis, abnegatio proprii iudicii et voluntatis.



An 18 Tráchtadh
Ar an Sainnt



M. Abar an dara ceinnpheachadh? Dic secundum capitale
vitium?



D. An tsaínnt. Est auaritia.



M. Créad fá ngairmthior ceinnpheacadh don tsainnt? Quare
vocatur capitale?



D. Mar as ceann agus préamh í ar mhórán do pheacadhaibh. Quia
ipsa etiam est caput multorum peccatorum.



M. Créad as sainnt ann? Quid est auaritia?


L. 32


D. Anndúil maoine saoghalta do shealbhúghadh. Est immoderatus
appetitus exteriorum bonorum.



M. Cá mhéad gné sainnte ann? Quotuplex est auaritia?



D. Dá ghné, saint díobh conntrárdha don daonnacht, agus
sainnt eile conntrárdha don cheart. Est duplex. I. Declara? R. Vna
opponitur iustitiae, altera liberalitati.



M. Cia aco atá conntrárdha don cheart? Quaenam opponitur
iustitiae?



D. An tan chuirios iomarca sainnte d'fhiachaibh ar neach cuid
duine eile do thógbháil nó do chongmháil. Quando quis ex immoderata
cupiditate, etiam aliena inuadit, vel detinet.



M. Cia aco atá conntrárdha don daonnacht? Quaenam liberalitati
solum?



D. An tan bhíos duine róchongmhálach ar a chuid féin, nó
fíoréigneach chum saidhbhreasa do chnuasach. Quando quis nimis
amat propria, nimis ardenter opes quaerit.



M. An peacadh marbhthach an tsainnt? Est-ne peccatum mortale
auaritia?



D. As eadh gan amhras an tan chuirios d'fhiachaibh air dhuine
cuid eile do thógbháil nó do chongmháil. Quando aliena
quaerit, vel retinet ex auaritia, solet esse mortalis.



M. Créad fá n-abarthar gurb íodhaladhradh an tsainnt? Quare
auaritia vocatur Idolorum seruitus?



D. Do bhrígh gurab mó an grádh bhíos ag an sanntach don ór nó
don airgiod ná do Dhia. Quia auari solent plus amare pecuniam,
quam Deum.



M. Cionnus sin? Quomodo hoc?



D. Do bhrígh go ttugann faillídhe a neithibh neamhdha, agus a
nDia féin lé grádh agus lé sainnt chum saidhbhriosa saoghalta. Quia
ob amorem pecuniae negligunt Deum et Diuina.



M. Créad iad na peacuídhe fhásas as an sainnt? Quorum malorum
solet esse causa auaritia?



D. Éitheach, goid, diamhasla, fionghal nó feall, agus mórán eile.
Periuriorum, sacrilegiorum, homicidiorum, proditionum et multorum
similium.



N. An bhfuilid géaga eile ar an sainnt? Habet-ne auaritia multas
species et filias?



D. Atáid an iomad, amhuil atá cruas croidhe, neamhthruagh
dona bochtaibh, buaidhreadh inntinne, faillídhe a neithibh sbiora-
dálta, dóchas agus muiníghin san tsaoghal. As díobh fós úsúireacht,
gangaid, séitéireacht, bréag agus éitheach. Habet multas? I. Enumara
aliquas? R. Obduratio et immisericordia erga inopes, inquietudo,


L. 33


neglectus diuinorum, fiducia in rebus praesentis seculi. I. Dic et
alias?
R. Vsura, fraudulentia, mendacium, periurium.



M. Créad fá n-abarthar gur géaga don tsainnt iad sin? Quare
vocas haec omnia filias auaritiae?



D. Do bhrígh gurab ón sainnt fhásaid agus phréamhuíghid siad.
Quia ex auaritia ortum habent.



M. An bhfuilid tuille géag air an sainnt? Sunt-ne adhuc aliae
eius filiae?



D. Atáid go deimhin, agus iad ró-urchóideach, mar atáid meabhail a
cconnarthaibh agus a ndeachmhaibh, goid, sracaireacht, diamhasla,
éagcóir ar chomharsain, gan a ttuarasdal do thabhairt do lucht oibre,
agus siomantacht. Sunt, et quidem omnium pessimae. I. Dic ergo totam
genealogiam? R. Fraudulenta decimatio, furtum, rapina, sacrilegium,
oppressio proximi, mercenariorum defraudatio, symonia.



M. An peacadh coitchionn an tsainnt? Est-ne auaritia vitium
valde commune?



D. As eadh go deimhin, agus ní mór dona daoinibh nách bí cionntach
innte. Est omnino, quia omnis fere status et conditionis homines inficit.



M. Foillsig sin go spesialta. Declara in particulari?



D. Bíd na huachtaráin agus na daoine uaisle ag déanamh éagcóra
agus anfhórlainn ar na daoinibh bhíos fána smacht. Na breitheamhain agus
an lucht dlíghe, agus gach oificcig eile do réir a ccéime isna cúirtibh
ag sníomh agus ag súgha maoine saoghalta an luchta théid fá a lámhaibh.
Na ceannaighthe, téid a mbaoghal a mbáidhte lé sainnt. Na daoine
saidhbhre, ceannachaid teagh agus teagh eile, fonn agus fearann lé neart
sainnte chum breis díola d'fhagháil ionnta seach mar cheannachaid
féin iad. Agus fá dheóigh na daoine bochta, bíd róchlaon chum sainnte
saidhbhriosa saoghalta do chnuasach, do réir a n-acfuinne. Magnates
et Nobiles per auaritiam opprimunt subditos. I. Dic vlterius? R.
Iudices, Aduocati, Procuratores exsugunt tenuiores. I. Quid de
Mercatoribus? R. Ob auaritiam saepe exponent periculo vitam suam. I.
Quid de diuitibus huius saeculi? R. Domum domui, agrum agro copulant ex
auaritia. I. Sunt-ne et pauperes auari? R. Sunt multi. I. Quomodo
possunt esse auari cum non habeant? R. Quia multi eorum ardent
cupiditate, licet careant facultate.



M. Créad an leígheas atá ar an sainnt? Quaenam sunt remedia
contra auaritiam?



D. As líonmhar iad, agus atáid a sé díobh go sonnrach. An chéad-
leíghios, smuaineadh ar na mallachtaibh iomdha atá san sgriptúir
ar lucht na sainnte. An dara leíghios, smuaineadh air an mbás,
amhuil do ní iomsgaradh an tsanntaicc leis an uile ní dár shealbhaicc


L. 34


riamh, mar tháinigh nocht ar an saoghal so, agus mar nach béaraidh
aoinní leis as re n-ímtheacht dó. An treas leígheas, a smuaineadh,
na hoighrídhe agá bhfágthar an saidhbhrios sin aco, nách bí
buídheachas aco air an tí fhágbhas é, agus fós nách smuainid ar a anam.
An ceathramhadh leígheas, smuainiomh air shaidhbhrios na glóire
suthaine chum ar cruthaígheadh sinn. An 5. leígheas, smuaineadh
air an ccreime coinsiais, agus ar an mbás anabaidh do gheibhid lucht na
sainnte go minic. Agus an seiseadh leigheas, smuaineadh ar phianaibh
síorruídhe ifrinn. Sunt multiplicia. I. Dic primum? R. Considerare
multiplices maledictiones, quae in scriptura in auaros intorquentur.
I. Dic secundum? R. Consideratio mortis, quando omnes opes finientur.
Dic tertium? R. Consideratio haeredum ingratorum, quibus opes coacer-
uantur? I. Dic quartum? R. Consideratio bonorum aeternorum, ad
quae creati sumus. I. Dic quintum? R. Consideratio remorsuum
conscientiae, et infelicis mortis in auaris. I. Dic sextum? R.
Consideratio poenarum futuri saeculi.



M. Créad iad na súbháilce lé a cclaoidhtior an tsainnt? Quaenam
virtutes opponuntur auaritiae?



D. As iomdha iad. Sunt multae.



M. Abair an chéadshúbháilce? Dic primam?



D. An fhéile, lé a sgaoiltear an saidhbhrios go críostamhuil
caoindúthrachtach. Liberalitas ei opponitur, quae nouit distribuere opes.



M. Abair an dara súbháilce? Dic secundum?



D. An ceart, do bheir a chuid féin dá gach aon agus ná sanntuígheann
cuid duine eile go hamhcheart. Iustitiae ei opponitur, quae reddit
vnicuique quod suum est, nec auare concupiscit aliena.



M. Abair an treas tsúbháilce? Dic tertiam?



D. Truagh dona bochtaibh agus dona dílleachtaibh, ag roinn an
tsaidhbhriosa, chum ionnmhais agus óirchiste do dhéanamh san tsaoghal
eile. Misericordia et beneficentia in egenos, quae exhaurit opes, vt in
futuro thesaurizet.



M. Abair an 4. súbháilce? Dic quartam?



D. Boichte spioraide, do bheir ar dhuine neamhshuím agus neamh-
chion do bheith ar neithibh saoghalta, agus gan bheith ceangailte ionnta.
Paupertas spiritus, quae contemnit omnia praesentia, nec illis inhaeret.



Pádraig Ó Súilleabháin, O.F.M.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services