Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eón Ó Caoimh do chan

Title
Eón Ó Caoimh do chan
Author(s)
Ó Caoimh, Eoghan,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1704
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1958-1961)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



EÓN Ó CAOIMH DO CHAN



A hIath Luirc ó cianchuireadh cúis mo cháis,
an tighearna ar a ttrialluinn go humhal gach Cáisg,
i mbliaghna ní hiarracht bun sgionn a n'áit
triall soir ar Dhiarmuid Ó Súilliobháin.



Fialfhear nách fiaronn a ccúirt mar chách
's nách giallann do mhiannaibh lucht tnútha tráth,
do ghrianfhuil an triatha nár dhiúlt an dáimh
's a liathrosg mar fhiaghnaisi ar siúd gur dháil.



Más dianlocht air diadhacht gan tnúith gan táir,
's 'na riarach ar chliaraibh 'na dhún do ghnáth,
bheith rianta d'fhuil iarlachta Múmhan mar tá,
ná hiarraidh-si Diarmuid Ó Súilliobháin.



A chliamhnas lé Brianachaibh dúbha ní nár,
do stialladh i ngliathaibh na trúip go lár,
an chiallbhruinnioll chiabhchluthar chúrtha Cáit
do dhianchuir fán iarthar a clú 's a cáil.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services