Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dan faoi Mhuirthéacht na Frainnce

Title
Dan faoi Mhuirthéacht na Frainnce
Compiler/Editor
Ó Mórdha, S.P.
Composition Date
1822
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1953-1955)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



The French Revolution



Tá na Franncaigh san am so 'cur céim ar gcúl,
'S ní bhíonn prionnsa ós a gcionn acht riaghail ghlan úr,
Béidh Germanaidh is Flanders is an Réan sin fúthaibh,
'S tá mé 'n-amhras go mbéidh Albain is Éire san dlumh.


L. 203


Ní bhíonn Laoighseach nó rí eile ó'n aimsir so suas
Ins na críochaibh 'cur daoirse ar gach deaghmhac go buan;
Béidh na daoine lán críonacht gan ghéibheann, gan ghuais,
'S toil shaor ag Chlanna Mhílidh le séan go Lá an Luain.



Cuimhnigh an coingheall thug Gaill díbh i Luimneach, mo chian,
Rinneadh feall oraibh gan dearmad ó aimsir Rí Uilliam,
D'fhág bhur gclann bhocht i n-anbhroid gan seilbh acht i bpian,
Mar bheadh dall a' rith fá gheall lena cheannaire gan srian.



Ní ó dhúchas fuair Lúter nó aon neach dá phór
A bhfuil de chúirtionadh úrgheal' ó Luimneach go Bóinn;
Tuitfidh sgiuirse ar na búir seo le Gaedhealaibh i ngleo,
'S ní bhíonn dúitche nó dún aca i nÉirinn níos mó.



Tá Cúige Mumhan ag cinnseach a gcabhlach le stuaim,
Is gach fear cliútach go súgach ag Laighnigh na mbuadh;
Béidh Clanna Rudhraighe tréan lúthmhar ag cosnadh na sluagh,
Is iad ag rúscadh Sliocht Lúter, is nár thigidh siad uaibh!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services