Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Treóin an Cheannais (Gofraidh Óg Mac an Bhaird)

Title
Treóin an Cheannais (Gofraidh Óg Mac an Bhaird)
Author(s)
Mac an Bhaird, Gofraidh Óg,
Compiler/Editor
McKernan, Owen
Composition Date
1650
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1945)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Treóin an cheannais Clann Dálaigh,
tar anbhuain gach éanghábhaidh,
lucht ionghaire na ngníomh ngill,
ag díon fionnMhoighe Féilim.


L. 10


Laoich cródha as déine a ndeacraibh,
sliocht Dálaigh mhic Mhuircheartaigh.
caor shlóigh na dtréan-tachar dtrom,
dan cóir céachtachadh Cualann.



Fál dídin Leasa Lughaidh,
balla Chóigidh Chonchubhair,
an chlann bheó as measardha modh,
easumhla leó nach lamhthar.



Fada iad in gach aimsir
ag clódh gach uilc anaidhbhsigh,
'na bhfiadhaidhibh áigh le headh,
bhá cháir grianoirir Ghaoidheal.



Mór neart aca? roimhe riamh,
sailghe ceannais Ghuirt Ghailian,
buadh fiadhaigh bhraoinleasa Breagh,
d'iarraidh aoibhneasa a n-aithreadh.



Go huain greama do ghabháil,
dóibh ar phríomhport Pharthaláin,
cinn slógh a dtrodaibh nár thais,
dob' obair clódh a gceannais.



Atá gach aonbhuadh aca,
buidhean na gcleas gcurata,
na Dálaighsin dan dú geall,
'na lán-doirsibh clú is céimeann.



Do chuireadar, eang ar eing,
Clann Dálaigh na nduas n-inghill,
d'aontoil aobhdha go mbáigh mbrais,
láimh fá chaomhna gach ceannais.



Congbháil an cheannais fheadhna,
ag sin feidhm na finn-ealbha,
laoich armnuaidhe na sról seang,
is clódh anbhuaine Éireann.


L. 12


Leanaidh dá nós a-nosa,
An Calbhach mac Maghnasa,
a fheidhmdheacra a gcás ni chuir,
ar ghnás deaghshleachta Dálaigh.



Ua na ríoghraidhe ó Ráith Breagh,
sás cosnaimh cheirt a shinnsear,
barr roimheadhra 'na ghlaic ghloin,
sbraic as croidheamhla a gcliathaibh.



Comhla dhorais na deacra,
meanma neartmhar naoidheanta,
fear cianfhaire ceall is cliar,
fiadhaidhe na n-eang n-imchian.



Lámh thoirbheartach na dtreas dtrom,
sás ionnarbtha fhian n-eachtrann,
rosg néamhanta nách náir cruth,
éanshompla áigh na nUltach.



Míleadh cródha nach claon breath,
éan seabhaic na sealg bhfuilteach,
rún diamhair ren doiligh deall,
ag iarraidh oirir Éireann.



Dearna chorcra ó chaitheamh sleagh,
bráighe dhonn ó dhath mháilleadh,
méin rathmhar chródha chaithmheach,
neamh-ónna athlamh ionnsaightheach.



Deagh-ua an Chalbhaigh na gcolg sean,
dúsgadh áinis mhac Míleadh,
clódh feadhma gasraidhe Gall,
Meanma as casmhaile cumann.



Fear gan sgáth re ngráin ngábhaidh,
cuingidh Cloinne ríoghDhálaigh,
draig cathardha dá gcrom cleath,
dan fonn athardha Uisneach.


L. 14


Inis Banbha an fhuinn ealaigh,
dual dó is dá shinnsearaibh,
críoch géiggeal do chothaigh Conn,
dochair a héigean d'altrom.



Maith d'Éirinn as úr tolcha,
clú an Chalbhaigh 'sdá chomhardha,
a lámh 'sa neartlann go neimh,
ag cládh eachtrann dá himlibh.



Ó's le hiomchar gach anshóigh,
fríth ceannus Phuirt Pharthalóin
leis ó'n gheal-chuing buaidh a bhrogh,
gruaidh dan cearchaill an cogadh.



A n-éan-am go soiche so,
do réir eólais na heagna,
níor fríth riamh sochar mar soin,
nach biadh dochar 'na dheaghaidh.



Conn Céadchathach na dtreas dte,
le neart gliadh tárraidh treise,
gur shnaidhm ceartchuir bruaigh Bhanbha,
le buaidh neartmhair nathardha.



Feacht dá raibhe Conn na gcath,
a gceannus Tolcha Teamhrach,
gur bhuail imreasain áigh air,
fá finnleasaibh Cláir Chobhthaigh.



Mac Mogha Néid um aimsin,
ós Mumhain bhuig bhraonaidhbhsigh,
do chuir sé cogadh ar Chonn,
dar hobadh é 'na fhearann.



Ionnarbthar le Conn ciallaidh,
Eóghan gona airdfhianaibh,
do'n Sbáin mhín ghlénuaidhe ghil,
ó Thír fhéaruaine Éibhir.


L. 16


Naoi mbliadhna do bhí ag fuireach,
idir fhianaibh allmhuireach,
gan buain le bláth-achadh Breagh,
dá tháthachadh uaidh d'éigean.



Tig an uairsin go Fonn bhFáil
buidhean adhbhal ó'n Easbáin,
go breacBhanbha na mbrogh mbog,
le Mogh neartchalma Nuadhad.



Iarrthar cath nó cuid d'Éirinn,
ar mhac fheargach FhinnFhéilim,
ó Eóghan éimheach mhór mhear,
ar shlógh Éireann dob' éigean.



Leath Bhanbha na mbrogh n-aolta,
tug Conn d'eagla easaonta,
cur beóghal a gcruaidh confaidh,
uaidh d'Eóghan 's dá allmhurchaibh.



Cúig bhliadhna déag, dearbhtha an sdair,
do bhí an roinnse ag na ríoghaibh,
críoch an daghshluaigh armdha fhinn,
go dtarla anbhuain d'Éirinn.



Do choingibh Conn fá géar ga,
an roinn cheart so ar Chrích Fhódla,
drong armfhuileach nár iarr ceart,
do mhian allmhuireach d'imtheacht.



Do bhí ag Eóghan re a aghaidh,
fiche céad do churadhaibh,
fian armghlan léar cuireadh cáin,
buidhean adhbhal ó'n Easbáin,



"Ni bhiaimne feasda ag fuireach"
dob'í aitheasg allmhuireach,
"a gCrích theasaolta fhinn Fháil,
's nach linn easaonta d'fhagháil."


L. 18


Do ráidh Eóghan na dtreas dte,
"ní ghéabhsa ó Chonn ceart críche,"
triath ó chruaidh fhorlainn nár an,
"gan comhrainn cuain nó cogadh."



Le briathraibh caoine an churaidh,
do fhanadar allmhuraigh,
do mhian cathaighthe re Conn,
fá fhiadh clachfhoirbhthe Cualann.



Tionóltar leó leath ar leath,
go Muigh Léana a líon taoiseach,
gur mharbh Conn Eóghan amhra,
'sa dhrong dheóradh danardha.



Mac Féilim na mbárc mbeannach,
cairbtheóir áigh na h-Éireannach,
Clár bogairsidh Banbha a le,
tarla ó'n obairsin aige.



Ionann breathnughadh dá mbrath,
Conn Céadchathach 's An Calbhach,
roinn ar a cheartfhonnaibh ní chuir,
ná Goill eachtrannaigh Eóghain.



Géabhaidh um cheart Chláir Fódla,
An Calbhach an caomhfhógra,
fuairsiod Gaoidhil Bhrúigh Bhanbha,
ó'n dlúimh dhaoinigh dhanardha.



Gluaiseadh sé coimhlíon catha,
d'áirseadhaibh fhóid fhionnMhacha,
lucht na gcéimeann gcruaidh gconfaidh,
do bhuain Éireann d'allmhurchaibh.



Díoghladh ortha gan fhuireach,
an drong uathmhar allmhuireach,
a súr gliadh d'iomardadh air,
fá fhiadh fhionnardghlan Fhiontain.


L. 20


Gríosadh leis a gceann cogaidh,
d'éirghe athlamh aonphobail,
roighne slóigh cathardha Chuinn,
'na mbróin athardha álainn.



Mac Maghnusa nach mall cuing,
breath chumhra Críche Conaill,
go sgrios Gall buainleasa Breagh,
barr suaimhneasa ná sireadh.



Baineadh díol 'na ndeachaidh de,
do chóigeadhaidh Cuain Doire,
'sdo Chruachain Chuinn 'sdo Chnodhbha,
do'n droing uathaigh allmhurdha.



Tabhradh fós, is feirrde a rath,
d'fheólmhach cniochtGhall Chláir Teamhrach,
biadh d'fhaolchonaibh go móid mhir,
le laochradhaibh Fhóid Oiligh.



Réidhighthear leis, leath ar leath,
d'ealtain bhraineón mbeól neimhneach,
raon tre choillidh caoilshleagh gcorr,
ar bhroinnibh aoigheadh n-eachtrann.



Cosnadh-san críocha na sean,
le cuideachtain Mhac Míleadh,
fá Chlár dhroing-fhíonghlan Cuan Dor,
ar shluagh loinglíonmhar Lonndan.



Ní bhíodh tarbha a dtugadar,
acht a rádh go rabhadar,
fá chlár bhfinnlíggeal bhfear bhFáil,
bean imdhídean dá n-anáir.



A spraic ó'n fann fear foghla,
a ghlór meardha measardha,
a chosg gleódhocra, a ghrádh ban,
a lámh bheóghonta biodhbhadh.


L. 22


A mhílidh go méin bhflatha,
a imeachtraigh ardratha,
a sgrios daorchuinge Craoi Chuinn,
a naoi chaomhchloinne Conaill.



A eó aigéin na dteannta,
a dhraigh neartmhar, naoidheanta,
a shlógh daghbhuaidhe ós gach dionn,
a chlódh anbhuaine Éireann.



A rún dóchais Choluim cháidh,
a ghealladh bréithre Bearcháin,
deaghfhál do dhíon ar dheacraibh,
dar sgríobh Seanán saoileachtuin.



Do thairrngir Fionn, feirrde de,
do chuir Ciarán a gcuimhne
fear t'anma, tar aon eile
dod thaobh tarla an tairrngire.



Suirghe libh ag lios Eamhna,
'sa súilibh na seanTeamhra,
a chaithchnis gan cuing gcroidhe,
d'aithris Chuinn is Chonaire.



Airdeóchaidh fós gan taom dtais,
meanma gliadh buidhne Bearnais,
let' fheadhmaibh lúidh is lámhaigh,
's led' mheanmuin úir ioldánaigh.



Ní lugha úidh Oiligh Néid,
ag leanmhuin ar do leithéid,
a ndóigh cabhra dá chneadhaibh,
tarla a óidh ar t'oileamhuin.



A Chalbhaigh do char tusa,
d'fhurtacht an Fhoinn Loghaso,
go béin a ndocrachta de,
céim socrachta nach sirthe.



Donnchadh mac Néill mhic Dhonnchaidh,
sás múchta gach mór-chonfaidh,
tosach gach garma dó de,
gá tarbha as mó budh maoidhte?


L. 24


Inghean Bháitéir nach claon cuir,
ag ar caoin caidreabh miochair,
bean 'gá mbí a tréidhe ar togha,
is í an fhéile a haonrogha.



Nós na Suibhneach gan dul di,
tug Eibhilín dá haire,
ní neamhdhoichte céim a gcorp,
ar bhéim dearlaigthe, ar dhaonnacht.



Le hEibhilín bearthar breath,
d'uaisle iomshláin is d'oineach,
cruth soillseach le deirbhdhíol nduas,
geilghríobh as coimseach coguas.



Is daingean budh cóir a chur,
geall féile a hucht a hathar,
posd rinnghrinn raith is reachta,
flaith dob' inghill n-uaisleachta.



Treóin an Cheannais Clann Dálaigh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services