Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Dedication and Poem by Charles Lynegar

Title
A Dedication and Poem by Charles Lynegar
Author(s)
Ó Luinín, Cormac,
Compiler/Editor
Greene, David
Composition Date
1727
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1945)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Fáilte dhuit nóchchad is trí chéud
a thríath St. George gan toibhéim
a fhlaith áobhdha mhúinte mhéanmnach
shúgach shuilbhir shodhealbhdha.



Do rad día dhuit ad áois fós
mór ttoirbheart ón tríonnóid
gnúis róréidh gan ghrúaim gan ghoimh
gan toibhéim uaill gan anntoil.



Día na ndúl guídim do tshíor
air thtríath St. George do chomhdhíon
a bfhéile go maith mholta
a ccéile shearc na dáonnachta.



Maith a mhéin mhórrdha gach ám
maith a chiall, is a chumann
an ríghfhlaith chaitheas gan tár a chradh
lámh gach maitheas do mhóradh.


L. 6


Do fúair as móide a mheas
eagna foirbhthe gan oilcheas
féile, fóghluím, agas fos
tréutha cómhluinn, agas cumais.



Gach áon dhá bhfaicenn an fear
duaisle gall agus gáodhal
dhá ghrádh air ball líonuid lán
ní fann míonach an mhacáimh.



Aitchim an choimdhe thréun
do fhlaitheas madh buan do choimhéud
dod bhailtibh, bríoghmhur seólmhur soillseach
líonmhur, ceólmhur caómhdhoirseach.



Amen. ar an cléirach.



An tabhrán ceanguil
Atá néigsi dhá ngéurghoin mur bfuasgla tú an tóir
Is taoi an sáor lon, faoi exclips, a sileadh na ndeór
Mac dé leat a thséunmhic ó charruig na seód
'S do chumm réiteach do dhéunamh do cumadh do ghlór.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services