Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ó Dálaigh Fionn cct.

Title
Ó Dálaigh Fionn cct.
Author(s)
Ó Caoimh, Eoghan,
Compiler/Editor
McGrath, Cuthbert
Composition Date
1709
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1946)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Do bhrígh umorru gur chuireas reómham gach ní dá bhfaghainn do
sgriobhadh a leabhraibh agus dá leath do dhéanamh dom shaothar .i. gach


L. 187


diadhacht agus gach ní do bheanfadh lé slánúghadh ár nanman do chur an
aon obair .i. san leabharso agus gach finnsgéaluígheacht agus gach caitheamh
aimsire eile saoghalta do chur a leabhar eile go cinnte anois trath an
ainim Dé cuirfiod annso gach dán diadhacht dá bféadfad do leaghadh
nó do sgriobhadh do réir mo dhíthchill gidheadh ná tabhradh leaghthóir
ar bith guth orm tre gach dearmad agus tre gach drochchur síos dá ndéinim
do bhrígh nach mé as cionntach acht luas láimhe et easbhuidh eoluis
agus cúram an tshaoghuil dom thoirmeasg.



Dob fhéidir liom tuille do dhántaibh molta na Maighdine do chur annso acht
orduig sealbhadóir an leabhair .i. Seán suadhfhoclach Stac Iomarbháigh
leithe Mogha agus Leithe Cuinn ... do sgriobhadh dhó agus dleaghthar
dhamhsa a thoil do dhéanamh ar an ní as leis fein.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services