Meath Anecdotes
I
"A Mhaighistir Finton," arsa'n cloich-ghearrthóir,
"tá tú sínte anois, agus ní dhearna mé job oibre ariamh
dhuit nach bhfuightheá locht air acht so."
"Dá mbeadh sé beó," arsa'n mac, "gheobhadh (sé) locht air
sin féin."
"Goidé sin?" ar seision.
"Tá, go bhfuil sé ró-ghearr."
"Má's gearr leis í," arsa'n cloich-ghearrthóir, "crapadh sé a
chosa aige!"
II
Lá amháin a chruinnigh na customairí a thabhairt lá cunganta
do ghabha dubh Charraig-Cluic (i gConda na Midhe), agus nuair
chuinnigh sé ag obair iad go bruach dhá bhuille dhéag, sgairt
sé a bhaile 'un a mbrecfast orthú agus chuir 'na suidhe iad amhuil
is go mbeadh sé 'g 'ul a thabhairt dóibh, 's annsin a d'iarr sé air
a bhean, "A Mháire Máirtín," ar sé, "ga tuige nach dtugann tú
a mbiadh do na buachaillí?"
"Nach bhfuil fhios agad nach bhfuil sé agam?" ar sisi.
"Agus dá mbeadh, nach dtiobhrthá dóibh é?" ar sé.
"Bhéaruinn, go deimhin," ar sisi.
"Maise, a bhuachaillí," arsa'n gabha, "nachar leór uaith'!"
III
Chas fear áiridhe air a' tsagart a' lorgaireacht caorach a chaill sé.
"Chaill mé caora, Athair," ar sé.
"Raibh marc folaigh uirthi?" ar an sagart.
"Maise, bhí A mór air a taoibh," ar seisean.
"Thug tú ha, a dhailtín. Chan eadh, acht mí-ágh mór a
bhí air a taoibh," ars' a' sagart!
IV
Bhí fear áiridhe 'na chomhnuidh i bparráiste na hOibre i
mBaile Fóirisne dárbh ainm Criostar Ó Camhuil, dá ngoirfí an
Fámaire Mór.
Tháinig drobhair 'un tighe aige aon lá amháin
agus thug a' mhaighistreas a bhiadh dhó; agus nuair ba mhór
leis a' bhFámaire a raibh sé ithe de'n mbiadh 'sé dubhairt leis,
"An raibh tusa i bhfad air sgoil, (a) ógánaigh?" ar sé.
"Ní raibh mé air sgoil ariamh," ar an buachaill.
"Maise, dar anam m'athara," ar an Fámaire, "do fhear gan
fhoghluim tá cur síos maith agat!"
V
Maighistir Jack Balbh i gCill-Ribhin aig Druim-Chómhradh
i gCondaidh na Midhe, cheannuigh sé madadh uisge ó Shéamus
'Ac Grath air phonta airgid, agus d'fhiafruigh sé de Mhac Grath
an nglacfadh an madadh an t-uisge, agus dubhairt Mag Craith
go rachadh sé i mbannaí go nglacfadh air dóigh fóst.
.
A' chéad lá a chuaidh a' Balbhach amach a lámhach go dtug sé
a' madadh leis go Loch Breacáin, agus air lámhach carnóige dhó,
ghreasuigh sé an madadh 'un a tabhairt asteach, ach diabhal
amharc a dhéanfadh a' madadh air an uisge, ní há amháin a dhul
asteach ann.
Leis sin chuir a' Balbhach fios air Mhac Grath le n-a mhadadh
thabhairt leis, agus thainig sic sé.
"A Shéamuis 'A' Grath," ar sé, "nach dteachaidh tú i
mbannaí go nglacfadh an madadh so an t-uisge?"
"Muire, maise, ghním sin i gcomhnuidh," arsa Seumas.
"Well, cha ghlacann sé an t-uisge dúinne," arsa'n Balbhach.
"Tais'eanfaidh mise dhuit go nglacfaidh sé é," arsa Mac
Grath. "Bíodh geall," ar sé, "nár chrath tú dornán mine air an
uisge; agus sin a' dóigh a nglacadh sé agam-sa i gcomhnuidh é!"
VI
Bhí mé héin 's mo dhearbhrathair aon lá amháin air mhargadh
an tSráid-bhaile agus chuaidh sinn asteach a dh'ithe nar meadhon-lae.
Acht chuaidh bean a' tighe ag ársuighe sgéil dúinn i
mBéurla air pháisde a marbhadh le slat thairngní a bhí dearg i
láimh a athara féin, agus 'sé dubhairt sí, "The child was three days
in the greatest agony".
"A Sheóin," arsa mise, "gad é bhí air a' bpáisde?"
"Plúch! a amadáin," ar seisean, "gad é bhí a' páisde ach ag
eagnaidheacht leis na bacaigh cionn a
mharbha!"
VII
Fear aon uair amháin a dhíol gearrán, agus anuair a bhí sé (a')
toirbheirt a' ghearráin d'fhiafruigh an ceannaighe an dtarraingeochadh
sé car. "O! léig sin le n-a thaobh," arsa fear dhíol a' ghearráin.
Acht is amhlaidh mur bhí: nuair a chuir sé an car le n-a ghearrán
a' cheud uair gur storr sé agus gur bhris sé an car.
B'áin leis a' bhfear a chur air ais agus a chuid airgid fhagháil;
acht 'sé freagra a fuair sé ó'n bhfear a dhíol é, "Nach é dubhairt
mise leat," ar sé, "Léig sin le n-a thaobh," agus dá ndéantá-sa sin,
char bhaoghal go mbrisfeadh sé an car!"
VIII
"Familiar Dialogues between peasants in the dialect of
Meath, Louth, Cavan, etc."
Bhí mé Diardaoin so chuaidh thart ag 'ul go margadh na Carraige,
agus ca hé tharla dhamh air a' mbealach ach Seón Ó Raghailligh
agus é a' tiomáint dhá mhuic asteach 'un a' mhargaidh.
"Go mbeannuighe Dia dhuit, a Sheóin," arsa mé héin leis.
"Go mbeannuighe Dia dhuit-se," arsa Seón.
"Gad é mur tá sibh uilic annsa mbaile?" arsa mise.
"Maise, tá siad go fíor-mhaith, go raibh maith agad."
"Dair a' leabhara, is maith liom sin."
"Maise, tá leattrom agad orm," ar seisean.
"Ó, maise, 'n é nach raibh aithn' agad air Sheumas Ó Domhnaill
a bhí 'na chomhnuidh thuas ag Druim Ghuill?"
"Ó, maise, dair ndóigh go raibh. Bhfuil do gháid beó?"
"Tá, agus ann a shláinte comh maith is bhí sé 'riamh."
"Ó, m'ríarc go raibh eólas agam air agus air chlainn a athara
go huile."
"Cá mbíonn sibh mur gcomhnuidh anois, a Sheóin?"
"Maise, bíomaoid aige Raghailleach Bhaile Thomáis 'nar
mbuachaillí bó, fá dhá mhíle de mhuilte Lughaidh."
"Bhfuil do dhearbhráitheacha is do dheirbhshiúracha annsa
mbaile?"
"Ó, tá siad uilic annsa mbaile ach Máire atá pósta le bliadhain."
"Ca leis a bhfuil sí pósta?"
"Tá, le Seón Ó hÁmuill aig an Chorr Chríochaigh."
Here Séamus Ó Domhnaill meets another acquaintance named
Tomás. A woman also takes part in the conversation.
"Maise, a Mhuire, a Thomáis, ca leis a raibh mé (a') caint aniú?"
"Maise, m'ríarc go mb' fhéidir go bhfacaidh tú Diarmuid
Bháird."
"Ó, maise, chan fhacas. B' fheudtaoi go dtomhaisfeá aríst é."
"An bhfacaidh tú Seón Ó Raghailligh?"
"Ó m'ríarc, maise, go bhfacas agus gur innsigh sé damh go raibh
Máili pósta le fear de Chlainn Uí Ámuill ó'n Chor Chríochaigh."
"Arra, (a) stór, tá fhios agam anois ca hiad héin. Nár innsigh
sé dhuit ca hainm a bhí air?"
"Maise, d'innsigh, ach chan fhuil cuimhn' agam anois air."
"Well, a' cheud uair a tífeas tú 'ríst é, fiafruigh de an mac de
ghabh' Bhail' an Rinnce é; oir atá mise meallta nó chonnaic mé an
buachaill ciadna sin a' saoighridh air a' mbaile aguin-ne le Róis
Ní 'la Dúin."
"Ó, maise, is fhearr mur d'írigh do Róis ná eisean a bheith aici,
oir a chuala mé gur mór an droncair é, agus maille le cach donas, go
mbuaileann sé ann a mheisge í."
"Ó, maise, is measa sin aríst ná an t-ól. Diabhal mo dhá bhonn
a d'fhanachadh ag aon fhear ariamh a rugadh is buileat sé mé."
"Ó, maise, d'fhanfadh bean comh maith leat ag fear ba mheasa
ná eisean."
"Is cuma liom cé d'fhanfadh aige, ach chan mise a' bhean a
d'fhuirfeadh aige féin, nó aig aon fhear 'ár sgread faoi mhnaoi
ariamh!"
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11