Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Garraithe Daora

Title
Garraithe Daora
Author(s)
Ó hAodha, Niocolás,
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1853
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1944)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




Mo fháth-thuirse déarach, mo léir-ghoin, mo dhíth,
'S is fada tá Gaodhail-bhoicht gan réim anns an tír,
Faoi amadh ag méith-phoic le gear-smacht dá cclaoidheamh,
A d'fág iad go dúbhach a's go cásmhar;
Dá ccartadh, dá ccéasadh, dá ttraochadh do shíor,
Lucht deachmhaighthe ag pléidh leo, dhá bhfaobhar-sgrios le fíoch
Gach sraith eile 's éiliomh nach féidir leo dhíol,
Acht go cráidhte ag gach dream uilc dá bhfásgadh.



Ní'l aindeise a nEirinn is géire le Gaoidhil,
'Ná gardhaidhthe daoradh da ccréim-chur de'n tsaoigheal,
'S is measa leo éirlis roimh rae le cur díobh,
'Ná lán-bhille cúntais na páirce;
"Twelve pounds an acre," sin Béarla ar an ccíos,
"And a pound on the nail" go ró léir ar gach roinnt
'S an fear bheidh gan éirlis ní'l aon mhaith dhó a caint,
Mo lámh dhuit gur cúthail é a ghárda!


L. 290


'S a Rígh dhil na naomh ó's tu réidheann dúinn gach snaidhim,
Nach damanta an daor-bhreith an méid sin le díol,
Ag duine bocht raebhriste, faon-lag gan mhaoin,
Mo lán-lot 's gur fann-lag é a sholáthar;
Dá mbiadh earradh na hEireann chomh saor leis na gadhair,
Ní leagfaidís rael de idir éirlis 'ná cíos,
Caithfid na daor-bhoicht an claon-mheas so a dhíol,
'S gan fághail aca air chongnaidh ná ar cháirde!



Tá gearra-phoic Ghaodhalach' chomh géar leis na Gaill,
Ní bheidheadh airgead tae aca 'ná béabhar do'n mhnaoi,
Ní bheidheadh bolg ná saothar ar aon bhodach dhíobh,
Muna bhfáisgidís púint as na sár-bhoicht;
An té leanann an daor-acht so, an féidir a mhaoidheamh,
go bhfuil eagla Dé air, 'ná daonnacht 'na chroidhe?
Pé aca gallda nó Gaodhalach lucht déanta an leath-truím,
Ní chrághfadh na Iúdaigh níos feárr iad!



Is cumadh cia ndéin é, tá'n chréim-chine síos,
Agus bochtaibh na hEireann le chéile fá sgríb
Dá ndalladh le glaodhtaidh 's dá ccaochadh ag gach buidhinn,
Mo chás! cé ghur cúmhang bocht é a bhfághaltus;
Gan earradh gan éadach a n'éagchruith do bhíd,
Gan tuilleamh do réidhfeadh a ngéarbhroidibh díobh
Acht an "lumper" mar bhéile a's caol-deoch ó'n ndíg,
'S nach láidir an drong iad le cábladh.


L. 291


Is fada iad ar dhaor-nasg gan faoiseadh gan bhrígh,
Dá ruagadh 's dá raobadh's dá séideadh gan suím,
Ag fághail bearradh na ngéidheanna gach féile gan fuígheall,
Noch dfhágann a n'amhgar de ghnáth iad;
'S a Rígh dhil na féile 'na bhfuil gach aonmhaith ad' chroidhe,
Tabhair fuasgailt go héasga ar an ttréid-bhocht so a
ngreidhim,
Díbir gach claon-acht as Eirinn gan mhoill,
A's tárrthuigh do chlann ar gach pláigh oilc!



TORNA

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services