Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh

Title
Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1850
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1943)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A ghradh 's a chumainn is sultmhar do léigheas an cheachd
do chuiris chúghainn tar tonnaibh gan mhioscais gan chlaon gan
snas:
Tá an chraobh agutsa mar thuigim 's an t-ubhall gan staid
chum Gaoidheilge sgribhe 's a dtuigsint gach cruadhcheist chas.



Do bhronn Hómer séad duit, éifeacht cinn is blas
's do bhronn Ovid aosda a chaolpheann chaoin id ghlaic;
bronnaimse féinig sway dhuit tar míltibh fear
's go mbronnaig Mac Dé duit réim 'na ríoghacht ar neamh.


L. 26


Seo béith uaim chughat a ttriuch a ccéin tar lear
gan aon riocht chlúdaig acht ciuin-chruit éigse 's flaith;
go dtí Stainndis clúmhuil múinte béasach glan
do shíol nGráda ón Mumhain fuair cliú is réim na bhfear.


L. 27


B 1851ls 19L
Cearbhall O Dála cct.



Chonairc sa 'n bhean ag teacht an tárd anall,
ba gheille go ceart a cneas na bláith na g-crann,
a filleadh tar nais a teacht go trádhacht na habhann,
thugas di searc 's d'fan go bráth am chenn.



Chonairc sa'n bhean ag teacht an tárd aníos
ba gheille go ceart a cneas na bláith na truím
ag filleadh tar nais a teacht go trádhacht na slighe
tugas di searc 's dfan go bráth am chroidhe.



Mo chreach léir dunn a n-aoinfheacht 'san oidhche ag teacht,
gan me féin 'san spéirbhean do chlaodhaig me seal
a dtaobh sléibh' 'nár naonar gan tuibhe gan bhrat
's aon tseachtmhuin déag san oidhche air fhaid.



Aréir do chonairc sa'n bhean go dtugas di baramhuil grinn,
do chuir me ceal gan stad air mearbhall slighe
ba bhreadha é maise teacht chum glan búird bíghe
ba dhubh ba gheal ba dheas ba gheanamhuil í.



Bhí a folt trom truipiollach tuitim mar bhraínsidhe 'n óir
agus sgáil a guirm ba glaise na slamhraidhe 'n reodh.
mairbheóig tuirse me 'n deoig bruineall na gcruinn chíoch cóir
's puililiu léig orm an tuisge cé ghabhann sí d'ól.



Is fiu seacht sgiling gach ruibe dá gruaig mar ór,
Is fiu seacht sgiling gach luisne 'na gruadh mar rós,
Is fiu seacht sgiling an tuisge do ghabhann a bró
's cúig céad sgiling a cumann dhá uair roimh ló.


L. 28


is fiú cúig phúint a cúl cas órach buidhe
is fiú cúig phúint a súil glan ómair cruinn
Is fiu cúig púint ar dtúis mar d'órduig Críosd
agus cúig céad púnt a rúin gach órlach díot.



A dá punan cúl buidhe búclach le go troig
's a dá mala chaol cumth' chaoin chonnluigheann mar rós gan cheilt,
tharraing púicín dubhchroidheach deórach guil,
mo thaisge 's mo rún í siúd í an bóthar soir.



Mo ghrád do chúl chas buidhe ar dhaith na n-oráisdighe
's do shúil chruinn ghlas air dhaith an tsrotháin chaoil
t'aonta a bhean tabhair leat 's coimeád í
's ná tabhair do ghean d'aon fhear na feicfeá arís.



Mo ghrádh do chúl buidhe 'na cúrsaoibh air dhaithibh an óir
's do ghruadh mhín na fuaduigheann a lasair an smól
a rúinín nuair smuainím tré'm chodla air do phóig
tré'd chúrsaoi cuirim druchtaoinidhe fola as mo shróin.



Mo ghrádh do chúl dualach sguabach cocánach
órach tréisleach féilltheach feadánach
ómrach sgaoilteach snadhmanach treasnánach
'na ngaibh thimchioll cinn mo dhianghrádh sa.



Bhí a folt go talamh le'n leanbh mar d'órdaig Dia,
'na giusa 's 'na gcasa 's 'na gcreasanaibh táirste aniar
a filleadh 'sa feacadh 'sa camadh 'sa ród 'na diaigh
'sa gcur le geata ba samhuil le comhluinn iad.



Aréir do chonarcsa an chumannach chaoin ghrádhmhur
mur a bheidheadh coindeall a nglaine ar bórd árthaig
a folt trom triopollach muiriorach fionn fáingeach
mheall san mise caise air gach aon táith dhi.


L. 29


Tá cumann liom shuas air uachtar bhaile na laoch
bhain uair shuain air uair na maidne dhíom féin
ag a bhfuil a cuacha 'na ndualaibh lei tuitim go feur
dual naoi n-dual dual fithche 's céad.



A Dhia 'sa Mhuire, a bhruingioll na mbuidhe cocán
's a corp as geille na 'n tuisge air leac eidhir ar snámh,
nuair ná fuilimsi ann ionad bhig radharc am ghrádh
gan tusa mur choindeall 's mise mur raidhleacán féileacán.



Mo chreach 's mo leun nach déanann seoid beag díom,
go rachfainn do léim a mbeul do phóicín síos
aingir dheas shéimh na mbreithre 's na nór folt buidhe
na fuiling me a bpéin's me tar éis bheith breoidhte ad' dhruím.



A folt fada fághain dob' fhearr sgáil air iadhthar cinn
's a crobh leathan breagh dob' fhairsing a riaradh bíghe
a troig gheara bhláith do mheallann cách faoi rian a boinn
's gur b'é do ghreada grádh chuir seachrán srianach linn.



Mo ghrádh mo chuilfhionn mhuinte manla shéimh
mo ghrádh do chúl tais búclach fáingeach réig
mo ghrádh do chsiubhal na brúghann go bráith an feur
's mo dhian ghrádh liom thu dfhonn tu ghabháil liom fhéin.



Mo ghrádh mo ghean searc 's rún mo chroidhe
mo ghrádh mo chailín chneasda ghrádhmhur chaoin
mo ghrádh do dhearca glasa tá gan teimhioll
's mo dhianghrádh air fad thu a bhean ó sáil go rinn.



Bhí a folt trom triopollach muiriorach fíor ghleanntamhail
sgáil a guirm tuitim mar dhrúcht samhruig
braghaid mur criosdal geille mur chlúm gandail
tar mnáibh na cruinne do thugas ó'm chroidhe grenn duit.


L. 30


Grádh mo chroidhe do chroidhe 's do mheall shúil claon
grádh mo chroidhe do chroidhe 's do chorp sheang shéimh
grádh mo chroidhe do chroidhe 's do lap chúg meur
's do bhfuil do ghrádhsa le rátha am mharbhadh féin.



Mo chreach 's mo leun gan me 's tu a seomra glais
ó maidin anae go grian an órail ghil
gan eadrainn araon acht léine nuadh nidhte
's gan únsa céil ag aoinne 'nneósach sinn.



Tigh an tabhairne 'n leana is ann do bheidheadh mo thriall
's nuair chállain can do thagach fíon 'na dhiaigh
is ann ghradhasa 'n aingir cailce buidhe na gciabh
'a ó thárla air meam gur bean do chlaodhaig mo chiall.



Tá fhios ag easbog Chaisioll cinn na gcliar
gur breadh me air each 's gur fada buidhe mo chiabh
gur a ngradh na bhfear do chathas dem aoise bliadhain
's ó thárla air meam gur bean do chlaodhaig mo chiall.



Ba bhreadha me air each nuair chrapach sí iona srian
go cáippeach cliosach rathach ringceach riamh
na Randhaill Dearg mac Maogaoibh na gcliar
's ó thárla air meam gur ben do claodhaig mo chiall.



Lá na bhfear nuair casag me sa tsliabh
's lá na bhfear do chaithfinn líog mur iad
lá geal earaig chraithfinn síol a gcriabh
's ó thárla ar meam gur bean do chlaodhaig mo chiall.



Ba bhreadha me ar each ag teacht an taoide aniar
's do shnámhfainn caise garbh díreach dian
na Radhnaill Dearg mac Maogaoibh na gcliar
's ó thárla ar meam gúr bean do chlaodhaig mo chiall.


L. 31


Bhean úd ba chaise cúl ná cosa na mbeach
's ba ghlaise súl ná'n tuisge siubhal ar bhárr na leac
duine dubhach me dul amugha gan focal a gceart

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services