Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh

Title
Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh
Author(s)
Mac Cárthaigh, Micheál,
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1846
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1941)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AR BHÁS THOMÁIS DÁIBHIS



Oidhche gheimhridh cois Fuinnsean 's me am aonar,
ar bhruach na cairrge fuair gairm ón laoch mear
bríoghmhar tapa 'nurbh ainm do Léathfuinn,
's nur fhás a chlú de chrú na dtréan-chon.


L. 9


Bhí a cham-chúrsa tabhartha ag Phoebus,
is 'eachaibh ar sodar tré bhorb-mhuir Thétis;
míolta, puic is bruic ag léimrigh,
's an sionach 's an seabhac ar sgabha chun éirligh.



Bhí ródha seaca tré shneachta dá shéideadh
le goimh is gailbh 'na gceathanna tréana,
cruinn na coille gan duille gan craobhcha,
's an ghaoth dá gcnagadh is dá sracadh as a bpréamhcha.



Bhí lóchrann Lúna ag múchadh 's ag blaomadh,
agus seal faoi dhubh-bhrat ag muscladh 's ag maodhmadh;
na réalta ag ringce os cionn mhaoilinn na sléibhte,
's an talamh ag luascadh le buaireamh spéartha.



Bhí splangca teine le binib ag spréachadh,
an fuacht am leathadh 's an fhearthainn am chaochadh,
fuaim na mara ó gach caise agus caoltsruth,
's an abhainn 'na hinseacha im thimcheall sgéidhte.



Do shíneas síos le sgíos faoi an léithlic
go cortha cráidhte tnáithte tréith lag,
le fonn is faitcheas, 's me lag-bhrígheach im ghéaga,
gan súil chabhrthach thar ceannrach nó céachta.


L. 10


Do bhíos ag smaoineadh ar chlaoinbhearta an tsaogail,
ar gach síorsmacht gach daoirse is gach baogal,
is ar gach cíoradh fuair saoithe agus éigse,
is lucht leanta laoithe i nInse na Féile.



Is ró-gheárr go dtáinig Morpheus
le "híle an tsuain," bhus luaghacht ó Ceres,
is chimil fám' shúile í, chomh dlúth le séala,
gur thuiteas am chodladh, dfhuig sochar mo sgéala.



Níorbh fhada gur chuala an uallfairt éachtach,
ná gártha caoidhe, 's an caoineadh créachtach;
greadadh na mbas is feas gur léir dam,
cois na habhann, dar leam, ag téarnamh.



Dar liom do ghluaiseas faoi thuairim an ghéarghuil,
go bhfionnainn fios fáth an áir 's an éirligh
do rineadh ar chách, nó an báithte bhí aonne,
nó an dóighte no tóigthe bhí Éire.



Is geárr gur dhearcas an eala-bhean aerach
i mbearna an leasa 'na seasamh go héigneach,
ag taosgadh srothaibh a roscaibh 's ag blaodhraigh,
's ag bualadh a basa gan lagadh gan traochadh.


L. 11


A gnaoi, ná a creat, ná a dreach níor léir dam;
bí húda an mhairbh ag folachadh a sgéimhe;
a gúna greanta 's a leath ar na craobhcha;
's a ciabh chas achrannach staithte as a préamhcha.



Gé bhíos ar a ball "im gheall gan éileamh,"
is, nach beag, dall gan mheamhair gan éirim,
do dhrideas 'na haice, agus sleachtaim go séimh dhi,
agus mar a leanas do labharus léithe:



"Go mbeannuighidh Dia dhuit, a ghlaidhghein mhaordha,
ní fuláir nó is bean tar lear tu tá céasta;
cár ghabhais chughainn, a phlúr dhil na mbéithe?
An aon den dream sídhe thu, nó bannríoghain na ndéithe?



An tu bean an fheill do mheall an Trae thoir,
nó an bhean fhallsa bhí i ngeall ag Caesar,
nó an bhean cheannsa dob' ionraic béasa,
nó máthair Chúpid nó an fiú lé me chéasadh?



Nó an bhean do bhí ag ríoghmhac Féinius,
nó an bhean ghrinn do shín le hAonghus,
nó an cháidh-bhruinngheal bhán mhiochair Céarnait,
nó céile Naoise d'fhúig laoichra faoi dhaorbhruid?



Nó Clíodhna na líog leathan léithe,
nó Aoife a chuir draoidheacht ar a gaolta,
nó an uas-bhruinngheal uasal ón nGaorthadh,
nó an gruagach ó thuaith-sciortaibh Bhéarra?


L. 12


Nó an bhean bhreágh d'fhúig ár na Féinne,
nó bean tighe Chaoimh, nó sídhbhean Chnoc Gréine,
nó bean Chnoc Áine nó "Máire na méire,"
nó Maol Donn na lannsaí géara?



Nó Úna úrghreanach néata,
nó Bláthnaid, nó Gráinne, nó Nébet,
nó an bhean do dheadhail ón Laighneach laochradh
d'fhuig turus na nGaill gan mhoill go hÉire?



Nó Mór Chluana do bhuair na céadtha,
nó an bhrighdeach aníos ó Mhuigh nÉalta,
nó an chúilfhionn ó chionntur Ráth Caola,
nó bán-bhruinngheal bhádhmhar Mhistéala?



Nó bean na mbeann ó Ghleann Uí Laoghaire,
nó an bhean úd thall do rin feall ar Shéafhra,
nó an fíor gur tu Síle, bean Phléimionn,
nó buime nó banaltra an leasa so Léathfuinn?



An tu bean an áir, adubhairt fáidhe is naomhaibh,
do thiocfadh go clár Luirc, tráth, d'ár n-éileamh,
nó an ghorta so ráidhte, tá ag trácht chun na hÉireann,
do sgriosfaidh na táinte le pláigh is foiréigean?"


L. 13


Do fhreagair an fhaoileann aoil-chrothach aerdha:
"Ní bean den dream so thall do léighis me,
acht bean den dáimh tá cráidhte céasta,
de chloinn Uí Dhála ó lár na nDéise."



"Feasaim arís díot, a shíodhbhruinngheal, sgéala;
ar goineadh le feall do chlann ná do chéile?
nó, ar milleadh le hár aon tráth ded shaoghal tu?
innis cúis do cháis is fáth do ghéarghuil."



Do labhair arís an ghaois-bhruinngheal mhaordha
liom go tagarthach feargach fraochta:
"A dhuine! a dhuine! cá'r hoileadh tu ar aonchur,
nach fiosach duit cás is fáth mo ghéarghuil?



Ní tart ná gorta do ghoirtigh mo ghné-se,
ná anamus cogaidh do bhrostuigh me ad chlé-se,
ná ruathar námhad, ná pláigh, ná léirsgrios,
acht orchra an bháis ar Thomás geal Davis."



"A bhruinngheal mhúinte, dúinne innis sgéala:
arbh' fhlaith nó tiagharna nó iarfhlaith an té seo,
rí nó preannsa, galldha nó gaedhlach,
nó, cá raibh comhnuidhe ar an óglaoch éachtach?"


L. 14


"Is olc dob fhiú dhamhsa sgiúrdadh faoid' dhéin-se
ó Bhleáth Cliath aníos, go snoighfá dham bhéarsa
ar bhás an "Celt" do-ghní geilt den Éigse,
is gan dá "bhuadh" agat le luadh acht an méid sin.



Mura bhfuil do lámhsa níos feárr 'ná do bhréithre,
tá do cháil níos seacht bhfeárr 'ná do thréithe;
dubhairt Seaghán Ó Dála gurbh árd-ollamh léighinn tu;
's is baoghalach liom go ndubhairt sé bréag liom."



"A bhruinngheal bhán, ná cáin-se dréachtuidhe
ná faghann 'na láimh acht lámh an chéachta,
nó speal nó corán nó camán sgléipe,
d'fhúig allus lem ghruadh agus cuan im mhéaraibh."



"d'réir dlighthe dáimhe, is náireach an sgéal duit
a bheith ag cách go bráth le léigheadh ort,
d'éis teacht anois ón Life at éileamh,
ná déanfá laoidh do sgríobh ar bhás Davis.



Ceap imbáireach, dom ghrádhsa, ní éigin,
is bheirimse m'fhocal go follus don tsaoghal duit,
má tá aon ní againn leastíos duit le déanamh,
ar do ghalar gur gairid duit faosamh."


L. 15


"Fiafraighim díotsa arís an méid seo:
nach den teampoll gallda an té seo?
nó, an bhfuil aon deimhin gur dheadhail ó n-a dtréadtha?
nó, an bhfuair sé ola na n-ollamhan naomhtha?



"Is dorcha í t'fhiafraighe 's is síorruidhe éachtach;
níl fios cia slighe don dlighe 'na sléachtadh;
cé gur don teampall ghallda a théigheadh sé,
le scuaine an scúille úd Luther ní réidheadh sé.



Níl againn le rádh acht amháin an méid seo:
má's beannuighthe iomshlán lucht síothchána 'dhéanamh,
's do roinneas an bhoicht le hucht truaighmhéileach,
go hionad na bpian ná triallfaidh Davis.



Ní raibh a bhárr le fagháil ar aonchor;
duine uathbhásach, d'fhás in' aonar;
suidh síos láimh liom le sásamh go léighfead
a cháil 's a chlú, má's fiú leat liom éisteacht.



Árd-liaigh foghanta ar Fódla chréimeach;
ágh na mílte, is míle caithréimeach;
Alastrom óg, i ngleó ná staonfadh;
is oifigeach cóir a "phost" ná séanfadh.


L. 16


Bile bláthmhar áluinn gan aonlocht;
borg-ghas bríoghmhar gaoismhar gan éaluing;
brainnse is bog-bhuinne crobhaingeach craobhach,
do gearradh ro-luath le tuagh an Fhalaera.



Caithmhíle comhachtach chun comhraic ba ghéire;
ceann na comhairle, dfhuig fóirthin ar Éire;
curadh cródha agus leógan adhlaochta,
nár chuaidh aon tráth ar sgáth a sgéithe.



Duine dhon dáimh, do-ghní dán le héifeacht;
dalta na Muses, do mhúineas an éigseacht;
draoi gan cháim, nach náir dá ghaolta,
nár sheinn riamh tán acht i gcás na hÉireann.



Éide na hóige leóinte díghcéille;
ciall roimh aois, is tigheas na féile;
eochair, nárbh fhuiris a fuirm do dhéanamh,
chun doirse an chirt d'oscailt is d'éileamh.



File fíreólach fórsamhail féitheach;
file-mhac fáthach, fáidh glic éachtach;
file do folcadh i dtobar na dréachta,
's do hoileadh i n-achtaibh Pharnassus lem thaobhsa.



Gas don ghallfhuil sheannda, mar léightear;
gein ba ghnaoi le cloinn dhil Éibhir;
gean gach nduine do chine Mhilésius,
an glé-ghas grádhmhar Tomás geal Davis.


L. 17


Lannaire lán-mhear dána chun éirligh;
laogh na múise múinte móir-mhéinneach;
lonnradh láidir lámhar mar réilteann,
ba lasmhar greadhnach ag soillseadh na hÉireann.



Mál nárbh eagal go scaipfeadh a thréada air;
maor nár phráidhinn dá mháighistir glaodhach air;
marcach ba mhinic ar mhullach Phaegésus
ag fiadhach na n-amhus, do-ghní foghail ar cheart Shéamuis.



Nuachar óg do pósadh le hÉire,
is thug móid na hóghachta dá chéile,
gur gheall gach sógh agus sórd di dá mb' fhéidir
lena leas-mháthair d'fhagháil ar aonchur.



Ollamh omósach eolgach éachtach,
uigeamhail cáileamhail dántamhail dréachtach;
"Ollamh re Dán," ba sháirbhinne bréithre,
dár gairmeadh "Homer óg na hÉireann".



Pola gan cham, seannta, ná éalaing;
posta gan bheann ar bhollta ná ar ghéibhinn;
prapa nár chrom i dteannta na nGaedhlaibh.
's ná critheadh aon am roimh amhastrach béaraibh.


L. 18


Riaruidhe cobharthach bronntach déarcach;
rúnuidhe gan mheang, do bhí ceannsa deighmhéinneach;
rannuidhe caoinráidhteach páirteach leath-sgéalach,
do chogur na nGall aon am ná géilleadh.



"Saoi na suadh," a rug buadh na dréachta;
saoi gan locht, is bocht liom traochta;
saoi do-gheóbhadh saoirse do Ghaedhlaibh,
saoirse a bheidh choidhche dá héileamh.



Taoiseach ba ghaoismhaire éirim;
taca dhon tír, is díth do chlann Fhéidhlim;
togha na bhfear do chleacht an daonnacht,
ó bhliadhanta a naoidheantacht gur síneadh traochta é.



Ughdar deagh-mhúinte deigh-bhéasach;
ughdar uasal uachtrach éachtach;
ughdar neamhfhallsa, do mheabhruigh gach béarla,
Laidion chrannda, Eabhra, agus Gaedhilg.



Mo mhíle gleó, mo bhrón, mo mhéala!
mo lomadh Luain, monuar mar sgéala!
mo chumha, mo chreach! gan rath me in' éaghmuis,
mo bhuachaill bádhmhar Tomás geal Davis.


L. 19


Mo lá leóin! mar lón ag daolaibh
taca na dtreón is treóir na nGaedhlaibh;
mo chúl le hádh, go bráth mé in éaghmais
mo ghile grádhmar, Tomás geal Davis.



Mo chreach gan tógaint, i gcomhrainn go tréith thú!
mo chreach gan leigheas, ag leaghadh faoi chré thú!
a chreach na saoithe, na saoirse is gach séan-nós,
is creach na dtáinte nár tháinigh 'on tsaoghal fós.



Creach na mbocht, is docht le hÉire;
creach na gceall tar ceann na cléire;
mar, b'fhusa seacht bpápa d'fhagháil faoi shaormheas
'ná duine dhod cháilse, a Thomás geal Davis.



Céad léan ort, a Bháis, nár sholáthruigh duine éigin
i measg na sprot so tá ag lot na hÉireann,
nó, i measg na ndanar so ag drannadh chun éirligh,
i n-ionad an uasail gan uabhar gan éalaing.



Ní hiongnadh mise im bhean ghliogair gan éifeacht,
gan sult gan ghreann, gan mheabhair gan éirim;
do bhris mo chroidhe, táim claoidhte créimeach;
Féach! feic mo ghnaoi! nách fuighlach créacht me?"



Do bhíodhgas suas óm shuan dá héileamh;
do shrac sí húda an chumha dá héadan;
do leath mo radharc 'na haghaidh nuair d'fhéachas;
's do sgeinn sí ar siubhal mar cholúr tré néallaibh.


L. 20


Is maith is cuimhin liom a fíoghar is a féachain:
do bhí a súile súighte 'na héadan;
do bhí sí críona cnaoidhte créachtach,
'na crainncín creimithe meirgeach méisgreach.



Do shuidheas seal arís ar an léithleac,
's do chaoineas go fíochmhar Tomás Davis,
cois na Cairrge fuair gairm ó léathfuinn,
oidhche gheimhridh cois Fuinnsean 's me am aonar.




Guidhidh-se uile lem ghuidhe,
agus goirimse Rí na nGrás,
go saoraidh mise ar mo naimhid,
ler sgríobhadh an laoidh seo im rás.


L. 119


B'fhearra dhuit cácaí a fáisgfidhe i mbeóir
is dá n-abrainn árthaighe lán d'fhíon leó
banaltra lán-chidheach bhán mhín óg



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services