Na Gamhna Geala
"A thoice bhig gan chéill, ní féidir thu a mhúineadh
le hasnaidhibh na molt méith agus le feoil na muc gcúmhra" -
na gamhna na gamhna na gamhna do b'fheárr liom
rínnceadh 'sna gleanntaibh 's ag damhsadh air na bántaibh
"A thoice bhig gan chéill ní féidir thu a mhúineadh
agus gur le páirc bhreágh féir ghlais, éadan do chúirtse" -
's iad na gamhna na gamhna na gamhna breágha geala,
gabháil siar a's aniar go sugach cois an chalaith!
'Sé deir gach toice ag éiriughadh suas liom
Gur léig an mhaith an bainne nuair chailleann sé an t-uachdar
níor mhór gur bhfeárr liom an barra bhídheann lastshuas air
ná'n trash a dtugthar tae air cé gur fada théidheann a
thuaraisg.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11