Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh

Title
Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh
Author(s)
Mac Cárthaigh, Micheál,
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1846
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1942)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh
A Naomh-Mhuire, a Mháthair, ár ndóchus, ár ngreann,
ar an mbuachaill bocht Gaedhlach anuas féach le fonn,
tá ag gluaiseacht chun fáin óna theaghlach beag féin;
a Naomh-Mhuire, a Mháthair, dein díon do is gach céim;
Bí im fhochair, a Mháire,
ná tréig mise, a Mháire,
acht stiúruigh is díon me is gach bealach is céim.



Ar siubhal dam ó theaghlach mo sheinsear, am breódh,
faoi ama aige búiribh na ndubhsgart gach ló,
am chreimeadh is am cháineadh is am ghearradh gach am,
ag sgige 's ag gáire is ag síor-shiosma leam;
Acht, a Naomh-Mhuire, a Mháthair,
a mhín-mhilis-Mháire,
ní féidir leo aon-ní neamhcheart do rádh leam.



Ó árus mo mháthar bhocht sginnim chun siubhail,
mo chroidhe istigh go brónach, is deóracha im shúil;
is ait liom ná tóigeann duine éigin an liugha:
"Gluais, ruagfam sliocht daoirse!" acht a Mhuire, guidhim tú,


L. 194


Óm' chroidhe istigh, a Mháthair,
a Naomh-Mhuire, a Mháthair,
chun síoth is siothcháin don oileán so, guidhim tú.



Lch. 2 I dtír na seachráine seo is tairbheach chun bídh
tá níos mó 'ná mo shásamh-sa in' fhásach, 'na luighe,
gan blaiseadh agam d'aonní inar chuireas mo dhúil,
gan do leaba acht úrluachair, is giobail mar chlúd.
A Naomh-Mhuire, a Mháthair,
a mhín-mhilis-Mháire,
cia choisgeann mo lámh ar an "murder" acht tú.



Acht i ndeireadh na sgríbe, gheobham saoirse gan bhaoghal,
is glanfam ceó an chruadhtain as uaine na nGaedheal;
O, sirim, a Mháire, do bheannacht mar dhíon;
déin foirtill gleac-láidir mear meanmnach sinn;
A Naomh-Mhuire, a Mháthair,
a mhín-mhilis-Mháire,
Las solus na saoirse, is déin meanmnach sinn.



Let me have your opinion of this translation:
Lch. 3 "The Last Glimpse of Erin."
Translated from "Moore's Melodies."
An teimheal déidheannach d'Éire le géar-chumha 'seadh chím
an chríoch inarb ann duit is Éire liom í
'sé do bhrollach mo bhaile agus mé i n-imigéin
is do shúile mo thrudhchas ar fán dúinn araon.


L. 195


Go dtí fiadhantas éigin eamhuir, nó fuarcharraig trágha,
nách léir do shúil Saxon sinn d'fhoillsiughadh go bráth,
seadh sgiúrdfad lem chúilfhionn, is cé borb í an ghaoth,
's is fíor nach chun díoghaltais mar an naímhid seo 'nár n-éis.



Ar t'fholt fionn nuair fhéachaim ag filleadh faoi sgéimh
's ar do chláirsigh seal staonaim 's a fian-ghuth ag éigheamh
is go sracfadh an Saxonach fuarchroidheach, ní baoghal,
ót fholtaibh aon dual ná ód chláirsigh aon téad.
Críoch



Would you approve of this as a "motto" for your little
book?
A Ghaedhilg mhilis-bhréathrach, geadh fada do shuan
gheobhair faosamh, tá éigsibh ag canadh na nduan;
'sgach aonbhrog dfhan spréidh bheag den "teine" sa luaith
do bhlaomfaidh tré Éire as an leabhar so luadhaim.


L. 196


AODH BUIDHE
Gráin mhairbh ort, a Bhanba na mbuidhe ndlaoi ndual,
tug grádh t'anama do dhanaraibh na mí-ghníomh mbuan,
's an táin mheardha, 'nur chleachtaisse bheith id luighe faoi shuan,
lán d'atuirse tre sgaramhain led thíorthaíbh cuaird.



SEAGHÁN CUNDÚN
An chuaird gheárr so, fuair sármhacaibh Ír is Airt,
do-bheir uaill-ghártha age mná fionna Gaedheal anocht;
a Uain ársaidh, do thárthuigh na céadtha ón olc,
tabhair bárr tuinne tráighte don mhéirdrigh bhoicht.


L. 197


AODH BUIDHE
Is bocht an sgéal so ag tréanmhacaibh Ír is Airt,
is ag Flaith na nGaedheal, do aomh bheith sínte seal
led chorp geal féin, a mhéirdreach bhuidhe na gcleas,
's gan acht Dutch is Danes dá éis sin ag luighe id nead.



SEÁGHÁN CUNDÚN
Nead seasgair sámh do fuair sleachtaibh Tháil, Éire a luadhaim,
an bhean is measa cáil faoi leathan-chlár na gréine anuas;
Fódla, fearann Fáil, do bhí ana-pháirteach léi gan ghruaim,
Gur chuir an ghangaid ghnáth chun seachráin í (féin) monuar!



AODH BUIDHE
Monuar ná tagann an ghasradh ghnímhéachtach
go cuanta Sacson is as sin go críoch Éibhir,
is dual go mbainfinn den mhaicne mhíbhéasach
luach mo chapaill le bagarthaibh Bruighean Chaorthainn.



SEAGHAN CUNDÚN
Caorthann crom, trom, agus fiadhtghail fáis
d'fhás dod dhrom, 'ollbhean is liathbhuidhe más,
a Bháinseach bhodhar lom-chreathach chiarbhuidhe tháir,
i n-áit na nOll dtrom-thorthach d'fhiar faoi bhláth.



Críoch.


L. 199


As fada an dónus a fúirse le hÉire
's ce minic da leaga í, nír chreachag go léir í
nír buaileadh buile na tubaiste an éinfheacht
ambuaic a bathios gur chailleag a caomhsearc.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services