CAITILÍN TRIALL
Ar ghabháil dam ar maidin chun barra na hAoine
Cia casfaidhe sa tslighe orm acht scafaire an cheoil;
'Sé dubhairt sé liom: "Seasaimh; taoi marbh ón sírrith,
Nó an misde leat innsint ca bhfuil do ghnó?"
'sé dubhartsa dá fhreagairt go mb'fhada liom suidhe leis,
Ar mo shiubhalthaibh le sesachtmhain go mb'aindeis le innsint,
Mo stuaire ciuin cailce go dtugas taitneamh óm chroidhe dhí,
Is go rachad le baois mara bhfaighead dul 'na comhair.
Sin comhairle bheirim duit, a fharaire an ghrinn,
Mar is duine ded shlighe me thug seal ar do nós,
Do shuaimhneas do ghlacadh insa bhaile ar feadh mí,
Agus a cheapadh go sítheach bheith scartha go fóill.
Ó d'imthigh an ainnir uait, fairsing mar bhís,
Gan buaireamh do ghlacadh le taitneamh dá gnaoi,
'S a liacht stuaire ciuin cailce gan fear insa tír
Chomh geanamhail gnaoi le Caitilín óg.
Do shiubhluíos anois (beag) go himeall Chnocán
Agus as súd le fánaidh go tigh Dhonnchadh Dí
Cill Uar, Cill Mhuire, Cill Doire, Cill Áirne
Cill Dara, Cill Átha agus Cuilinn Uí Chaoimh;
Cois cuanta níor stadas go Daingean na gcliar,
Agus tuairisc ní bhfuareas nó gur ghabhas aniar;
Go b'é chuala ar an gCathair, mar a stadann an fhiann,
Go rug sí an bárr ó Chaitilín Triall.
Shiubhluíos cois Féile, cois Léin is cois Laoi,
Cois Bearbha, Cois Brighde, 's níor stadas go Teamhair
An Ruachtach, an Chlaodach, an Béirlig (?), an Aoine,
An Gheadach, an tSnaidhm, an Bheithe 's an Leamhain;
Go ndeaghas go Gleann cárthaigh na sáirfhear nár ghann,
Gomadh fial fearamhail fáilteach bhíodh a mná róm 's a gclann;
A samhailt ná a ndeállramh níor thárlaigh am chom,
Agus ólfam a sláinte ó táineamair ann.
(A) Chárthaigh do rugais barra leat feasta ósna haibhnibh,
Cé gur fada mise ag foidhneamh gan t'ainm a rádh;
Tagann árthaighe gan basgadh agus marcaigh fá mheidhir ort,
Is a n-aicme 'na dheaghaidh sin ní heagal dóibh bádh.
Bíonn an bradán 'na sruthaibh, breac geal insan linn (ann),
Pollóga agus crónphuic is beannphuic i gcoillte,
Bláth bán ar chrannaibh lá earraigh is geimhridh,
'S a samhail sa ríoghacht níl againn le fagháil.
Slán leat a Chárthaigh, 's an ghasradh ghrádhmhar
Ba mhinic im páirt 'dtigh an tábhairne ag triall;
Agus slán chun gach scafad do leanadh san ár me,
'S do dhíoladh mo tháille gan mhairg gan chiach;
slán agus dathad chun gach ainnir chiúin mhánla
Gur truagh leó mo chnámha lag marbh i bpian;
Is mó lá dubhach, táim dealbh, ar easba mo shláinte,
Mo mhallacht don té sin do leanfadh mo riaghail.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11