Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh

Title
Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1756
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1939)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Dún Uí Ghraeme.
Peadar Ua Doirnin cct, 1756



Triallfad féin
cois cúan na n-éun
Fa bhuirbe réub na trágha
Go dún Uí Ghraéme
is súairce céim
Mar a mbuanann féile is fáilte
As súbhailc maraon
ag claoidheadh gach claon
Gan mairg do aón fa'n trádhsa
'S béidh fáilte a's céud
air fághail romham féin
'S ní diúltar aon dar náisiun.



Bidhionn cúacha óir
do ghnáth fáoi bheóir
A's macnaidhe ógha air stéudaibh
A's bantracht ró-bhreagh
I n-éadaichibh sról
Ag pronnadh óir a's séud ann


L. 100


Cuirm a's ceól
a's rabhra spóirt
A dhúsughadh beó na céuda
tá searg luidhe bróin
gan súil le cabhar
da mbídh 'sa dún ag éisteacht.



Bidhionn úaisle féin
tre crúachtnas léighinn
A dhúsughadh taédhm na náirsighe
A's báird ag éud
tré shar-ghuth béil
'S ag sgúabadh téud na cláirsighe
Saoidhthe a's cléir
a guidhe 's a séun
Mar sneachta ar sléibhtibh a cárnadh
'No mar tuilte tréun
I ndún Uí Ghraéme
'S gach áoibhneas saeghalta ar fághail ann.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services