An Paorach fonn Nelly Gray
I
A Mháire Riobárd go mbuadha Dia leat an t-ádh,
Agus ná tair annso Luan Cásg' om dhaoradh;
Iompuigh an duilleog air an taobh mar is cóir,
Agus ná croch ansan éagcóir an Paorach.
II
Goid chapail ná bó ní dheárna me riamh fós
Le go gcaillfinn leat clódh mo scéimhe,
Ach Delaney an tréatúir do dh'éaluigh uaim chum siubhail,
Agus Máire ansa chúirt 'om dhaoradh.
III
Níl hurrú ná husá 'ghabhann trí sa' tsráid
Ná bíodhgann súd me trí lár mo néalta,
Nuair do chuimhnighim air an lá go mbínn-se agus Clann Siobhán
Agus adharca 'nar láimh dheas dá séideadh.
IV
Athchuinghim, leis, an dream 'tá ('g) éisteacht lem rann
A mbeannacht do chur liom do'n saoghal so,
Agus gor gairid uaim an t-am 'mbeidh mo charaid go lag fann,
Is go mbainfear an ceann le faobhar díom.
V
A bhuachaillí na bpáirteann beidh mo bheannacht agaibh go bráth
Agus tugaigi Bold Charley 'om fhéachaint,
Go bhfeicfidh sibh me 'ríst cuairt bheag eile air marcuíocht
Is go dtabharfadh sin an croidhe do'n Phaorach.
VI
Mo chreach agus mo chrádh ní mar do shíleas atá,
Ach an dinsiúna gránna 'om aonar,
Handcuffs air mo lámha 'gus mo chosa dá gcrádh,
Agus me i gCill Choinne fí dhubhach 'ge daorbhruid.
VII
Bhí duas agam le fagháilt agus fuasgailt ón mbás
Agus triúr do bhí daor 'thabhairt slán liom,
Dá ndéanfainn informing air an mBuidhin Ghil do chráidh me
Agus do dh'fhág me go tláith a' géar-ghol.
VIII
Air shaidhbhreas na Mumhan ní dhéanfainn-se súd
Nó go gcuirfear me san úir gan éifeacht,
Go sínfear mo chúl de téadraibh i Sráid Eúin
Agus go mbeas Poll a' Chapail gan gruaim am éagmais.
IX
Dé Luain bu dh-eadh an lá ba chlaoidhte é mo chás
Am sheasamh ansa bár am aonar,
Agus gach Cromwellian dá rádh dá ngabhadh an tsráid,
"Cuirigi chum báis an méirleach."
X
Guidhim-se go h-árd chum Peadair agus chum Póil
Agus chum na naomh eile 'tá air láimh Dé ann,
Treasgairt air an dream 'bhainfeadh díom an ceann,
Agus mo charaid go dubhach am dhéidh-se.
XI
Dá mbiainn-se féin aríst air an taobh thall do sna grátaí,
Is dearbhtha go scríobhfainn bhéarsa
Anonn tar an taoide go rigfeadh se an rí,
Agus go deimhin díbh ná crochfaí an Paorach.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11