Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Tableaux

Title
Na Tableaux
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Na Tableaux.



Macha.



Is maith an smaoineadh é do lucht na Gaedhilge samhail na mban uasal úd
de Ghaedhealaibh do chur ar an árdán. Is ró-annamh do gheibhimid trácht ar na
mnáibh oirbhidneacha, onóracha do thug breis uaisleacht dar stáir, Macha, agus
Gráinne agus Brighid Naomhtha, agus Maighréad Ní Chearbhaill, agus Anna
Ní Dhobhalain agus mórán mór eile aca. Is beag tír ar domhan a raibh an
oiread ban innti sa tsean-aimsir ar sgór ar bith, do rug buaidh ar a n-uaisleacht
agus ar a dtréithibh agus is beag tír ina mbeadh cead ag na mnáibh ins an tsean-
aimsir a dtréithe do nochtú agus do chur i ngníomh mar do bhí i nÉirinn. Ins
an dream bheag ban seo fein a bhfuiltear ar tí a gcur ar an árdán nach
oirdhearc agus nach éagsamhaileach a dtréithe agus a ngníomha? Ta dhá Mhacha
ins na sean-sgéaltaibh, an Mhacha úd, an baindia, d'imir céasnaidhean ar
Ultaibh, agus Macha Mongruadh do chuir Eamhain Mhacha ar bun. Creidim guarab
í an ceann deireannach aca atá i gceist anois. Tuairim is trí chéad bliadhain
romh aimsir Chríost do mhair sí. Inghean do Aodh Ruaidh mac Bhadhruirn a b'eadh í,
agus nuair a báthadh a hathair ag Eas Aodha Ruaidh d'iarr sí seal a hathar i
nÁrdrigheacht Éireann (bhí sealaidheacht gach re seacht mbliadhain dhá dhéanamh san
Árdrigheacht ag Aodh Ruadh agus beirt eile) agus nuair diúltuigheadh í, ghabh sí
claidheamh a hathar agus bhain amach an Righeacht dí féin.



Gráinne.



Is beag Gaedheal nár léigh tuairisg Dhiarmada agus Ghráinne. Inghean
do Chormac Mac Áirt do bhí i nGráinne, agus nuair rinneadh cleamhnas dí le
Fionn Mac Cumhaill agus é na shean-athair níor thaitin an cleamhnas léithe,
agus d'imthigh sí le Diarmaid na mBan Ó Duibhne. Tar éis a lán eachtra
do chur díobhtha marbhuigheadh Diarmaid ar Bheinn Ghulbain agus pósadh Gráinne
agus Fionn i ndeireadh na sgríbe Dála Bhridhde Naomhtha níl feidhm innsint d'aon
Ghaedheal cér bhí féin mar tá eolas agus urraim ag an saoghal Ghaedhealach ar
“Mhuire na nGaedheal.” Dearbhorghail Bean Uí Ruairc, is mór do chuaidh sí ar
seachrán agus imthech le Diarmaid Mac Murchadha, Diarmaid na nGall, ach
is mór trom an aithrigh agus an pionós chuir sí uirthi féin ina dhéidh sin. Má's
í Brighid Muire na nGaedheal, b'fhéidir nach mór Máire Magdálach na nGaedheal
do thabhairt ar Dhearbhghoil.



Mairéad Ní Chearbhaill.



Maighréad Ní Chearbhaill an t-aon bhean is mó do bhí mar eisiomplar ar
mhór-thréithibh na nGaedheal i n-aimsearaibh níos giorra dúinn féin; i bhféile,
i gcráibhtheacht, i n-inntleacht, i n-uaisleacht, Gráinne Ní Mháille, ban-ghaiscigheach
bhí innti a d'oirfeadh do'n tsean-phágantacht níos fearr ná d'fheil sí d'aimsir
Chríostaidheacht. Ná tuigtear as sin nach Críostaidhe agus Catoiliceach maith,
Gráinne ach má tá bhí féith Mhacha agus Mheidhbhe innti.



Bean an Iarla.



Bean Iarla Thírchonaill, lil Bean Risteárd Talbóid, árd-oifigeach do
Rígh Seumas i nÉirinn. Bhí féile agus croidhe agus meisneach innti. Nach cuimhneach
le Gaedhealaibh an freagar do thug sí ar Rígh Seumas féin nuair mhaoidheamh sé
gur theich na Gaedhil ag cath na Bóinne. Uasal do aimsir uasail do bhí innti.
Agus Anna bhocht Ní Dhobhalain do bhí sí comh huasal le ceachdar aca, siúd is nach
raibh céim nó gradam aici ach í ina chailín bhocht aimsire. B'fhéidir nach bhfuil sí
faisiúnta labhairt ar Riobaird Emmet nó ar a chailín aimsire fá láthair, ach nuair
is náir le Gaedhealaibh an bheirt úd do luadhadh béidh an cogadh thart agus na
Gaedhil ar lár.



Is maith agus is folláin an smaoineadh na mná uaisle úd go léir do chur
i gcuimhne dúinn fá láthair. Tá pictiúirí agus cluicheoireacht go leor dhá
léiriú i n-ar measg nach dtéid i gcreideamhaint do Ghaedhealaibh. Ni mór dúinn
pictiúirí a rachaidh i dtairbhe do Ghaedhealaibh uair amháin sa tseachtmhain.



Cú Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services