Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tír a Lín

Title
Tír a Lín
Author(s)
Seóighe, Seaghán,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tír a Lín.



Tá ráidhte go bhfuil cúig chéad acar faoi líon i gCúige Mumhan. Tá rud
amháin ag dul i n-aghaidh na ndaoine annsin, nach bhfuil eólas aca ar líon a chur
chomh maith is a bhí ag na daoine rompa. Níl árach air sin anois, mar tá
na daoine sin a bhí ábalta ar líon a oibriughadh éagtha, imighthe as an saoghal
seo. Atá áit amháin i nÉirinn nach ndearna dearmad ar an gcaoi a bhí líon dhá
oibriughadh ins an am atá caithte agus a bhfuil an tsean-eólas agus an tsean-
chaoi ag na daoine go fóill .i. i bparaiste an Ruis i nDúithche Sheóigeach. Tá
furmhór na ndaoine ins an tír sin ábalta ar líon a chur agus an túirnín lín
a oibriughadh, go mó-mhór ins na háiteacha seo: Dúithche Sheóigheach, Talmhainan
Lín, an Fháire agus Páirc an Doire. Níl sé acht beagán ós cionn fichead
blian ó bhíodar ag oibriughadh an lín ins na háiteacha sin, agus ag baint slighe-
bheatha as.



B'fhéidir go mba mhaith le léighteoirí an Chlaidhimh eóls d'fhághail ar an
gcaoi a bhí ag muintir na tíre sin ar líon a oibhriughadh.



Faoi Bhealtaine 'seadh chuirtí an líon. Ar dús romhartaoi an talamh, agus
déantaoi iomaireacha móra, deasa, agus rocáiltí an chréafóg go hanmhín.
Chraithtí an síol ruis ar na hiomaireacha agus rocáiltí go maith é leis an síol a
chur a bhfolach annsin baintí lán a-mhín agus caithtí ar an síol é. Sin a
raibh le déanamh leis nó go raibh sé fásta aipidh. Ins an bhfoghmhar nuair a bhíodh
sé aipidh, déantaoi é tharraingt as an talamh idir fréamhach agus eile. Nuair
a bhíodh sin déanta déantaoi punnannacha agus srúcáin, agus fágtaoi annsin
é go ceann tamaill nó go mbíodh sé tirim go maith. Tar éis sin cuirtí isteach
i bpoll dhearg-laoch é go ceann cúig lá dhéag. Is é an fáth a gcuirtí isteach
annsin é leis an gcolgach atá ar an líon a lobhadh agus a leaghadh. Tóigtí annsin
é agus sgartaoi ar an talamh é nó go mbéadh sé tirim. Déantaoi stúcáin mhóra
agus fágtaoi annsin é ina sheasamh nó go mbíodh sé tirim sábháilte. Tugtaoi
isteach sa tigh annsin é agus cuirtí ar lota beag ós cionn na teineadh ag
cruachan nó go mbíodh sé éasgaidh ar a bhuailte. Buailtí go maith é le slis nó go
mbíodh an grán ar fad bainte as. Nuair a bhíodh an grán réidh glan, deantaoi
é sgoitheáil le slis sgoitheála. Deantaoi é a gharmhint tar éis sin leis an tlúdh
gairmhinte agus é shiostalughadh leis an siostal. Ní raibh le deanamh annsin acht
do thúirnín d'fhágháil agus é shíomh. Nuair a bhíodh sé sníomhtha, déantaoi
é a dheilbh agus a chur chuig an bhfigheadóir. Nuair a bhíodh sé fighte, nithtí agus
glantaoi go maith é. B'fhéidir annsin bráillíní, pluideanna, léinteacha, agus
brístí breágh, deasa bána a dhéanamh.



Ó rud é go bhfuil gach eólas ag muinntir na tíre seo atá luaidhte agam
ar líon a chur agus a oibriughadh, agus iad lán tsásta a oibriughadh arís, acht
amháin misneach a thabhairt dóibh, an bhfuil duine nó daoine ar bith i nÉirinn a
bhéarfadh conghnamh agus cuidiughadh dóibh, agus iad a bhrostughadh chun a thosuighthe
arís? Níl amhras ar bith agam nár bhféidir déantús breagh Gaedhealach a chur
ar bun ann. Bhéarfadh sé obair agus saothrughadh do na Gaedhilgeóiríbh atá
ann, agus cuideochadh sin leo iad a choinneáll sa mbaile ina náit dúchais féin.



Níl aon áit i nÉirinn is Gaedhealaighe ná Paráiste an Ruis, óir sí an
Ghaedhilg atá dhá labhairt ag gach duine ann, ó'n bpáisde go dtí an sean duine.



Seaghán Seóighe.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services