Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Conamara (ar leanamhaint). Cnoc Tuagh

Title
Conamara (ar leanamhaint). Cnoc Tuagh
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Conamara.



le Pádraig Ó Domhnalláin.



Cnoc Tuagh.



(ar leanamhaint).



“Do ronadh comhairle cródha annsin la Mac Uill-
iam agus la hUa mBriain cona socradhe .i. gan
umhla eaidireadha do thabhairt don lucht bai ar a
ccionn, acht a ffreaccra im cath hi Cenoc Tuagh
do shonnradh. Gnithear cath cródha eatorra dana
frith a ionnsamhail is na deaidheancoibh co clos
co fada ó na feadhnachaibh cathais na ccaithmhileadh
feadhmanna na ffeandedh. Ruathar na ríoghlach.
Torran na triath agus brosccar na mbuidhean
aga mbaoghluchhadh muirn agus meanmanradh na
macdraidhe. Tuinnsiom na ttréanfear acca
ttrasccradh agus iomfhorcraidh na n-uasal ar na
huirislibh. Maidheadh trá an cath fa dheóidh ar
mac Uilliam ar Ua mBriain agus fer Leath-
Mhogha agus ro sádh a nár im Murchadh mac Uí
Briain Ara co sochaidhe do saorchladaibh oile.
Airm umorro i rabhatar na naoi ccoirighthe
gallocclach in a ccipe comhdhaingean chatha. Ní
tighearna dibh námha acht madh aon coruccad
easbadach. Ro marbhaitt agus ro mudhuighit
dronga dirmhe do shocraide an Iustis ger bhó
reampa ro ba raen. Ba diculmhainne aireamh
nó aisneais in ro marbhadh do mharcfhluagh agus
do throiccheachaibh isin cath sin af bá doimtheachta
an mhaighean fors mbátar la haidhbhle agus la
hioliomat na neacht nionchomartach ina bhfaoin-
lighibh ar an bhfiarleadhradh, na ccraoiseach ar na
ccoimhmbriseadh, na sciath ar na scoltadh, na
ccloidheamh cata ar na mblodhadh, na ccolann
cciorrtha ccrosbhuailte sínte seacmharbh, agus
na ngiolladh nóccc namhulchach go haithéidigh ar na
neideadh. Iar sraoíneadh na madhma sin las an
Iustis ro comhairleaccc frí hUa nDomhnaill dol
fo cedóir go Gaillimh. Is eadh atbheart Ua
Domhnaill fris, ro marbaitt agus ro mudhuighit
ar se socaidhe diar muintir agus atá ar aill
dhibh co heasraite inar neccmais. Is eadh is
téchta ann airiseamh anocht isin maighin so a
nionnchomhartha cosccair agus foslongport do
dhenamh linn, nair tiocfait ar ffianlach, agus ar
nanradh in ar ndochum la tabhairt aithne for
ar meirgeadhaibh, agus for ar mbratachaibh.
Do ronadh fairsium sin. Luidh an Iustis agus Ó
Domhnaill ar adharcach go Gaillimh agus dá mac
mic Uilliam, agus a inghean a laimh las an
Iustis agus bátar adhaidh insin mbaile a ffochair
aroile go cubhach soimheanmnach iars an ccosccair
rémhráite Lodar iarum go hÁth na Ríogh agus
fuairseat an baile for a ccomus. Celebraidh
Ua Domhnaill agus na maithe archeana don Iustis
agus teaid cach uaidhibh dia ttighibh.”



Atáid ann ughdair agus adeirid gur cogadh
Gaedheal re Gaill cogadh úd Chnuic Tuagh. Ní
fíor. Mo nuar! cogadh Gaedheal re Gaedheal
do b'eadh é. — droch-ghnás a rith ro-fhada leis an
aicme cheudna. B'iomdha curadh calma,
taoiseach treun, agus míle maith cuireadh chun
suain an lá sin. Agus ceurd do bhí ag an
Oileán iath-ghlas dá bharr!



“Caidet na comhramha a fhir
ag ar fhaccbhais do mhuinntir?
Bar ngleo, masa clam amuigh
Ní héicgean toibhéim oraibh!”



Mo chreach is mo chrádh! ní ag troid anaghaidh
an sgriosadóra do thuit laochra Chnuic Tuath.
Ní ag feuchaint faghartha a gcledheamh ar
mhullachaibh na nGall do bhí Clanna Gaedheail an
lá fóghmhair úd. Níor sgoilteadh sgiatha na
foirne a tháinic thar lear chun toraidh na h-Éireann
do bhailiú isteach in ár n-iothlainn féin. Is
iomdha sin comhla catha, cliath ugra, agus dos
dídín leagadh ar lár ar mhuigh Chnuic Tuagh. Ná
coinimis a gcródhachta caithte i leath-taoibh.
Mairfe a gclú go bráth. Acht sé an feall
críochnuighthe go raibh an oiread sin spídeamhlachta
agus díthchéille ag rith le airchinneacha Gaedheal!



Gaoth i nDéas.



An ghaoth i ndeas.
Bíonn sí tais
S cuireann sí iasg i líontaibh.



Feuch thall an dá bhád iasgaireachta.
Ar chaithis lá riamh agus an t-slat iasgaireachta
i mbun do ghlaice? Fíor-chorr-dhuine nach
gcuireann suim ann. Cuimhneach linn an uair
a bhímis in ár suidhe le eirghe lae agus réidh
glan le bualadh amach do mharbhú breac.
Cuimhneach linn freisin an uair do bhíodh sean is
óg bailighthe ag oileán an Chaiptín sa gciúineadhas,
tráthnóna samhraidh ag marbhú peirtseanna.
Dhá sgór dhinn ar a laghad i dteannta chéile is
gan gíog as ceachtar againn acht ár súile ar an
gcorca go dian-dlúth. B'fhéidir dúinn corr-
ghal tobac do bheith againn, acht thairis sin focal
ní bhíodh, muna dteastuigheadh cipín soluis uainn
anois is arís. Uaireannta do bhíodh greann go
leor againn cinnte, an uair do goidtí baoití
Mháirtín Bháin. Sean-fhear canntalach cann-
carach b'eadh é agus dá n-eirigheadh leat do thidheacht
gearr ní raibh baoghal go bhfuighfeá aon bhaoite
ó Mháirtín. Ní raibh baoghal air an mí-ádh do
tharraint air féin! Máirtín bocht! nach
aige bhíodh an dúil san iasgaireacht. S'an-
bháinín fáisgthe aniar air. Sean-bhríste fillte
go glúin air, Sean-cháibín dubh agus feirc
ann ar a shean-cheann liath. Feusóg mhór fhada
air. Lán dorais de shlinneánaibh air, agus
iad crom. Súil mar logán drúchta aige agus
amharc chomh geur le seabhac innti. Do bhí lá
ann agus ba cruaidh, fáisgthe an fear é an
Máirtín ceudna. Is iomdha oidhche chaith sé ar
na h-aibhneachaibh le'n a choinneal ghiúsaighe.
Is iomdha cíleur mór breac a shailigh sé i gcomhair
an gheimhridh. Minic dó ag imtheacht sna seala-
babhtaibh ó bháillibh. Ach anois atá luth agus
lútar a chuirp ag dreoghadh. Is gearr uaidh,
beagnach, deireadh le'n a chuid iasgaireachta
ar an saoghal seo. Mo chreach! ní shéidfimid
faoi arís go bráth. Do bhíodh sé ansin go dtí
a cholpa agus é ar lorg an éisg. Báisiteach
níor chuir sé suim ann. Fuacht níor airigh sé.
Foighid? is aige a bhí sí, agus b'annamh leis do
thidheacht abhaile aon tráthnóna gan gad maith
éisg leis. Mion minic do ghnímis iongantas
a mbíodh Máirtín ag síor-smaoineadh ar iasg.
Ciúin soc ir dó go h-iondamhail. Ní raibh cabach
ná cainnteach dhe. Ní feasach sinn ar chuimhnigh
sé riamh ar bheith an éisg nó ar an méid
cineál atá ann; no na réagúin in a mairid.
Ní heol dúinn go raibh a fhios ag an t-ughdar
go bhfáighthear éisg i lachaibh nach bhfuil baint
nó páirt le fairrge aca. Cé mar tháinic a
síol ionnta? Raibh sé sa talamh, nó an dtug
na h-eunlaithe ann é, nó an ar chaiplibh na gaoithe
a tháinig sé ionnta? Agus níl sé in ár gcumas
'innseacht an dtug sé na heullta móra bána
fá deara, a bhíodh ag seoladh faoi san uisge,
an uair do bhíodh an ghrian ag soillsiu — na
calltóga móra úd a bhíos chomh h-eugsamhail
agus chomh h-iontantach sin gacha le uair? Nó
an bhfaca sé cosamhlacht na gcrann agus na
duilleoige thíos faoi. Má chonnaic, is aige a
bhíodh an radhac áluinn go minic. Uisge chomh
ciúin agus chomh soileur le sgáthán. Cnuic
mhór fraochmhara ag bagairt a gcinn thar
druim a chéile 'thart air. Rosa ag fás go
h-imeall an locha. Mágha glasa réidhe 'sna
gleanntaibh. Ceol na n-eun agus dordan na
cuileog ag adhradh mórdhacht an Chnuthuightheóra!
Tost an chuirr go h-aoibhinn sna giolcaidhthibh.
Sgamaill ag athrú crota agus datha gach re ala
ar dhul faoi do'n ghréin.



Má thug Máirtín na rudaí seo fá deara
níor leig air. Fiú focal níor luadh sé riamh
in a dtaoibh. Acht cheana, cá bhfios dúinn-ne
nach mbíodh sé ag cur is ag cúiteamh fá
iongantasaibh an t-saoghail seo, tidheacht agus
imtheacht an duine, tidheacht agus imtheacht na
taoide, tidheacht agus imtheacht na gceathramhan,
tidheacht agus imtheacht lae agus oidhche. Cá
bhfios dúinn nach mbéadh sin. Agus b'fhéidir
dó gan do bheith, acht mian aige amhail do
chomhairligh Colmcille



“Ná cuir spéis i mac no i mnaoi,
Ná deun doilghios fá ní sa mbith,
Béidh sin mar is áil le Dia,
'S ní bhéidh sé acht mar sin.”



Tír Tairngire.



Adubharamar go n-innseochamuis i dtaoibh
Eanach Cuain atá tamall ó shoin ann. Is
linn an ceanntar do thabhairt fá deara go
fóill. 'Sa seiseadh aois do bhronn rí Chon
Eanach Cuain ar Bhreandán, naomh, nó mar
léightear i Leabhar Bhaile an Móta, “Aodha mac
Cathach Tiorméarna mhic Fheargusa ro thiodhnar
Eanach Dúin do Dia agus do Bhreanúinn ar
tús.” Suim ghearr aimsire go riabh mainistear
clochar, teampull agus gach ar fheil doibh tógtha
ag Breandán. Suidhe easbuig b'eadh an áit ina
cheann sin go dtí 1321 an uair a chuir an Pápa
é fá chomairce Thuama. Oirdhearc an coimhthionól
a raibh a chúram orra. Dúil aca i léigheann i
ndiadhacht, i n-áilneacht. A chruthú sin an
ainmneachaibh agus cáilidheacht na n-abb a fuair
bás ann, agus órnáid agus obair ghreannta
fuinneog agus doras ann. Níl sé i gcumas pinn
deiseacht agus breághacht na h-oibre sin do
bhreacadh. Gaos agus mian saor chloch na
h-aimsire sin, níor saruigheadh riamh. Do
ghearradar do mhúnluigheadar agus do líomhtadar
an chloch ar a gcomhairle féin. D'fhágadar rian
a lámh agus a n-inchinn ina ndiaidh. Agus
cruithuigheann a gcuid oibre cé'n tsibhialtacht
agus cé'n chlisteach do bhí ag Clannaibh Gaedheal.
Ní rabhadar ag troid is ag treasgairt a
gcónuidhe. Ní rabhadar ag goid is ag fuadach
gach lá d'ár eirigh orra. Ní rabhadar chomh
fiadhain, fraochmhar, friochanta, fíochmhar agus
adubhradh. 'Siad a bhí i n-inmhe bail, agus slacht
agus caoi do chur ar a gcuid. Ní brutaighde
barbardha de bhitheamhnachaibh a chuir Leabhar
Ceannanais le chéile. Ní gaduighthe a chuir na
seacht dteampall i gCluan Mhic Nóis ar fothu!
Ní dream dall, dúr, dorrdha, gan éirim, gan
eagna a mhúnlaigh Cailís Árdacha agus biorr
brollaigh óir na Teamhrach. Ní gobain de shachraí
a cheap agus a ghlan Crois Chung Fheichín. Ní
headh, do deimhin. Agus atá a sliocht orra.
“Atáid a gcuirp adhlaicthe i síothcháin acht maireann
a n'ainm go suthuin.” Atáthar ann, fairíor
“dream re léighean” a cheilfeadh clisteacht agus
maitheas na ndaoine sin ar Chlannaibh Gaedhil.
Nach mion minic adubhradh nach raibh maith nó
maoin leo seo a shíolruigheadh romhainn: ní
raibh tidheacht i láthair nó dul ar aghaidh ionnta.
Nach sinn a dfhulaing! Gach soipeachán i
fhramacán arb mhian leis asmhuchan do chaitheamh
linn go raibh sé do chead aige é do dheanamh.
Nach raibh sé ionann cor anaghaidh an chuir agus
cam anaghaidh an chaim d'imirt leo. Ní hiongandh
go bhfuil sliocht Ghaedhil Ghlais ar fán agus
seachrán fud an t-saoghal mhóir. Ní hiongna go
bhfuil teanga na hÉireann i mbaoghal a basgtha.
Ní hiongna go bhfuil caonach liath orainn, go
bhfuil nead an phreucháin mhóir in ar gcaisleánaibh
na neanntóga agus na driseoga ag fás a
stuagaibh ar gcill, agus na buláin ar beura
ar theallachaibh ar n-aithreach. Och! Och! is ochón
ó! A dtionfa Long an Óir go deo nó cé bheas
beo in a dhiaidh?



(leanfar de seo)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services