Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An I.A.O.S.

Title
An I.A.O.S.
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An I.A.O.S



Do tháinig comhdháil cínn na bliadhna den I.A.O.S i gceann a chéile Dia
hAoine seo d'imithigh thorrainn. Is annamh a labhrann an Pluincéadach ar an
gcomhdháil so ná go mbíonn rud tabhachtach le radh aige. Cé nach féidir a bheith
ar aon intinn le n-a lán da chaint ní fhágann soin ná go mbíonn an fhírinne aige
i dtaobh nidhthe a bhaineann le teach-isteach an oileáinín so. Is mór an t-athas
is an t-aiteas croidhe do, adeir sé, nár chaill a cháirde agus a lucht aitheanatais
ar a ndualgas don I.A.O.S i rith na bliadhna agus an comhartha is fearr ar a
ndílseacht na daoine so do bheith ag saothar a corp lár a meón féin. An duthaigh
a bhíonn fé dhaoirse agus go dtonuigheann a muintir i ndáiríribh ar a saoradh
ar a saoghal so d'fhéadfadh cosc do chur léi. Fiche bliadhain ó shoin
ní raibh aon trácht ar an gcumann so inar measc. An Pluincéadach féin agus an
tAthair Tomás Mac Fhionnlaoich, d'Órd Íosa, do dhein é chur ar bun.



Deir an Pluincéadach go bhfuil dream daoine sa tuaisceart ar aigne aca
géilleadh do chomhacht na Feise nua so atá geallta dúinn, má eirigheann leo cur
n-a coinnibh. Tá an beart soin ag geilleamhaint go mór air, adeir sé. Acht mara
mbeadh an treibh beag áithithe úd toilteannach ar theacht fé smacht na Feise nua
so badh ceart, dar leis an bPluincéadach, scaoileadh seo agus cead a gcos a
thabhairt dóibh go ceann sé mbliadhan. Acht níor chuibhe ná ceart, adeir sé, leo-
gaint dóibh cumann tiúscail fé leith do leagadh amach mar 'sé is dóichighe go mbeadh
muintir na hÉireann agus iad féin ar scórnaigh a chéile féachaint cia 'cu taobh
a gheobhadh leas Uachtarán an Dipeartment!



Feis Ghaedhealach seadh comhdháil bhliadhna an I.A.O.S. An gnó a bhaineann le
costas na tíre i gcoitchianta maille le cúrsaí feirmeóireachta, deintear a
gcíoradh i láthair an chruinnighthe úd agus rud do chuirfeadh áthas ar an té is lugha
misneach an cuma n-a ndeintear gnó an chruinnighthe do chur fé díospóireacht le
foidhne agus le céill. Bhí gach éinne ag dul i gcomhairle a chomharsan ar an slighe
do b'fhearr chun leasa na tíre do dhéanamh. Tá rudaí ag cur chosc le gluaiseacht
an Chumainn agus caithfear féachaint chuca soin. Ceann des na rudaí úd: a
lighead gustail atá ag an gcomhaltas. D'aontuigh an Cumann um aibhiúcháin i
Lundain le furmhór na hoibre do bhí ag an gCumann Gaedhealach dá dhéanamh
agus mar bhárr ar an aontughadh soin fuarthas suas le ceithre mhíle púnt i
mbliadhna d'fhonn obair an I.A.O.S do chrobhscaoileadh. Acht ní leanfar don
tabhartas so acht ar choingleachaibh nach féidir do dhaltaí an Chumainn Ghaedhealaigh
oibriú a láimh a chéile gan briseadh do dhul de riaghail éigint do na coingleachaibh.
Do deineadh fothram thar meódhan chun teacht ar an dtabhartas soin. Tá fhios
ag lucht riartha na tíre seo ná fiul a gceart féin da fhaghail aca as an gCumann
thall acht an túisce a chuirtear an fhaillighe seo ós comhair phobail na tíre seo
ná sin scata daoine ag preabadh anuas ar an gcomhaltas Gaedhealach agus dá
chur fe chois!



Do cuireadh ar an Athair Tomás Mac Fhionnlaoich a innsint do na daoinibh
a bhí i láthair ar an gcruinniú Dia hAoine go raibh breitheamhtas bréige ag an
bpobal dá thabhairt ar an I.A.O.S. agus is iomdha slighe, adeir sé, go ndeaghaidh
an Cumann soin i gcabhair na tíre an tráth nár bh'fhéidir lena lucht comhnuidhthe
seasamh ar a mbonnaibh féin ná a ngó a dhéanamh ar a ngustal féin. Rófhada
a bhí an ráfla amuigh i measc muintir na tíre seo nár bhféidir leo maireachtaint
gan cabhair ó'n bhfear thall acht an túisce do cuireadh i dtuiscint dóibh gur
bhfearr a d'eireóchadh a mbeatha do bhaint amach ar an ngualaibh féin do
tháinig comhacht agus cabhair agus meas dóibh féin agus dá dtréibh. Do chailleadar
ar an ndílseacht do'n Chuallacht do chuaidh n-a gcabhair agus tá brath ag comhaltas
an I.A.O.S. ná fuil éinne do na daoine do thug druim láimhe leo ag cnuasacht
a éada le héagcóir.



Cáit Ní Dhonnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services