Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gaedhealtacht na Cathrach

Title
Gaedhealtacht na Cathrach
Author(s)
Caor,
Pen Name
Caor
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Gaedhealtacht na Cathrach.



Seadh tá Ghaedhealtacht sa chathair agus í ag borradh go tréan. Tá an
Ghaedhilg féin ghá spreagadh go binn agus tá sí le clos gach oidhche ag an té a
bhfuil cluas le héisteacht air. Agus ní hí Gaedhilg an lucht foghlumtha atá i
gceist agam ach togha na cainnte, craiceann uirthi, fuinneamh innte agus í
gonta casta bríoghmhar fairsingeach. Is fada ariamh a pósadh an Ghaedhilg agus
an ceol le cheile agus tá tigheas ghá dhéanamh aca go fóill. Tá an ceol Gaedhealach
tagtha go Baile Átha Cliath agus tá sé anois ann. Tá an seanchas
agus an sgéalaidheacht tagtha go dtí an chathair freisin agus tá fíor-oideachas
ghá phréamhú go tiugh ag craobhachaibh agus colaistibh Bhaile Átha Cliath. Níl oidhche
de'n tseachtain nach mbíonn Gaedhil cruinnighthe i dteannta a chéile agus a
saoghal féin ghá chaitheamh aca go croidheamhail. Dhófadh sé an ceó ded' chroidhe
Cumann na hÓige d'fheiscsint i n-éadan na Gaedhilge i gcraobh Cholumcille.
Chloisfeá dianchaint ag lucht na Árdchraoibhe oidhche 'na díospóireachta. Ba
bhinn leat bheith ag éisteacht le eagarthóír “An Chéitinigh” agus a chuid aistí
ghá léigheamh aige. Nó má's binne leat amhrain agus sgealta, buail isteach i
n-árus na gCúigí agus cuirfear fá dhraoidheacht thú le ceol agus sgéal-
aidheacht. Tá craobh Ghlas Naoidhean go láidir ar a bonnaibh agus tá sluagh beag
Gaedhilgeoir ag Craoibh an Chliabhraigh. Ba dheacair Gaedhil Bhaile Átha Cliath
do shású aon lá ariamh agus tá siad chomh dó-shásta anois fein is a bhíodar lá
ar bith. Togruigheann siad cuma na hoibre do chur ar an tír uile. Agus tá
cuid aca ag obair chuige sin le tamall anuas. Tá easpaidh airgid ar an
gCoiste Gnótha: tá trom-shuan ar lucht na Gaedhilge i n-áiteannaibh fá'n dtuaith.
Deir Gaedhil Bhaile Átha Cliath go bhfuighfidh siad airgead do'n Chisteoir agus
go meallfaidh siad muintir na tuaithe chun oibre mura bhfuil an tuaith fá
dhraoidheacht agus gan fuasgailt i ndán dí. Leagadar clár mór oibre amach
dóibh féin an tseachtmhain seo caithte. I gceann na míosa so beidh céilidhe mór
i n-árus an Árdmhaoir chun an pobul a bhrostú agus chun cnuasacht bheag
airgid do bhailiú do chiste na teangan. Tar éis na Nodhlag cuirfear cuirm
cheoil ar bun do'n chathair uile. Bhéarfar dhá fhuirinn de lucht peile le chéile le
himirt agus táthar ag súil go bhfuighfear málaí airgid ag na geataíbh lá na
himtheartha. Beidhfar ag iarraidh ar gach aon chraoibh rud éigin do dhéanamh le
lámh chonganta a thabhairt do'n Chonnradh roimh Lá Fhéile Brighde. Níl ghá áireamh
agam acht beagán de na nithibh atá ar a gclár aca, ach chídhfear dúinnn ar fad
ar ball nach bhfuil sgapadh ar Ghaedhealaibh Bhaile Átha Cliath fós agus go bhfuil
siad réidh le rud maith a dhéanamh ar an gConnradh. Na Gaedhil seo sa chathair a
bhfuil ar seasamh ortha tuigeann siad go maith go bhfuil sár-obair ghá deanamh
fá'n tuaith. Tuigeann siad go bhfuil múineadh na Gaedhilge ag dul ar aghaidh
go maith i n-áiteannaibh, agus go mbíonn feiseanna nó Oireachtais bheaga ghá
bhfearadh i ngach áit. Tuigeann siad chomh maith go bhfuil teacht aniar i
nGaedhealaibh na hÉireann agus tá siad ag súil le cabhair uatha so gcath so atá
romhainn. Tá siad ag súil go ndéanfaidh Gaedhil gach baile agus gach paráiste
a gcion fein agus nach leigfear do na Gallaibh an cath do chur orainn. Tá na
Gaill chugainn arís agus dánaidheacht ionnta thar mar chonacthas le bliadhanta,
agus tá sé air againn cúl do chur le balla agus ar ndaingean do chosaint.



Caor.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services