Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tSean-Aimsear agus an Aimsear Nua

Title
An tSean-Aimsear agus an Aimsear Nua
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An tSean-Aimsear agus an Aimsear Nua.



Bíonn daoine gan foighid ann, adeir go minic nach fiú trácht ar a bhfuil
déanta ag Connradh na Gaedhilge, nach bhfuil ag eirghe linn agus nach
n-eireachaidh linn go bráthach; agus b'fhéidir gur maith an rud iad do beith
ann agus b'fhéidir go bhfuil roinnt de'n cheart aca. Agus b'fhéidir fasda
nach bhfuil ach fonn cainnte ar chuid aca, nach dtuigeann siad an sgéal, agus
gur cuma leobhtha an ceart do bheith aca nó an contráilte. Is fíor go
dearbhtha nach bhfuil ag eirghe leis an Chonnradh mar ba mhaith linn agus nach
bhfuil an Ghaedhilg ag teacht arais i mbéalaibh na ndaoine mar bhí dúil ag a
lán againn go dtiocfadh. Ach tá athrú mór ar an tsaoghal i nÉirinn mar
sin féin agus ní measa an sgéal leis an Ghaedhilg ó'n athrú.



Dhá fhichid bliadhan ó shoin bhí a bhfad ní ba mhó daoine i nÉirinn do labhair
an Ghaedhilg ná tá anois ach do bhíodar go léir fonnmhar í do chaitheamh uatha
chomh luath i nÉirinn agus d'eireochadh leobhtha a dhéanamh. Níos fuide siar
ná sin féin i n-aimsir Uí Chonaill bhí an Ghaedhilg díbirte ó obair phuiblidhe
na tíre, agus ní mó ná go dtuigfeá ó chainnt nó i sgríbhínníbh na haimsire
sin go raibh teanga ar leith ag Gaedhealaibh ach amháin an Béarla. Ní fearr
do bhí an sgéal ag na Fíníníbh fiche bliadhain níos deireannaighe, nó i
n-aimsir Pharnel, fiche bliadhain níos deireannaighe arís. Bhí an Ghaedhilg ag
imtheacht go tiugh i dtólaimh agus gan ach duine aonaránach annseo agus
annsiúd le hochón do leigint as mar gheall uirthi. Bhí na sgoltacha
náisiúnta faoi lán-réim ag marbhadh na teangan. Bhí sgoltacha na
mBráthar agus na mBan Riaghalta ag marbhadh na teangan agus i
dteampollaibh Dé ní chluinfeá ach an Béarla amháin. Dá gcuireadh duine
spéis ins an Ghaedhilg féin cha raibh leabhar le léigheadh innti do chuirfeadh
aonduine suim ann. Is cuimhneach liom fein nuair bhíos i mo ghasúr go
dtug mé iarraidh láidir ar léitheoireacht d'fhoghluim agus ba hé an
t-aon leabhar amháin do bhí agam sean-bhíobla de chuid Bhedel. Goidé an
tsláinte nó an bheatha do bhí i ndán do theangain do bhí 's chás úd? Caidé
an mhaith do sgoláiribh móra mar Seaghán Ó Donnabháin agus Eoghan
Ó Comhraighe bheith ag saothrú litridheacht Ghaedhilge, agus cá mhéad duine le
n-a linn d'éist leobhtha nó do bhain tairbhe ar bith as a gcuid saothair?



Is í droch-obair na haimsire údaí a chéad bliadhain do tháinig roimh
Chonnradh na Gaedhilge atá ag cur as dúinn agus ag múchadh oibre an
Chonnartha go fóill. Nuair a thig an donas is annamh is féidir a léigheas gan
a ghabhail níos fuide. Nuair a bhuaileann an galar dubh na préataí ní
féidir díog do ghearradh treasna an ghorta agus an galar a choinneáilt ar
an taoibh ba shiar do'n díog, nuair bhriseann na claidheacha ar bhruach
abhna nó ar bhruach na fairrge ní féidir iad do dheisiú gan duadh agus gan
aimsir do chaitheamh leobhtha. Nuair a bhriseann sluagh eachdranach isteach ar
tír agus gheibh seilbh uirthi is fada roighin an obair iad do dhíbirt arís. A
dhalta siúd do'n teangain agus do Chonnradh na Gaedhilge. Bhí aicíd an
Bhéarla ar an tír le fada riamh sul a dtáinig an Chonnradh agus ní obair
lae nó obair bliadhna an aicíd do leigheas, agus an tsláinte thabhairt arais
don'n othar. Agus go mór mór mura miste leis an othar an aicíd agus gur
chuma leis a leigheas a choidhche. Ba hiad muintear na hÉireann iad féin ba
chiontach le haicíd an Bhéarla, ach go raibh siad gaibhte ag galaraibh eile
sul ar ghlac siad leis an aicíd seo. Agus dalta an fhir ins an sgéal a
raibh craos deamhan ann níor b'fhéidir iad do leigheas gan a gcabhair
féin. Ba roighin agus b'fhaitcheach le muintir na hÉireann cuidiú le
dochtúireacht an Chonnartha le galar an Bhéarla do ghlanadh díobhtha agus
ar an tseala sin ba deacair agus an-deacair do'n Chonnradh iad do leigheas.
Ach is iomdha seibhte agus cleas is féidir le dochtúir cliste do ghacadh le
leis an othair chomh maith le leis an aicíd. Leigheasadh fear an
chraois deamhain féin agus is féidir galar an Bhéarla do léigheas ach
géarchúiseacht agus stuaim agus díogras croidhe do chur san obair. Bhíos
ag leigheadh sgéil an lá fa dheireadh ar bhuidhin daoine a bhí i bhfiadhantach i
nAmerocá agus cuireadh an garbh fhéar timcheall ortha le teinidh le hiad
do dhóghadh. Ní raibh cuma ar an sgéal go mbeadh gabhail as aca ar an
teinidh go mbeadh siad dóighte i na luaithreamháin. Ach chuimhnigh fear aca ar
a stuaim agus ghlan sé an féar ó phaiste bheag thealmhan agus annsin chuir an
teinidh leis an gharbh fhéar timcheall na háite sin i módh is nuair tháinig
na teineadh móire an bealach sin cha raibh a dhath ann leis an teinidh
do chothú agus chuaidh sí thart ar gach taoibh. Nárbh fhéidir do Ghaedhealaibh
oileainín do ghlanadh de'n Bhéarla annseo agus annsiúd thríd an tír agus fás
na Gaedhilge do neartú ionnta? Agus an cogadh dearg do choinneailt ar
chois i n-aghaidh an Bhéarla in gach áit eile ach go hairthrid 'sa Ghadhealtacht.
Agus an t-othar féin .i. muinntear na hÉireann do bhrostú agus do bhréagadh
go síor le cuidiú leis fein galar an Bhéarla do chaitheamh de agus leigheas na
glan Ghaedhilge do ghabhail chuige. Is maith an rud an neamh-fhoighid bheireas
orainn stad de n-obair agus ar lámha do chaitheamh 'san aer, chan fhuil an ach
seafóid agus cathú an diabhail.



Cú Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services