An Connradh agus Comhacht Phoilitidheachta faoi Riaghaltas Dhúthchais.
Tá dhá ní go haithrid do choinnigh Connradh na Gaedhilge saor ó pholaitidheacht
go nuige anois .i. (1) gan cur isteach ar obair na bhfeisirí chomh fad is bhí siad ar
lorg Hóm Rúil; agus (2) gan a bheith ag margaidheacht le Seán Buidhe. Ní
bheidh ceachdar de'n dá rud seo ag cur as dúinn nuair a bhéas an Riaghaltas
duthchais i bhfeidhm agus is cinnte go gcaithfidh an Connradh a lámh do chur isteach
i n-obair na tíre má's maith leis mairstin agus comhacht ar bith do bheith aige 'sa'
tír. Leis ár muinntir féin a bhéas an margaidheacht ann agus má's mian linn
margadh foghanta do dhéanadh ar son na Gaedhilge agus ar son “Éire Ghaedhealach”
bus éigin rud éigin do bheith againn le gur bhféidir margadh a dhéanamh. Is é an
rud do bhéas againn guthanna na nGaedheal agus ní misde dúinn iad d'ullmhú
roimh ré agus a gcur i gcóir. Óir ní fada bhéas an Riaghaltas nua ar bun nó go
n-eireochaidh ceisteanna achrannacha fá dtaoibh de'n Ghaedhilg. Sul má thiocfaidh
an Fheis Ghaedhealach le chéile, béidh Riaghaltas le ceapadh agus le cumadh ag
daoine éigin, an Réadmonnach b'fhéidir, agus budh cheart go mbeadh focal le rádh
ag Connradh na Gaedhilge fá dtaoibh de'n uachdarán a bhéas, cuir i gcás, ar
oideachas na tíre agus b'fhéidir daoine eile. Chomh luath is thig na feisirí nua
i gcionn a chéile beidh uachdarán le toghadh aca féin agus budh cheart go mbeadh
focal le rádh ag Connradh na Gaedhilge ar an cheist sin. Caithfear Gaedhilgeoir
do thoghadh ar dtús má tá sé i ndán dúinn an Ghaedhilge do labhairt ar chor ar bith
'sa' bhfeis. Ní hé amháin go mbudh cheart dúinn focal do rádh ar na ceisteannaibh
seo, ach budh cheart dúinn gealladh d'fhagháil ó gach fheisire roimh ré go dtiubhradh
sé a ghuth agus a fhocal ar son na Gaedhilge ins na ceisteannaibh seo. Agus budh
cheart dúinn buidhean éigin feisirí do lucht na Gaedhilge iad féin do bheith ar an
Fheis. Ins an Ghaedhaltacht ar a laghad, budh cheart chur i n-aghaidh iarrthóra ar
bith nach bhfuil an Ghaedhilg go maith aige agus nach bhfuil i bhfábhar “clár” na
Gaedhilge.
Agus an “clár” sin féin? Budh cheart go mbeadh sé i n-eagar seal maith
roimh “lá na gaoithe.” Is é mo bharamhail go fuil an clár ann cheana féin ach
é do chur i n-eagar beagán. An Ghaedhilg do bheith mar bhun-teanga 'sa
Ghaedhealtacht agus gach duine a mbíonn baint aige leis an Ghaedhealtacht an
teanga do labhairt. An Ghaedhilg i ngach sgoil i nÉirinn agus a bheith mar bhun-
teanga i sgoltaibh na Gaedhealtachta. An Ghaedhilg do bheith ag gach múinteóir
sgoile ag gach chigire agus ag gach duine a bhfuil baint aige le hoideachas i
nÉirinn. Comhthrom na féinne do bheith ag an Ghaedhilg chomh maith leis an Bhéarla
gan bac nó barradh do bheith ar aoinneach 'ghá labhairt nó ghá sgríobh. An
Ghaedhilg do bheith mar chailidheacht ag gach oifigeach puiblidhe agus ag gach fear
puibilidhe i nÉirinn. Is iad sin suas na ruda atámaoid á n-iarraidh cheana féin
ar an Riaghaltas Ghallda; ní féidir go n-iarrfamaois níos lugha ó Riaghaltas
Ghaedhealach; agus tá mé ag déanamh go mbeidh tamall maith caithte againn sul
a gheabhas sinn na ruda seo ó Riaghaltas Theadhealach féin.
Tá tuairim agam féin go mb'fhearr b'fhéidir gan a bheith taobhadh le clár
Gaedhilge amháin. Is iomdha rud cuirtear suim ionnta de ghnó na tíre agus
Gaedhealaibh fein. Is ar na rudaibh seo le chéile tugtar poilitidheacht agus más
mian le Gaedhealaibh a gcearta féin d'fhaghail i bhFeis na hÉireann b'fhearr b'fhéidir
dream do bheith aca sa bhFeis do leanfadh do phoilitidheacht na nGaedheal go
léir. Dream do bhéarfadh comhthrom na Féinne do'n teanga, ach nach ndéanfadh
dearmad do dhéantúsaibh na hÉireann, d'iasgaireacht san iarthar, do shaoirseacht
na tíre do fhairsingeadh agus do láidriú agus cosainte do bhuanadh agus
do neartú sa tír.
Ach cibé ar bith bail ná gléas chuirfeas an Connradh air féin san am atá
romhainn sí an chéad obair aca anois ar Ghaedhealaibh (taobh amuich do Gaedhilg
d'fhoghluim agus do labhairt) a nguthanna do chur i n-eagar agus bheith ullamh chum
meisneach do thabhairt dó chairdibh na cúise, agus an ruaig do chur ar an námhaid.
Cú Uladh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11