Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Turas Gearr ar Albain

Title
Turas Gearr ar Albain
Author(s)
Ní Chinnéide, Máire,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Turas Gearr ar Albain.



Is mór an oscailt aigne do dhuine a thír féin d'fhágáil anois is arís, agus
tír iasachta d'fheicsint. Is fearr a thuigeann sé a thír féin, a feabhas nó a holcas,
a háilne nó a grándacht nuair a chuireann sé i gcomparaid leis an dtír thall
í. Tá seanrádh aca i Sasana a chruthaigheann gurab olc iad na comparáidí, acht
tá sé chomh bréagach le n-a lán eile a thagann ó dtír chéadna.



Más maith an rud cuaird a thabhairt ar tír iasachta, níl áit is fearr chuige
dar liom, ná tír na hAlban. Tír atá an-chosamhail le n-ár dtír féin na lán-
slighe seadh í, agus má tá roinnt mhaith deifridheachta eatortha leis is amhlaidh is
mó atá le foghluim againn mar gheall ar ár dtír fein.



Bíonn a lán á sgrí i dtaobh áilneachta na tíre agus na hAlbanaigh féin agus
ag daoine iasachta leis, agus tá a lán de thuilte go maith. Áit áluinn 'seadh na
Trosaigh (nó na Trosachs) Sléibhte móra fiadhaine iad clúduighthe le coilltibh,
agus locha geala le n-a gcois: an fraoch ar gach taobh díot, agus brat gorm
fé na crainn; acht d'fhéadfainn deich n-áit i nÉirinn d'ainmniú a sháróchadh iad
ar áilne agus ar fhiadhántas, agus ar maordhacht. Ar an gcuma gcéadna, tá
Loch Lomond go haoibhinn áluinn; tá a bhruacha dubh le coilltibh agus tá oileáin
scaipthe air fé mar bhíonn nóiníní ar an bhféar san Earrach; acht ní féidir i
n-éanchor é do chur i gcomrórtas le Loch Léin ar fhíor-áilneacht. Tá abha na Clídhe
(an “Clyde”) go breagh agus nuair a shroiseann an bád í, maidin lonnrach,
agus an ghrian ag taitneamh ar Árainn nó ar na Comraigh, ar Rothesay nó ar
Gourock, níl éinne ná molfadh a scéimhe; acht ba dheacair é siúd do shásamh ná
geallfadh a gcroidhe air nuair a luighfeadh a shúil ar Bheinn Éadair agus í ag lonnradh
fé chéad-sholus na maidne nó ar an slabhradh geal sráidbhaile timcheall bágha
B'l'ath Chliath ó Cheann Brí go dtí Beann Éadair féin.



Tá buaidh amhthach ag na háiteachaibh seo d'ainmnigheas i nAlbain thar na
háite céadna i nÉirinn, fé ndear a lán de'n tsár-mholadh a gheibhann siad. Tá
maidin dul treasna páirce an air ag Bannockburn, Caislean Stirling
d'fheicsint uaidh na Trosaigh do chur díot, turus Loch Caitrin agus Locha Lómond
a thabhairt. Traen bád agus cóiste do thriall mar ghléas iomchair i rith an lae,
agus bheith thar nais i nGlaschú i gcóir tae um tráthnóna. Agus ní hé sin an t-aon
turus de'n tsaghas son gur féidir é dhéanamh i rith an lae. Táid siad go flúirseach
agus go saor.



Airighimid a lán cainte mar gheall ar an easbaidh daoine atá i mórán áit
i nÉirinn, acht ní measa Éire féin ná cuid de Albain. Is feidir turus fada do
thabhairt thríd na Trosaigh nó tré dhúthchaigh na nGaedheal ar fad gan duine ná
daonnaidhe d'fheicsint, agus gan tigh a thabhairt fé ndeara ná éin-rian beathadh
acht tighthe lucht faire an tighearna talmhan. An chuid is measa de n'scéal go
bhfuil roinnt mhaith fothrach tighthe ann, á theasbáint go raibh cuid mhaith daoine
sar ar fágadh na coillte agus na sléibhte fe'n bhfiadh. Tá sé seo de dheifrigheacht
mar sgéal nn hÉireann agus na hAlban, ámhthach, gurab é an talamh is saidhbhre
againne is lugha daoine acht is é dighe na tíre thall atá go h-uaigneach follamh.



Tá an Ghaedhealg beo i nAlbain fós. Ní hamháin go bhfuil sí na beathaidh sna
ceantrachaibh fíor-Ghaedhealacha, is tá rudaí ag cuidiú leis na fuil ag cuidiú
linne. Tá sé de bhuaidh aca thall go bhfuil a n-Eaglais féin ag cuidiú leo go mór.
Dubhairt an tiománaidhe a bhí againn ar bhruach Locha Arkled Gaedhilgeoir ab eadh
é féin gur ab í an Ghaedhealg a bhíonn ar siúbhal aca chum an creidimh do
mhúineadh sna sgoileannaibh an Domhnaigh, agus go mbíonn Seirbhís na hEaglaise aca
i nGaedhilg ar fad go minic. Bhí an tarna tiománaidhe ar an gcoiste againn,
agus gan aige ach fír-bheagán Béarla cé gur fear fásta é.



Ach sé rud is mó a thugamar fé ndeara na a Ghaodhalaighe atá ainmneacha
na náit fiú i lár na Galldachta. B'fhéidir nach mór an iongnadh go bhfuil “Loch
Aenachachar,” agus “Scranochfachar agus Inverary agus Inversnaid,” agus
Inverurglas agus a lán eile i gcomharanacht na dTrosach, acht tá Tighnabruaigh
agus Dunoon, agus na céadta eile timcheall Ghlaschú féin. Is mór an deifrigheacht
idir iad son agus Kingtown, nó Blackrock, nó Dollymount, nó fiú Booters-
town, nó Ringsend cé go bhfuil roinnt de'n Ghaedhilg fágtha ortha son. Ní
fheadar an é an rud do choimeád na hainmneacha Ghaedhealacha chomh maith sin i
nAlbain ná an cruth Rómhánach a bheith ar na litribh. Do bhí sé i gcumas na nGall iad
do scrí díreach fé mar a sgríobh na Gaedhil féin iad, agus níor mar sin dóibh i
nÉirinn.



Bíonn a lán scéalta a n-innsint mar gheall ar sprúnlaidheacht na nAlbanach.
Caithreadsa a admháil ná faca éinrian de. Pé bhaint a bhí againne leo, fuaramar
iad go breágh fial flaitheamhail. Ar na bádaibh, ar na tramanna, ins na tighthibh
bid, fuaramar i bhfad níos mó ar ar n-airgead ná mar a bhfaighimis annso.
Chonnacamar an raidhse i gcomhnuidhe.



Fé mar atá dhá chathair mhóra i nÉirinn, agus éad aca le chéile, tá dhá chathair
i nAlbain ná réidhtigheann ró-mhaith le n-a chéile. Má's é Glaschú an Béalféirste
atá aca thall Dún Éadaoin a mB'l'atha Cliath, agus b'fhearr liom Dún Éadaoin.
Cathair áluinn, ná fuil cloch ann, beagnach, ná fuil scéal éigin ag baint leis,
seadh é. Tá a shean-chaisleán a' síor-faire agus is dóigh liom gurab é fé ndeara
feabhas na bhfoirginí mór do cuireadh suas ann le déidheanaighe. Do bheadh
náire ar éinne tigh na réidhteochadh leis an gcaisleán son do chur fé n-a sgáth.
Daoine deasa múinte dathamhla 'seadh muinntir na cathrach agus cuireann
siad suim mhór i léigheann agus i litridheacht agus i bpictiúiríbh. Tá dí-mheas
aca ar mhuinntir Ghlaschú mar daoine na cuireann spéis i n-áilneacht na i n-aigne
acht i n-airgead amháin, agus deallruigheann an dá chathair go bfhuil roinnt de'n
bhfírinne aca.



Is iongantach an grádh atá aca go léir idir Ghaschú agus Dún Éadaoin, idir
Gaill agus Gaedhil idir saidhbhir agus daidhbhir, d'á dtír féin. Chomh luath agus
bhíonn roinnt airgid aca agus tá cuid aca go han-saidhbhiir, go mór-mhór i
nGalschú, cuimhnigheann siad ar rud éigin a dhéanamh ar a dtír féin nó ar a
chathair féin.



Má tá tíor-ghrádh beo i gcroidhe an Albanaigh, is do Walter Scott ba cheart
a lán d'á bhuidheachas do thabhairt. Bíonn ran a shaothair ins gach éan-áit agus is
mór a chailleamhaint dúinn gan a leithéid a bheith againn i nGaedhilg ná i mBéarla.



Is mó rud eile go bhféadfaidhe trácht thársta ar na monarchanaibh móra agus
chomh fairsing i nGlaschú, agus go bhfuil a dteinte le feicsint de ló agus
d'oidhche, ar an longaibh a deintear ar an gClaídhe ar an gComhaltas breagh atá aca
i nGlaschú go bhfuil an Aibhléis, an Solus Guail, na Tamanna, na Páirceanna,
agus na mílte rud eile fé n-a gcúram agus iad go léir ar fheabhas aca; ortha sin
go léir agus ar alán eile ba mhaith liom teacht agus níl sé d'uaim agam fé láthair.



Tá aon rud eile amháin gur mhaith liom é do rádh. Má's óglach tú, agus má
tá easbaidh gunna ort, is fusa é thabhairt ó Ghlaschú ná ó Shasana. Ní bhíonn an
faire amach chomh géar son!



Máire Ní Chinnéide.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services