Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duine Iasacht i nÉirinn

Title
Duine Iasacht i nÉirinn
Author(s)
Torna,
Pen Name
Torna
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Duine Iasacht i nÉirinn.



Is mór an nidh do dhuine a ainm a bheith i mbéalaibh na ndaoine. Is dócha
gur beag tír ar dhruim na talmhan go bhfuil oiread trácht dá dhéanamh uirthi agus
atá á dhéanamh ar Éirinn fé láthair. Buadhaimidne caoch ar mhuinntir Mheiscighe
dhá mhéid gleo atá dá dhéamamh acasan. An chainnt a déintear mar gheall orainne,
bíonn fírinne ann, agus gan amhrus, bíonn éitheach ann. Acht péaca fíor na
bréagach é, is róbheag de a chloisimíd féin. Sin cuid de luach saothair an té go
mbíonn a ainm i mbéal cáich.



Siné an smaoineamh a tháinig chugam agus mé ag léigheamh leabhrín a chuir ar
gcara is ar gcomhcheilteach, Anatole le Braz i gcló. Isé rud atá ann ná
léitheacht a thug sé uaidh os comhair an chumainn Gheograiphe i gCathair Lille san
bhFraingc. Tá an oiread san taithighe againn ar cad dhéarfadh crippers agus
taistealaigh ó Shasana mar gheall orainn féin is ar ar dtír dhúthchais, go mbfhéidir
nár mhiste dhúinn a fhios a bheith againn cad déarfadh fear cuarda ón bhFraingc
sa chás chéadna.



Tuairim is cúig mbliadhna ó shoin do thug ar nduine muinneardha ón mBriotáin
tamall i nÉirinn, ag siubhal na tíre agus ag foghluim na Gaedhilge. I dTír Chonaill
a chaith sé urmhór na haimsire, acht thug sé cuaird ar áiteannaibh eile leis. Agus
bhí cara dhó i n-éinfheacht leis.



I dtosach na haiste seo tá sé ag cur síos ar a laighead Frangcach a thagann
go hÉirinn, agus an fháilte a bheadh rómpa i ngach cúinne den tír - go háirithe
más féidir leó an “Marseillaise” a ghabháil!



Dhá shaghas daoine, dar leis, a thigeann ar cuaird i nÉirinn .i. Sasanaigh
acfuineacha ag fiadhach nó ag iascach bradán, agus ceannuightheóirí ón nGearmáin.
Ag tagairt don chéad dream, deir sé: Tout Anglais qui se déplace ne le fait,
vous le savez, qua le condition de trouver lá oú il séjoune un minimum de
confort. Et le minimum du confort pour un Anglais correspond au maximum
de confort exigé par un Francais.



Do castaí air, insna bailtibh ba lugha i nÉirinn na Gearmáinigh sin. Ní shuidheadh
sé chun buird gan a bheith ar a aghaidh anonn “quelqu'un de ces semptiternels
commis-voyageurs tudesques qui vont colportant de toutes pars, á travers le vaste
monde, l'horripitant ‘made in Germany.’” Ní miste a rádh ná go bhfuil an
Ghearmáin ag cur tromluighe ar mhuinntir na Fraingce, díreach mar atá ar
Sheaán Bhuidhe.



Ní fiadhach ná iascaireacht ná tráchtáil a thug go hÉirinn ar nduine muinn-
teardha. Féibh mar adubhart cheana, tháinig sé ag féachaint na tíre agus ag foghluim
na Gaedhilge. “L'Irlande oú je vous ménera sera surtout,” adeir sé,
“L'Irlande restée fidéle á sa physionomie gaélique. C'est celle-lá, et celle-lá
seule que j'aspirais á visiter. Je m'y acheminais avec les sentiments pieux
d'un fils qui remonte au berceaux de ses lointains ancetres. Ce que j'ose
dire, une Bretagne ultra-bretonne, une Bretagne élevée á son plus haut
coefficient celtique.”



Siné go díreach é. Beidh meas orainne amuigh an fhad a bheam Gaedhealach.
Má chaillimid an teanga dhúthchais imtheóghaidh gach nídh eile ina diaidh. Ni chuirfear
aon tsuim ionainn. Ní bheidh de “choefficient celtique” againn acht neamhnídh.



Dhéin Anatole le Braz aniongnadh d'áilleacht na tíre i nÉirinn. Tháinig
sé tré Shasana go Baile Átha Cliath. Bhí an oidhche aige ar Mhuir Meann, agus
dhéin sé taidhbhreamh tréna shuan ar dhraoidheacht an bhuill, agus ar Thristan is
Iseult.



Ar an traen do chuaidh sé féin agus a chara go dtí Inis Ceithleann. Thug
sé fé ndeara a réidhe atá clármhagh na hÉireann; agus a ghluise a bhíonn an
féar ar an dtalamh réidh sin, i gcompráid leis an donn agus an gorm a bhíonn
ar an bhfraoch insna sléibhtibh, mórthimcheall na tíre. Tá anachuid srotháin i
inÉirinn; c'est proprement une epouge que l'Irlande, ar seisean. Agus anachuid
locháin.



Ní bhfuair sé i n-easnamh againn acht na coillte. Ní castaí d'fhoraoisibh air
acht an choill do bheadh timcheall a thighe ag Tighearna Talmhan. An fraoch, fionnfhadh
an tsléibhe, b'shin a raibh de choill roimhe annso.



D'fhágadar an traen ag Inis Ceithleann, agus do ghluaiseadar fá bhruach
Loch Éirne ag rothaidheacht, chun gur shroiseadar Gleann Cholm Cille. Do thaithin
na bóithre leó, agus bhí radarc breagh aca ar na sléibhtibh.



Ag tagairt dona daoinibh féin, fuair sé dhá shaghas againn leis .i. na Prodas-
túnaigh agus deallramh maith ortha, agus na Caitlicí a bhí go dona as. Do
priocadh bolg dá rothar agus b'éigin dóibh dul isteach i dtigh feirmeóra, tamall
amach ó Inis Ceithleann, chun an roth a cheartú. Tigh deas compordamhail do b'eadh é.
“Si je n'avais jugé des fermes irlandaises que par la sienne, j'aurais emporté
l'impression que l'Irlande misérable n'était qu'un mythe. Dans les comtés
qui appariennent á la religion réformée régne, an effet, un air de prospérité
florissante que l'on ne retrouve qu'a de rares exceptions dans les comtés
catholiques. Et le conttraste s'expique facilement, is l'on songe que, pendan
plus de deux siecles, toutes les faveurs du réigime anglais ont ele pour les
primiers, tout les riguers pour les seconds.”



Tugann sé tuairisc thruaighbhéalach ar bhothánaibh na ndaoine mbocht: ballaí
gan mhairtéal, urlár criadh, díon tuighe agus scrathanna, agus an chuid eile de.
B'fhéidir go bhfuil an tuairisc rómhion aige. Acht bhí fáilte is céad roimhe i ngach
bothán dá dhonacht é. Bhí na daoine go muinnteardha agus go deighiomchuir. Agus
éist leis seo: Ce peuple est naturellement aristocrate et, dés qu'on l'approche,
on se rend compte que tout n'est pas hyperbole dans la boutade humoristique
du romancier George Moore, déclarant qu'il y a plus á gagner en dix minutes
d'entretien avec le dernier des paysans d'Éirinn que dans une conversation de
dix heures avec le plus titré des lord anglais.



Ní théightear a chodladh go róluath i nÉirinn. Bíonn an iomad siubhail agus
bóithreóireacht san oidhche againn. Is annamh is feidir Éireannach dfhagháil sa
bhaile - bíonn sé i n-áit éigin eile i gcomhnuidhe. Déarfainnse gur bhuail duine
éigin bob ar M. Anatole Le Braz.



Tar éis cur síos ar shaoghal na ndaoine cromann sé ar a smaointe do nochtadh.
An duine is dealbha acfainn féadfaidh labhairt go líomhtha agus go tuigseanach.
Táimíd tugaithe dhon bhfealsamh, agus d'aighneas ar phongacaibh léighinn. Cuirimíd
árdshuim i bpolaitidheacht. Is mó an spéis a chuirimid i gcúrsaíbh na tíre ná
mar a chuirimíd inar leas féin. Is don Éireannach is fearr oireann an abairt
úd adubhairt Araoistatail .i. Ainmhidhe polaitidheachta is eadh an duine. “Tout
enfant” arsa ar nduine muinnteardha arís, “il récite aussi couramment que
san Pater les noms et les surnoms des députés nationalistes.” Gan amhrus do
bhítheas ag moladh na duibheachta do M. Le Braz.



Bíonn anachuid daoine díomhaoin. Fuair sé amach go rabhadar ag feitheamh
le Hóm Riúil. Beidh gach éinnídh, ina cheart againn an túsice a gheóbhaimíd soin.
Siné focal an tslánuighthe - an “ego sum resurrectio et vita”!



Bíonn brat “illusion” ar gach rud san tír seo, féibh mar adubhairt G.B
Shaw. I nÉirinn atáthar abhfad chun deiridh insna na neithe a bhaineann le
tionnscail is le saothrú, agus an bhfuil fhios agat cadé an rud a thairngidh
tréoruidhthe spriodálta na tíre chucha a dhéanamh? An Ghaedhilg teanga ársa
na tíre a thabhairt thar n-ais arís.



“Oui c'est ainsi. Et n'allez pas dire á ces grands illuminés qu'il serai
peut-étre plus expedient, pour les générations actuelles, d'apprendre á ganger
leur pain que de rapprendre á parler le gaélique; car ils vous repondront chet
que me déclarait avec son irrésistible enthousiasme d'apótre mon noble ami,
le Dr. Douglas Hyde; que le probléme capital pour l'Irlande est de revouvrer
son áme, qu'elle na la rcouvrera qu'a la condition de luí restituer son mode
d'expression ethnique, qui est lá langue, et que, is d'aventure elle se dérobair
a cette táche primordiale, elle aurait, selon le mot du poéte latin 'pour rerstet
vivante, renoncé aux raisons de vivre. ‘ Et, propter vitam, vivendi perdere
causas.”



Molann sé go mór mná na hÉireann .i. mná agus cailíní na tuaithe, i dtaobh
a ndathamhlacht, agus a ngeanmnaidheacht. Agus n-a dhiaidhsan mar bhuille scuir
mholann sé cléir na tíre mar gheall ar an gcuma inar fheasuigheadar dá
dtréadtha le linn annróidh agus géarbhruide.



Táimíd buidheach de, agus tá súil againn go dtiocfa sé ar cuaird arís
chughainn gan mhoill. Chífe sé atharrú mór ar an dtír seo.



Torna.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services