Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Zabern agus na Vosges

Title
Zabern agus na Vosges
Author(s)
An Buachaillín Buidhe,
Pen Name
An Buachaillín Buidhe
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Zabern agus na Vosges.



Is mór an chaint agus an cur-tré-chéile do bhí ar siubhal le déidheanaighe
i dtaobh ruid eicínt do thuit amach i Sabern(nó Sabharne) sa nAlsáis. Is
amhlaidh bhain sprionán d'oifigeach i n-arm na hAlmáine ins an áit sin aithis
as na hAlsásaigh. Do ghlaodh sé ainm tarcuisne ar mhuintir na tíre le droch-
mheas na nAlmánach do chur i gcéill dhóbhtha. D'éirigh colg na ndaoine do
bhí ag éisteacht leis an mboicín saighdiúra so, acht níorbh fhallsóir eisean
ag sacadh roinnt aca fá ghlas ar an bpointe boise chum nach gcuirfidís múisiam ar
oifigeach de'n arm impireamhail as sin amach. Do thárla go raibh breitheamh
agus fir dlighe Shabherne ag teacht amach as an gcúirt le n-a linn sin agus ní
túisge bhí fhios ag an mbreitheamh ar an rud a bhí deunta ag an oifigeach ná
ghlaodh sé amach, “Ní dlisteanach an beart é sin!” “Gabhtar an duine
sin,” adubhairt mo ghrossherzog de shaighdiúir agus gabhadh an giúistís
féin ar an láthair.



An Dlighe.



Sin é dlighe na hAlmáine 'san Alsáis agus san Lóráin. Dlighe bróige
móire mar aon le maide mór na bPriúiseach an dlighe sin. Is beag dlighe
atá ins an limistéireacht úd acht an neart. Ghníonn gach uile oifigeach airm
breitheamh as féin. 'Sé a chóthamór gorm a róba-breithimh. 'Sé a chlaidheamh
a leabhar-dlighe agus 'siad gunnaí a chuid saighdiúirí a choiste agus a bhreith i
n-éinfheacht. B'fhéidir, cé bí sin de, nach ndearna an t-oifigeach úd do bhaist
“zwacke” ar na hAlsásaigh acht fá mar dheunfadh aon oifigeach impireachta
eile, ní headh amháin 'san nAlmáin nó san Rúis mar a bhfuil an saighdiúir fá
réim, acht 'sé mo bharamhail go bhfuil corr-dhuine i sean-Éirinn a bhfuil
cuimhne aige ar obair an dlighe cheudna .i. dlighe an fhir is láidre nó dlighe
na himpireachta móire gránda.



Do chuireas féin spéis mhór ins an sgeul úd i dtaobh na trioblóide
d'éirigh ar fud na Gearmáine de bhárr mí-ghníomhartha an oifigigh i Sabherne ó's
amhlaidh a chaitheas cúpla laethanta ins an mbaile mór sin anuirthi. Sean-bhaile
mhór atá ann. Gan trácht ar na saighdiúiríbh, atá suas le naoi míle daoine
n-a gcómhnuidhe ann. Daoine lághacha, cineálta, síbhialta, cneasta, córa
'seadh iad dálta na nAlsásach eile d'á bhfacas sa tír sin. Thaithin siad uile
go léir go han-mhaith liom idir mná agus fir, acht caithfidh mé a admháil nár
thaithin na Priúisigh móra liom ar chor ar bith. Cineadh borb “impireamhail”
'seadh iad dálta clainne Sheáin Bhuidhe. Is beag an meas atá aca ar éinne
acht ortha féin. Is mór an díol truaighe iad na Pólaigh agus na hAlsásaigh atá
fá n-a spraic. Siad na daoine sin Éireannaigh impireachta an Kaier.
Caithfidh siad cur suas dhá náisiúntacht nó fanacht fá shráthair na haindeise.



Tír Staireamhail.



Cúrsaí Sabherne cé'r bith é, is deas an tír atá n-a thimcheall. Atá sléibhte
árda na Vosges ar a chúl. Feudtar sean-mhútaí Ghreifenstein d'fheicsint i
n-áirde ar an taobh thiar agus tá an Hohbarr tamall gearr uaidh ar an taoibh
thiar ó dheas. Is beag beann nó carraig nó cnoc ar fud na Vosges ar fad
nach bhfuil cuid de stair na Fraince ag baint leo. Sraibhann an Zorn tríd
Shabherne agus éinne do léigh na “Romans Nationaux” do sgríobh Erckmann-
Chatrian ní féidir leis dearcadh ar uisge an tsrutháin gan chuimhniú ar an am
a raibh an Alsás go sona seunmhar fá bhratach na tíre atá i bhfad uaithi anois
ar an taobh thall de na sléibhtibh.



Do shiubhalas amach chomh fada le St Jean-des-Choux mar bhíos ag léigheadh
an sgéil úd “Histoire d'un Homme du Peuple” an t-am sin. Badh mhian
liom baile duthchasach Jeane Pierre Clabel d'fheicsint acht fairíor! níor casadh
orm acht fear amháin a bhí i n-ann eolas an bhealaigh go “St Jean” do
dheunamh dom. Bhí mé taobh le Fraincis amháin mar theangaidh iasachta agus
níor tuigeadh mo chuid cainnte. Níor thuig na daoine ach an Almáinis amháin
agus chuir sin brón orm. Chuir sé i gcéill dhom go raibh greim na nGear-
máine go docht ar anam na tíre. Fa dheireadh bhain mé amach St. Jean atá
n-a “St. Iohann” indiu. Baile beag cam atá ann agus taobh amuigh de
beirt pháiste ní fhaca mé críostaidhe an luain ann. 'Sé an chaoi rabhadar
uilig ag obair ins na gortaibh agus ins na páirceannaibh breaghtha do bhí ag
síneadh fad mo shean-radhairc uaim amach. B'aoibhinn liom bheith ag breathnú
uaim ar an tír do bhí os mo chomhair. Bhí bailte beaga eile le feicsint ar
fud an mhachaire. Tighthe cinn-ruaidh ionta. Bóithre buidhe ag gearradh
bealaighe thríd an tír. Siothcháin Dé le tabhairt fá deara ar gach leith siúd a's
gurbh iomdha sin braon fola do dhearg feur na háite le linn na gcogadh
chaillte do throid Francaigh agus Almanaigh le chéile.



Almáinis i nUachtar.



Ag filleadh ar ais dhom fá dhéin Sabherne casadh roinnt páistí orm ar an
mbóthar. Chuir sé rímeud ar mo chroidhe bheith ag feuchaint ortha ag súgradh
le chéile agus bheith ag éisteacht le fuaim a ngáiridhe. Almáinis do bhí dhá
siosgadh aca agus chuir sin brón orm amhlaidh a's dá madh Sacsbheurla a bhíodh
ag bualadh ar mo chluais as beul páistí i dTír Chonaill. Ní raibh eolas
agam ar an duthaigh acht de réir mar bhí léighte agam i sgeultaibh Erckmann
Chatrian. Ag brath le snas na Fraince 'seadh bhí mé agus ní fhuaireas acht
rian na nGearmánach.



B'iad sgríbheanna Erckmann agus Chatrian, freisin do chuir 'mo cheann
dul amach chomh fada le Phalsbúrg. Is beag sgeul do chum an bheirt sgríbh-
neóir úd nach raibh léighte agam agus ba mhaith liom an baile beag ar thrácht
siad chomh minic sin air d'fheicsint. Tá Phalsbúrg suidhte ar mhachaire réidh
i n-áirde i measg na sléibhte. Daingean láidir a bhí ann go dtí an bhliadhain
1872. Leag na hAlmánaigh na ballaí do bhí fá n-a bhun. Ní túisge thuirligh
mé fein agus cara liom do bhí im' chuideachtain ó'n traen do thóg ó Lutzel-
búrg sinn ná chuadhamar isteach i hótel “Stadt Metx.” Fear uasal Alsásach
arbh ainm dó Victor Kreiner do bhí i mbun an tighe-ósta so, agus ó's rud
go raibh Fraincis aige níor chuir sé suas de gach uile rud a raibh spéis
againn ann sa mbaile beag do thasbeáin dúinn.



Bónaparte.



Chonaic sinn an dá gheata mhóra .i. Geata na Fraince agus Geata na
hAlmáine. Bhí fhios agam gurbh iomdha sin beart mhór ghaisgeamhail d'imir
saighdiúirí calma Bhónaparte os comhair na ngeataí ceudna. Ba bheag
ceann-fheadhna nó taoiseach treun do bhí ag an ímpire nar ghabh tríd Phalsbúrg
le linn na gcogadh fada do bhí ar siubhal idir tíortha na hEorpa agus an
Fhrainc i dtoiseach an naomhadh aois deug. Atá cur síos ag Erckmann
Chatrian i “Le Conscrit de 1813” ar Napóléon ag gabhail tríd na
sráideachaibh san oidhche agus é ag imtheacht fá dhéin na Rúise. Chonnaic
sinn an teach ar choirneul sráide ar chomhnuigh Monsieur Goulden ann. B'in é
an fear macánata a raibh Seosadh Bertha n-a phrintíseach aige. Thaisbeáin M.
Kreinder an sean-Mhaisie agus an Prefecture dhúinn agus thug sé sinn tríd
Rue des Juifs, mar a chomhnuigh “Le pére Moise” a bhfuil trácht air i “Le
Blocus.” Ní raibh teach Maoise i bhfad ó'n bPorte des Allemandes agus
nuair bhí mé fá'n ngeata féin chuimhnigh mé ar sgeul an tSairsint Trubert
agus é ag ól an Kirchenwasser do thug Maoise dhó an mhaidin sheaca úd nuair
bhuail fear ar an doras ag iarraidh bhith istigh.
“Cé hé sin?”
“La France!”



Tháinig Maréchal des Logis an doras isteach agus d'fhiafruigh Trubert
de an raibh aon sgeul nua aige. Ní dubhairt an Maréchal acht “Tá an
námhaid san Alsáis!” Agus chuaidh sean-Mhaoise bocht abhaile agus a dhá ghlúin
ag buaileadh i n-aghaidh a chéile le teann crith-eagla.



Seadh, bhí an sgeul mar phioctúir roimh mo shúilíbh agus mé fá áirse an
gheata.



Tháinig M. Kreiner amach linn n-a dhiaidh sin go dtí an sean-chateau nó
caisleán atá taobh amuigh de thíghthibh an bhaile mhóir. Thaisbeán sé dhúinn feilm
Quartre Vents mar a raibh teach Aintín Grédel .i. máthair an chailín do phós
Seasamh Bertha. Níor bheag de radharc bheith ag faire ar na Vosges ó
Phalsbúrg. Sé an Donón an bheann is áirde dhíobhtha acht is iomdha sin cnoc
mór eile atá n-a haice. Éinne go mba mhaith leis Vosges an tuaiscirt
d'fheicsint ba cheart dó chur faoi i Sabherne le toiseach do chur ar a aistear.
Cúrsaí Vosges an deiscirt .i. ar an taobh ó dheas de Stásbúrg 'sé Colmar
an baile mór is fearr chum comhnuidhthe ann le haistear do dheunamh i measg
na sléibhte.



Mon mouton est un lion.



Thug Mme. Kreiner béile maith dhúinn 'san “Stadt Metz” agus annsin
chaitheamar tamaillín eile i bPalsbúrg. Shiubhlamar thríd an bPlás. Cearnóg
atá ann agus leacht-chuimhne an Ghereral Mouton, Compte de Lobau ann i
n-aice an teampuill Chatoiligigh. Bhí Mouton ar na taoisigh a b'fhearr dhá
raibh ag Napóléon agus an rud adubhairt an t-impire mór n-a thaobh .i.
“Mon Mouton est un Lion,” tá sé greannta ar chlár an leachta. Ní hé
an teampull Catoiliceach an teampull a bhfuil cur síos air i leabhraibh
Erekmann-Chatrian. Leagadh an sean-teampull le caoraibh-teineadh na
bPrúiseach san mbliadhain 1870. An tsráid n-aice .i. La Rue de l'Eglise,
cuireadh tre theinidh í sa mbliadhain cheurdna. Ba chaillte an bhliadhain í
“l'Année terrible” gan dé dhearbhadh ar bith. Ní féidir bleid cainte do
bhuaileadh ar Alsásach gan trácht thar bhliadhain a' '70. Is gairid go dtí go
mbéidh “avant soixante-dix,” nó “depuis 'soixainte-dix,” nó “pendant
soixainte-dix” ag tuitim ó n-a mbeul. Is brónach an dáta é. Is iomdha sin
muirighin te teugarach a d'fhág se croidhe-chráidhte sa tír úd. Tá an rian le
tabhairt fá deara ar fud na dúithche ar fad dálta a '47 i nÉirinn. Ní
dheunfar dearmad air go deó na díle ann mar gheall ar an bhfuil agus ar na
deoraibh geura atá measgtha le chéile san talamh ó aimsir an chogaidh mhóir do
ghearr Alsás agus an Lóráin ó'n bhFrainc.



An Saighdiúir Almánach.



Ní rachtanach a rádh go raibh an saighdiúir Almánach le fágháil i bPals-
búrg. 'Sé an buachaill atá go flúireach ar fud an réigiúin sin. Chonnaic
mé é i Sabherne agus i Lutzelbúrg agus i Strásbúrg agus i gColmar. Ní
raibh aon dul uaidh agam. Thug mé gráin dó agus do na hoifigigh go háirithe.
Dream amplach, postúil, leitheadach, cruaidh 'seadh iad na hoifigidh úd. Ní
daoine mór-chúiseach go dtí iad. Ní haon iongnadh go bhfuil glonn ag na
hAlsásaigh dhóibh. Is measa iad go mór 'ná cigirí na gconstáblaí i nÉirinn
le linn cogaidh na talmhan. Is dána an duine a dhéanfadh aon chur isteach
ortha nó ar a ngnó. Is ortha badh ghiorra a mhoill an duine sin a shacadh fá
ghlas gan súil le tárrtháil aige. Do nocht gníomh an oifigigh úd i Sabherne
droch-inntinn an Almánaigh do mhuntir na hAlsáise. Gníomha de'n tsórt sin
cothuigheann siad an mhí-stainc idir na hAlsásaigh agus na Gearmánaigh. Ní'l
aon ghrádh ag ceangailt croidheacha na ndaoine le himpireacht an Kaiser.
Ní'l caidreamh ar bith eadortha acht is amhlaidh atá laincis iarainn ar chois ar
an Alsáis d'á ceangailt ar dheiseal ná treiseal le slabhraadh cruaidh leis an
bPrúis.



An Buachaillín Buidhe.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services