Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nua-Fhocla

Title
Nua-Fhocla
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Nua-Fhocla.



Is féidir seanfhocal do chasadh.



An té nach bhfuil cneasta ní mór dó bheith
glic.



Is fearr beann ná easpaidh céil(l)e.



Ní hé lá na gaoithe lá an fhillte bhig.



Ní min a níons breághacht ach tangó-taé.



An té dó dtáinig ciall le haois, ná
cuir-se do lámh ina phóca.



Mol do chéile ar eagla nach dtiocfadh sí
leat.



Má's fada siar is chomh-fhad aniar.



Ní hé caitheamh na sgillinge tioghbhas an dá
phinghinn déag.



Bíonn na leacracha sleamhain ag teacht
ó'n teach óil.



Níl ann ach dhá mhodh, an modh díreach is do
mhodh féin.



Áit a mbíonn bean, bíonn mac mná.



An té a shiubhlans a lán, meileann sé
gaineamh.



An tuile nach dtráigheann, báthann sé.



Coinnigh i lár an bhóthair is rachar i do mhullach.



Níl luibh ná leigheas i n-aghaidh na mban.



Imir do chluiche nó imreochar cluiche ort.



Ní ghéarann ubh glogair goile.



Ní fhághann dorn dúnta deirc.



Chidhfir saoghal má mhairir.



Pós nó dóghfar thú;
Pós agus céasfar thú.



Nuair is gann an biadh iseadh is mó an
t-ocras.



Ponc den dlighe bheith dleaghthach.



Is giorra an doras go minic ná an chabhair.



An té atá thíos, beannaigh dó;
An té atá thuas, ná labhair leis níos mó.



Is mairg an teach nach dtaithighigh beirt.



Is mairg nár thóg leanbh nó laogh dó féin.



Ní mór an mhaise ar shean-bhróig cos dá áille.



Fear ar meisge, bean gan ciste.



Ní le deireadh a ruball a throidid na
coileáin.



Má bhuail sé do mhadadh bí buidheach dó
nár bhuail sé thú féin.



Pós seanfhear agus bí gan aonfhear.



Ar mhaithe leis féin a ólann Tadhg do
shláinte.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services