Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aiseirghe na gCeilteach

Title
Aiseirghe na gCeilteach
Author(s)
Ó Dálaigh, Pádraig,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


“Aiseirghe na gCeilteach.”



Nuair do chuir fíor-Ghaedhil Éireann rómpa comhthrom na féinne do bhaint
amach don Ghaedhilg i nIolsgoil na hÉireann ní rabhamhar gan fáidh annso agus
annsúd adubhairt go rabhadar ar mire agus ar mearbhall. Adubhradar dá
gcuirthí an Ghaedhealg ar aon chothrom le Laidin, cuir i gcás, go ndéanfadh
sé an Iolsgoil do mhilleadh agus an Ghaedhealg féin do mhilleadh chomh maith
céadna. Acht an síol do bhí ghá chur an uair sin ag muintir na Gaedhilge do
bhí a fhios go maith aca go raibh sé follaín, agus aithnightear indiu as toradh an
chrainn gur aca do bhí an ceart, agus nach ag na fáidhíbh bréige.



Do bhí cuid de'n toradh sin le feicsint ist oidhche Dhiardaoine seo caithte
againn nuair do chuir Liam Gógán síos ar réim agus sgaipeadh agus aiseirghe
na gCeilteach. B'uasal agus bfhairsing an t-adhbhar aithisg do bhí ag an
nGógánach. Is fada an silleadh súl ó'n bhFrainnc go dtí an Mhuir Dhubh é,
agus is fada siar an cuimhne é ó'n lá indiu go dtí an lá ar chuir taoiseach
Ceilteach cath agus coingheallacha cruadha ar mhuintir na Rómha. Níl tír ná
talamh idir an dá áird úd ná raibh na Ceiltigh fá réim ann lá; agus nárbh é
Brennus, an taoiseach Ceilteach, agus a lucht leanamhna, do bhris ar na
Romhánaighibh 2,000 bliadhain ó shoin, do ghabh Cathair na Rómha, agus adubhairt
na focail mío-thrócaireacha úd “vae victus,” nó mairg don té atá thíos. Ní
maith linn gur Ceilteach adubhairt na focail sin: acht, ar aon chuma, ba cródha,
calma, agus ba sgiamhach saor-chineálach an dream iad. Acht má bhíodar mar
sin cad é a chúis go bhfuilid sgaipthe, sgáinte mar atáid, is gur fíor-bheag dhá
dtuairisg atá le fagháil ar fuaid na hEorpa indiu? Badh é locht ba mhó do
bhí orra nár ghabhadar go ceannsa fá riaghlú, agus nár bh'áil leo “eagar is
ordú,” acht gach duine is dream díobh ar a dtoil agus ar an-ordú féin.
Amhsa na hEorpa badh eadh iad, agus ar an gcuma soin b'iomdha ríoghacht do
leagadar, acht ba bheag ríoghacht do thógadar. B'in í an cháil do bhí orra
nach greannmhar mar sgéal é, gurb é tásg thug cuid de sna filíbh ar na
Gaedhealaibh i nÉirinn i '98



“An dream bocht silte nár chuir le chéile.”



Locht mór eile do bhí orra, i nÉireann ar aon chuma — do bhíodar ró-chneasda,
ró-mhacánta. Badh é Oisín adubhairt,



“Níor chanadar an Fhiann gó,
Bréag leo níor samhluigheadh riamh,
le fírinne is le neart a lámh
do thigidís slán as gach gliadh.”



Do dhéanfadh a leithéid sin a gnó maith go leór eatorra féin, acht ní raibh
aon deallramh air nuair a bhíodar ag pléidhe le Sasanaibh. Seo ní eile
adeir duine de sna hughdaraibh ba chéimeamhla sa tsean-aimsir, .i. Caesar
féin, ag tagart do sna Ceiltighibh do, “Cine iad,” ar sé sin, “go bhfuil
clisteacht an domhain ionnta, is go bhfuil ar chumas aca aithris do dhéanamh go
hiongantach ar pé rud chífeas siad dá dhéanamh ag daoinibh eile.”



Thugaimís na neithe sin fá ndeara go cruinn .i. nár ghabhadar go
ceannsa fá n-a riaghlú fein, ná fá eagar is ordú a dtaoiseach; go mbidís ag
troid agus ag achrann le chéile; agus go raibh ar chumas aca aithris do dhéanamh
go hiongantach ar pé rud do chífidís dá dhéanamh ag daoinibh eile. Cuirimís
mar cheist orainn fein annsoin: an bhfuilimíd féin saor ar fad ó sna lochtaibh
úd, nó a bhfuil aon mhúineadh le baint againn as stair na gCeilteach?
Maidir le cineadhaibh Ceilteacha na haimsire seo caithfimíd admháil ná
cuirimíd mórán suime ionnta. Tá saghas báidhe againn leo gan amhras, acht
“dá ghiorracht do dhuine a chóta is giorra ná soin dó a léine.” B'fhéidir
gur mar sin do bhí an sgéal ag na Ceiltighibh fadá leis, acht, ar aon chuma,
caithfidh ár ngarrdha beag féin do shaothrú ar dtúis.



B'iad an troid agus an t-easaontas thug na Sasanaigh thar sáile chugainn
anso anoir, acht an t-airdhean eile atá ionainn .i. “go bhfuil ar chumas
againn aithris do dheanamh go hiongantach,” sin é fá ndear an Galldachas.
Agus do dhall an Galldachas sinn, agus do thruailligh sé an dúthchas ionainn,
ionnus nach Gaill ná Gaedhil anois sinn. Do chaill ar an gcéill againn, agus
do theip ar an dtuigsint, agus ní léir dhúinn gur anam eile teanga eile .i.
nuair is gallda í an teanga is gallda é an t-anam. Agus chum é sin do
chruthú tá cuid againn, ar do bheadh Sasanaigh, agus ní lugha orainn leidhb na
lathaighe na an tsean-Ghaedheal sinsir ba dhual dúinn, agus tháinig chugainn do
réir dúthchasa glún ar ghlún ó aimsir Ghaedhil ghlais anuas. Agus caidé cúis é
seo? Tá an léigheann agus an teagasg agus an tabhairtsuas bheith bun os
cionn ar fad againn. Léigheann agus foghluim an chomhacht is treise ar an
saoghal so indiu. Gach sgoil do bhí gá seoladh go dtí seo, is gach saghas
sgolaidheachta do bhí ar siubhal i nÉirinn do bhíodar go léir i ngoinnibh na
Gaedhilge. Do bhí gach éinne d'iarraidh aithris do dheánamh ar pé rud do bhí
ar siubhal aca thall in Sean-Sasana. Ní hamhlaidh bheidh feasta, acht ar a
mhalairt de chuma; agus do bhí a chomharthaí soin le feicsint go soiléir ist
oidhche Dhiardaoine san Iolsgoil.



Is minic do chuireamair Réim agus cúrsaí Gaedheal i nÉirinn i gcom-
paráid le habhainn nó sruth do bheadh ag gluaiseacht seal fá thaithneamh na
gréine tré dhuthaigh áluinn, chraobhaigh, shaidhbhir, agus seal eile do raghadh síos
i gcuas nó i n-uaimh fá thalamh. Acht ní féidir an abha do choimeád síos i
gcomhnaidhe. Brúchtfaidh sí amach uair éigin. Mar sin do'n Ghaedhldacht i
nÉirinn le fada. Do bhí sí fá smacht is fá smúit, fá dhaoirse is fá dhochruide
Acht ar nós na habhann ní feidir meanma Gaedheal do mharbhú, tá sí ag
éirighe agus, le conganmh Dé, tiocfaidh tuile agus rabharta san abhainn sin fós
líonfas an tír ar fad agus bháthfas agus mhúchfas Galldachas na hÉireann.



Pádraig Ó Dálaigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services