Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Spéis i léigheann agus i leabhraibh

Title
Spéis i léigheann agus i leabhraibh
Author(s)
An Craoibhín,
Pen Name
An Craoibhín
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Is beag cine ar thalamh an domhain is mó chuireadh spéis i léigheann agus i
leabharaibh 'ná Gaedhil Éireann, céad bliadhain ó shoin. Is fíor nár fhéad móran
aca leabhar a léigheadh. Acht d'fhéad gach éinne éisteacht le leabhar dh'á léigheadh
ag daoinibh eile, agus is dóigh nach raibh fear ná bean ann nár chualaidh leabhra
Gaedhilge d'á léigheadh go minic cois na teineadh ag na daoinibh ba mhó foghluim
i ngach paróiste. Ní raibh acht fíor-bheagán Béarla ar siubhal an uair sin, agus
ní thuigidís an chuid ba mhó de na daoinibh é, acht bhí leabhra Gaedhilge go flúireach
agus iad ag dul ó láimh go láimh agus ó thigh go tigh, agus ó pharáiste go paráiste,
agus d'fhéadfainn a rádh, ó chondae go condae. Ní leabhra clóbhuailte do bhí
ionnta so, acht leabhra láimh-sgríobhtha, agus bhíodh meas orra, mar bhíodar
daor luachmhar, agus do bheirthí aire mhaith dóibh, nó gur thosaigh teanga na hÉireann
ag dul i n-éag.



Do bhí an oiread difrigheachta idir na leabhraibh sin agus na leabhraibh atá
d'á léigheadh againn aniú agus atá idir litridheacht na Fraince agus Litridheacht
na Gearmáine. An fhaid do léigheadh na daoine na leabhra so d'fhanadar Gaedhealach.
Chomh luath agus chuireadar cúl leó d'éirigheadar leath-Ghallda. Má's mian le
muinntir na hÉireann an tír seo do Ghaedhealughadh arís caithfidh siad filleadh
ar na leabhraibh do bhí ag ár n-aithreachaibh romhainn agus leabhra nuadha do dhéanamh
a bhéas ar lorg na sean-leabhar, nó b'fhearr linn a rádh a fhásfas do réir
nádúire as na sean-sgríbhinníbh, agus a bhéas ar aon dul is déanamh modh is
meanmain leo.



Ní hé amháin go raibh litiridheacht na nGaedheal lán de nósaibh cainte agus
d'ainmneachaibh daoine, agus d'ainmneachaibh áiteann, agus de chliú sean-ghníomh
a sinsear (ó aimsir Chormaic Mhic Áirt anuas acht do bhí a gcuid filidheachta agus
a gcuid sean-ráighte comh deighilte ó fhilidheacht agus ó ráidhtibh na Sasanach agus atá
“Eibhlín, a Rúin,” nó “Ban-chnoic Éireann Ó,” deighilte ó “Get your 'air cut,”
nó “Over the Garden Wall.” Cá raibh Gaedheal céad bliadhain ó shoin nach
raibh eolas aige ar Choin-chualainn agus ar Fhionn Mac Cumhaill, ar Feardiadh agus
ar Dhiarmuid agus Gráinne, ar Chonán Maol na Mallacht, ar Chonn agus ar Eóghan
Mór. Cá raibh an Gaedheal nach raibh eólas aige ar Thrí Truaighe na Sgeuluigheachta,
ar Oidheadh Chloinne Lir agus Chloinne Thuireann agus ar Dheirdre agus ar Naoise
A bhfuil aon Éireannach óg anois ann ag dul go dtí na sgoileanna Gallda sin
(ar a dtugtar as magadh Sgoileanna Náisiúnta) a bhfuil aon eolas aige ar na
niehtibh seo? Má tá, ní ins na sgoileannaibh fuair sé an t-eólas sin. Acht budh
chóir na neithibh seo do bheith ar eólas ag gach aon Éireannach, óir tá seanchas is
meanma na tíre fighte fuaidhte leó, agus caithfimíd an t-eólas sin thabhairt ar
ais arís óir is ar éigin gheobhamaoid uirlís níos éifeachtaighe ná sin chum ár náisiún
do thógbháil ar a chloch-bhuin féin.



Dubhairt Frederic Mór rí na Prússia cúpla céad bliadhan ó shoin nuair
taisbéanadh an chéad chur-amach dpen Níbelunenlied dó i n-a raibh sean-fhilidheacht
is sean-sgéalta gaile is gaisge na nGearmánach, “ní thiubhrainn,” ar seisean,
aon urchar gunna amháin ar an ráiméis sin go léir.” Acht do bhí na daoine tháinig
'na dhiaidh ní ba thuigseanaighe 'ná é féin, agus tá an Níbelunenlied d'á léigheadh
anois ins gach sgoil mheadhonaigh ar fud na Gearmáine agus is cuid de sheilbh
inntleachta na Gearmáine stair na ndaoine atá san laoi mhóir luachmhair sin.
Caithfimid-ne an rud céadna dhéanamh i nÉirinn, agus do rinneadh san nGearmáin.
Tá na céadta sean-laoidh agus sean-sgéal againn-ne a bhfad níos mó agus níos
sine 'ná atá ag na Gearmánaigh acht nílmid ag baint aon úsáide asta in ár
sgoileannaibh féin. Is féidir le lucht na hOllsgoile Náisiúnta rud éigin do dhéanamh
ar an tslighe seo, agus creidimíd go bhfuil sin d'á dhéanamh aca, acht níl dadaidh
d'á dhéanamh i n-aon áit eile.



Is páipéar nuaidheachta agus ní páipéar léighinn agus foghlama an Claidheamh
Soluis, acht na Gaedhil ata 'gá stiúradh agus 'gá thabhairt amach tá siad fein lán
de mheanmain a sinsear agus ní thiubhraidh siad cúl go deo do'n sean-stair ná
do'n sean-eólas. Nuaidheacht dá úire bhéas le fághail in ár nduilleógaibh béidh
blas breágh Gaedhealach uirri le congnamh Dé, agus iarraimíd ar ár gcuid
sgríobhnóirí crut agus foirm do chur ar na rudaibh nuadha amhail agus dá mbudh
Gaedhil na h-aoise chuaidh tharrain do bhí ag cur síos orra.



Do gearradh an snáth do chongbháigh seóid na sean-aimsire le chéile. Do sgapadh
na seóid. Do cailleadh cuid aca. Anois támaoid 'gá gcruinniughadh. Támuid
'gá gcur ar an tsnáith arís. Déanfamuid an snáth féin do cheangailt le chéile
i riocht is nach mbrisfidh sé arís, agus tá súil agam go mbéidh mórán seód ó'n
am atá anois ann le cur imeasg seód na sean-aimsire. Déanfaidh lucht an
Chlaidhimh a ndíthchióll le na-a gcnuasachd.



An Craoibhín.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services