Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Troid 'san Spidéal

Title
Troid 'san Spidéal
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Troid 'san Spidéal.



Tá litir clóbhuailte ar an gClaidheamh so
a bhfuil casaoid innte i dtaobh oifigeach Riaghal-
tais atá san Spidéal agus nach bhfuil aon eolas
ar an nGaedhilg aige. Sasanach is eadh é.
Bord atá thall i Londain do chuir go dtí an
Spidéal é. Níl de obair air acht aois agus
maoin seandaoine a bhionn ag iarraidh tuaras-
dal na sean d'fhagháil do mheas agus iarratas
gach duine do mholadh, nó má bhíonn an t-iarratas
mí-cheart nó éagcórach, é do chosg agus gan
a leigint chun cinn. Níl seanduine amháin sa
Spidéal gan Gaedhilg, agus is beag duine aosta
sa gceanntar a bhfuil aon Bhéarla aige. Ní
féidir do'n oifigeach a chuid oibre a dhéanamh .i.
ní féidir leis cúis seanduine ar bith d'fhéachaint
i gceart agus i gcaoi a bheadh sásamhail do
mhuintir na háite. Is féidir leis tuairisgí
ar a ghnó do riar leis an mBord tá thall i
Lonndain acht is suarach an éadáil é mar
sheirbhíseach puiblidh do mhuintir an Spidéil.
Is ar éigin a bhfuil teach sa gceanntar nach
bhfuil baint ag an bhfear seo le duine nó le
beirt ann. Caithfear an Béarla d'úsáid ag na
daoine go léar mar sin, agus níl aon nídh sa
domhan a chuireas teanga faoi mheas acht í
d'úsáid. Ar an taobh eile, cuireann an Béarlóir
i gcéill do na daoinibh a thugann éisteacht agus
creideamhaint dó gur teanga úiríseal an
Ghaedhilg, agus tá a chuid oibre annsin ag
milleadh fao'n nGaedhilg. Dubhairt an Biorralach
atá tamall ó shoin go gcuirfidhe oifigigh a mbeadh
Gaedhilg aca go dtí Gaedhealtacht na hÉireann.
Ní thig linn muinighin dá laighead a bheith againn
as an mBiorralach. Ná bíodh ar ndóchthas ann.
Cuirmís ar ndóchthas i n-ar muintir féin, agus
déanamaois troid agus béidh ar an mBord
Gaedhilgeoirí do chur go dtí an Ghaedhealtacht
le saorthoil nó i n-aghaidh a dtola. Tá aon
leigheas láidir éifeachtamhail ar an sgéal .i.
muintir na háite do ghríosadh chun gearáin.
Ní dóigh linn gur chlaoin muintir an Spidéil
a gceann do'n Ghalldachas ariamh. Níor
ghéilleadar aimsir an ghorta. Níor ghéilleadar
do Bhéarla na sgoltacha nuair nach raibh ionad
do'n Ghaedhilg ionnta. Má mheabhruightear dóibh
anois é ní ghéillfidh siad do'n Bhéarlóir de
oifigeach atá curtha chuca le tarcuisne agus
casmhucháin a thabhairt dá sean. B'fhurasta iad
a ghríosadh mar tá seanaithne aca ar lucht cosanta
na Gaedhilge. B'fhursta an t-oifigeach do
ghearán leis an mBord agus le ceann an
Riaghaltais i nÉirinn. Agus dá ndéantaoi
é seo san Spidéal agus dá leantaoi dhe go
mbeadh ruaig curtha ar an mBéarlóir bheadh
deireadh le na leithéid i nÉirinn feasta. Dearbh-
uighimid díbh, a Chonnradhthóirí na Gaillime,
nach bhfuil éifeacht le rúin a cuirtear i bhfeidhm
annso i mBaile Átha Cliath muna ndéantar
troid san áit a luigheann an bhróg orainn. Tá
faill anois agaibh buille a bhualadh ar son bhur
dteangan. Má bhuaileann sibh an buille i
gceart béidh toradh dá bharr agus beidh trácht
agus tuairisg air ar fud Éireann uile. I n-ainm
Dé buailidh siar go dtí an Spidéal agus
árdaighidh bhur nglór ann, agus cuiridh ruaig an
mBéarlóir atá ag milleadh faoi bhur nduthracht
agus bhur n-obair ar son na Gaedhilge.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services