Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Finnsgéalta na hAraibe, Cuid 1

Title
Finnsgéalta na hAraibe, Cuid 1
Author(s)
Aistrithe ag Diarmuid Ó Foghlúdha,
Pen Name
Feargus Finnbhéil (Aistr.)
Translator
Ó Foghlúdha, Diarmuid
Composition Date
1908
Publisher
Muintir na Leabhar Gaedhilge (The Irish Book Co.)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


FINNSGEALTA NA h-ARAIBE.



TRÁCHTAR i leabhraibh stairidheachta na h-Araibe ar
rígh rathmhar árd-chéimeach do bhí i bhflaitheas na tíre sin
fadó; agus rug an rí sin bárr ó righthibh a chomh-aimsire
ar líonmhaire slógh, ar fheabhas tuisgionna, agus ar
iomad rachmais. Bhí forlámhas aige ar a bhfuil de dhúth-
aighibh ó'n Mhuir Ruaidh go teorain na Síne, soir ar fad
thar na h-Inniathaibh; agus ar na h-oileánaibh insa mhuir
mhóir ar an dtaobh theas; agus as soin ó thuaidh go tuais-
geart na Tartaire Móire. Má bhí comhacht thar bárr aige,
do bhí urraim d'á réir do, agus bhí cion air ag íseal
agus ag uasal ar fuaid a ríoghachta. Ní 'na ríoghacht
féin ar leithlig a bhí an urraim sin do. Bhí na sluaighte
go deagh-órduighthe aige; agus na righthe a bhí i n-aon
chomhngar do, dá mba ná beadh cion acu air, b'é a leas
bheith urramach do. Bhí beirt mhac aige, agus bhí na tréithe
céadna ionnta soin a bhí ann féin. Sgothchiar ab' ainm
do'n oighre, agus Sgothdhonn ab' ainm do'n fhear ab' óige.
Ba dheacair aoinne dhe'n bheirt mhac do shárughadh ar
bhreághdhacht pearsan ná ar uaisleacht gníomh.



Chuaidh caitheamh ar ré an tseana ríogh, fé mar a
théidheann ar gach nídh fé'n spéir. Fuair sé bás leis an
aimsir, agus tháinig Sgothchiar i gcoróin. D'fhág soin
Sgothdhonn gan tighearnas gan ughdarás, do réir dlighe
na ríoghachta. Má dh'fhág, ní tnúth ná formad a ghlac é fé
shonas a dhearbhrathár. Is amhlaidh luigh sé isteach 'n-a
sheirbhís, agus ní raibh seirbhíseach eile ag Sgothchiar ba
dhícheallaighe agus ba dhúthrachtaighe ná é. Chuir soin ana


L. 4


shásamh aigne ar an rígh óg. Bhí ana chion ag an mbeirt
ar a chéile, agus do ghoill sé ar Sgothchiar gan a dhear-
bhratháir a bheith i gcomh-réim leis féin. Níor bh'fhuláir
leis, taréis tamaill, dhá leath a dhéanamh dá oighreacht,
agus an Tartair Mhór go léir a thabhairt do Sgothdhonn
mar ríoghacht. D'imthigh seisean gan puinn moille, i
mbun a ríoghachta, agus chuir sé fé i bpríomh-chathair na
Tartaire Móire, i gcathair Samarcanda.



Thug an dá rí deich mbliadhna dá éis sin gan a chéile
d'fheisgint. Tháinig uaigneas ar Sgothchiar taréis a
dhearbhrathár d'imtheacht uaidh, agus bhí an t-uaigneas ag
méadughadh air, go dtí nár fhéad sé é fhulang ní ba shia.
Chuir sé sgéala chun Sgothdhonn taréis na deich mbliadhan,
dá iarraidh air teacht ar cuaird chuige. Isé duine chuir
sé uaidh ar an dteachdaireacht soin ná a phríomh-reachdaire
féin, go n-a mharcshluagh le n-a chois. Ní misde a rádh
go raibh an reachdaire sin leigithe amach go h-aerach fé
shíodaibh agus fé shróll, agus gur thaithneamhach le feis-
gint é ar cheann na marcraidhe. Ghluaiseadar rómpa,
agus ní stad ná comhnuidhe dheineadar go sroisint na
Tartaire Móire dhóibh.



Nuair a bhíodar buailte le Samarcanda tugadh rabhadh
do Sgothdhonn iad a bheith ag teacht. Ba mhaith an mhaise
sin do Sgothdhonn, d'eirigh sé amach ó'n gcathair, é féin
agus a mhaithe agus a mhór-uaisle, agus iad uile gabhtha
ins na h-éadaighibh ba bhreághdha agus ba dhaoire le fagháil,
i n-onóir do theachdaire an ríogh. Thug seisean a theachd-
aireacht uaidh. Isé dubhairt Sgothdhonn, gur mhór aige an
onóir a chuir a dhearbhratháir air agus an marcshluagh
soin a chur 'na choinne; agus ná fuair sé riamh aon
sgéala ba ghile le n-a chroidhe ná an cuireadh sin a thug
Sgothchiar do. "Is amhlaidh atá," ar seisean, "ná breis


L. 5


cheana ag teacht agam air leis an aimsir. Táim-se chomh
fonnmhar céadna agus tá seisean go dtabharfamís
sealad i bhfochair a chéile; agus ó ná fuil cogadh ná
clampar ag cur orm anois, beidh mé ullamh chun gluaiste
led' chois i gcionn seachtmhaine.



Chuadar isteach sa chathair i bhfochair a chéile. Do
fearadh na mílte fáilte annsoin roimis an reachdaire
agus roimhe n-a shluagh. Fuaireadar áit fé leith chun comh-
nuighthe ar feadh na seachtmhaine. Tugadh gach aon teas-
bánadh dá fheabhas agus dá uaisleacht dhóibh; agus
cuireadh cóir bhídh agus díghe ortha chomh maith agus dá
mba rí gach aon fhear díobh.



Bhí bruid ar gach aoinne sa rí-theaghlach an tseacht-
mhain sin, cuid díobh ag friotháileamh ar na daoinibh
iasachta, agus cuid díobh ag déanamh an ullamhúcháin do'n
rígh i gcomhair a thurais. Do cheap an rí lucht comhairle
le h-aire do thabhairt do ghnóthaibh stáit an fhaid a bheadh
sé féin amuich; agus chuir sé an fear ba mhó eolas agus
ba sheasamhaighe dá raibh 'na sheirbhís ar cheann an lucht
comhairle sin. Bhí gach nídh ullamh i gceann na seacht-
mhaine. Gluaisíd rómpa idir eachra agus charbadaibh.
Ceileabhraid do'n bhainríoghain, agus tugaid an bealach
mór ó dheas ortha. Do stadadar taréis aisdir an
chéad lae, agus chuireadar fútha i gcomhair na h-oidhche.



Ba ghnáthach san am soin, nuair a bhíodh rí as baile, go
ndeineadh sé malairt éadaigh agus malairt ionaid le
duine dá ghiollaíbh. Do sheachnadh an droch-dhuine nárbh'
fhuláir soin do dhéanamh; mar dá fheabhas rí bíonn droch-
dhuine éigin ar a thí. Chuaidh Sgothdhonn fé cheilt ar an
gcuma soin an chéad oidhche bhí sé amuich; agus má chuaidh,
ní le duine dá ghiollaíbh féin a dhein sé malairt éadaigh,
ach le reachdaire a dhearbhrathár. Ní fada bhí sé, agus


L. 6


síodaí an reachdaire uime, go dtáinig giolla príobh-
áideach ó theaghlach na bainríoghna, agus leitir fá shéala
aige. Thug an giolla an leitir do'n rígh, i leith is gur
do'n reachdaire bhí sé ghá tabhairt. Leitir ó'n mbain-
ríoghain a b'eadh í, dá chur i n-úil do'n reachdaire go raibh
sí féin taréis tuiteam i ngrádh leis, agus ag fógairt
gheas air muna gcuirfeadh sé Sgothdhonn chun báis, agus
teacht tar n-ais agus í féin do phósadh.



Nuair a bhí an leitir léighte ag Sgothdhonn chuir sé
chuige i dtaisge í, gan aonnídh a leigint air. Chuaidh sé
chun leaptha an oidhche sin, agus ní codla ná suan a dhein
sé, ach ag smuaineamh ar an bhfeall a bhí beartuighthe ag
an mbainríoghain 'na chomhair. Lá ar na mháireach go moch,
dubhairt sé leis an reachdaire gur theasduigh uaidh dul
thar n-ais chun na cúirte, agus go mbeadh sé chúcha arís
um thráthnóna. Ghlaoidh sé chuige a ghárda agus d'imthigh
sé. Chomh luath agus shroich sé fáithche na cúirte, dubhairt
sé leis an ngárda fuireach annsoin go dtiocfadh sé thar
n-ais chúcha. Chuaidh sé isteach sa chúirt agus ghlaoidh sé
chuige an fear tighis. Chuir sé fios ar an mbainríoghain
annsoin. Tháinig sí.



"A fhir tighis," ars an rí, "bain an ceann di sin
láithreach."



Bhain an fear tighis an ceann di, gan húm ná hám a
chur as.



Do chas an rí ar a sháil annsoin, agus do shroich sé
féin agus a ghárda an fos-longphort tráthnóna an lae
chéadna. Níor leig sé focal as a bhéal le h-aoinne i
dtaobh ar thuit amach sa chúirt. Gluaiseadar rómpa
amáireach 'na dhiaidh soin, agus ní aithristear a n-im-
theachta go rabhadar láimh leis an gcathair mar ar chomh-
nuigh Sgothchiar. Táinig Sgothchiar, go n-a mhaithe agus a


L. 7


mhór-uaisle, ó'n gcathair amach i gcoinne ríogh na Tar-
taire. Is beag má dh'fhan duine sa chathair nár lean
amach iad. Bhí ceol binn dá spreagadh aca, agus an
túisge chonnaiceadar Sgothdhonn chúcha, thógadar trí gártha
go h-árd na spéarach. Bhí aiteas agus aoibhneas ar íseal
agus ar uasal, ach amháin ar an té go raibh an fothram
go léir dá dhéanamh i ngioll air. Ní raibh dá chuimhneamh
do Sgothdhonn ach an feall úr-ghránna a cheap a bhean-
chéile dh'imirt air; agus níor fhéad sé an tocht a chur dá
chroidhe dá mhéid suairceas a bhí ar an gcuid eile de'n
chuideachtain.



Nuair a theangmhuigh an dá rí ar a chéile thángadar
anuas dá gcapallaibh, rugadar barróg ar a chéile, agus
níor bh'áthasaighe duine acu ná an duine eile. Taréis
tamaill ag caint dóibh chuadar ar marcuidheacht arís, go
ndeaghdar isteach sa chathair ar ghualainn a chéile, agus
an sluagh go lúthgháireach 'na ndiaidh aniar. Bhí pálás fé
leith ullamh ag Sgothchiar do rígh na Tartaire, pálás
aoibhinn aerach nua-thógtha, a bhí láimh le n-a rí-theach féin,
agus gan eatortha ach gáirdín.



Chuaidh cualacht na Tartaire isteach sa phálás nua chun
comhnuighthe. B'é céad ghnó a dhein Sgothdhonn ná dul dá
ionnladh féin i bhfothraig d'uisge fhionn-fhuar a bhí ullamh
'na chomhair ann. Chuir sé uaidh an t-éadach a bhí lán de
smúit an bhóthair, agus do chuir malairt éadaigh uime.
Chuaidh sé isteach sa phroinn-teach annsoin, mar a raibh a
dhearbhratháir ag feitheamh leis, agus chaitheadar a ndóthain
bídh agus dighe ann. Shuidheadar araon ar thulg 'na
dhiaidh soin, ag caint agus ag comhrádh, agus ag cur tré
chéile, ar na neithibh a thuit amach le deich mbliadhna roimhe
sin. Níor bhraitheadar an aimsir ag gabháil thársa no
go raibh sé déidheanach san oidhche. D'fhág Sgothchiar slán


L. 8


agus beannacht agá dhearbhratháir annsoin, agus chuaidh
chun a rí-thighe féin.



I bpáirt ríogh na Tartaire, an méid dá bhuadhairt
aigne dh'eirigh de faid a bhí Sgothchiar ina fhochair, tháinigh
sé thar n-ais ar a dhúbailt air nuair a bhí sé ina aonar.
An bhainríoghan agus an leitir, sin iad a bhí ag baint a
mheabhrach de. Chuaidh sé chun leaptha, ach níor thuit néall
chodlata air. Thug sé roinnt de'n oidhche ghá únfairt
féin sa leabaidh; agus nuair ná fuair sé sos ó sna
smaointibh dhorcha dho-fhulaing a bhí ghá chlaoi, d'eirigh sé
agus thug sé an chuid eile dhe'n oidhche ag siubhal an tighe
dho féin. Bhí sé chomh suaithte, chomh claoidhte, chomh buailte
amach soin ar maidin gur bh' fhurais aithint ar a ghnúis
buadhairt mhí-chuibhsach éigin a bheith air. Thug Sgothchiar
fé ndeara, an túisge tháinigh sé an lá soin, an
t-atharrach crot a bhí tagaithe air ó indé roimhe sin. "Ní
fheadar an domhan," ar seisean ina aigne féin, "cad tá
ag cur ar rígh na Tartaire, go bhfuil sé chomh duairc,
chomh cásmhar so. Ní féidir leis a mheas nár cuireadh
fáilte geal annso roimis. Má mheasann sé nár cuireadh,
ní mheasaim-se é; agus ní'l aon mhileán orm fhéin agam
dá thaobh. Is dócha gur'b iad gnóthaí puiblidhe a ríogh-
achta atá ag déanamh mearbhail do, toisg gan é féin a
bheith 'na mbun. Ní dóichighe sin ná gur'b é atá ag cur
na gruama ar fad air, é bheith chomh fada so ó n-a bhaile
féin, agus ó chomhluadar a mhná chéile. Pé acu soin é,
déanfad iarracht ar an gceo do thógaint dá croidhe,
má's féidir i n-aon chor é; agus má theipeann soin orm
is fearra dhom é leigint uaim abhaile go buidheach
beannachtach, ar eagla go n-eireochadh aon toirmeasg
eadrainn."



Chuir Sgothchiar chun oibre do réir an rúin sin. Ní


L. 9


leigeadh sé lá thairis ná go mbíodh nuadhacht éigin aige —
nuadhacht éigin ba dhóigh leis a thógfadh an brón dá dhear-
bhratháir, no a dhéanfadh caitheamh aimsire dho. Do theip
glan air. Is amhlaidh bhí Sgothdhonn ag dul i n-olcas i
n-aghaidh an lae. Ba throimide a chroidhe, agus ba mhóide
a dhólás, a mbíodh de ghreann agus d'aoibhneas timcheall
air.



"Tá, a dhearbhratháir ó," arsa Sgothchiar lá, "for-
fhógra tabhartha agam-sa dom' theaghlach go mbeimíd ag
dul fé choilltibh ag sealgaireacht ar maidin amáireach,
mar aon leat-sa agus led' theaghlach. Tá súil agam go
dtaithnigheann soin leat-sa, a rí."



"Ar do ghrádh dhom," arsa Rí na Tartaire, "agus ná
h-iarr orm dul le nbhur gcois, mar táim gan bheith ar
foghnamh."



"Goillfidh sé go mór orm a dhearbhratháir ó," arsa
Sgothchiar, "má bhíonn sé le rádh ag mo theaghlach ná
tiocfá chun na seilge i n-aonfheacht linn amáireach;
agus is baoghal liom go ngoillfidh sé ortha féin mar an
gcéadna, mar is mór é a gcion ort-sa."



"Gaibh agam, a rí is fearr sa domhan má dhiúltuighim
de'n onóir seo," do ráidh Sgothdhonn. "Déanfad," ar
sé, "malairt éadaigh lem' árd-fheadhmannach amáir-
each, agus nuair a bheidh mo choróin ríogdha ar a cheann
ní bheidh fhios agod' theaghlach-sa, ná agom' theaghlach féin,
ná gur'b é Rí na Tartaire bheidh led' chois."



D'aontuigh Sgothchiar leis sin, agus d'imthigh sé chun na
seilge lá ar na mháireach, é féin agus lucht an dá
theaghlach.



D'fhan Sgothdhonn sa bhaile an lá soin, agus éadach
an fheadhmannaigh uime. Shuidh sé laistigh d'fhuinneoig,
agus gan puinn suime dá chur sa tsaoghal aige, ach ag


L. 10


cuimhneamh agus ag smuaineamh do féin. Má bhí sgamall
cheoidh ar an rígh laistigh de'n fhuinneoig, ní raibh lasmuich
ach gile agus aoibhneas do-innste. Bhí an ghrian ag
taithneamh sa gháirdín ar a aghaidh amach, agus d'airigh sé
ceileabhar binn na n-éan ins na crannaibh mór thimcheall.
Bhuail sé amach fé'n ngáirdín do féin i gcaitheamh an
lae, le súil agus go gcuirfeadh sé cuid éigin dá
bhuadhairt de.



Cia theangmhóchadh annsoin air ach an bhainríoghain, bean
chéile a dhearbhrathár, agus í 'na h-aonar. Níor stad sí
dá siubhal, ach dubhairt sí na focail seo agus í ag
glanadh thairis: "A reachdaire uasail," ar sí, "do
thuiteas i ngrádh leat an túisge leagas mo shúil ort.
Níl aga agam ar a thuilleadh cainte a dhéanamh anois
leat, ar eagla go bhfeicfidhe sinn; ach má chuirir an dá
rí chun báis anocht, nuair a bheid siad i gcomhluadar a
chéile, beidh an ríoghacht go léir agat, agus béad-sa mar
mhnaoi agat."



Bhí sí imthighthe thairis sul a raibh deireadh na cainte
sin ráidhte aici. Is ar éigean d'fhan i Sgothdhonn focal
a rádh, tháinig a leithéid sin d'iongna air. Tháinig
freagra chun a bhéil, ach níor leig sé amach é. Tháinig an
dara freagra, agus níor leig sé uaidh é. Tháinig an
tríomhadh freagra: "Mise do sheirbhíseach ró-umhal, a
ríogan," ar seisean.



D'fhill sé isteach 'na sheomra annsoin, agus chrom sé
ar mhachtnamh.



"Nár mhór an t-amadán mé," ar seisean leis féin,
"agus an oiread soin buaidheartha a chur orm féin i
ngioll ar mhí-rún mo mhná, chomh maith agus dá mbeadh
fir eile an domhain saor ó'n mí-adh céadna? Isé Sgoth-
chiar an rí is mó comhacht agus is fairsinge stát dá


L. 11


bhfuil ar domhan. Dar liom, ní raibh a bhac air a rogha
bean a ghlacadh de mhnáibh an domhain, agus féach go
ndeaghaidh sé dhe bean d'fhagháil a bheadh dílis do. Is
deacair a mheas, 'na dhiaidh soin, go mbíonn aon bhean
phósta dílis abhfad dá fear. Ba chóra dhomh-sa leis ciall
a bheith agam, agus gan bheith am' mharbhadh féin gan chúis
gan adhbhar. 'Seadh, agus gan aon chúrsaí gearáin agam
seachas aon fhear pósta eile, de réir mar chíthear dom.
Cuirfead as mo chuimhne ar fad é feasda mar sgéal.
Tuigim anois go bhfuil an feall céadna ionnta go léir,
mar mhnáibh; agus nach ciall do dhuine bheith ag briseadh
a chroidhe i ngioll ortha, ná sólás an tsaoghail do chaill-
eamhaint leo."



Do spreag sé a mheanma ó'n nóimeat soin amach. Bhog
an t-ualach dá chroidhe, agus tháinig a ghoile agus a mheis-
neach d'aon iarracht do. Nuair a tháinig aimsir dínéir
chuaidh sé chun búird; chaith sé a chuid chomh fonnmhar agus
nár chaith ó'n lá dh'fhág sé a dhúthaigh féin; agus chuir sé
spéis nár ghnáthach leis insa chuirm chaoin-chanta ceoil a
bhíodh ag seinm agus ag gabháil abhrán le linn dínéir.
B'é an fear subháilceach agus an comhráidhtidhe aibidh as
soin go tráthnóna é; agus nuair a tháinig a dhear-
bhratháir chun tamall de'n oidhche a thabhairt 'n-a theannta,
mar ba ghnáthach leis, chuir sé na fáiltí geala roimis.



Thug Sgothchiar fé ndeara an geal-gháiritidhe. Dar leis,
ba mhór an t-athrughadh a bhí tagaithe ar Rígh na Tartaire
ó chonnaic sé cheana é; ach níor shíl sé go seasóchadh an
geal-gháiritidhe abhfad. Chrom sé ar eachdaraighe dho
cionnus mar eirigh leo sa tseilg, agus cadé mar ghreann
a bhí ins na coilltibh acu, agus an choisidheacht a bhain-
eadar as a leithéid seo, agus as a leithéid siúd d'ain-
mhidhe allta. Ins an eachdra dho, bhíodh sé ghá cháiseamh


L. 12


gan Sgothdhonn a bheith le n-a n-ais. Chuirfeadh, adubhairt
sé, an lá aerach fiadhaigh a bhí acu aiteas i gcroidhe
aoinne; ach go ndeaghaidh an lá amugha air féin de cheal
cuideachtan a dhearbhrathár. Níor fhág Sgothdhonn an
chaint go léir fé, ámhthach. Dhein sé féin cion duine de'n
chaint, agus b'fhusaide leis sin ó fuair sé go raibh an
t-ualach imthighthe dá ucht. De réir mar dhruideadar
isteach sa chomhrádh ghluaisigheadh na ráidhte uaidh go pras,
agus go comhngarach, agus go sultmhar.



Ní raibh pioc dá choinne ag Sgothchiar, agus é ag teacht
an oidhche sin, go mbeadh Rí na Tartaire chomh h-éadtrom,
chomh beo-ghlórach roimis. Tháinig áthas a chroidhe air, nídh
nach iongna, nuair a bhraith sé go raibh an duairceas go
léir imthighthe dhe. Do labhair sé mar seo leis i gcaitheamh
na hoidhche amach:



"Is fáth lúthgháire liom, a dhearbhratháir ó," ar seisean,
"a dh'fheisgint go bhfuil athrughadh mór tagaithe ar do
mheanmain ó aréir. Dar go deimhin ní fhéadaim a chur
i n-úil duit cadé an t-áthas atá orm dá chionn. Ó'n lá
tháinís annso chugham bhraitheas ort go raibh troma-chroidhe
éigin ort, no galar millteach éigin ag gabháil duit;
agus chuaidh díom t'aigne a spreagadh, ba chuma cadé
an saghas caitheamh aimsire bheartóchainn id' chomhair. Bhinn
ghá cheapadh, im' aigne féin, gur'b é cúram do ríoghachta
a bhí ag déanamh buaidheartha dhuit; agus cheapainn uair-
eannta eile gur'b amhlaidh bhís dod' shnaoi le grádh marbh.
Cé ná h-aithnighim bainríoghan na Tartaire, níl aon
amhras agam ná gur bean áluinn éirimeamhail shéimh í,
agus ní locht ort má bhraithis uait a cuideachta agus a
comhairle. B'fhéidir, ámhthach, go bhfuilim amugha ar fad
sa tuairim sin. Ba leasg liom, fágaim le h-uadhacht,
aon cheist a chur chughat 'na thaobh go dtí so, le faitchíos


L. 13


gur'b amhlaidh chuirfeadh mo chuid ceistiúcháin tuilleadh
buaidheartha ort. Bhís ag tuiteam i ndiaidh do chúil, agus
ag cailleamhaint do mheisnigh i n-aghaidh an lae, d'ain-
deoin mo dhíchill. Chím, ámhthach, go bhfuilir chomh beo, chomh
meanmnach anocht agus ná feaca aon lá riamh thu; agus
isé chuireann an iongna go léir orm gur chuiris díot ó
aréir pé millteacht a bhí ag gabháil duit, gan aon chong-
namh uaim-se. B'fhéidir nár mhisde dhom anois, ó tá an
méid sin dánaidheachta déanta agam ort, an cheist seo a
chur chughat; agus tá súil agam ná ceilfidh tú orm é: an
uaigneas do mhná chéile bhí ort, no cad a bhí ag goill-
eamhaint ort?"



Do thuit fé mar a bheadh toirchim suain ar Sgothdhonn,
agus níor labhair sé go ceann tamaill mhaith. Bhí sé ag
cur agus ag cúiteamh ina aigne féin, féachaint cad
déarfadh sé, mar ba nár leis a rún a nochtadh. Dubhairt
sé sa deireadh, as a mhachtnamh: "Is tú mo rí agus mo
mháighistir," ar sé; "ach ar a shon soin b'fhearr liom gan
an cheist sin do fhreagairt, agus tá súil agam ná tóg-
faidh tú orm é."



"Amás ní h-é m'eiteach a dhéanfá fé'n nídh seo dh'iarr-
aim ort," ars an fear eile. "Ní gheobhad aon leath-sgéal
uait, gan freagra cruinn ar mo cheist."



Chuadhthas chomh dian soin sa cheistiúchán ar Sgothdhonn
go mb'éigean dó an sgéal go léir d'innsint sa deireadh.
"'Seadh, a dhearbhratháir," ar seisean, "ó ná fuil aon
teacht uaidh agam, 'neosad an sgéal tríd síos duit."



D'aithris sé dho annsoin gach nídh mar thárla dho agus é
ag fágáil a dhúthaighe féin; agus mar dheimhniughadh ar a
sgéal theasbáin sé dho an leitir a chuir a bhean chéile ag
triall ar an reachdaire. "Má bhíos dom' chlaoi le brón,"
ar seisean, "féach féin an raibh a chúrsaidhe agam?"


L. 14


D'admhuigh Sgothchiar gur bh'ait agus gur bh'uathbhásach
ar fad an sgéal aige é; agus ná fuair an bhainríoghan
ach an méid a bhí amuich aici. "B'fhada liom," ar seisean,
"agus tú ag innsint do sgéil dom, go gcloisfinn uait
cadé an íde thugais ar an mbainríoghain. Beirim mo
bheannacht duit; níor dheinis uirthi ach corp an chirt. Ní
féidir aon mhileán a bheith ort i dtaobh díoghaltas a
dhéanamh uirthi, mar bhí sé tuillte san iomlán aici. Dá
mbeinn-se id' chás ní i dtaoibh le h-aon bhean amháin a
chur as an slighe bheinn. Ní dóigh liom go stadfainn no
go mbeadh míle duine acu ídighthe agam. Ní fheadar an
raibh sé de chrann ar aon fhear riamh ach ort féin bheith
snadhmtha le n-a leithéid siúd de mhnaoi. Is buidheach a
bhí Dia dhíot agus a rádh go dtugais t'anam leat ó n-a
cealgaibh. Ní h-iongna liom thú bheith ar meirthnighe mar
bhís, mar bhí a chúrsaidhe agat má bhí ag aon fhear fós
riamh. Bhí an buille ró throm, ró mharbhthach, agus níl
croidhe dá threise ná caithfeadh géilleadh dho. Ach níor
innsis fós dom cad a chuir an sásamh aigne ort ó chon-
nac cheana thu, no cionnus a tháinig do spionnadh agus
do mheanma dhuit chomh h-obann soin? Tá cúis mhaith
éigin agat leis, ní fuláir."



Chuir soin Rí na Tartaire i gcruadh-chás arís. Ba mhaith
leis an rabhadh a thabhairt dá dhearbhratháir go raibh an
droch-aigne agá mhnaoi dho. Cheap sé, 'n-a choinne sin,
dá mbaineadh sé an ceann ar fad de'n sgéal láithreach,
gur'b amhlaidh ná creidfeadh Sgothchiar é, agus go n-eir-
eochadh sé chun feirge leis. Sgéal gan urradh gan taca
b'eadh bhí le h-innsint aige, dar leis. Má labhair an
bhainríoghan leis níor chualaidh aoinne an chaint a dhein-
eadar le chéile ach iad araon. D'fhéadfadh an bhain-
ríoghan a shéanadh go raibh a leithéid i gceist, ná gur


L. 15


labhair sí i n-aon chor leis an bhfeadhmannach. Ba chún-
tabhairt anama dho féin é, dá mba dhóigh le Sgothchiar
gur bh'éitheach a bheadh dhá chur ar an mbainríoghain aige.
Ba chúntabhairt anama do Sgothchiar dá bhfágtí ar chumas
na bainríoghna é, gan fuláramh a thabhairt do go raib sí
ar a thí. Ba chúntabhairt anama dhóibh araon é muna
ndéintí an gnó go gasta, agus claon-rún a mhná do
nochtadh do Sgothchiar ar chuma go dtuigfeadh sé féin
fírinne an sgéil. Bhí an gnó soin le déanamh ag Sgoth-
dhonn, agus níor mhór do cur chuige go h-aireach agus go
gasta.



"Dá ndéarthá," ar seisean, "go dtáinig leigheas mo
ghalair chugham, ba ghiorra dho'n cheart é 'ná a rádh go
dtáinig sásamh aigne orm. Má thána ar malairt comh-
airle ó chonnac aréir thú, mo thuairim go raibh mo dhóthain
d'adhbhar agam leis. Is oth liom ná féadaim a dh'innsint
anois duit cionnus thárla mo leigheas dom, ach tá súil
agam go bhfuighead caoi ar é innsint go cruinn duit ar
maidin, má gheibhim aon athchuinge bheag amháin uait-se."



"Gheobhair t'athchuinge gan amhras," arsa Sgothchiar; "níl
agat ach a luadh. 'Na thaobh soin de, ní thuigim cad fá
ná 'neosfá anois beag dom pé nídh atá le h-innsint
agat ar maidin dom."



"Ní 'neosainn d'aoinne beo é," do ráidh Sgothdhonn,
"ach go mbraithim go bhfuil sé de cheangal orm é innsint
duit-se, ar mhaithe leat féin, agus ar mhéid mo ghrádh
dhuit. Ní fuláir duit deimhin do shúl féin a bheith agat
ar fhírinne mo sgéil, mar is baoghal liom go gcuirfidh sé
buadhairt ort níos truime ná an bhuadhairt a bhí orm-sa."



"Is móide mo mhian é chlos tusa dá rádh soin liom,"
arsa Sgothchiar.



"Má seadh," arsa Sgothdhonn, "fan annso im' fhochair-se


L. 16


go lá — sin í an athchuinge a bhí agam le cur ort — agus
beidh fios fátha an sgéil agat féin ar maidin."



D'aontuigh Sgothchiar fuireach go lá, ach go gcuirfidhe
sgéala chun a theaghlaigh ná raibh sé le teacht an oidhche
sin. Dubhairt Rí na Tartaire go ndéanfaidhe dá réir
sin; agus d'órduigh sé do'n fheadhmannach teachdaireacht
a chur chun na bainríoghna, dá chur i n-úil di go raibh an
dá rí le fanamhaint i gcuideachtain a chéile go lá.



"Tá go maith, agus go dian mhaith," ars an bhainríoghan
'na h-aigne féin, nuair a fuair sí an teachdaireacht.
"Níor fhan aon mheas ag m'fhear chéile orm-sa ó tháinig a
dhearbhratháir sa dhúthaigh seo. Is fearr leo cuideachta a
chéile ná mise a bheith i n-aon chomhngar dóibh. Is maith
mar a thárla; beidh a gcúram díom fé mhaidean. Ní
fuláir no is amhlaidh chuir an feadhmannach stró éigin
ortha, d'fhonn iad a chur as a shlighe le ciúineas na
h-oidhche."



Bhí, dar léi, an gníomh le déanamh ag an bhfeadhmannach,
agus b'fhada léi uaithi an mhaidean, go gcloisfeadh sí
cionnus eirigh leis.



Thug an dá rí an oidhche ag caint agus ag comhrádh,
agus ag cur an tsaoghail tré chéile. Chuir Rí na Tar-
taire éadach an fheadhmannaigh uime, agus bhuail sé féin
agus Sgothchiar amach fé'n ngáirdín tamall roimh lá.
Shiubhladar rómpa go rángadar ionad ó n-a raibh radharc
ar ghrianán na bainríoghna acu.



"Ins an láthair seo," arsa Sgothdhonn, "thárla mo
leigheas domh-sa indé, agus mé gabhtha ins an éadach
céadna so. Ní fuláir duit-se foiliughadh ar chúlaibh na
dtor annso láimh liom go ngealaidh an lá orainn, agus
go dtagaidh míniughadh mo sgéil chughat féin."



Chuaidh Sgothchiar i bhfolach ar chúlaibh na dtor, fé mar


L. 17


adubharthas leis. Ní ró fhada bhí Sgothdhonn annsoin, ag
siubhal anonn agus anall do féin, go bhfeaca sé chuige
an bhainríoghan, agus í 'na h-aonar.



"Beatha agus sláinte dhuit, a ríogan is áilne fé'n
spéir," ar seisean. "Gheallais indé dhom go bpósfá
mé dá gcuirinn an dá rí chun báis."



"Gheallas cheana, agus déanfad," ar sise; "an
bhfuilid siad marbh?"



Nílid," arsa Sgothchiar, ag lingeadh amach thar na
torthaibh do; "táid siad araon annso agat."



Níor thúisge sin ná thuit an t-anam as an mbain-
ríoghain, le h-uabhar agus le náire.



Tháinig dochma agus aithmhéala ar Rígh na Tartaire
nuair a chonnaic sé an bhainríoghan sínte marbh. D'fhan
an dá rí insa tseasamh soin ar feadh tamaill mhaith gan
focal a labhairt. Chomh luath agus tháinig a chaint do Sgoth-
dhonn, taréis na preibe do baineadh as, do labhair sé:



"Ochón, a dhearbhratháir ó," ar seisean, "nach orainn
araon a bhí an pláinéad agus teangmháil leis an mbeirt
bhan soin. Tuigim anois cad fá nár innsis do sgéal
san iomlán dom. Ní fhéadfainn a chreideamhaint uait,
ná dá gcloisinn ó mhíle duine nach tú é, go ndéanfadh
an bhainríoghan beart chomh caillte sin. Is mairg do rígh
ná do rúire a mhaoidhfeadh as a chuid de shonas an
tsaoghail, taréis a bhfuil imthighthe orainn-ne araon. Is
amhlaidh mar bhíonn an saoghal so, ag meallaireacht indiu
linn agus ag fonomhaid fúinn amáireach; agus ní fada
bhíonn sonas ná séan i ndán do dhuine ar domhan dá
aoirde céim. Is mithid dúinn-ne cur suas de'n bhaoth-
aireacht feasda, agus feabhas na múineadh atá faghálta
againn. Caithimís dínn na giobail ghuagacha so agus
imthigheam le fán an tsaoghail, le hionnchas go


L. 18


n-imteochadh an mí-ádh so as ár gcuimhne. Cadé an mhaith
éadaighe síoda agus coróin ríogdha, ó is feas ná fuil
sógh ná sonas i n-áirithe ag duine dá mbárr. Níl i
nár gcomhair-ne as so amach ach náire shaoghalta má
fhanamíd i nár ríoghachtaibh féin. Triallam araon fé
dhúthaighibh imigéine go bhfuigheam áit éigin ná h-aithneochar
ann sinn."



Cé nár thaithn sin mar chomhairle le Rígh na Tartaire,
níor mhaith leis cur i n-aghaidh an fhir eile go dtí go mbeadh
an fhearg imthighthe dhe.



"Pé nídh is toil leat-sa, déanfad é," ar seisean.
"Táim lán-toilteannach go n-imtheochamís le cois a
chéile; ach bíodh so de choingheall ann, go bhfillfeam
araon abhaile má gheibhmíd i nár siubhaltaibh fear is mí-
ádhmharaighe 'ná sinn féin."



"Táim sásta leis," arsa Sgothchiar; "ach ní dóigh liom
go bhfuil a leithéid le fagháil."



"Ní thagaim leat sa méid sin," do ráidh Sgothdhonn.
"Sílim go bhfuighmíd é, agus nach ró fhada go dtí soin."



Thógadar suas corp na bainríoghna eatortha, agus
chaitheadar isteach i ndígh é, ag bun an gháirdín. D'im-
thigheadar annsoin, agus thugadar bóthar uaigneach ortha,
fé'n dtír amach. Bhíodar ag siubhal agus ag síor-shiubhal
no go raibh drúcht agus deireanaighe na h-oidhche ag teacht
ortha, go raibh an láir bhán ag dul fé sgáth na cupóige
agus an chupóg ag teitheadh uaithi. Chuadar isteach i
gcoill a bhí i leath-taoibh an bhóthair, agus bhíodar ag
siubhal rómpa go bhfeacadar brugh-theach aoibhinn lán-
tsoillseach istigh i lár na coille. Níor dheineadar aon
stad go ndeaghdar isteach sa bhrugh-theach. Duine ná daon-
naidhe ní raibh annsoin rómpa ach aon stáid-bhean sgéimh-
áluinn, agus ní fheacadar de sholas ann ach a raibh de


L. 19


shoillsibh ag teacht ó sna péarlaíbh taithneamhacha a bhí fé
n-a brághaid, agus ar mhéaraibh a dhá láimh. Chuir an
stáid-bhean fíor-chaoin fáilte rómpa, agus dubhairt leo
gur bh'fhada í ag súil le n-a leithéidíbh, agus go raibh a
gcongnamh ag teasdabháil uaithi.



"Táim pósta annso," ar sise, "le fathach na dtrí
gceann, agus ní leomhfadh sé d'aoinne eile teacht isteach
insa choill seo, ar eagla go bhfeicfidhe mise; agus bain-
fidh sé na cinn díbh-se muna mbeidh tosach agaibh air. Ní
féidir é mharbhadh ach le trí claidhmhtibh i n-aonfheacht. Beidh
sé ag teacht isteach ar ball; agus nuair a thuitfidh a
chodladh anocht air goidfead-sa a chlaidheamh uaidh agus
bainfimíd a dtriúr ceann an duine againn de. Annsoin
osglóchamíd seomra an óir, agus roinnfimíd an saidh-
bhreas, agus pósfad-sa mo rogha fear díbh-se araon."



Chuir sí isteach i seomra fé leith iad, agus dubhairt leo
foiliughadh go ciúin ann go mbeadh an fathach 'na chodla.
D'imthigh sí annsoin fé'n gcoill amach, i gcoinne an
fhathaigh, agus na soillse ag taithneamh roímpe.



"'Seadh," arsa Sgothchiar, nuair a fuair sé imthighthe í,
"cad deire leat féin anois? Nach cuirpeach an bhean í
seo ag an bhfathach? Cad dubhart-sa leat, ach gur measa
ná a chéile na mná? Caithfidh tú a admháil ná fuil aon
teora leo le h-olcas."



"Admhuighim é, a dhearbhratháir," arsa Rí na Tartaire;
"agus ní fuláir duit-se a admháil gur sháraigh sí seo na
mná bhí againn-ne ar olcas, agus fós gur mí-ádhmharaighe
an fear a theangmhaigh léi ná ceachdar dínn-ne. Ar
choingheall go bhfillfá chomh luath agus gheobhmís a leithéid
iseadh ghluaisigheas-sa leat. Tá sé faghta againn, agus
ní'l aonnidh dár gcosg anois ar chasadh linn abhaile. Im'
pháirt-se dhe, ní fonn liom mo ríogacht a leigint uaim i


L. 20


ngioll ar mhnaoi. Táim lán deimhinitheach gur dá chéile
na mná go léir, agus nach fiú iad go gcaillfimís
suaimhneas aigne ná sólás an tsaoghail leo. Siné
athrughadh meoin a tháinig orm le dhá lá. Táim ceapaithe
ar pósadh arís, ach tá seift agam ortha, mar mhnáibh, ná
fágfaidh faill ag aoinne acu ar bheith neamh-dhílis dom as
so amach. Ní fearr bheith ag teacht thairis anois; ach
cloisfidh tú 'na dhiaidh so cadí an tseift í, agus is mór
an t-iongna liom no déanfair-se an tseift chéadna
ortha."



Theitheadar as an mbrugh-theach annsoin. Ag filleadh
amach as an gcoill dóibh, fuaireadar amharc ar an stáid-
bhean, ag teacht fé dhéin an tighe mhóir agus an fathach ar
láimh aici. Ghluaiseadar rómpa, agus ní aithristear a
thuilleadh dá sgéalaibh go rángadar an chathair tráthnóna
lá ar na mháireach.



Chuir Sgothchiar tionól ar a lucht comhairle, agus
d'fhoillsigh dóibh cadí an íde dh'imthigh ar an mbainríoghain.
Do nocht sé a aigne dhóibh i dtaobh na mban, ghá rádh
gur mhí-riaghalta agus gur chuirpeach an dream iad, de
réir na h-aithne bhí aige féin ortha, agus ná tabharfadh
sé d'uain d'aon mhnaoi feall ná imreas a dhéanamh as
soin amach air. Ní eireochadh lá air, adubhairt sé, ná go
mbeadh bean le pósadh aige, agus chuirfeadh sé chun báis
lá ar na mháireach í. Agus thiomnaigh sé é féin, os a
gcomhair, go gcromfadh sé ar an rún soin a chur i gcrích
an túisge dh'imtheochadh Rí na Tartaire uaidh abhaile.



Ceileabhraid an dá rí dá chéile go h-athchomair 'na
diaidh soin, agus gluaisíd marcshluagh na Tartaire
rómpa fé dhéin a ndúthaighe féin. Agus do bhronn Sgoth-
chiar ar a dhearbhratháir le linn imtheachta dho, na seoda
dob' uaisle agus ba luachmhaire dá raibh 'na ríoghacht.


L. 21


Ní mó ná imthighthe bhí Rí na Tartaire nuair a labhair
Sgothchiar leis an bhfear tighis, agus d'órduigh do a
leithéid seo de mhnaoi uasail, inghean do dhuine dá
thaoiseachaibh airm, a thabhairt chuige le pósadh. Thug an
fear tighis chuige gan mhoill í, agus pósadh iad. Ar
maidin lá ar na mháireach ghlaoidh sé chuige an fear tighis,
agus d'órduigh do an ceann a bhaint de'n mhnaoi sin.
Dhein an fear tighis de réir mar a h-órduigheadh do, gan
fios na cúise bhí uirthi dh'fhiarfaighe. D'aithin an rí ann-
soin do a leithéid seo de mhnaoi eile a thabhairt chuige le
pósadh. Thug an fear tighis chuige an lá soin í, agus
b'éigean do í chur chun báis amáireach a bhí chughainn.
Bhí an gnó céadna le déanamh ag an bhfear tighis gach
aon lá as soin amach, bean le cur chun báis ar maidin
aige, agus bean eile le soláthar fé thráthnóna aige.



Ba ghearr gur eirigh na ghol-ghártha ó'n bpobul, cuid
díobh ag caoineadh na mban a cuireadh chun báis, agus
cuid díobh ag caoineadh na mban nár cuireadh, i leith is
gur ortha thuitfeadh an crann an lá céadna. Gach
cailín sgéimh-áluinn óg dár chomhnuigh sa chathair, ba
gheall le bás di féin agus dá muinntir an sgannradh
ghaibh iad. Ní raibh le clos ar fuaid na cathrach ach
lógóireacht agus greadadh bas, agus na mallachtaí dá
gcaitheamh, go dúthrachtach agus go millteach, leis an rígh,
agus leis an bhfear tighis.



Bhí beirt inghean ag an bhfear tighis féin. Seatharáidh-
teach ab' ainm do'n té ba shine dhíobh, agus Seatharólach
ab' ainm do'n inghean ab' óige. Cailín dathamhail caoin-
béasach léigheanta ab'eadh Seatharólach; ach i bpáirt na
h-inghine eile, do chinn sí ar mhnáibh a comh-aimsire, ní
h-amháin i sgéimh agus i bpearsain, ach fós i n-eagna
agus i ndiadhasamhlaighe Bhí sí oilte ealadhnta ar gach


L. 22


saghas leighinn dá uaisle; agus farais sin, cailín meis-
neamhuil deagh-labhartha tagartha ab' eadh í, go raibh féith
filidheachta innti, agus éirim aigne agus meabhair thar
bárr aici. Bhí a h-athair ana mhórdhálach aisti, agus árd
chion aige uirthi, nídh nach iongna.



Lá dá raibh Seatharáidhteach agus a h-athair ag caint
agus ag comh-agallamh le n-a chéile, do labhair an inghean
mar seo: "A dhaid," ar sise, "tá aon athchuinge amháin
agam le cur ort, agus tá súil agam ná h-eiteochair
fé'n athchuinge sin me."



"Ní gábhadh dhuit t'athchuinge a chur an t-ath-uair orm,
a inghean ó," ars an fear tighis, "no is nídh bun-os-cionn
ar fad é."



"Ní féidir dhuit a mheas gur nídh bun-os-cionn é," ar
sise, "má bhreithnighir an riachtanas atá leis, agus an
intinn atá am' spreagadh chuige. Ag tagairt do'n
sgiúirse trom so os cionn an phobuil atáim, agus ba
mhaith liom deireadh a chur leis an éirleach so dá dhéanamh
ag an rígh ar mhnáibh óga na cathrach. Is díol truaigh an
pobul leis an gcrith-eagla atá ortha roimis an sgiúirse
seo. Agus go h-áirithe na máithreacha bochta atá ag
súil ó ló go ló le bás a n-inghean, ba mhór an gníomh
daonnachta é dá bhféadainn suaimhneas aigne chur ortha."



"Molaim leat gur mhór an gníomh daonnachta é,"
ars a h-athair. "Mo thuairm-se, ámhthach, gur galar gan
leigheas é seo ar an rígh. Cionnus a thabharfá-sa fé n-a
leigheas?"



"Is í m'athchuinge ort, a dhaid," ar sise, "ó is tusa a
sholáthruigheann óigh-bhean gach lá do'n rígh le n-a pósadh,
go dtabharfá mar onóir domh-sa bheith im' chéile leaptha
aige."



Do leath a shúile ar an bhfear tighis, agus do las


L. 23


bladhm feirge ann nuair a chualaidh sé an méid sin
uaithi.



"A chreach láidir é," ar seisean "no an as do chéill
ataoi? Bíodh fhios agat gur thiomnaigh an rí é féin ná
geobhadh sé an dara lá le h-aon mhnaoi, ach an ceann a
bhaint di. Agus an amhlaidh mheasfá dhom thusa a chur i
nguais do mharbhtha? Cuir uait feasda an dí-céille
sin, agus mo bheannacht duit."



"Tá fhios agam go bhfuil cúntabhairt ag baint leis,"
ars an inghean, "ach ní choisgfeadh soin air me. Má's
é mo bhás a thiocfaidh as dom, ní féidir a rádh ná gur
bás naomhtha é, agus an intinn atá agam; agus má
thagaim slán as, beidh mo thír dhúthchais fé chomaoin agam."



"'Seadh, 'seadh," ars an fear tighis, "má dheinir a
thuilleadh teacht thairis is baoghal liom go n-eireochad
chun feirge leat. Dá n-órduigheadh an rí dhom an ceann
a bhaint díot ar maidin ní bheadh sé im' chumas é dh'eiteach,
agus féach féin gur mhí-nádúrtha an bheart le déanamh
ag t'athair é. Muna bhfuil eagla an bháis ort-sa féin,
smaoinigh gur mheasa ná bás domh-sa dá bhfeicinn mo
chlaidheamh báidhte id' chuid fola."



"Ná bíodh ceist 'na thaobh soin ort, a dhaid," ar sise,
"mar ní call dhuit é, no táim-se meallta. Má thugair
mo ghuidhe dhom ní misde dhuit an chuid eile de'n ghnó
d'fhágaint fúm-sa."



"Is amhlaidh mar tá an sgéal," ar seisean, "ní thuigir
brígh an tfean-fhocail adeir gur fearr bheith díomhaoin
ná droch-ghnóthach. An té ná tuigeann brígh an tsean-
fhocail sin i n-am tuigfidh sé i n-antráth é. Níor thuig
asal an bhodaigh fadó é no go raibh a aimhleas déanta
aige, agus má leanair-se dhe beidh an sgéal céadna
agat. 'Sé an dálta céadna agat-sa agus ag asal an


L. 24


bhodaigh é; ní fuláir leat d'aimhleas a dhéanamh i n-ionad
fuireach i mbun do shuaimhnis."



"Agus cad d'imthigh ar asal an bhodaigh?" ars an
inghean. "Ní cuimhin liom an sgéal soin do chlos."



"'Neosad-sa dhuit é," ars an fear tighis.



ASAL AN BHODAIG.



Bhí bodach, agus fear mór-chúraim ab' eadh. é, agus
feirmeacha talmhan thall agus abhus aige. Bhí sé de
bhuaidh ag an mbodach so go dtuigeadh sé caint na n-ain-
mhidhthe; ach bhí sé de bhreith agus de mhór-ualach air gan
bhrígh na cainte do nochdadh d'aoinne eile, no an bás do
bheith cinnte dho dá ndeineadh. Bhí asal agus damh i n-aon
chró aige, agus tráthnóna dár bhuail sé isteach sa chró
chualaidh sé an comhrádh so acu:



"Is aoibhinn duit, a Luaimin," ars an damh — Luaimin
a thugtí ar an asal. "Is breágh an saoghal agat é;
stealladh-dhíomhaoin ó cheann ceann na seachtmhaine, ach
pé tamall a thugann an máighistir ar marcuidheacht ort
nuair a theastuigheann uaidh a chuid stuic d'fheiscint.
Go deimhin féin ní fheadar cia agaibh is breághdha
saoghal, thusa no an máighistir. Tá do leabadh bhreágh
asrach fút, agus do sheirbhíseach agat chun tu a chimilt
agus do chíoradh, agus cóir bhídh agus dighe dá réir ort.
Ní locht ort bheith ag dul as do chroiceann le teasbach
mar bhír, ní h-eadh soin. Féach mise, an bhail atá orm. Fé
chuing na h-aindeise acu ó bhreacadh lae go tuiteam
oidhche, ag treabhadh agus ag fuirseadh dhóibh. Tá mo
dheireadh gan leathar ó'n más-mhaide, agus riasdaí ar
mo dhá chliathán i ndiaidh smachtín an tiománaidhe. Nuair


L. 25


a cheanglaid siad annso isteach ist oidhche me, agus me
ag tuiteam as mo sheasamh le tuirse, raidid siad chugham
stiall de dhríodar arbhair, chun mo bhuilg a líonadh dhe.
Agus mar bhárr ar gach anró, ná tabharfadís aon ionad
oireamhnach dom chun síneadh thorm, ach leigint dom luighe
sa tsalachar go lá. Ar mh'fhalaing ach gur'b é sin féin
é! Tusa dod' phot-bhiathadh chun díomhaointis, agus mise
ag casadh le h-obair a dhéanamh ar dhroch-bheatha. Ologón
ó! ní h-iongna go mbím ag formad leat."



Níor dhein an t-asal ach cúpla crothadh bhaint as a
chluasaibh, agus leigint do'n damh no go raibh deireadh
ráidhte aige.



"An dream adeir ná fuil ionnat-sa ach breallán
mór," ars an t-asal, "ní chuirid siad bréag ort. Leig-
eann tú dhóibh siúd thu sheoladh pé áit is maith leo é,
agus bheith ad' rúsgadh le cleith ailpín, agus a dtoil féin
d'imirt ort i ngach saghas cuma, agus ní chuirir i n-úil
dóibh ná taithnigheann soin leat. Má's maith leat bheith id'
leadhb amadáin acu bíodh ort féin. Taoi dod' mharbhadh féin
d'fhonn agus go mbeadh a suaimhneas acu súd, agus go
seinnfidís "Domhnall na Gréine" dhóibh féin; agus féach
féin nach móide do bhuidheachas é. Ó bhraithid siad id
bhogairne bhocht umhal thu ní misde leo a dtabharfaid
siad de dhroch-úsáid agus de tharcuisne dhuit. Ní
dhéanfadís amhlaidh leat dá mbeadh aon sprioc ionnat,
no dá mbeadh meisneach de réir do nirt agat. Ta sás
do chosanta agat féin, ach ní dheineann tú aon úsáid de.
Cad chuige go bhfuil dhá adhairc ort? Cadé inar chiall
duit bheith ar adhastar acu, ná leigint dóibh thu cheangal
do'n neasg soin? Dá mb'áil leat do chos a chur i
dtalamh, agus búithr mhaith láidir a chur asat, agus crot
na feirge a chur ort féin chúcha, is tu chuirfeadh an


L. 26


sgeilimis 'na gcroidhe. Nuair a chaithfid siad póire
gan nighe gan glanadh féd' bhrághaid, no coirce gan cáith-
eadh, no féar tais, ná buail do phus ortha dhóibh. Ná
déin ach bolathughadh chúcha, agus fág annsoin acu iad.
Má dheinir mo chomhairle sa méid sin, ar mh'fhocal dhuit
ach go mbeir buidheach díom."



D'éist an damh go h-aireach leis an méid sin cainte,
agus d'admhuigh sé go raibh corp an chirt ag an asal
ngach nídh dá ndubhairt sé. "Chidhfir féin, a Luaimin an
chroidhe istigh," ar seisean, "go ndéanfad-sa do chomhairle
go beacht. Cas liom é muna ndeinead."



Do stad an comhrádh annsoin, ach oiread agus focal de
ní deaghaidh amugha ar an mbodach. Tháinig an sglábhaidhe
ar maidin amáireach. Ghaibh sé an damh fé'n gcéachda, agus
do luigh ar obair. Bhí an damh stuacach crosda i rith an
lae sin, ar chomhairle an asail; agus nuair a tháinigh sé
isteach sa chró ist oidhche, ba neamh-mhaith leis leigint do'n
sglábhaidhe é cheangal de'n neasg. I n-ionad ceartughadh
isteach go mín macánta mar ba ghnáthach leis, isé dhein
sé ná srann no dhó a chur as, agus tabhairt fé'n sglábh-
aidhe leis na h-adharcaibh. Chrom sé annsoin ar sgríobadh
le n-a chosaibh, agus ar bhúithrigh, fé mar a chomhairligheadh
do; agus nuair a caitheadh chuige a chuid bídh, níor dhein
sé ach bolathughadh chuige, agus a dheireadh thabhairt leis.



Tháinig an sglábhaidhe amáireach a bhí chughainn. Is
amhlaidh fuair sé an damh, agus é caithte ar an urlár
a cheithre chosa uaidh amach aige, agus gach aon chnead aige.
An méid bídh a caitheadh isteach aréir roimhe sin chuige,
bhí sé ann sa lán-chruinn ar maidin. Tháinig truagh ag
an sglábhaidhe dho'n damh nuair a chonnaic sé sa riocht
soin é, agus a chuid bídh gan blaiseadh aige. Dar leis
gur bhreoidhteacht éigin a bhí air, agus nár cheart bheith ghá


L. 27


ghléasadh chun oibre an lá soin. D'imthigh an sglábhaidhe
agus d'innis do'n mháighistir é. Thuig an bodach an sgéal
go léir láithreach, agus ní raibh sé ró bhuidheach do'n asal
i dtaobh gur sprioc sé an damh chun toirmisg. "Imthigh,"
ar seisean leis an sglábhaidhe, "agus gaibh an t-asal i
n-ionad an daimh, agus feiceam go mbainfidh tú an
oiread céadna saothair indiu as."



Gabhadh an t-asal chun treabhtha. Ba ghearr go raibh
sé dá chor, toisg gan an taithighe bheith ar aon obair throm
dá leithéid aige. Bhí sé tuirseach tnáithte sul a raibh
leath an lae istigh aige; ach fé mar a bhí an tuirse agus
an luige ag teacht air iseadh is mó fuair sé de lasgadh
agus de leadhbadh agus de chleithearáil ó'n sglábhaidhe,
i gcás ná raibh siubhal na slighe ann tráthnóna, bhí sé
chomh tabhartha amach soin.



Bhí an lá soin ar a shuaimhneas ag an ndamh. D'alp
sé suas a raibh de bhiadh san umar aige, agus thug an
chuid eile dhe'n lá dá iomlasg agus dá shearradh féin.
Isé bhí go sásta ina aigne, agus a chúrsaí aige, agus
chuir sé a mhíle bheannacht i ndiaidh an asail a thug comh-
airle a leasa dho. Chomh luath agus tháinig an t-asal
isteach ist oidhche chuir sé fáilte roimis; mhol sé an
chraobh do ar ghéar-chúis agus ar stuaim, agus dubhairt
gur mhór an chreideamhaint a bhí ag dul do agus cuimh-
neamh ar a leithéid sin de chomhairle.



Níor leig an searbhas agus an canncar do'n asal
aon fhreagra thabhairt air, ach dubhairt sé, ina aigne
féin, "Is maith an sgéal mise, agus an tubaist seo
tharranc orm fhéin ar mhaithe leis an amadán soin. Bhí
an saoghal ar mo thoil agam go dtí so, gach aon nídh ag
teacht liom de réir a chéile, fé mar adéarfainn "bíodh
sé mar sin." Mo dhí-céille féin agus mo bhéal-sgaoil-


L. 28


teacht féin, iseadh sheol fé bhráca an bhróin mé, agus
muna ndeinead seift éigin ar theacht as gan mhoill, tá
mo phort seinnte."



Chaith sé é féin ar an dtalamh annsoin, agus níor fhan
cor ann ach chomh beag agus dá mbeadh an t-anam taréis
tuiteam as.



"'Sé an cás céadna agat-sa é, a inghean ó," ars an
fear tighis. "Ní fuláir leat t'aimhleas a dhéanamh, fé
mar a dhein an t-asal, de cheal féachaint romhat. Má
dheinir rud orm cuirfidh tú an dí-céille seo as do cheann
gan a thuilleadh agó. Is fearr aon fhéachaint amháin
romhat ná dhá fhéachaint it' dhiaidh."



"Dá fheabhas í an tsolaoid seo thugair os mo chomhair,
a dhaid," ar sise, "ní bhogann sí me. Ní fonn liom an
t-eiteachas a ghlacadh uait, agus ní thabharfad suidhe
shuaimhnis duit no go dtugair mar chéile dho'n rígh me."



"Táim ghá chlos riamh," ars an fear tighis, "ná bíonn
an rath ach mar a mbíonn an smacht. Isé crích agus rádh
an sgéil é, ó taoi chomh ceann-dána soin, gur baoghal
liom ná fuil de leigheas agam le déanamh ort ach an
leigheas a dhein an bodach so áirithe ar a mhnaoi."



"Cadé sin mar leigheas?" arsa Seatharáidhteach.



BEAN AN BHODAIGH.



Thuig an bodach ina aigne (ars an fear tighis) an
t-asal a bheith i gcruadh-chás taréis an lae, agus ba
mhaith leis a chlos cadí an chaint a thuitfeadh uaidh.
Bhuail sé amach sa chró, taréis tuiteam na h-oidhche, é
féin agus a bhean. Ní fada bhíodar ann gur labhair an
t-asal.


L. 29


"Cad tá beartuighthe agat-sa i gcomhair an lae
amáirigh, a cara?" ar seisean leis an ndamh. "Má
thagann an sglábhaidhe it' iarraidh ar maidin, an bhfuil
socair agat ar cad a dhéanfaidh tú?"



"Cad do dhéanfainn," ars an damh, "ach leanamhaint
de'n chomhairle thugais féin dom? Leigfidh mé orm bheith
breoidhte, agus sínfead siar mar agus dá mbeinn chun
bás d'fhagháil."



"Ambasa 'mhuise, féach rómhat, a laogh liom," ars an
t-asal, "no is baoghlach go dtiocfaidh droch nídh as soin
duit. De réir na cainte tháinig ó'n máighistir tráthnóna,
agus mise ag filleadh abhaile, tá eagla orm go bhfuil
droch íde id' chomhair."



"A dhílis é," ars an damh, "cadé sin agat dá rádh,
no cad a chualaís im' leith? Innis dom gan stad é, a
Luaimin, agus ná ceil aonnídh orm, ar do ghrádh dom."



"Chuala," ars an t-asal, "an máighistir ghá rádh leis
an sglábhaidhe: "Nuair ná h-itheann an damh a chuid," ar
sé, "agus ó ná fuil ann aon obair a dhéanamh, caithfear é
mharbhadh amáireach. Leasóchamíd an seithe, agus gheobh-
míd gnó éigin de. Tabharfamíd a chuid feola do
bhochtaibh agus do lucht siubhail, agus beidh a chnámhthairt
ag na madraíbh. Ná dearmhaid fios a chur ar an mbúistéir
ar maidin."



"Siné anois agat," ars an t-asal, "aitheasg an mháigh-
istir, focal ar fhocal mar a chuala ó n-a bhéal é, agus
go deimhin féin chuir sé brón ar mo chroidhe. Ní h-aon
iontaoibh an máighistir, a laogh, agus tá sé air agat thu
féin do sheachaint air. Cheapas, ar mhéid mo cheana ort,
nár cheart dom gan an nídh seo a chur ar do shúilibh dhuit,
agus comhairle do leasa thabhairt duit. Sloig siar a
bhfuighidh tú de bhiadh anocht, agus an túisge thiocfaidh an


L. 30


sglábhaidhe isteach ar maidin, eirigh id' sheasamh go cneasda
chuige, agus bí fonnmhar chun oibre. Tuigfidh an máighistir
as soin do thaom breoidhteachta a bheith imthighthe dhíot,
agus b'fhéidir go dtabharfadh sé anacal t'anama dhuit.
Ach muna ndeinir fé mar adeirim leat tá do ré caithte."



Chuaidh an méid sin cainte ina luighe ar an ndamh
díreach fé mar bhí ceapaithe ag an asal. Tháinig
creathán 'na bhallaibh bheathadh le linn an chomhráidh, agus
chuir sé mion-bhúithr no dhó as le neart sgannraidh. Bhí
cluas ar an mbodach ag éisteacht leis an gcomhrádh go
léir, agus é ins na donálaibh dubha ag gáiridhe, ach nár
leig sé air é. Do bhris ar an bhfoidne aige fé dheireadh,
gur chuir sé sgarta de gáire bhreágh leathan as. Bhí a
bhean 'na seasamh le n-a ais, agus bhain an gáire preab
aisti.



"Cúis gháire chughainn!" ar sise, go h-iongantach;
"cad fá do shult, a fhir mhaith? Dá mbeadh fhios agam-sa
cad tá 'ghad' chur ag gáiridhe dhéanfainn gáire chomh maith
leat, agus níor bh'fhearra dhuit a shult go léir agat féin."



"Liom-sa iseadh an gáire seo, a mhúirnín," ar seisean.
"Caithfidh tú bheith sásta le fuaim mo gháire an turas so."



"Ní chaithfead agus ní bhéad," ar sise, "sásta le
fuaim do gháire, go mbeidh fhios agam cad is bun leis."



"Ní'l sé loghálta agam a innsint duit," ars a fear;
"ach so, gur'b amhlaidh bhíos ag gáiridhe fé'n gcaint a
chaith an t-asal leis an ndamh. Fé rún atá an méid sin
feasa agam."



"Agus cad ná leigfá do rún liom-sa?" ar sise.



"Ba thuar báis dom é dá leiginn," ar seisean.



"Cuir uaim anois do chuid magaidh," ars an bhean.
"Bíodh fhios agat nach aon cheap magaidh mise agat, agus
tá fhios agam go maith ná fuilir ag innsint na fírinne


L. 31


dhom. Innis dom láithreach cad fé go rabhais ag gáiridhe,
agus an comhrádh bhí idir nah-ainmhidhthibh, no dar an leabhar
so ní luighfead ar aon leabaidh leat lem' shaoghal arís."



D'imthigh sí uaidh isteach annsoin, agus do chaith í féin i
gcúinne an tseomra ag lógóireacht. Chuaidh a fear a
chodla dho féin an oidhche sin, agus nuair eirigh sé ar
maidin fuair sé sa láthair chéadna í, agus í ag briseadh
a croidhe ag gol. Do labhair sé léi go réidh agus go
cneasda, ghá rádh léi gur mhór an aimideacht, agus gur
mhór an náire dhi í féin a chur ina leithéid sin de chás;
nár mhó biorán agus é go léir; agus muna mbeadh é
bheith coisgithe air féin an rún a leigint le h-aoinne go
'neosadh sé brígh cainte an asail d'ise agus fáilte, dá
shuaraighe é, agus dá luighead baint a bhí aige léi-se.
"Leig thort ar fad é," ar seisean, "agus mo bheannacht
duit. Ní fiú é cuimhneamh air níosa shia."



"An fhaid agus mhairfead," ar sise, "ní chuirfead as
mo chuimhne a ndeárnais aréir orm, agus ní stadfad de
ghol no go bhfuighead an fios atá uaim,"



"Ná deirim leat," ar seisean, "go mba thuar báis
dom dá n'innsinn duit é."



"Bás no beathadh dhuit," ar sise, "caithfir mo mhian a
leigint liom-sa."



"Chím," ars a fear, "nach aon mhaith dhom bheith leat;
agus ó taoi ceapaithe ar thu féin do mharbhadh leis an ngol,
tá sé chomh maith agam glaodhach isteach ar do chloinn
go mbainfid siad lán súl asat sul a n-éagair."



Thug sé isteach iad. Cuir sé fios ar a h-athair agus
ar a máthair, agus ar a comhgus gaoil. Thángadar go
léir. Nuair a chonnaiceadar an crot a bhí uirthi, agus
i ag cur an anama amach ag gol, agus nuair a h-innseadh
dóibh ar chúis a bhí aici leis, dheineadar a ndicheall


L. 32


d'iarraidh í chur chun suaimhnis. Chromadar ar áiteamh
uirthi gur bh'í féin a bhí san éagcóir, ó ba chailleadh geas
dá fear an fios a bhí uaithi do thabhairt di. Níor bh'aon
mhaith dhóibh é. Dubhairt sí leo gur thúisge léi an bás
ná a thabhairt le rádh dá fear go ngéillfeadh sí sa phunc
soin do. Do labhair a h-athair agus a máthair léi taréis
na coda eile a ghabháil amach as an seomra. Dubhradar
léi gur mhór an óinseamhlacht di a leithéid de bhuadhairt
a chur uirthi féin mar gheall ar nídh chomh suarach. Ba
neamh-mhaith léi aon toradh thabhairt ortha. Níor fhéad
a ndícheall aon cheart a bhaint di, agus b'éigean dóibh
tabhairt suas. Shín sí siar annsúd, os comhair a súl,
chun bás d'fhagháil mar olc ar a fear.



Chrom na leanbhaí ar bhéicigh. Chrom a gaolta go léir
ar ghol, agus bhuaileadar amach fé'n spéir, ag feitheamh
le n-a bás, níos túisge ná bheidís ag éisteacht léi istigh
Shuidh an bodach féin sa chisdin, agus é mar a bheadh
duine as a mheabhair. Bhí sé i gcás idir dhá chomhairle,
agus ná feadair sé cia acu b'fhearra dho an rún a leigint
léi no gan a leigint; mar bhí cion an anama ar a mhnaoi
aige, agus ba chuma leis a bhás féin no ise d'fhagháil
bháis air.



'Seadh, a inghean ó (ars an fear tighis le Seatharáidh-
teach), bhí coileach agus caogad cearc ag an mbodach so,
agus maidrín. Thug an maidrín gach nídh fé ndeara fé
mar a thuit amach, agus is dian-mhaith a thuig sé na
bearta go léir. I gcaitheamh an lae amach, agus an
bodach 'na shuidhe ar an dteinteán, gan a chiall féin ná
ciall aoinne eile aige, do sheasaimh an coileach ar thairsigh
an duiris, agus do chuir glaodh as. Siúd chuige síos an
maidrín, agus do labhair leis mar leanas:



"Mhuise nár agraidh an bás ort é, a choiligh," ar sé


L. 33


"Dar go deimhin is beag d'eagla ná de náire ort agus
bheith ag callaireacht annsoin os ár gcomhair amach indiu."



"Ag callaireacht an eadh? ars an coileach, agus
cochal air. "Ag seinm cheoil, led' thoil! Agus cad leis
ná seinnfinn mo chuid ceoil indiu chomh maith agus sheinnim
gach aon lá é, an 'neosfá dhom é?"



"'Neosad go maith," ars an madra, "muna bhfuil fhios
agat cheana é. Tá ár máighistir bocht dá mhilleadh le brón
indiu, mar tá bean an tighe i ndeireadh an anama le
rachdghal ghuil nuair dá fuigheadh sí rún a mhealladh uaidh,
agus má leigeann sé an rún lé is giorraide a shaoghal
é. Is amhlaidh mar tá an sgéal anois againn, ná fead-
ramair an mbeidh sé de sheasamhacht sa mháighistir a rún
do choimeád, no an ngéillfidh sé do mhian a mhná, mar ní
h-ansa leis a anam féin ná í. Tá golthairt na leanbh ghá
chrádh; agus ní h-é sin féin is mó is cás leis, ach tá casaoid
a mhná ag gabháil tré n-a chroidhe, agus is baoghlach go
dtuillfidh sé an bás do féin ar mhaithe léi. Ní h-iongna
dhúinn buadhairt aigne agus tré chéile bheith orainn; ach
id' pháirt-se dhe, ní mheasaim go bhfuil puinn dá chumha ort,
agus bheith ag sgreadghal annsoin ar ár n-agaidh amach.
Ní déarfainn, amháin, ná gur d'aon ghnó tháinís insa
dorus, chun bheith ag cleith-mhagadh fúinn."



Isé dubhairt an coileach dá fhreagradh: "Am' briathar
mhóide," ar sé, "ach nár mheasas riamh go dtí soin an
máighistir a bheith ar a luighead céille. Níl aige ach an
t-aon bhean, agus ní fhéadann sé smacht do choimeád
uirthi. Tá deich gcinn agus dá fhichead agam-sa dhíobh,
mar mhnáibh, agus ní leomhfainn d'aoinne dhíobh oiread
agus "chughat mé" do rádh liom. Dá gcuireadh an máigh-
istir i gceart chun gnótha ba ghearr an mhoill air an
gatharán trioblóide seo a chur de."


L. 34


"Cionnus d'fhéadfadh sé an trioblóid seo a chur de,
fiarfhuighim díot é?" ars an maidrín.



"Beireadh sé leis," ars an coileach, "gas de bhata
mhaith roighin isteach sa tseomra mar a bhfuil a bhean,
agus daingnigheadh sé an dorus 'na dhiaidh, agus síneadh
sé an bata léi, le fuinneamh a chuislean, go gcuirfidh
sé fúnsaí ar a corp. Mise im' banna dhuit go múin-
feadh soin ciall di, agus ná beadh sí ag cur cheast
nár chuibhe dhi as so amach air."



Ní túisge bhí an méid sin ráidhte ag an gcoileach ná
phreab an bodach 'na shuidhe, agus do láimhsigh búnsóg
chasta chruaidh a bhí sa chúinne. Siúd isteach sa tseomra
é, mar a raibh a bhean sínte, agus í ag dul ins na
tréithibh ag gol agus ag osnaghal. Chuir sé an glas ar
an ndorus 'na dhiaidh, agus thug aghaidh ar a mhnaoi, agus
bhí ag gabháil de'n tslait uirthi riamh agus choidhche no
gur chuir sí comairghe a h-anama air.



"Ar son Dé," ar sise "leig dom, agus ní chuirfead
an cheist go bráth arís ort."



Do lagaigh sé ar a láimh chomh luath agus bhraith sé an
stailc ag imtheacht di, agus d'eirigh sí 'na seasamh.



D'osgail sé an dorus annsoin, agus do leig isteach
muinntir a chéile. Tháinig áthas a gcroidhe ortha soin
nuair a fuaireadar leighiste an bhean a bhí ins na
crothaíbh deireanacha tamall roimhe sin. Dheineadar
comh-gháirdeachas leis an mbodach ar theacht slán dá
mnaoi ó bhéalaibh báis, agus mholadar an deagh-chiall a
bheir do a leithéid de leigheas a dhéanamh uirthi.



"Féach, a inghean ó," ars an fear tighis, "tá an
cóiriughadh céadna tuillte agat sa a thug an bodach dá
mhnaoi."



"Ná tóg orm é, a dhaid," arsa Seatharáidhteach, "má


L. 35


leanaim dem' thuairim féin taréis a bhfuil ráidhte agat.
Ní bhaineann sgéal na mná aon bhogadh asam ach oiread
agus do bhain sgéal an asail; agus do 'neosainn féin
sgéalta ó'n dtaobh eile go flúirseach dhuit, sgéalta a
chruthóchadh dhuit ná fuilir ag déanamh an chirt agus bheith
ag cur im' aghaidh. Agus féach, a dhaid, dá mhéid é do chion
orm, is treise ná soin mo mhian-sa an gníomh so atá
beartuighthe agam a chur i gcrích; agus dá mbeadh gach
aon bheárna eile iadhta orm, d'imtheochainn féin dom'
thairisgint féin do'n rígh."



B'é fhaid ar a ghiorracht é, go mb' éigean dá h-athair
géilleadh dhi sa deireadh, dá olcas leis é, agus d'imthigh
sé as an seasamh soin dá innsint do'n rígh gur bh'í
Seatharáidhteach a bhí le pósadh an lá soin aige.



Chuir sé iongna mhór ar an rígh an fear tighis do
thairisgint a inghine féin do.



"Cadé mar ealadha dhuit," ars an rí, "t'inghean féin
a thairisgint dom, no an dtuigir cad tá agat dá
dhéanamh?"



"A rogha féin iseadh é, a rí," ars an fear tighis. "Is
mó lei bheith 'na mnaoi phósta aon lá amháin agat-sa ná
cad d'imtheochadh uirthi as soin amach."



"A shliocht soin uirthi, má 'seadh," ars an rí, "agus ná
bíodh aon dearmhad ort-sa 'na thaobh. Bí ullamh chun an
chinn a bhaint de t'inghin amáireach, no is cinnte dhuit do
bhás féin má theipeann ort, bheirim na móide dhuit leis."



"Bainfidh sé freanga as mo chroidhe gan amhras, a rí,"
ars an fear tighis, "do thoil a dhéanamh sa nídh sin, ó's
gníomh i n-aghaidh nádúra agam é. Ach táim socair ar
an méid sin cheana, a rí, agus cé gur'b í m'inghean féin
í, ní baoghal go dtabharfad faillighe it' órdughadh-sa."



Thoiligh an rí an inghean a ghlacadh mar mhnaoi an lá


L. 36


soin, agus dubhairt le n-a h-athair í thabhairt ag triall
air chomh luath agus chífeadh sé oireamhnach é. Chuaidh an
fear tighis thar n-ais leis an sgéala a bhí aige, agus is é
bhí go buadhartha brónach. Is amhlaidh bhí an inghean lán
d'áthas nuair a fuair sí an sgéala. Ghaibh sí a buidheachas
le n-a h-athair, agus dubhairt leis nár ghábhadh dho aon
bhrón a bheith air, agus go raibh súil aici nach aithreachas
a bheadh 'na dhiaidh soin air, ach lúthgháir, i dtaobh i féin a
thabhairt le pósadh dho'n rígh.



D'ullamhuigh sí í féin láithreach chun dul dá pósadh.
Níor dhearmhad léi glaodhach i leath-taoibh ar a deirbhshír,
agus labhairt léi mar seo:-



"A Sheatharólach," ar sise, "tá gnó ana-speisialta
idir lámhaibh indiu agam. Teasduigheann do congnamh-
sa uaim chun é chur i gcrích, agus tá súil agam na
caillfidh tú orm. Tá m'athair chun me thabhairt le pósadh
dho'n rígh indiu — éist go socair liom, ní gábhadh an
t-anaithe. Beidh mé ag dul dom' pósadh ar ball, agus
cuirfead mar athchuinge ar an rígh leigint duit-se
codladh anocht i seomra na séad, laistigh dá sheomra
leaptha féin, d'fhonn agus go mbeidhthá mar chuideachtain
agam-sa go deireadh mo ré. Má gheibhim mo guide o'n
rígh, ó is dóichighe liom go bhfuighead, glaodhaigh-se orm
uair a chluig roimh lá, agus abair mar seo liom: "A
dheirbhshiúr mo chroidhe," arsa thusa, "ní fada ó lá anois é,
agus muna bhfuilir id' chodla iarraim mar athchuinge
dheireanach ort ceann de sna sgéaltaibh breághdha fiann-
uidheachta atá agat d'innsint dom." Cromfad ar an
sgéal d'innsint gan stad, ach iarrfad cáirde ar mo
shaoghal go dtí go mbeidh sé críochnuighthe agam, agus ca
bhfios ná saorfadh soin mná óga eile na cathrach ó
dhíbhfeirg an ríogh."


L. 37


Do gheall Seatharólach di go ndéanfadh sí a cuid féin
de'n ghnó, agus fáilte.



Pósadh an lánamha um tráthnóna. Ní raibh aon choinne
ag an rígh, no go bhfeaca sé Seatharáidhteach os a comhair,
go raibh a samhail 'na rioghacht le breághdhacht. Chonnaic
sé deortha lé i dtosach na h-oidhche, agus d'fhiarfhaigh se
dhi cad fé ndeár di bheith ag sileadh.



"Tá, a rí," ar sise, "an t-aon deirbhshiúr atá agam,
nár sgar liom riamh aon oidhche go dtí so, agus tá cion
an anama againn araon ar a chéile. Ba mhór an com-
pórd dom é dá mb'é do thoil leigint di codladh sa
tseomra is giorra dhúinn anocht, i gcás go mbeadh caoi
agam ar í dh'fheisgint ar maidin, agus slán agus beann-
acht d'fhágaint arís aici."



Thoiligh an rí leis sin, agus cuireadh fios ar Sheathar-
ólach. Tháinigh sise gan ró-mhoill. Chuaidh sí chun codlata
i leabaidh a cóirigheadh di i seomra na séad, buailte le
seomra leaptha an ríogh. Níor bh'fhaillightheach di, i
ndeireadh na h-oidhche, gan glaodhach ar a deirbhshír, fé
mar adubharthas léi.



"A dheirbhshiúr chroidhe," ar sise, "má taoi id' dhúiseacht,
iarraim i n-athchuinge ort m'intinn a spreagadh as so go
lá — agus ní fada uainn soin anois — le ceann éigin
de sna sgéaltaibh breághdha atá ar eolas agat. B'fhéidir
gur'b é seo an uair dheireanach d'iarrfainn ort é fóríor."



Isé dhein Seatharáidhteach, i n-ionad freagra thabhairt
uirthi, ná labhairt leis an rígh, mar leanas:-



"Le toil do Shoillse," ar sise, "an dtabharfá cead
dom sgéal d'innsint dom' dheirbhshír? Ba mhór an sásamh
ar a h-aigne é."



"Tugaim cead ó chroidhe dhuit, ars an rí.



Dubhairt Seatharáidhteach annsain le n-a deirbhshír


L. 38


éisteacht go h-aireach léi, agus chrom sí ar an sgéal
d'innsint do'n rígh, mar leanas.



AN CEANNAIDHE AGUS AN SÍOGAIDHE.



"A rí onóraigh," arsa Seatharáidhteach. "bhí ceannaidhe
áirithe fadó" agus bhí sé lán de shaidhbhreas agus d'oll-
mhaitheas. Bhí machairí móra talmhan cois bhaile aige
agus seirbhísigh" agus mór-chuid de dhaoraibh; agus bhí
lucht tuillimh agus tuarasdail i gcathrachaibh abhfad i
gcéin aige" chun féachaint i ndiaidh a ghnótha. Bhíodh ar an
gceannaidhe dul ó chathair go cathair" ar uairibh" chun súil
a bheith i ndiaidh a lucht feadhma aige" agus chun comhairle
do ghlacadh leo.



D'imthigh sé lá ar aisdear fhada, agus capall maith
iallaite fé. Chuir sé chuige, laistiar de'n iallait,
mealbhóg agus í lán de bhriosgaíbh, agus de chnó chrann
mar lón bídh do féin i gcomhair an bhóthair; mar bhí fásach
fiadhain sa tslighe roimis, gan tigh, gan treabh, gan
fagháil ar bhlaise bídh ann. Shroich sé ceann sprioc gan
aon chinneamhaint d'imtheacht air; chuir sé a ghnó i n-eagar
agus i n-órdughadh annsoin, agus d'fhíll sé an chonair
céadna fé dhéin an bhaile.



An ceathramhadh lá ar an aisdear soin abhaile dho, bhí
teas na gréine agus beirbhthean an aeir ag goilleamh-
aint go mór air; agus thug sé aghaidh ar sgailp chrann
a chonnaic sé uaidh, abhfad isteach ó'n mbóthar, chun brothal
an lae do leigint thairis ann. Chuaidh sé fé sgáth na
gcrann, agus cad do-chífeadh sé annsoin ach tobar breágh
fionn-fuar fíor-uisge, ag bun crainn sgeithe gile.
Cheangail sé a chapall de chrann, agus shuidh sé le h-ais
an tobair ag leigint a sgíthe. D'osgail sé a mhealbhóg


L. 39


agus do tharraing chuige a chuid briosgán agus a chuid
cnó chrann, agus chrom ar iad d'ithe. Fé mar itheadh sé eithní
na gcnó chaitheadh sé uaidh na plaoisg ar gach taobh de.
Nuair a bhí a dhóthain de'n bhiadh ithte aige, agus a chomh-
throm de'n uisge ólta aige, do leig sé é féin ar a
ghlúinibh go diadhasamhail, agus do dhein altughadh taréis
bídh. Ní mó ná réidh a bhí sé le n-a úrnaighthibh go bhfeacaidh
sé chuige an síogaidhe oll-mhór ur-ghránna mí-chúmtha,
claidheamh nochdaithe 'na láimh aige, agus é ar crith le
feirg agus le lán-bhuile.



"Eirigh as soin," ar seisean, ag cur béice as, "eirigh
as soin go marbhóchad thu, fé mar a mharbhuighis mo mhac."



Tháinig crith chos agus lámh ar an gceannaidhe bocht, nídh
nár locht air, agus dubhairt go h-umhal dá fhreagradh:-



"Oidhe, a rí uasail, cad do dheineas-sa ort, go gcuirfá
coimhightheas orm?"



"Marbhóchad láithreach thu, fé mar a mharbhuighis mo
mhac," ars an síogaidhe, ag cur béice eile as.



"A thrócaraigh!" ars an ceannaidhe, "cionnus a
mharbhóchainn-se do mhac? Ní cuimhin liom go bhfeaca
riamh é."



"Nár shuidhis annsoin ar bhruach an tobair sin ó
chianaibh?" ars an síogaidhe. "Nár ithis briosgaí agus
cnó chrann ann?" ar sé; "agus nár raidis uait plaoisg
na gcnó ar gach leith?"



"Dheineas an méid sin, go macánta," ars an ceannaidhe.



"Má dheinis, mharbhuighis mo mhac-sa," ars an síogaidhe.
"Bhí sé ag gabháil thar brághaid agus tusa ag caitheamh
do chuid urchar. D'aimsighis le plaosg insa tsúil é, ar
cuma gur chuiris chun báis é, agus cuirfead-sa thusa
chun báis anois dá chionn soin."



"Gabhaim párdún agat, a rí," ars an ceannaidhe "má


L. 40


dheineas é sin is le cinneamhaint é."



"Ní gheobhad-sa aon leath-sgéal uait," ars an síogaidhe,
"agus níl maitheamhnachas ná trócaire le fagháil agat.
Isé mo cheart éiric mo mhic a bhaint amach."



"Admhuighim," ars an ceannaidhe, "gur cheart díoghal-
tas a dhéanamh ar an té mharbhóchadh duine eile; ach thairis
sin níor mharbhuigheas-sa do mhac, no má mharbhuigheas, is
i gan fhios dom é, agus ní ar intinn a mharbhuighthe; agus
tá súil agam, dá bhrígh sin, nach misde dhom comairghe
m'anama a chur ort."



"Isé comairghe gheobhair ná an ceann a sguabadh dhíot,"
ars an síogaidhe.



Le n-a linn sin rug sé ar ghualainn ar an gceannaidhe,
do chaith ar a bhéal agus ar a aghaidh ar an dtalamh é,
agus do thóg a chlaidheamh os a chionn anáirde, ar thí a
mharbhuighthe.



Chuir an ceannaidhe liudh-bhéic as, agus chrom ar chasaoid
go truaighmhéileach, ghá rádh ná raibh sé ciontach, agus
gur bh'éagcóir a bhí dá dhéanamh air; ag cáiseamh a mhná
agus a chlainne, agus ag cur gach saghas ímpidhe ar an
síogaidhe gan é mharbhughadh. Níor bh'aon chabhair do é. Bhí
an claidheamh ar tarranc os a chionn ag an síogaidhe
gránna, ach do dhein sé foidhne ar an gceannaidhe no go
mbeadh deireadh ráidhte aige.



"Ní dhéanfaidh an cnádán so an gnó dhuit," ar seisean,
"ná dá leighfeadh na súile asat le deórthaibh. Marbhóchad
ar an láthair thu, fé mar a mharbhuighis mo mhac."



"'Mhuise, is cruaidh an croidhe atá agat," ars an
ceannaidhe, "má chuirir chun báis me gan chúis gan
adhbhar."



"Cuirfead chun báis thu," ars an síogaidhe, "ná bíodh
aon chuid dá mhearaighe ort."


L. 41


Do stad Seatharáidhteach annsoin, mar bhí an lá geal
ann. Bhí fhios aici go n-eirgheadh an rí moch ar maidin,
chun úrnaighthe a dhéanamh, agus chun dul i ndáil chomhairle
le n-a reachdairíbh.



"A thighearcais! a dheirbhshiúr ó," ars an cailín sa
tseomra eile, "nach iongantach ar fad an sgéal é sin
agat! no cá bhfuairis teacht suas leis?"



"Ní h-aon nídh an méid sin de go dtí an chuid eile,"
arsa Seatharáidhteach, "agus admhóchaidh tú féin sin, má's
é toil an ríogh an lá indiu a leigint liom, agus cead
do thabhairt dom an sgéal do chríochnughadh."



Do thaithn an sgéal leis an rígh, agus an innsint a thug
Seatharáidhteach air. Dubhairt sé leis féin, ó bhí sé
ar a chumas í chur chun báis pé am ba mhaith leis é, go
dtabharfadh sé cáirde an lae sin di, d'fhonn an chuid eile
dhe'n sgéal a chlos uaithi. Nuair a bhí socair ar sin aige,
d'eirigh sé, chuaidh sé chun úrnaighthe na maidne do rádh,
agus d'ullamhaigh é féin chun dul i gceann na comhairle.



Isé an fear tighis a bhí go cásmhar an oidhche sin. Níor
thuit néall chodlata air, ach ag gol agus ag ochlán, i leith
is go mbeadh a inghean le cur chun báis ar maidin aige.
Ní mór ná go raibh sé le gealaigh sul ar bhreac an lá
air; agus fé mar a bhí an mhaidean ag gabháil thairis, ba
chaoi 's gach uair leis go dtabharfadh an rí mar órdughadh
do an ceann a bhaint de Sheatharáidhteach. Do ghluais
osna ó n-a chroidhe nuair a chuaidh an rí i gceann na
comhairle gan an t-órdughadh soin a thabhairt do.



Thug an rí an lá soin i mbun a ghnótha mar ba ghnáthach
leis, agus, nuair a tháinig an t-am chuige, chuaidh sé a chodla
ist oidhche. Níor dhearmhad le Seatharólach glaodhach ar a
deirbhshír i ndeireadh na h-oidce, uair a chluig roimh lá.



"A dheirbhshiúr na n-árann," ar sise, "muna bhfuilir


L. 42


id' chodla, lean ort leis an sgéal úd, aithchim ort, mar
tá an lá buailte linn."



Níor fhan an rí le cead d'iarraidh air. Dubhairt sé le
Seatharáidhteach an sgéal a chríochnughadh, agus má bhí an
chuid eile dhe chomh greannmhar leis an méid a bhí innste
aici, gur bh'ait leis é chlos. D'iompuigh Seatharáidhteach
ar a sgéal, mar ar fhág sí indé roimhe sin é.*



AN CEANNAIDHE AGUS AN SÍOGAIDHE.
(Ar Leanamhaint.)



Bhraith an ceannaidhe go raibh an síogaidhe ar thí a
mharbhuighthe, gan truagh gan taise, ar an láthair sin;
agus nuair a shaoil sé an buille bheith ag teacht air, chuir
sé aon ghlam amháin eile as.



"Fóill!" ar seisean, i n-árd a ghotha, "fóill, le
h-anaman ar fhág riamh thu; tá aisge agam le h-iarraidh
ort. Tabhair cáirde dom go bhfeicidh mé mo bhean agus
mo chlann, agus go bhfágad slán agus beannacht acu,
agus go roinnead mo mhaoin tsaoghalta ortha, ar eagla
gur'b amhlaidh raghdís chun dlighe le n-a chéile taréis mo
bháis. Má taoi ar aigne me chur chun báis, i ndíol an
ghnímh ná deárna dem' dheoin, is é us lugha is gann duit
an aisge seo thabhairt dom. Agus má thugair dom í
geallaim om' chroidhe dhuit go dtiocfad thar n-ais annso
chughat, chun do rogha íde thabhairt orm."


L. 43


"Dá dtugainn aisge dhuit," ars an síogaidhe, "ní
mheasaim go ndéanfá-sa do thaobh de'n mhargadh chomh-
líonadh."



"Má ghlacair mo mhionna leis," ars an ceannaidhe,
"dearbhuighim duit, i bhfiadhnuise a bhfuil thuas, go dtioc-
fad annso arís féd' dhéin."



"An fada bheadh uait?" ars an síogaidhe.



"Tabhair bliadhain dom," ars an ceannaidhe. "Theasd-
óchadh tréimhse bliadhna uaim, ar a luighead, chun mo
ghnótha a chur i gcrích, agus dá mbeadh soin déanta agam
níor mhairg liom mo bhás. Mo lámh agus m'fhocal dhuit
go dteangmhóchad sa láthair chéadna so bliadhain ó indiu
ort."



"Ní ghlacfainn do lámh agus t'fhocal leis," ars an
síogaidhe, "ná do chorpán suarach mar aon leo."



"Cor agus teannta uaim leis," ars an ceannaidhe.



"An dtugair do mhionna leis, i bhfiadhnuise a bhfuil
os do chionn?" ars an síogaidhe.



"Bheirim go diongbhálta," ars an ceannaidhe, "agus
cóimhlíonfad mo gheallamhaint; ní misde dhuit seasamh
orm chuige."



Ní túisge bhí soin ráidhte aige ná dh'imthigh an síogaidhe
as a radharc, fé mar a shloigfeadh an talamh é.



Chomh luath agus tháinig a neart agus a luadar
do'n cheannaidhe, taréis an sgannradh a chur de, d'eirigh
sé, chuaidh ar marcuidheacht ar a chapall, agus chuir an
talamh go mear de. Má bhí áthas air an t-anam a
thabhairt leis de'n chor soin, tháinig brón agus aithmhéala
air nuair a smaoinigh sé ar an ngeallamhaint a thug sé
uaidh, fé bhrígh na mionn, do'n tsíogaidhe.



Shroich sé a theach féin fá dheóidh. Bhí na fáiltí geala
agá mhnaoi agus agá chlainn roimis; ach nuair a


L. 44


bhailigheadar tímcheall air is amhlaidh chrom seisean ar
ghol go fuidheach. Thuigeadar san láithreach go raibh nídh
éagsamhlach éigin taréis eirghe dho.



D'fhiarfhaigh a bhean de cad a bhain i n-aon chor do, no
cad a chuir an cathughadh go léir air.



"Bhíomair uile go geal-gháiriteach rómhat, a fhir mhaith,"
ar sise, "no gur bhainis preab asainn leis an mbuadhairt
mhí-chuibheasach so ort. Ar do ghrádh dhúinn agus innis
dúinn cad fá do chumha."



"Mo dhóthain d'adhbhar a bheith agam leis, fóríor," ar
seisean; "ní'l agam ach bliadhain eile ar an saoghal
so; "agus d'eachdraigh sé dhóibh ó thús deireadh fé mar
thárla dho, agus an choruigheacht sholamanta ab' éigean
do a thabhairt uaidh go bhfillfeadh sé i gcionn bliadhna,
chun leigint do'n tsíogaidhe bás d'imirt air.



Nuair a chualadar an méid sin do chasadar a n-olagón
go fada agus go fliuch. Dob' árd sgread ó n-a mhnaoi,
agus í ag greadadh a cinn-aighthe dá basaibh, agus ag
stathadh a gruaige. Nuair a chonnaic na leanbhaí bochta
a máthair, agus í i riochtaibh a céille a chailleamhaint, do
mhéadaigh ar an mbéicigh acu, no gur dhóigh le duine go
dtógfaidís mairbh as uaigh. Níor fhéad an ceannaidhe féin
gan comh-ghol a dhéanamh leo. Thuit na frasa deor leis,
agus do chaoin sé é féin go dubhach agus go neamh-
chuímseach. I gcás duit gur mhór an úirmhéil iad do chlos
tré n-a chéile, agus gur dhocht an croidhe ná déanfadh
truagh dhóibh.



Thosnuigh an ceannaidhe amáireach a bhí chughainn, ag cur
a ghnótha i n-órdughadh agus i n-eagar. B'é céad chúram
a tharraing sé air ná na cuirp-fhiacha do dhíol, i dtreo
ná beadh aon chuid díobh ar a anam. Thug sé annsoin
saoirse dá dhaoraibh, idir fhearaibh agus mhnáibh. Thug sé


L. 45


déirc do bhochtaibh, agus bronntanaisí dá cháirdibh. Tarr-
aing sé uadhacht, agus cheap sé na seicidiúirí. Cheap sé
lucht comairce agus coimeádta do'n chuid ab' óige dá
chlainn go dtiocfadís i n-oighreacht. D'fhág sé agá mhnaoí
a raibh ag dul dido réir coingheallacha cleamhnais, agus
thairis sin, gach a raibh ar a chumas d'fhágaint aici le ceart
dlighe, agus do roinn sé an tar-is-bárr ar a chlann.



Shleamhnaigh an aimsir thairis. Bhí an bhliadhain geall
le caithte, agus ba mhithid do bheith ag triall fé dhéin an
tsíogaidhe, dá dheacracht leis é. D'ullamhaigh sé é féin
i gcomhair a thurais, agus chuir sé aibíd adhnacail 'na
mhealbhóig chuige. Nuair a bhí gach nídh socair aige, agus
é ullamh chun gluaiste, chuaidh sé chun slán d'fhágaint
agá lín-tighe. A leithéid d'éagchaoineadh agus de bhriseadh
croidhe ní chualathas riamh go dtí soin. Níor bh'fhuláir leo-
san dul i n-aonfheacht leis, agus bás d'fhagháil ina
fhochair, níos túisge ná sgarfadís leis. Ó bhraith seisean
nár bh'aon tairbhe bheith ag moilleamhaint, do labhair sé
leo, agus iseadh adubhairt:-



"A chéile mo chroidhe istigh, agus a leanbhaí ionmhaine,"
ar sé, "do choimhlíonadh toile Dé iseadh táim ag sgar-
amhaint anois libh, agus bíodh soin mar shompla agaibh-se.
Cuiridh bhur dtoil le toil Dé insa riachtanas seo, agus
smaoinidh go bhfuil an bás i n-áirithe ag gach n-aon."



Le linn na bhfocal soin a rádh dho, phreab sé ar muin a
chapaill, agus d'fhág ag lógóireacht annsoin 'na dhiaidh
iad. Chuir sé an bóthar de ar cosanáirde, agus an lá
bhí ceapaithe, do shroich sé an áit mar a raibh coinne
déanta leis an síogaidhe aige.



Thúirling sé annsoin dá chapall, agus do shuidh le
h-ais an tobair ag fuireach leis an síogaidhe. Thug sé
tamall ag faire chuige, gan duine na daonnaidhe 'na


L. 46


chomhngar, agus is é bhí go dubhach brónach. Insa bhfairighis
do, agus anaithe ag teacht 'na lúbaibh air, chonnaic sé
chuige sean-duine deagh-ghnúiseach deigh-mhéin, agus eilit
ar adhastar aige. Bheannaigh an sean-duine dho go muin-
teardha, agus bheannuigheadar féin dá chéile.



"Ar mhisde dhom fhiarfhaighe dhíot, a bhráthair," ars an
sean-duine leis, "cad do thug isteach sa bhfásach fhiadhain
so thú, áit atá tuílte lán de shíogaidhthibh agus d'an-
spioraidíbh, agus nach iontaoibh d'aoinne feitheamh ná
foiliughadh a dhéanamh ann? Níor dhóigh le h-aoinne a
chífeadh uaidh na crainn bhreághdha so ná gur sliocht daonna
a bheadh 'n-a gcomhnuidhe sa bhall so; ach droch-bhall aerach
millte iseadh é, agus dá ndéanthá mo chomhairle ní fhanfá
abhfad ann."



Dubhairt an ceannaidhe leis nach dá shaor-thoil féin a
tháinigh sé ann de'n chor soin, agus d'eachdraigh do, tríd
síos, fé mar thuit amach idir é féin agus an síogaidhe.
Tháinig iongna a chroidhe ar an sean-duine agus é ag
eisteacht leis an sgéal soin.



"Dar go deimhin," ar sé, "sin é an sgéal is éag-
samhlaighe dár chuala riamh fós, agus bhí sé ceangailte
ort an gheallamhaint sholamanta a thugais uait do chomh-
líonadh. Fanfad-sa annso, pé ar domhan é, go dtagaidh
an síogaidhe, agus go bhfeicead, cionnus a theangmhóchaidh
duit."



Shuidh fear na h-eilite annsoin, agus bhíodar araon
ag comhrádh le n-a chéile, go bhfeacadar chúcha sean-duine
eile, agus dhá mhadra dhubha 'na dhiaidh aniar. Bheannaigh
seisean dóibh, agus d'fhiarfhaigh díobh, i gcionn tamaill,
an raibh aon ghnó áirithe san áit sin acu, no cad a bhí ghá
gcoimeád ann. D'aithris sean-duine na h-eilite dho gach
ar thárla dho'n cheannaidhe, agus cionnus mar sgar sé


L. 47


féin agus an síogaidhe le chéile bliadhain roimhe sin, i
gcomhaireamh an lae chéadna, agus an ceangal sola-
manta a chuir an ceannaidhe air féin.



"Indiu," ar seisean, "an lá tá ceapaithe aige chun
teangmháil ar an síogaidhe, agus táim-se ag fuireach
annso go bhfeicfinn cad do thiocfaidh as do."



Cheap an sean-duine eile nár bh'fhiú dhó féin imtheacht
go mbeadh an sgéal cruinn baileach aige, agus do shuidh
sé 'na bhfochair. Ní fada bhíodar ag cainnt annsoin go
dtáinig an tríomhadh sean-duine chúcha. D'fhiarfhaigh an
sean-duine sin de'n bheirt eile cad fá ndeár do'n
cheannaidhe an dreach gruamtha a bhí air. D'innseadar
do, focal ar fhocal mar a fuaireadar féin é. Chuir an
sgéal a leithéid sin d'iongna ar an dtríomhadh sean-
duine gur chinn sé fuireach 'na gcuideachtain go bhfeic-
feadh sé amach é, agus leis an intinn sin do shuidh sé
mar an gcéadna.



Ba ghearr 'na dhiaidh soin go bhfeacadar an buirthe
ceoidh ag déanamh ortha, mar a bheadh ceo bóthair dá
thógaint le sídhe samhraidh. An túisge shroich an buirthe
an láthair 'na rabhadar, do leigh an ceo ar phreab na súl,
agus cia chífidís os a gcomhair amach ach an síogaidhe,
agus a chlaidheamh nochdaithe 'na láimh aige. Ní beannughadh
dhóibh a dhein an oll-phiast ghránna, ach déanamh anonn ar
an gceannaidhe, agus breith ar leath-ghualainn air.



"Eirigh as soin," ar seisean, go borb, "go marbhóchad
thu, fé mar a mharbhuighis mo mhac."



Gaibh sgeoin iad láithreach, agus chromadar ar chaoi-
ghol, lán an cheathrair acu, go h-uaigneach agus go
dólásach, ar chuma gur bh'fhada ó bhaile chloisfí iad. Nuair
a chonnaic sean-duine na h-eilite nár chuir an síogaidhe
aon tsuim 'na nglór agus go raibh sé ar thí an


L. 48


ceannaidhe do mharbhadh, gan a thuilleadh cáirde, chaith sé é
féin ar an dtalamh i bhfiadhnuise an tsíogaidhe, agus do
labhair mar leanas:



"A rí chomhachtaigh," ar sé, "aithchim go h-umhal ort go
gcuirfá srian le t'fheirg, agus go ndeonfá eisteacht
liom-sa tamall 'Neosad-sa stair mo bheathadh dhuit,
agus cionnus mar thárla dho'n eilit seo bheith lem' chois ag
siubhal na dtíortha; agus má mheasair gur tubaistighe
mar eirigh domh-sa ná mar eirigh do'n chime mhí-ádhmharach
so atá le marbhadh agat, sírim thu, as ucht do thrócaire,
go maithfá i n-aon trian amháin dá chion do."



Do stad an síogaidhe, agus dhein sé machtnamh ar feadh
tamaill.



"Táim sásta leis," ar seisean sa deireadh. "Má
thaithnigheann do sgéal liom maithfidh mé trian do."



EACHDRA SHEAN-DUINE NA H-EILITE.



"Seo chughat mo sgéal-sa, má 'seadh," ars an sean-
duine, "agus is maith is fiú dhuit é chlos. An eilit seo
chíonn tú lem' chois, is í mo chol-cheathar féin í. Thairis
sin, ns í mo bhean phósta féin í. Ní raibh sí ach dhá
bhliadhain déag d'aois nuair a phósas í, i gcás duit ná
fuil sé as an slighe agam a rádh gur'b ionad athar di
me, seachas bheith im' chol-cheathar agus im' fhear chéile aici.
Thugamair fiche bliadhain i dteannta a chéile, agus ní
raibh aoinne cloinne eadrainn; ach níor chuir a seasgacht
bun-os-cionn me le grádh agus caradas a bheith agam
di. Bhí an-éileamh agam-sa duine éigin cloinne a bheith
im' dhiaidh. Ceannuigheas ban-daor, leis an intinn sin,
agus an t-aoinne amháin cloinne a bhí agam léi, bhí sé ag
eirghe suas 'na bhuachaill breágh. Tháinig éad ar mo


L. 49


mháthair. Ach do cheil sí, agus do chonnluigh sí chúichi féin
é, ar chaoi ná raibh pioc dá fhios agam-sa no go raibh sé
déidheanach agam, agus go raibh an díoghbháil déanta.



Bhí mo mhac deich mbliadhna d'aois, agus é ag borradh
agus ag easgar, nuair thárla go raibh orm dul abhfad ó
bhaile ar thuras áirithe. Toisg gan aon droch-amhras a
bheith ar mo mhnaoi agam, d'fhágas mo mhac agus an bhan-
daor fé n-a cúram, agus d'iarras uirthi aire mhait a
thabhairt dóibh ar feadh na bliadhna beinn as baile. I
n-ionad aire thabhairt dóibh, is amhlaidh dhein sí úsáid de'n
tsuim aimsire sin chun a fuatha d'agairt ortha. Chrom sí
ar dhraoidheacht d'fhoghluim, agus chomh luath agus bhí
déanamh a gnótha dhe'n ealadhain mhilltigh sin foghlumtha
aici, rug sí léi mo mhac go h-ionad uaigneach iargcúlach,
agus do dhein sí gamhain de. Chuir sí ag triall ar
m'aoghaire bó annsoin é, chun a ramharaighthe, ghá leigint
uirthi gur'b é a cheannach a dhein sí. Níor leor léi an gníomh
aithiseach soin gan a cuid draoidheachta d'imirt ar an
mban-daor, agus bó a dhéanamh di. Cuir sí an bhó ag
triall ar an aoghaire mar an gcéadna.



Ar mo theacht thar n-ais dom i gcionn bliadhna, d'fhiar-
fhaigheas cionnus do bhí an leanbh, agus a mháthair.



"Fuair do bhan-daor bás," arsa mo bhean chéile liom,
"agus i bpáirt do mhic, níl aon tuairisg agam-sa air.
Ní fheaca le ráithe é, pé fán tíorach imthigh air."



Bhíos buaidheartha go maith i ndiaidh na mná; ach i dtaobh
an aosánaigh, bhí súil agam go bhfillfeadh sé luath no
mall orm. Bhí an aimsir ag gabháil thorm, agus gan tásg
na tuairisg dá fhagháil agam air, agus bhí a mhairg ag
dul i n-achrann ionnam i n-aghaidh an lae.



Trí ráithe d'éis filleadh abhaile dhom, bhí féil Bháirim
ag déanamh orainn, agus dubhart leis an aoghaire, bó


L. 50


shaille a chur chugham i gcomhair na féile, le h-ídhbirt mar
ba ghnáthach liom. Dhein an t-aoghaire mar adubhart leis,
agus is í bó a chuir sé chugham ná an bhan-daor, máthair
mo leinbh. Chuireas an ceangal uirthi chun a marbhuighthe,
ach chrom sí ar bhúithrigh agus ar ghearán go truaighmhéileach,
agus thugas fé ndeara go raibh caisí deor ag tuiteam
léi. Chuir sé iongna an domhain orm ainmhidhe éigciall-
aidhe, dar liom, d'fheisgint ag sileadh deor ar an gcuma
soin, agus tháinig truagh agam di. Chuireas arís chun a
marbhuighthe, dom' aindeoin féin, ach ní bhfuighinn ó'm
chroidhe an buille do bhualadh uirthi. D'órduigheas dom'
aoghaire sgaoileadh dhi, agus bó eile a thabhairt chugham
thar a ceann.



Bhí mo bhean chéile láithreach, agus nuair a chonnaic sí
ná leigfeadh truagh dhom an bhó do mharbhadh, ghluais
rabharta feirge uirthi. Bhí an mhailís ró mhór 'na croidhe,
agus ar aon tsaghas cúinse níor bh'áil léi go leigfí dho'n
bhan-daor an áit sin d'fhágaint 'na beathaidh.



"Cadé seo ag eirghe dhuit, a dhuine?" ar sise. "Deirim
leat ná beadh sé eirightheach agat gan an bhó soin
d'ídhbirt, mar níl bó it' sheilbh is raimhre agus is oir-
eamhnaighe le h-ídhbirt ná í."



Chuireas arís chúichi, mar shásamh ar mo mhnaoi, agus
bhíos lán-cheapaithe mo lagfáisighe a bhualadh fé chois de'n
iarracht soin. Ach sul a raibh d'aga agam í bhualadh, do
neartaigh ar an mbúithrigh, agus do mhéadaigh ar na
deorthaibh aici, i dtreo gur theip orm an tríomhadh h-uair.
An truagh-ghearán a dhein an bhó an uair sin, ghaibh sé tré
smior mo chnámh.



Thugas an fearach do'n aoghaire annsoin, agus dubhart
leis an bhó a mharbhadh dhom. Ní raibh an t-aoghaire chomh
lag-spioradamhail liom-sa. Mhairbh sé gan puinn moille


L. 51


í. Nuair a feanadh í ní raibh agam ach cúil chnámh, cé
gur shamhluigh sí, roimhe sin, bheith 'n-a boin raimhir.



"Tugaim suas ar fad duit í," arsa mise leis an
aoghaire. "Árduigh leat as mo radharc í. Dáil mar
dhéirc ar bhochtaibh í, nó dein do rogha rud léi, agus
má tá gamhain maith ramhar agat tabhair chugham 'na
h-ionad é."



Níor fhiarfhaigheas ó shoin de'n aoghaire cadé an úsáid
a dhein sé dhe'n fheolmhaigh; ach tháinigh sé chugham thar n-ais
go grod 'na dhiaidh soin, agus gamhain breágh ramhar aige.
Chomh luath agus leagas mo shúil ar an ngamhain do bhog
mo chroidhe dho, cé ná raibh aon phioc dá amhras agam ná
gur ghamhain aiceanta é. Ní túisge chonnaic sé mise ná
thug sé iarracht ar theacht fém' dhéin, agus nuair nár
sgaoileadh leis, do bhris sé an ceannrach a bhí leis. Tháinig
sé agus chaith sé é féin ar an dtalamh fém' brághaid,
agus do ligh sé mo lámha, agus do chimil a cheann dem'
chosaibh, mar agus dá mbeadh sé d'iarraidh me bhogadh
chun truaigh do, no ghá athchuinge orm gan é dh'ídiughadh.
Ní beag dhom a rádh gur dhein sé gach aon tsaghas comhartha
dá raibh i gcumas do a dhéanamh, chun a chur i n-úil dom
gur bh'é mo mhac féin é.



Na comharthaí sóirt sin a dhein an gamhain liom, b'éag-
samhlach ar fad liom iad, agus is mó ghoilleadar orm
ná mar a ghoill deortha na bó. Bhraitheas orm féin go
raibh truagh thar na beartaibh agam do, agus báidh éag-
cuímseach éigin a chuaidh thar mo thuisgint. Mo chiall
cholnaidhe iseadh nár thuig é. An cogar soin a fuaireas
óm' nádúir, chruthuigh sé fírinne an tsean-fhocail adeir
go n-aithnigheann an fhuil a chéile.



"Tiomáin romhat abhaile an gamhain seo, agus tabhair
aire mhaith dho," arsa mise leis an aoghaire, "agus tabhair


L. 52


chugham gamhain eile thar a cheann."



Do liúdhaigh mo bhean orm an túisge chualaidh sí ag
rádh na cainte sin me.



"Cadé seo dhá thaidhreamh dhuit, a dhuine chroidhe?" ar
sise, "no an bhfuil aon toradh agat ar mo chomhairle-se?
Siné an gamhain a dhéanfaidh tú d'ídhbirt, agus ní h-é a
mhalairt."



"Is fearr mise dhá rádh, a bhean mhaith," arsa mise léi,
go teasaighe. "Táim chun leigint leis, agus ná bí-se
dom' thoirmeasg air, led' thoil."



Níor dhein soin ach an bhean mhalluighthe do ghríosacht
chugham. Bhí an fuath thar barr dom' mhac aici, agus ar
chumha ná ar chleasaibh ní bheadh sí sásta gan é dh'fheisgint
dá mharbhadh annsúd os a comhair.



Chuireas an ceangal air, fé dheireadh, d'fhonn aghaidh mo
mhná a thógaint díom. Rugas ar an sgiain, agus díreach
nuair a bhíos chun mo mhic a ropadh sa sgórnaigh léi,
d'iompuigh sé a cheann orm, agus thug aon tsúil-fhéachaint
amháin orm a chuaidh anonn trém' chroidhe. D'imthigh mo
neart uaim leis an bhféachaint sin a thug sé orm, agus
do thuit an sgian as mo láimh. Dubhart lem' mhnaoi —
agus dubhart go tur é — go mbeadh sé chomh maith aici a
suaimhneas a cheapadh, mar ná déanfainn an gamhain sin
d'ídhbirt. Níor dhein soin do'n mhnaoi chuirpigh é. Chrom
sí ar tafant agus ar thruaighcínteacht orm, nuair a theip
an abhcóididheacht uirthi. Ba mhar a chéile dhi é. Ní bhfuair
sí bogadh ná sáthadh asam, ach amháin gur gheallas di,
féachaint an eireochadh sí dhíom go ndéanfainn an
gamhain sin d'ídhbirt ar theacht Féile Bháirim arís.



Ar maidin lá ar n-a mháireach tháinig m'aoghaire bó ag
triall orm, agus dubhairt go n-oirfeadh do beagán
cainte a dhéanamh liom fé leith. Dhruideamair i leath-


L. 53


taoibh, agus seo mar dubhairt an t-aoghaire liom —



"An sgéal atá agam le h-innsint duit," ar se, "ní
dóigh liom go mbeidh tú mí-bhuidheach díom dá chionn. Tá
gearra-chaile d'inghin sa bhaile agam, agus tá roinnt
eoluis ar dhraoidheacht aici. An gamhain úd a leigis uait
indé, gan ídhbirt, thiomáineas romham abhaile é; agus
nuair a chonnaic m'inghean chúichi é, 'sé an chéad nídh a dhein
sí ná cromadh ar gháiridhe, agus as a gáire do phléasg
rachdghal ghuil uirthi. Cheisdigheas m'inghean ar ball, ghá
fhiarfhaighe dhi cad uime go raibh a gol chomh comhngarach
soin dá gáire. "Ní gan adhbhar é, a athair," ar sise.
"An gamhain sin a thugais thar n-ais leat, siné mac an
mháighistir. Níor fhéadas gan gáire a dhéan amh le h-áthas
é dh'fheisgint ag filleadh 'na dheigh-bheathaidh; agus níor
fhéadas gan gol ag cuimhneamh dom ar a mháthair, a
h-ídhbreadh an lá fé dheireadh, agus í i riocht bó. Is í bean
an mháighistir a chuir malairt crotha ar an mbeirt, le
geasaibh draoidheachta, agus tré mhéid a fuatha dhóibh."
Sin é agat comhrádh m'inghine liom," ars an t-aoghaire,
"agus mheasas gur cheart dom teacht dá innsint duit."



Beirim go deimhin duit, a shíogaidhe uasail, ach gur
mhothuigheas mo chuid fola ag corraighe ionnam le linn
na cainte sin a chaith an t-aoghaire liom. Ghluaisigheas
le n-a chois de'n tseasamh soin, fé dhéin na h-inghine,
d'fhonn fios fátha an sgéil d'fhagháil ó n-a béal féin.
Nuair a shroicheas an áit, isé céad sháthadh dheineas ná
rith chun an chróidh mar a raibh mo mhac, agus barróg a
bhreith air. Munar fhéad seisean barróg a bhreith orm-sa,
níor fhág sé aon mhearbhall orm, leis an lútáil a dhein sé
timcheall orm, ná gur bh'é mo mhac féin a bhí agam.



Tháinig inghean an aoghaire.



"A chailín bháin," arsa mise, "an bhféadfá a chruth


L. 54


nádúrtha féin a chur ar mo mhac?"



"D'fhéadfainn cheana, a mháighistir," ar sise.



"Má chuirir," arsa me féin, "is leat a bhfuil dhe'n
tsaoghal agam."



"Féach," ars an inghean, ag our smige gáire aisti,
"cé gur tusa ár máighistir agus go bhfuil urraim dá
réir sin ag dul duit uaim-se, ní fhéadfainn an geas
draoidheachta a thógaint ded' mhac ach ar an dá choingheall
so: an chéad choingheall díobh, go dtabharfá dhom le
pósadh é; agus an dara coingheall, go ndéanfainn
díoghaltas, le saor-chead uait-se, ar an té chuir fé
dhraoidheacht é."



"I bpáirt an chéad choinghill," arsa mise léi, "gheobhair
mo mhac le pósadh, agus fáilte; agus fós, gearrfad roinnt
mhór dem' stát ort féin, d'iongnais a dtuitfidh chughat
lem' mhac. Ar mh'fhocal dhuit ach go dtabharfaidh mé luach-
saothair uasal duit. Maidir leis an gcoingheall eile,
a bhaineas lem' mhnaoi pósta, toilighim leis sin mar an
gcéadna. Bean a gheobhadh innti féin gníomh chomh caillte
sin a dhéanamh, níor chóir é leigint i n-aisge léi. Fágann
féd' bhreith féin í, ach so: pé díoghaltas a dheanfaidh tu
uirthí no ná déanfair, níor mhaith liom go gcuirfí chun
báis í."



"Má's mar sin é, do ráidh an inghean, "tabharfad
an tomhas céadna dhi a thug sise dod' mhac."



"Táim sásta leis," arsa mise, "ach go dtugair mo
mhac 'na chruth féin ar dtúis dom."



Fuair an inghean árthach d'uisge ghlan, agus do chan sí
focail éigin nár thuigeas os cionn an árthaigh. Tug sí a
h-aghaidh ar an ngamhain annsoin, agus dubhairt na focail
seo:-



"Goirm agus coisricim thú," ar sí "má's mar a shamh


L. 55


luigheann tú anois dom a chruthuigh an Tighearna uile
chomhachtach thu, fan insa riocht chéadna; ach má's de'n
chineadh dhaonna thu, agus má's amhlaidh a cuireadh i riocht
an ainmhidhe le draoidheacht thu, tagadh do chruth nádúrtha
thar n-ais ort, fé mar a cheaduigh an Cruthuightheoir féin
duit."



Chaith sí an t-uisge ar an ngamhain le linn na bhfocal
soin a rádh dhi, agus ní túisge chaith ná tháinig cruth fir
air.



"Dé bheatha id' shláinte, a ghrianáin! Dé bheatha, a mhic
mo chroidhe!" arsa me féin, ag bhreith air agus ghá
fhásgadh isteach lem croidhe. Bhí a leithéid sin d'áthas
orm na feadar i gceart cad a dheineas, ná cad dubhart;
ach is cuimhin liom go ndubhart focail éigin mar iad so
síos, ag tagairt do'n chailín:-



"Is é Dia a sheol an mhaighdean so 'nár dtreo, chun
tusa dh'fhuasgailt ó dhaor-bhruid draoidheachta, agus chun
a gníomhartha do chúiteamh leis an mnaoi a dhein an éag-
cóir ort féin, agus ar do mháthair. Agus tá súil agam
go ngeobhaidh tú léi mar mhnaoi phósta, i ndíol a ndeárna
sí dhuit."



Thoiligh mo mhac leis sin go fonnmhar, ach sul ar pósadh
iad chuir sise cruth eilite ar mo mhnaoi, agus sin í annsoin
os do chomhair anois í. B'é mo rogha féin í bheith i riocht
na h-eilite, seachas bheith 'na h-ainmhidhe ghráineamhail a
cuirfeadh déistin orainn.



Cailleadh a bhean ar mo mhac 'na dhiaidh soin, agus
d'imthigh sé féin ar a chama-chuaird ar fuaid an domhain.
Tá roinnt bhliadhan anois ó fuaireas sgéal ná duan
uaidh, agus is chuige ghluaisigheas féin ar an dturas so,
féachaint an bhfaghainn aon tuairisg air. Thugas mo bhean
lem' chois, mar níor bh'iontaoibh liom a cúram fhágaint


L. 56


ar aoinne eile faid a bheinn féin as baile.



Siné anois agat m'eachdra-sa, a shíogaidhe uasail,
agus fiarfhaighim díot ar airighis riamh sgéal nach chomh
h-iongantach é?



"Admhuighim nár airigheas," do ráidh an síogaidhe,
"agus maithim i dtrian dá chion do'n cheannaidhe id'
chúntas."



Do labhair annsoin sean-duine an dá mhadra dhubh,
agus iseadh dubhairt:-



"Le toil t'onóra, 'neosad-sa dhuit mar thárla dhomh-sa
agus do'n dá mhadra so chíonn tú faram; agus sílim go
n-admhóchair féin gur'b iongantaighe de sgéal é ná an
sgéal atá an duine macánta so taréis innsint dúinn.
Tá súil agam nuair a chloisfidh tú mo sgéal-sa,
go mbeidh sé de gheanamhlacht ionnat trian eile do
mhaitheamh dod' chime."



"Déanfad cheana," ars an síogaidhe, "ach go mbeiridh
do sgéal-sa barr ó sgéal na h-eilite."



Thosnuigh an dara sean-duine annsoin, mar leanas:-



EACHDRA SHEAN-DUINE AN DÁ MHADRA DHUBH.



Tuig, a mhór-fhlaith (ars an sean-duine), gur'b iad so
mo bheirt dearbhrathár, an dá mhadra so lem' chois.
Nuair a bhí m'athair ag dul chun báis, suaimhneas síoraidhe
dhá anam, d'fhág sé míle púnt le h-uadhacht ag an nduine
againn. Chuireamair siopa chughainn leis an méid sin,
agus bhíomair a dtriúr ag obair i bpáirt. Taréis
tamaill, thógair mo dhearbhratháir is sine, ceann de sna
madraíbh céadna so, thógair sé eirghe as an obair a bh
aige, agus luighe le tráchdáil i ndúthaighibh iasachta. Dhíol


L. 57


sé amach a chuid de'n tsiopa leis an intinn sin, agus
cheannaigh sé na h-earraidhe dh'oirfeadh do'n tsaghas
tráchdála a chuir sé roimis.



D'imthigh sé, agus bhí sé bliadhain amuich gan aon
sgéala chur chughainn. Nuair a bhí an bhliadhain istigh,
bhuail chugham isteach sa tsiopa lá stollaire d'fhear bhoct,
go raibh an bás ag snámh ar a chroiceann, agus é, dar
liom, a d'iarraidh déarca.



"Dia dhuit, a dhuine bhoicht," arsa mise leis.



"Go mbeannuighidh Dia dhuit," ar seisean "an é ná
h-aithnigheann tú me?"



D'fhéachas cruinn annsoin air, agus thugas aithne
láithreach air.



"'Dhe, a dhearbhratháir," arsa mise, ag breith barróige
air "cionnus aithneochainn thu, agus an crot atá ort?"



Rugas liom isteach i seomra é, agus do cheisdigheas
é, i leith a shláinte, agus cionnus mar eirigh leis
lasmuich.



"'Mhuise," ar seisean, "cá beag dhuit féachaint orm?
Nach furuis aithint orm gur suarach é mo thoisg? Ná
cuir aon chúnstaicí 'na thaobh orm, mar dá ndéininn
m'imtheachta do mhion-aithris duit trés gach mí-fhortiún
a dh'fhág beo bocht me mar táim, agus trés gach cabhlaodh
dá rug orm ó sgaras leat, is amhlaidh thiocfadh mo
buadhairt go léir thar n-ais orm."



D'iadhas doras an tsiopa, agus bhuaileas amach le
cois mo dhearbhrathár. Cuireas dá nighe féin i bhfothraig
é, agus thugas culaith nua éadaigh do, le cur uimis.
Dheineas annsoin mo leabhair chúntais do sgrúdughadh
agus do chaitheamh suas, agus fuaireas go raibh dúbailt
stuic again, 'sé sin, gur bh'é mo chuid de'n tsaoghal luach
dhá míle púnt. Dheineas dhá leath dem' chuid, agus thugas
luach mhíle púnt dó-san.


L. 58


"Seo, a dhearbhratháir," arsa mise, "cuirfidh an méid
sin ar do bhonnaibh arís thu."



Ghlac sé uaim go fonnmhar é. Tháinig a chrot féin
agus a shláinte thar n-ais do, agus do luigh sé isteach
chun comhnuighthe arís liom.



Sealad 'na dhiaidh soin, chinn mo thara dearbhratháir, sé
sin, an ceann eile de sna madraíbh seo, chinn sé a chuid
do dhíol amach. Dheineamair ar ndícheall, me féin agus
mo dhearbhratháir críonna, d'iarraidh cosg a chur leis, no
d'iarraidh é bhriseadh de'n intinn a bhí aige, ach do chuaidh
soin dínn. Reic sé amach a chuid, agus cheannaigh sé
earraidhe ar an airgead, d'fhonn luighe le tráchdáil mar
an gcéadna. D'imthigh sé ar aisdear, le n-a raibh dhe'n
tsaoghal aige, agus bhí sé bliadhain amuich. D'fhill sé
orm taréis na bliadhna, agus an bhail chéadna air a bhí
ar mo dhearbhratháir eile ag casadh dho. Thugas leath a
raibh agam do, mar fhóirithin air, agus chuir sé siopa eile
chuige i n-athchomaireacht 'na dhiaidh soin.



I gcionn sgathaimh eile tháinig duine de'n bheirt chugham,
dá iarraidh orm dul ar thurus tráchdála i n-aonfheacht
leo. Dhiúltuigheas de láithreach, nídh nach iongna.



"Tá gach nduine agaibh-se araon taréis turus a
thabhairt," arsa mise, "agus níor thugbhúir libh abhaile ach
an aindeise. Cia fhéadfaidh a gheallamhaint domh-sa go
n-eireochadh liom níos fearr ná mar eirigh libh-se?"



Ní sháiseochadh soin iad. Thángadar araon ag meall-
aireacht liom, agus ghá innsint dom cadé an saidhbhreas
a bhainfimís amach ar bheagán duaidh, agus so súd.
Dubhart leo gur dhíomhaoin é a nglór, mar ná géillfinn
dóibh, agus go mbeadh sé chomh maith acu eirghe dhíom.
Bhíomair mar sin le n-a chéile ar feadh chúig mbliadhan,
mise coitchianta ag tabhairt an eiteachais dóibh, agus


L. 59


iad-san ag tafant agus ag áiteamh orm, go dtí gur
bhuadar orm sa deireadh. Bhí sé de mhí-ádh orm, taréis
na chúig mbliadhan, gur aontuigheas dul i n-aonfheacht
leo. Nuair a chuireamair chun sinn féin d'ullamhughadh i
gcomhair an aisdir, bhraitheas ar an mbeirt eile nár
bh'fhiú cianóg de'n tsaoghal iad. An míle púnt airgid
a thugas do sgach nduine dhíobh, bhí sé sgotaithe amach acu.
Ní mileán a thugas dá dhruim sin dóibh, cé go raibh
mileán tuillte go maith acu uaim, ach is amhlaidh roinneas
mo chuid an t-ath-uair ortha. Sé mhíle púnt iseadh ráinig
agam an uair sin.



"Is fearra dhúinn, a dhearbhratháracha," arsa mise,
"gluaiseacht le trí mhíle púnt de'n chor so, agus an trí
mhíle púnt eile do chur i gcoimeád dúinn féin. Muna
n-eirighidh linn de'n iarracht so níos fearr ná mar eirigh
libh-se cheana, is mór an nídh dhúinn an trí mhíle púnt so
a bheith mar chúl againn. Agus má théidheann gach aon
nídh eile dhínn, féadfamíd ár seana shlighe mhaireachtaint
a tharranc chughainn arís."



Thugas míle púnt an fear dóibh. Chuireas míle eile
chugham féin, agus chuireas i bhfolach an trí mhíle púnt
eile, fé'n úrlár i gcúinne an tighe. Cheannuighmair na
h-earraidhe, agus chuireamair chughainn iad i luing a
ghlacamair i bpáirt. Thógamair ár seolta an chéad ghaoth
a fuaireamair; agus taréis mí ar farrge dhúinn, gan
basgadh gan báthadh, bhuaileamair cuan agus caladh-
phort ag an áit a bhí ceapaithe againn.



Fuaireamair ana ghlaodhach annsoin ar ár gcuid earr-
aidhe. Bhí a leithéid sin de thógaint ar mo chuid-se go
spesialta, gur shaothruigheas chúig phúint i n-aghaidh an
phúint a bhí leigthe amach agam. Cheannuighmair annsoin
roinnt d'earraidhibh na dúthaighe sin, agus chuireamair


L. 60


chughainn sa luing iad, le tabhairt linn abhaile, agus le
díol i n-ár ndúthaigh féin.



Bhí gach nídh i dtreo agus i dtaisge againn i dtráth,
agus sinn ullamh chun gluaiste.



An lá bhíomair ag dul ar bórd, theangmhaigh bean bhreágh
dhathamhail orm-sa agus me ag gabháil an port síos, fé
dhéin na luinge. Má ba bhean dathamhail í, bean droch-
éadaigh ab' eadh í. Bhuail sí chugham ceann ar aghaidh,
agus do rug ar láimh orm, agus d'iarr orm í phósadh.
Do b'iongna liom, bean chomh deagh-labhartha chomh taith-
neamhach snódh léi a bheith gabhtha i ndroch-éadach. Munar
dhiúltuigheas ar dtúis di, bhíos i gcás idir dhá chomhairle,
agus ní lugha ná fhonn a bhí orm diúltughadh dhi. Ach níor
fhág sí uain agam chuige. Amhail agus dá mba léir di
na smaointe bhí ag rith im' aigne, dubhairt sí nár chóir
dom cur suas di i dtaobh a boichte, nár bh'aon comórtas
breághdhacht éadaigh agus uaisleacht aigne, gur bh'é an
lá geal dom é dá bpósainn í, agus céad nídh eile ná
h-áirighim. Chuir sí a h-ímpidhe chomh dian soin orm,
agus tháinig a briathra-san agus mo smaointe féin
isteach le n-a chéile chomh cruinn sin, gur ghéilleas dí fé
dheireadh.



Chuireas éadach oireamhnach dá dhéanamh annsoin di,
agus níor bh'fhada 'na dhiaidh soin gur pósadh go dleagh-
thach sinn. Rugas liom mo bhean nua-phosta ar bórd,
agus bhogamair linn chun farrge. I dtaisdeal na slighe
dhúinn, nuair a thuigeas éirim aigne agus feabhas méin
mo mhná, tháinig breis cheana agam i n-aghaidh an lae
uirthi.



Bhí mo bheirt dearbhrathár ar bórd i n-aonfheacht linn.
Níor eirigh a dturus leo-san chomh maith agus shaoileadar,
ná i n-aon ghiorracht do, agus cad do bheadh ná an bheirt


L. 61


lán suas d'fhormad liom-sa, i gan fhios dom. Ní fheadar
an é mo ghasdacht féin chun an tsaoghail a thug an ghráin
acu orm, no an le saint chun mo choda bhíodar, gur
chinneadar droch íde a thabhairt orm. Pé acu soin é,
thángadar ist oidhche, nuair a bhíos féin agus mo bhean i
n-ár gcodla, rugadar orainn araon, agus chaitheadar
thar bórd amach sinn.



Sídh-bhean ab'eadh mo chéile, agus de bhrígh gur bh'eadh
níor bh'fhéidir í bháthadh; ach ní raibh aon teacht as agam-sa
muna mbeadh í bheith ann chun fóirithin orm. Ní túisge
thuiteas ins an uisge ná thóg sí suas 'na baclain me,
agus d'árduigh léi san aer me. Ní cuimhin liom as soin
amach cionnus imthigh an aimsir thorm, gur dhúisigheas
ar maidin, istigh i n-oileán thirm, agus go bhfeaca mo
bhean lem' ais.



"Féach, a fhir mhaith," arsa mo bhean liom ar maidin,
"shaoras ó'n mbás aréir thú, agus dem' thuairim ní suarach
mar chúiteamh é ar a ndeárnais de mhaith dhomh-sa. Bíodh
fhios agat gur sídh-bhean mise. An lá úd a bhíos cois
na farrge, agus tusa ag dul fé dhéin do luinge, tháinig
báidh mhór agam duit, ar chaomhacht do dheilbhe agus do
shnódh. Ní bheinn sásta gan fhios a bheith agam ar dhuine
mar do dheamhramh thú, agus siné fé ndeár dhom gabháil
chughat insa riocht 'na bhfeacaís ar dtúis me. Níor
thugais aon teasbánadh dhom ó shoin ach teasbánadh dá
ghalántacht, agus tá mórtas anois orm ó fuaireas caoi
ar gach comaoin dár chuiris orm do chúiteamh leat. Ach
táim i bhfeirg led' bheirt dearbhrathár, agus ní bheidh mé
sásta go dtugad an íde chéadna ortha a shaoileadar-san
do thabhairt orainn-ne."



Ní fhéadfainn cur síos duit ar ar chuir comhrádh na mná
d'aiteas orm. Ghabhas mo bhuidheachas léi mar is fearr


L. 62


d'fhéadas é. Dubhart ná geobhainn chugham féin a dtug sí
de theasdaibh orm, mar nár bh'fhiú me é, agus gur mhaith
an díol uirthi-sin dá ndeininn níosa dhá mhó ar a son.



"Ach, a bhain-tighearna," arsa mise, "sírim thú gan
droch-chroidhe bheith dom' dhearbhrathárachaibh agat. Nílim
chomh mí-nádúrtha agus go mb'fhearr liom a mbás ná a
mbeathadh, cibé thugadar a chúrsaí dhom no nár thugadar."



D'innseas annsoin go mion agus go cruinn di gach a
ndeárna féin dóibh le fada roimhe sin. Is amhlaidh chuir
soin breis feirge uirthi leo.



"Imtheochad láithreach," ar sise, "agus déanfad díoghal-
tas obann ar na méirleachaibh neamh-náracha. Báidhfead
an long ortha, agus cuirfead síos go grinneall iad."



"Mar is maith leat im' beathaidh mise, a ríogan, ná
déin a leithéid," arsa mise léi. "Smaoinigh gur dear-
bhratháracha dhomh-sa iad, agus fós go bhfuil sé de dhualgas
orainn an maith a dhéanamh i n-aghaidh an uilc."



Ba dhóig leat gur chiúnaigh soin beagán í. Ní dubhairt
sí a thuilleadh, ach me thógaint léi san aer, as an oileán
amach, agus ar leagadh na súl bhíos ar an stáitse ar
bhuaic mo thighe féin aici. D'fhág sí annsoin mé, agus
d'imthigh sí uaim de gheit. Thána féin anuas an staidhre,
agus d'osglas na dóirse. Chromas ar thaighdeadh, mar
ar fhágas an t-airgead i bhfolach, agus fuaireas mo thrí
mhíle púnt. Chuadhas annsoin agus d'osglas an siopa;
agus nuair a chualaidh na ceannaidhthe eile, a bhí sa chomh-
arsanacht agam, me bheith insa tsiopa, thángadar ag cur
fáilte abhaile romham. Ar ball, nuair a chuadhas thar
n-ais chun m'áruis comhnuighthe, tháinig ag lútáil tímcheall
orm dhá mhadra dhubha ná feaca go dtí soin. Níor
thuigeas cad fé ndeár dóibh bheith ag déanamh muinn-
tearais liom, ná cad as go dtángadar chugham, no gur


L. 63


sheasaimh an tsídh-bhean os mo chomhair, i gcionn tamaill.



"Ná cuireadh sé aon iongna ort, a fhir mhaith," ar sí,
"an dá mhadra so bheith ad' leanamhaint; 'siad do bheirt
dearbhrathár iad."



Thuit néall bhróin orm leis an gcaint sin. D'fhiar-
fhaigheas di cadé an chomhacht a chuir ar mí-chruth iad.



"Mise a dhein ortha é," ar sise; "no, is mar a chéile
é, deirbshiúr dhom a dhein ortha é, le h-úghdarás uaim-se.
Ní h-é sin amháin a dhein sí. Do bháidh sí an long ortha,
agus d'fhág soin thusa i n-éagmais na n-earraí a bhí ar
bhórd agat. Má seadh, ná bíodh aon chathamh 'na ndiaidh
ort, mar gheobhaidh tú a luach go maith ar chuma eile.
Maidir led' bheirt dearbhrathár, chuireas de bhreith agus
de mhór-ualach ortha fuireach sa chruth soin ar feadh chúig
mbliadhan; agus ba dhóigh liom, taréis a bhfuil d'olc
déanta acu, go bhfuil an méid sin pianóis éadtrom go
leor acu."



Sin mar fhág sí agam é. Dubhairt sí annsoin go raibh
uirthi féin bheith ag imtheacht. D'innis sí dhom cá bhfaghainn
a tuairisg, agus do sgeinn sí as mo radharc gan a
thuilleadh agó. Tá na chúig bhliadhna láimh le bheith caithte
anois, agus táim-se ag siubhal romham ag lorg mo mhná.
Ag gabháil thar brághaid annso dhom, chonnac an ceann-
aidhe seo le h-ais an tobair, agus an duine séimh go
bhfuil an eilit le n-a chois.



Siné m'eachdra-sa agat, a rí-shíogaidhe; nach dóigh leat
gur'b iongantach le h-innsint é?



"Admhuighim é," ars an síogaidhe, "agus maithim dom'
chime trian eile d'éiric mo mhic ar do shon."



Chomh luath agus bhí a sgéal críochnuighthe ag an dara
sean-duine, d'eirigh an tríomhadh sean-duine. Chuir seisean
an ímpidhe céadna ar an síogaidhe a chuir an bheirt eile


L. 64


air, sé sin, dá sáruigheadh an sgéal a bhí le h-innsint
aige an dá sgéal a bhí innste cheana, go maithfí do'n
cheannaidhe insa trian eile dá chion. Dubhairt an síogaidhe,
dá fhreagradh, ná raibh aon locht le fagháil ar an
gcoingheall soin aige. Thug sé an gheallamhaint chéadna
uaidh a thug sé dho'n bheirt eile. Chrom an tríomhadh sean-
duine ar a sgéal d'innsint annsoin. Ní thig liom-sa an
sgéal d'aithris dhuit, mar nár shroich sé san iomlán me,
ach tá fhios agam nach beag d'iongna an t-eachdra bhí
aige. Do sháruigh sé an dá sgéal eile ar bhrígh agus ar
shlacht, ar éagsamhlacht gníomh, agus ar fheabhas cainte, i
gcás nár fhéad an síogaidhe féin gan an barr a mholadh
dho. An túisge bhí an sgéal soin críochnuighthe do labhair
an síogaidhe leis an sgéalaidhe.



"Tugaim," ar sé, "saor-mhaitheamhnachas do'n cheann-
aidhe insa trian deireanach dá chion ar do shon-sa, agus
ar bhríoghmhaire do sgéil. Tá sé fé chomaoin mhóir ag an
dtriúr agaibh-se, mar tá anacal anama faghálta aige
d'bhur mbarr. Muna mbeadh sibh níor leis bheith abhfad
ar an saoghal."



Ní túisge bhí an focal as a bhéal ná chuaidh sé ar ceal
uatha; agus pé acu síos no suas a ghaibh sé uatha, ní raibh
aon chathughadh ar an gcuideachdain 'na dhiaidh, mo lámh
dhuit leis.



Ní baoghal ná gur ghaibh an ceannaidhe a bhuidheachas ó
chroidhe leis an dtriúr a thug saor ó'n mbás é. Níor
thaise dhóibh-sin; bhíodar lán d'áthas an ceannaidhe a theacht
saor ó'n mbruid uathbhásach 'na bhfuaireadar é. D'fhág-
adar slán agus beannacht agá chéile, agus thug gach
nduine dhíobh a bhealach féin air. An ceannaidhe go
spesialta, bhí fuath na h-áite sin air, agus níor dhein sé
a lán moille ann ó'n uair go bhfuair sé cead a chos


L. 65


Thug sé aghaidh ar an mbaile, fé dhéin a mhná agus a
chloinne, agus chaith sé an chuid eile dhá shaoghal 'na
bhfochair, fé mhaise agus fé áthas.



"Sin mar thárla dho'n cheannaidhe," arsa Seatharáidh-
teach le n-a deirbhshír; "agus cé go measair-se gur'b
iongantach an sgéal é, ní fiú trácht air i gcompráid
leis an sgéal atá le h-innsint agam ar maidin
amáireach."



SOINBEAD SIUBHLACH.



Le linn Arúin Alraisíd a bheith i bhflaitheas na
h-Araibe, bhí duine bocht áirithe 'na chomhnuidhe i gcathair
Bhagdad. Giolla iomchair ab' eadh an duine bocht, go
mbíodh air dul ó áit go h-áit ar fuaid na cathrach, agus
ualaighe beaga ar iomchar aige. Bhí sé lá agus árd-
ualach trom thar a ghuailnibh air, ghá bhreith ar aisdear
fhada. Thárla go raibh air gabháil tré sráid bhreágh
leathan, a bhí leath-imeallach ó'n gcathair amach. Bhí
meirbhe an lae, agus truime an ualaigh, ag cur ar an
bhfear mbocht. Leig sé anuas a bheart de, i leathtaoibh
na sráide, agus do shuidh sé ag geata tighe mhóir, ag
cur a thuirse dhe, fé sgáth na gcrann.



Chonnaic sé uaidh isteach an dún-árus ba bhreághdha
slachdmhaire dá bhfeaca sé riamh go dtí soin. Chonnaic
sé na h-uaisle a bhí istigh, agus na seirbhísigh ag gabháil
thar a chéile fé lán tsiubhal, cuid díobh istigh, agus a thuil-
leadh dhíobh ag fliuchadh an gháirdín i dtosach an tighe, le
h-uisge lán-chumhartha go sughlach mbláth. Fuair an
giolla iomchair bolaith eile ba bhreághdha leis ná soir
féin, bolaith na feola a bhí dá bruith insa bhreo-theach, i
gcómhair na proinne; agus chuir soin i gcuimhne dho go
raibh ocras agus tart air, i dteannta a raibh eile de
mhí-ádh anuas air.


L. 66


Do ghluais arís chuige, ó'n ndún-árus amach, sruth de'n
cheol dob' aoibhne dár airigh duine riamh; ach amhain nár
bhinne leis an ngiolla an ceol a bhí dá spreagadh istigh
ná an ceol a bhí ag na h-éanluithibh os a chionn anairde,
ar bharr na gcrann. Is amhlaidh bhí an gáirdín sin, agus
é leigithe amach fé chrannaibh chomh-ghlasa, dhlúth-ghéagacha,
cheann-troma. Bhí líon-bhrat mogalach leathta ar chuail-
lidhibh os cionn na gcrann anáirde, agus é ag sileadh go
talamh mór-thimcheall an gháirdín, do choimeád na n-éan
isteach, go ná raibh tor ná crann gan a chothrom d'éan-
luithibh ghuib-bhinne dhath-áilne air.



D'eirigh a chroidhe ar an ngiolla le h-aoibhneas na
h-áite sin. Do sásuigheadh a chéadfadha le h-áilneacht
an tighe, agus le cúmhracht an aeir, agus le binneas an
cheoil, ar mhodh go raibh gach uireasba dár luigh air féin
ag dul i ndearmad uaidh, agus go ndubhairt sé leis féin
os árd:-



"Molaim Dia agus molaim fear an tighe sin, pé h-é
féin!"



Thárla gur ghaibh seirbhíseach thar brághaid ar ghnó éigin,
agus d'fhiarfhaigh an giolla iomchair de, go múinte béasach,
cia bhí 'na chomhnuidhe san áitreabh soin. Ní ró-chneasda
an freagra thug an seirbhíseach air.



"Cad as tusa i n-aon chor," ar seisean, "ná fead-
araís gur annso atá comhnuidhe ar Shoinbead uasal, dá
ngairmthear Soinbead Siubhlach, an t-aon taisdealaidhe
is mó clú, agus an fear is mó saidhbhreas dá bhfuil sa
ríoghacht?"



D'imthigh an seirbhíseach, agus d'fhág sé an giolla
iomchair i mbun a smaointe. Ba mhinic roimhe sin a
chualaidh an giolla trácht ar Shoinbead, agus ar a raibh
de shaidhbhreas aige, ach ní raibh fhios aige go dtí soin cár


L. 67


chomhnuigh sé. Chuimhnigh sé annsoin ar a shuaraighe bhí an
saoghal aige féin, agus an t-ádh bhíonn ar dhaoinibh thar a
chéile; saoghal soilbhir sóghach ag daoinibh áirithe, pé acu
thuillid siad é no ná tuillid, agus daoine eile ag
treabhadh an donais rómpa ó aois go bás. Tré n-a
mhachtnamh do, d'eirigh sé 'na sheasamh, agus dubhairt de
ghlan-ghuth:-



"A Dhia mhóir ó," ar sé, "a chruithigh na h-uile dhúile,
cadé mar dháilir an rath ar dhaonnaidhthibh seachas a chéile!
Sochar an tsaoghail i n-áirithe ag dream fé leith, cia ná
bíonn aidhm i n-obair ná i ngnó acu; agus daoine eile
ag pléidhe leis an ngábhatar, dá dhúthrachtaighe chun
saothair iad. Siné Soinbead agus neamh ar talamh aige,
gan duadh gan dochma, agus saidhbhreas do-áirithe aige
thar a bhfuil riachtanach do. No cionnus a thagann sé gur
leagadh an oiread soin de mhaith an tsaoghail ar aon
fhear amháin, agus gur'b ar éigean fhéadaim-se greim
bídh a sholáthar dom féin agus dom' mhuirighin le h-allus
mo chnámh? Agus, a Dia dá n-adhraim! cadí an choir seo
déanta agam-sa, ná fuil agam ach an dealbhas taréis
mo shaothair?"



Agus mar adubhairt sé na focail sin do bhuail go mí-
foidhneach dá chois ar an dtalamh, le seana-bhlas air féin,
fé shuaraighe a staid bheathadh.



D'árduigh sé a bheart air féin annsoin, agus bhí ag
triall roimis. Ní fada chuaidh sé go dtáinig seirbhíseach
suas leis, dá rádh gur theasduigh ó Shoinbead é dh'fheisgint.
Cuimhnigh an giolla ar an gclamhsán formaid a bhí aige
roimhe sin, agus samhluigheadh do gur'b amhlaidh rith fios
a rúin chun Soinbead. Chrom sé ar a leath-sgéal do
ghabháil, ghá rádh go mbeadh sgáth air dul i láthair na
ndaoine uaisle, agus dá mbeadh gan soin féin go


L. 68


n-oirfeadh do bheith ag ciorrughadh na slighe roimis. Ní
ghlacfí aon leath-sgéal uaidh. B'éigean do filleadh, agus
níor stad an seirbhíseach go rug sé leis isteach sa
proinnteach é, mar a raibh cuideachta shúgach 'na suigh
chun dínéir, agus lucht freasdail agus friothála na
seasamh mór-thímcheall.



Bhí fear faid-fhéasógach, liath, súil-aibidh, ar cheann
cláir, fear sgoth-aosta séimh, go raibh cosamhlacht na
féile agus na daonnachta 'na ghnúis agus 'na cinn-aighthe.
D'fháiltigh an duine críonna roimis an ngiolla, agus
d'iarr air suidhe chun búird le n-a ais féin. Do líon
sé amach leabhar-chorn fíona chuige, agus dubhairt nár
ghábhadh dho sgáth ná cúlmhántacht a bheith air roimis an
gcuideachdain. Chaitheadar fleadh fairsing i bhfochair a
chéile, agus taréis dínéir, d'fhiarfhaigh an duine críonna
de'n ghiolla cad dob' ainm do, agus cia 'ar díobh é, agus
cadé an tslighe bheathadh bhí aige.



"Ná bíodh ceist ort," ar seisean, "i dtaobh an ualaigh
a bhí ar iomchar agat. Cuirfear abhaile é, agus beidh págh
an lae agat-sa chomh maith agus dá mbeadh ort féin an
an t-ualach d'iomchar go ceann sgríbe. Ach ba mhaith liom
dá 'neosfá do sna daoinibh uaisle seo cadí an chaint í
siúd a dheinis ó chianaibh, agus tú amuich ag an ngeata?"



Ní raibh puinn coinne ag an ngiolla leis an gceist
sin, ná puinn deabhaidh air chun í dh'fhreagairt. Níor
dhein sé ach a cheann a chromadh, agus a rádh gur thuit
focail éigin uaidh ná raibh puinn céille leo, agus go
saibh súil aige na tógfadh an duine uasal air a ndubhairt
sé, mar gur bh'iomdha dochraide a bhí ag gabhail do san
am gcéadna.



"Ná beir leat go bhfuil mileán agam ort 'na thaobh,"
do ráidh Soinbead, "mar tuigim do chás go dian-maith.


L. 69


Bhíos-sa im' shuidhe ar chúlaibh an gheata, ar sgáth na dtor,
le linn na cainte dheinis, agus níor fhéadas gan truagh
a dhéanamh do dhuine bhocht ded' leithéid, a bhíonn dá chiapadh
ag an saoghal, agus an gábhatar ag imirt air. Ach chíthear
dom go bhfuil mearbhall ort i dtaobh cionnus ráinig
liom-sa teacht suas lem' chuid de rachmus an tsaoghail;
agus is chuige chuireas fios ort go gcuirfinn sa cheart
thu. Má mheasair go bhfuaireas mo chuid saidhbhris gan
duadh cuirp agus crádh meanman, níor mhaith liom go
mbeadh soin de mhearaighe ort níosa shia. Go deimhin is
beag dá fhios agat-sa, ná ag aoinne eile ó Dia anuas;
mar is mór dem' shaoghal a thugas go h-atuirseach, i gan
fhios d'aoinne, agus is 'mdhó peannaid agus cúntabhairt
a chuireas thorm.



"Ní sgéal sgéil é, a cháirde," arsa Soinbead, ag
tabhairt aghaidh ar an gcuideachdain, "ach an fhírinne ghlan
díbh, go bhfeaca-sa mo chion d'anró an tsaoghail, faid a
bhíos ag cnuasacht chugham má chonnaic aon fhear riamh é.
Níl sé as an slige agam a rádh gur thuit tubaistí sa
mhullach orm a bhainfeadh a mheisneach de chroidhe dá
thréine, cé gur maoidhteach an focal é. B'fhéidir nár
chualabhair fós cúntas cruinn ar na seacht mór-thurais
farrge thugas isteach. An té bhíonn siubhlach bíonn sé
sgéalach; tabharfad anois díbh, ó fuaireas faill air
tuarasgbháil mo chéad turais; agus na sé lá so chughainn,
má thagann soin isteach le n-bhur gcaothamhlacht, 'neosad
díbh mar thárla dhom ns na sé turais eile."



Thaithn soin go rí-mhaith leis an gcuideachdain. An
giolla mar chách, ba ghar leis an cuireadh dh'fhagháil; ach
do gheall Soinbead dó-san ná beadh sé aonnídh chun
deir dh leis, mar go mbeadh a phágh i n-aghaidh an lae dho.



Thosnuigh Soinbead annsoin, agus thug an chéad eachdra
uaidh, mar leanas —


L. 70


SOINBEAD SIUBHLAC.



AN CHÉAD IOMRAMH.



Beannacht díleas na ngrás le h-anaman m'athar,
d'fhág sé im' dhuine shaidhbhir mise, fé fhairsinge thalmhan,
agus fé bhó-tháintibh, agus fé airgead thirm. Ní rabhas
ach im' buachaill óg nuair a cailleadh orm é, agus má
thuit an neamh-meon saidhbhris chugham 'na dhiaidh, d'fhan aon
easba amháin orm: easba na céille. Is sean-fhocal é
ná tagann ciall roimh aois. Thugas-sa gaoth dho'n tsaidh-
bhreas, go dtí ná raibh puinn de fágtha agam.



Dáltha an té úd gur imthigh an tart de nuair a bhí
deireadh ólta aige, d'imthigh dícéille agus baois na
h-óige dhíom-sa nuair a bhíos i ndeireadh mo choda.
Bhraitheas annsoin go raibh an dá dhíoghbháil déanta agam.
Níor bheag dhom de mhí-ádh mo mhaoin a bheith imthighthe idir
mo ladharachaibh uaim, ach thuigeas gur mhó ná soin de
chreach a raibh dom' shaoghal imthighthe gan áird uaim; ó
isé an ré saoghail a bhronnann Dia orainn an seod is
uaisle dá mbíonn inár seilbh. Chuimhnigheas, leis, ar an
bhfocal a labhair an fáidh-úghdar, mar ba mhinic a chloisinn
ag m'athair é, "gur thúisge leis bás ná bith-bhoichte." Is
fearr déidheanach féin ná ró-dhéidheanach adubhairt liom
féin; agus ó bhí m'aimhleas dá dhéanamh agam go dtí
soin, ba mhithid liom malairt deise a chur orm féin i
gcomhair an tsaoghail a bhí romham.



Bhailigheas chugham pé fuigheallach áirnéise bhí fágtha
agam, agus dhíolas ar an bpinginn ab' aoirde iad.
Ghlacas comhairle le daoinibh tuisgionacha, ar cionnus
dob' fhearra dhom mo chuid airgid a leigint amach.


L. 71


Dubhradar liom nár bh'eol dóibh slighe mhaireachtaint ab'
oireamhnaighe dhom ná luighe le ceannaidheacht, agus le
tráchdáil thar lear. Ghabhas chugham an chomhairle sin.
Chuadhas gan stad go dtí an mbaile cuain, go Balsóra,
agus luigheas isteach le ceannaidhthibh a bhí ghá n-ullamh-
ughadh féin chun dul thar sáile.



Ghlacamair árthach i bpáirt. Chuireamair chughainn an
luchda; agus an túisge fuaireamair cóir gaoithe, chroch-
amair na seolta, agus bhogamair chun farrge amach.
Thugamair tosach na luinge do mhuir, agus a deireadh
do thír, agus do leanamair de'n tseol-réim sin, gach
ndíreach, fé dhéin an Domhain Thoir. Bhuail breoidhteacht
fharrge me féin, agus bhíos dona go leor ar feadh lae
no dho; ach ó chuireas an chéad chalaithe de'n ghalar díom
níor bhraitheas a thuilleadh dhe. Stadamair ag cuid
de sna h-oileánaibh a bhí sa tslighe romhainn, ag díol
agus ag ceannach, agus ag cur tuilleadh lóin chughainn.
Bhíomair mar sin ar feadh abhfad, ag treabhadh romhainn,
agus gach aon nídh ag dul chun leasa dhúinn.



Thárla, lá n-aon, gur thuit an ghaoth, go dtí ná raibh
leoithne as an aer; agus chiúnaigh an fharrge ar chuma go
snámhfadh sliogán. D'órduigh an captaen na seolta a
thabhairt isteach. Bhíomair san am soin, comhngarach
d'oileán bheag ghlas-uaithne chothrom, ná raibh d'aoirde
ann ach a rádh go raibh sé os cionn uisge. Ceap cuid
againn dul i dtír, agus an lá thabhairt ar an oileán.
D'iarramair cead ar an gcaptaen, agus fuaireamair
iasacht an bháid uaidh. Chuireamair chughainn cothrom bídh
agus díghe, agus adhbhar teine dh'adhmad. Chuadhmair i
dtír, agus chromamair ar rith anonn agus anall, ag
súgradh dhúinn féin, agus ag síneadh ár gcos, a bhí
crapaithe ó'n luing


L. 72


D'aduighmair teine i gcaitheamh an lae amach. Bhailigh-
mair timcheall na teine, ag gléasadh an bhídh dúinn féin,
agus bhíomair uile go soilbhir súgach. Níor bh'fhada mar
sin dúinn gur mhothuighmair an t-oileán ag crith agus ag
luasgadh fúinn. Bhéic na daoine dh'fhan sa luing orainn
teitheadh le n-ár n-anam, mar chonnaiceadar soin leis
an t-oileán ag corraighe. Cad a bheadh ann ach oll-phiast
mara, a bhí ghá grianadh féin ar bharr an uisge; agus
nuair a shaoileamair-ne bheith ar thalamh thirm, is anáirde
ar mhuin na péiste bhíomair.



Seo fear 'má luaithe fé dhéin an bháid. Cuid díobh
nár shroich an bád, ráinig leo imeall an uisge a bhaint
amach, agus chuireadar sa tsnámh. Bhíos féin ar deireadh,
agus sgiobadh chun siubhail me, ar dhruim na péiste. Ni
ró-fhada chuaidh sí go ndeaghaidh sí fé loch, mar bhí an
teine ag breith uirthi. D'fhág sí mise 'na diaidh i mbéal
na tuinne, ach rugas go caothamhail ar smut de chlár
adhmaid a bhí sa teine againn.



Chuaidh fuireann an bháid ag fóirithin ar na fearaibh a
bhí san uisge. Saoradh cuid díobh, agus a thuilleadh nár
saoradh. Thárla gur bhlosg leoithne de'n ghaoith aniar i
n-athchomaireacht 'na dhiaidh soin, agus nuair a shaoil an
captaen gach aoinne nár báidheadh a bheith ar bórd aige,
do sgaoil sé an anairt le gaoith, agus d'imthigh leis fé
lán-tsiubhal. Leis an sgannradh ghaibh iad agus an
deabhadh a bhí ag fágáil na h-áite sin ortha, ní fheacaidh
aoinne de'n fhuirinn mise.



Do ghlaodhas féin, agus do ghlaodhas go h-árd. Do
liúdhas agus do bhéiceas, faid agus bhí béic ionnam, ach
níor bh'aon mhaith dhom é. Dá fhaid ag glaodhach me is
amhlaidh bhí an chabhair ag druideamhaint uaim. D'imthigh


L. 73


an long as mo radharc ar fad fá dheoidh, agus thugas me
féin suas do Dhia.



Bhíos lá agus oidhche annsoin, dom' chaitheamh ó thonn
go tonn, agus mo dhá dhóithin le déanamh agam d'iarraidh
me féin do choimeád i n-uachdar. Bhraitheas, ar maidin
lá ar na mháireach, mo radharc ag casadh orm, agus mo
neart ag imtheacht uaim; agus níor shaoileas go bhféad-
fadh rith liom abhfad eile. Bhíos ag dul i luige as soin
amach, agus gan aon tsúil le fóirithin agam. Ach
choimeádas greim an duine bháidhte ar mo chlár; agus
pé gaoth, no pé sruth a bhí am' sheoladh, níor mhothuigheas
no gur caitheadh de bhuaic tuinne me, tráth éigin de'n lá
soin, isteach ar thráigh gainmhe.



Thugas tamall maith sínte annsoin agus gan cor
ionnam. Chomh luath agus bhraitheas de neart ionnam é,
dhruideas an tráigh isteach, de lamhacán, agus shíneas
thorm insa ghainimh thirm, no gur chuir an ghrian teas im'
bhallaibh. D'eirgheas annsoin, le h-intinn tabhairt fé'n
dtír isteach.



Is amhlaidh bhí an áit sin, agus faill ana árd, ana
gharbh, ag ceann na trágha, agus an aidhbhéis mhillteach ag
teacht go bun na faille ar gach taobh díom; ar mhodh ná
raibh de rogha agam ach tabhairt fé'n bhfaill anáirde,
no fuireach ar an dtráigh go dtiocfadh an bás chugham.
Thugas fé'n bhfaill ar ball; ach a dhaoine na n-áran,
b'iní an obair dhuaidhseamhail. Bhíos ag strapaireacht,
agus ag snámh, agus ag sleamhnughadh liom suas, faid
gach nfaid, agus ná feadar ó'n nóimeat go chéile, ca
h-uin a thuitfinn le fánaidh. Chuireas carraigreacha
loma dhíom, agus adhart ghrin, agus portaighthe de chré
bhuidhe i ndiaidh a chéile; agus muna mbeadh cipineach
craobh agus préamhacha crann a fuaireas i n-éadan na


L. 74


faille, ní thiocfadh liom an barr a shroistint go deo.
Bhíos fann lag-bhrigheach go leor nuair a ráinig liom an
talamh chothrom a bhaint amach. Ach do ghéaruigh an
t-ocras chomh dian soin orm go mb'éigean dom siubhal
romham, féachaint an bhfuighinn aonnídh le n-ithe. D'eirigh
liom go bhfuaireas déanamh mo ghnótha de ghlasaraidhibh,
agus de mheas crann. Fuaireas rud eile leis, a theasduigh
go géar uaim, tobar d'uisge mhaith dheigh-bhlasta, agus
d'ólas mo leor-dhóthain de. B'é an rabharta ag breith
ar an mallamhuir agam é. Bhíos ag teacht chugham féin
ó'n nóimeat a bhlaiseas an biadh agus an deoch.



Ghluaisigheas orm annsoin, fé'n dtír isteach. Ní ró-
fhada chuadhas go bhfeaca machaire breágh leathan de
thalamh réidh, agus sgata capall ag innbhiúr istigh i lár
an mhachaire. Bhí an tráthnóna déidheanach ann, agus
mheasas, pé mín no fiadhain na capaill, go mb'fhearra
dhom gabháil fé n-a ndéin. Nuair a thána i ngiorracht
dóibh chonnac go raibh ceannracha leo, agus gach capall
díobh ceangailte dhe staic. Do stadas tamall ag
machtnamh, agus faitchíos mo dhóthain orm. Isé thugas
as mo mhachtnamh ná go mb'fhearra dhom capall díobh a
bhreith liom, agus tabhairt fé'n ndúthaigh isteach, má bhí
aon bhreith agam ar m'anam a shaoradh. Thoghas an capall
ab' fhearr asta, agus bhíos ag sgaoileadh na ceannraighe
de'n chleith, gur chuala guth an duine, ag teacht as an
dtalamh aníos chugham. Dóbair go dtuitfinn as mo
sheasamh leis an ngeit a baineadh asam. Láithreach 'na
dhiaidh soin d'eirigh fear aníos chugham, agus d'fhiarfhaigh
díom cia 'r bh'é me, no cad a thug an treo soin me.
D'innseas do gach ar thárla dhom ó indé roimhe sin. Shín
sé a lámh annsoin chugham go muinnteardha, agus rug
leis síos me, i n-uaimh fé thalamh, mar a raibh an chuid
eile d'fhearaibh na gcapall.


L. 75


Ar mh'fhocal díbh ach gur bhaineas preab as na fearaibh
thíos. Ní lugha coinne bhí agam-sa leo ná bhí acu-san
liom-sa. Thairigeadar biadh agus deoch dom agus níor
mhisde liom soin, mar bhí mo ghoile go maith again. Nuair
a bhíos sásta dhe'n bhiadh d'fhiarfhaigheas díobh, munar dhóigh
leo go mbeadh sé droch-mhúinte agam an cheist a chur
chúcha, cadé an gnó bhí annsoin acu. D'innseadar dom
gur bh'iad giollaí an ríogh iad, agus go dtagadís chun an
bhaill sin uair sa mbliadhain, ag tóirigheacht chapall mhar-
cuidheachta dho'n rígh. Thagadh, adubhradar liom, capaill
dhraoidheachta isteach ó'n bhfarrge, ag innbhiúr ar an
machaire sin, go n-a siorraigh le n-a gcois. Agus is i
ndóigh go mbéarfadh na giollaí ar chuid de sna siorr-
achaibh a chuireadh an rí uaidh ar an gcuaird sin iad. De
shíolrach an Aonbháirr, a bhí ag Manannán mac Lir, ab'
eadh na capaill dhraoidheachta. Falaraí mara thugtí
sa dúthaigh sin ortha; agus ba chomh-dheas dóibh ar muir
agus ar tír, agus ba chomh-luath le gaoith earraigh iad,
agus ní marbhuightí marcach dá muin.



Bhí an t-ádh liom, adubhairt na giollaí, agus teangmháil
ortha féin an lá soin, mar go rabhadar le h-imtheacht ar
ais ar maidin; agus dá bhfágtí im' aonar sá cheann
soin de'n oileán me, gur'b ann fhágfainn mo chnámha.
Insa cheann ba shia uainn de'n oileán iseadh dh'áitreabhaigh
na daoine, agus ní fhéadfainn meabhrughadh ann go bráth
gan duine éigin dom' stiúrughadh.



Tháinig na capaill dhraoidheachta i gcaitheamh na h-oidhche,
imeasg na gcapall eile, agus i moch na maidne d'eirigh
leis na giollaidhibh breith ar shiorrach, maille le líontaibh
a bhí ceangailte ar chuaillidhibh acu. Gluaiseadar rómpa
annsoin, agus mise i n-aonfheacht leo; agus ar shrois-
tint na cathrach dúinn rugadar i láthair an ríogh me,


L. 76


D'fhiarfhaigh seisean díom cá'r bh'as me, no cad a sheol
'na ríoghacht féin me. Do nochtas éirim mo sgéil do, gan
cur leis ná baint uaidh. Ba mhaith an mhaise dho'n rígh é,
dubhairt gur thruagh leis an mí-fhoirtiún a thárla dhom,
rug buadh-áthas liom fá theacht slán ó gach cúntabhairt,
agus d'aithin dá lucht feadhma gan aon tsaghas nídh dá
n-oirfeadh dom im' riachtanas a dh'fhágaint i n-easnamh
orm. Ní raibh ó'n lucht feadhma ach a rádh leo. Níor
fhágadar aon easba orm.



Ba ghearr gur chuireas aithne ar na daoinibh ba léigh
eanta insa chathair; agus ba mhinic me 'na gcuideachdain,
ag comh-agallamh leo, agus ag éisteacht leis an gcomhrádh
bhíodh acu eatortha féin. Níor imthigh aon dearmad orm,
ámhthach, gan cuaird a thabhairt ar chúirt an ríogh chomh
minic agus d'gheibhinn caoi air; agus fuaireas caidreamh
annsoin ar an ríogra bhí fé chíos-cháin aige. Chuiridís
ana spéis ionnam-sa, agus im' ráidhtibh, agus chuiridís
céad chúntas orm i leith mo thíre dhúthchais, agus i leith
na réigiún eile a bhí ar eólas agam. Bhínn-se chomh
fiosrach leo. Cheisdighinn go mion iad, ar ar bhain le
dlighthibh agus le nósmhaireacht 'na ndúthaighibh féin, agus
le staid bheathadh na ndaoine bhí fé n-a gcúram.



Mar is béas do lucht aon-chéirde bheith ag teannadh le
chéile, níor ghnáthaighe i gcuideachdain eile me ná i bhfochair
na gceannaidhthe. Baile breágh cuain iseadh príomh-chathair
na ríoghachta soin, go mbíonn luingeas ag tarranc ann
ó gach áird de'n domhan. Bhíodh mo shúil anáirde agam-
sa, imeasg na gcoigrigheach a thagadh chun cuain, féachaint
an dtiocfadh aoinne trasna orm go mbeadh sgéala óm'
baile dhúthchais aige, no féachaint an bhfuighinn faill ar
chasadh abhaile luath no mall. Bhí soin ag dul díom, pé
ar domhan é, agus chuireas mo shúil de fé dheireadh.


L. 77


Bhí oileán eile fé smacht an ríogh, agus bhí ana éileamh
agam turas a thabhairt ann, mar chloisinn iomrádh ag
lucht luingeas ar na h-iongantaisidhibh a chídís ann. Inis
Bhulcáin a thugadh na máirnéalaigh ar an oileán soin;
agus is uime thugtí Inis Bhulcáin air, torann a chloistí
fé thalamh ann ist oidhche, amhail agus dá mba inneoin a
bheadh dá tuargan de throm-órdaibh. Ba dheacair liom
géilleadh d'eachdraidhibh na máirnéalach, nó go bhfuaireas
féin caoi ar dhul go dtí an oileán, agus go bhfeaca na
h-iongantaisí lem' shúilibh cinn. Tá sruth leamhnachta ag
gabháil tré lár an oileáin, chun na mara síos, de bhainne
bhreágh bhríoghmhar, a shileann ó dhuilleabhar na gcrann. Ní
théidheann an sruth soin i ndísg choidhche, agus cruinnighid
na míola móra ag béal an tsrutha, ghá ól. Tá éisg insa
bhfarrge mágcuairt, agus eirghid siad ag eiteallaigh
sa spéir ist oidhche. Is cosamhail le teine ghealáin na
sgiatháin atá ortha; agus na saighneáin soluis a thagann
uatha, is comh-gheal le gathaibh gréine iad. Is 'mdhó solaoid
nach iad a chonnac le linn mo thurais go h-Inis Bhulcáin.



Lá dá rabhas im' sheasamh ag béal an chuain, d'éis
filleadh ó'n aisdear soin dom, do ghluais long an
cuan isteach, agus níor stad go dtáinig chun puirt im'
láthair. Cromadh ar na h-earraidhibh a chur i dtír gan
mhoill; agus súil-fhéachaint dá dtugas, cad do chífinn
ach m'ainm féin sgrí'te ar chuid de sna beartánaibh a bhí
dá gcur amach as an luing. D'fhéachas níba chruinne
ortha, agus d'aithnigheas na beartáin chéadna a chuireas
ar bórd i mBalsóra, abhfad roimhe sin. D'aithnigheas an
captaen mar an gcéadna; ach ó cheap seisean, nídh nach
iongna, gur bh'fhadó shloig an míol mór mise, bhuaileas
chuige gan aonnídh a leigint orm. Do labhras leis, agus


L. 78


d'fhiarfhaigheas de, dá mb'é a thoil innsint dom, cia 'r
leis na beartáin sin a bhí dá gcur amach.



"Le ceannaidhe a Bagdad, dár bh'ainm Soinbead, ab'
eadh iad lá éigin," ars an captaen; "ach tá sé ar shluagh
na marbh le fada. Bhí sé ar bórd na luinge agam-sa,
agus lá áirithe dá rabhmair i gcomhfhogus d'oileán bheag,
dar linn, chuaidh sé i dtír, é féin agus lucht eile d'fhuirinn
na luinge. Ní talamh socair a bhí acu, ámhthach, ach falain
mhór mhillteach, a bhí 'na codla, agus a drom nochtaithe;
agus an duine mí-fhoirtiúnach go mba leis na h-earraí
seo, báidheadh é, mar aon le cúigear eile dhe'n fhuirinn.
Táim anois ar thí iad do dhíol, ó tá orm bheith ag filleadh
abhaile, agus tabharfad díolfiach ionnta do mhuinntir
Shoinbead."



"Cogar so dhom, a chaptaen," arsa mise, "nár dhóigh
leat gur mó ceart atá ag Soinbead féin chúcha ná ag
aoinne dá mhuinntir? Mise an Soinbead céadna a bhí
ar bórd agat, agus is liom na h-earraí sin."



"Mo choinsias, a dhuine," ars an captaen go teasaighe,
"ach gur bog a mheasair-se teacht suas le cuid an duine
mhairbh, pé h-é thú féin. Ní fheadar cad tá ag teacht ar
dhaoinibh i n-aon chor le déidheanaighe, ná faghfá focal
de'n fhírinne uatha, ach ag spalpadh an éithigh gach aon ré
sholuis, gan sgáth gan náire. Amás ní h-é radharc mo
shúl a mheasfá-sa a bhaint díom. Chonnac féin, agus a
raibh eile sa luing, Sóinbead dá bháthadh, os comhair ár
súl amach; agus siné thusa d'iarraidh áiteamh orm gur
tú an fear céadna. Níor dhóigh le h-aoinne, le féachaint
ort, ná gur dhuine macánta thu; ach ar ndóigh is fusaide
do chladhaire croiceann a chur ar an éitheach, deamhramh
leanbhaighe macánta bheith air."



"Go réidh, a chaptaen," arsa mise, "agus tabhair
cead cainte dhomh-sa tamall eile."


L. 79


"Gheobhair cheana," ar seisean, "ach ná beir leat go
bhfuilir ag caint le h-amadán."



Chuireas i gcuimhne annsoin do cionnus a bhuaileamair
um a chéile ar dtúis, agus gach aon chor a chuireamair
dínn as soin go lá an anaithe. D'innseas do cionnus a
ráinig liom me féin do ghreamughadh a smut adhmaid,
agus gach ar thárla dhom gur fhóir eachlacha an ríogh orm.
Bá léir do'n chaptaen dath na fírinne ar mo sgéal,
agus bhí sé ag dul i n-amhras air féin. Ach sul a raibh
d'uain aige a thuilleadh do rádh, tháinig cuid de sna máir-
néalachaibh, a dh'aithin me, chun labhartha liom, agus is iad
a bhí go geal-áthasach me dh'fheisgint im' beathaidh.



Ba leor do'n chaptaen a raibh de dheimhin annsoin aige,
agus d'aithin sé féin mar chách me. Do chas sé a dhá láimh
go so-chroidheach thorm aniar, agus chuir na mílte fáilte
romham.



"Do bheirim," ar seisean, "a bhuidheachas le Rí na
bhfeart, a thug saor ó gach guais thu, agus a sheol i
mbeárnain do leasa thu. Ní chreidfá ach a lúthgháirighe
atáim thu d'fheisgint id' shláinte. Sin iad do chuid earraí
agat, agus tugaim suas duit gan íocaidheacht gan
éiliughadh iad."



Ghabhas féin mo bhuidheachas leis, ghá rádh ná cuirfinn
an ghalántacht thairis riamh, agus thairigeas ceathramha
shábhála im' chuid earraí dho. Nuair ná glacfadh sé soin
uaim, d'iarras air cuid díobh a thógaint i mbronntanas
uaim. Dhiúltaigh sé dhíobh go córtasach, ghá rádh nár bheag
de shnaidhmeadh cáirdeasa eadrainn cuimhne an lae úd a
deighleadh ó chéile sinn i lár na mara móire.



Rugas liom na h-earraí, agus thoghas na seoda ba
lóghmhaire ortha, le bronnadh ar an rígh. Dubhairt seisean
gur mhór aige mo bhronntanas, agus mo dheagh-chroidhe


L. 80


dho, agus d'fhiarfhaigh díom cad do sheol a leithéid de
sheodaibh dhaora im' threo, taréis a raibh curtha dhíom de
chabhlaodh an tsaoghail agam. Bhí áthas an domhain air
nuair a nochtas rún mo sgéil do; agus is é dubhairt sé,
gur mhaith an díol orm an t-ádh dhom' leanmhaint.



Do luigheas ar fhóghnamh dom féin arís. Dhíolas na
h-earraí bhí agam, an méid nár mhalairtigheas díobh
ar earraidhibh na dúthaighe sin. Nuair a bhí cion mo
ladair saothruighthe agam, cheileabhras do'n rígh, agus
chuadhas ar bórd na luinge céadna, ag tabhairt fé'n
mbaile. Chuir an rí bronntanas uasal ar bórd im'
dhiaidh; agus nuair a bhí gach aon nídh i n-eagar againn,
bhogamar linn, le cóir gaoithe, chun farrge amach.



Thugamar cuaird ar na h-oileánaibh, agus ar na bailtibh
cuain, a bhí leath-imeallach romhainn. Dheineamair díol
agus ceannach i ngach tír dár bhuaileamair, agus chuaidh
gach nídh chun sochair dúinn, ar mhodh gur bh'fhiú fiche míle
púnt mise nuair a shroicheamair Balsóra fá dheoidh.
D'fhágas slán agus beannacht ag an gcaptaen annsoin.
Thána do'n chathair seo d'fhios mo mhuinntire, agus ba
lúthgháireach sinn uile ag teacht i gcionn a chéile arís.



Ghlacas féin saoghail ar thalamh. Thógas aol-bhrugh
aerach lán-mhaiseach. Cheannuigheas daoir chun friothála
agus chun fóghnamh dom, coin agus capaill chun fiadhaigh,
agus fíonta so-bhlasta le dáil ar mo cháirdibh. Leigeas
i ndearmad gach cruadhtan dá rug orm; agus shocar-
uigheas fúm, go seasgair séimh, i ndóigh go mbeadh an
chuid eile dhem' shaoghal ar mo thoil agam.



Gurab é mo chéad iomramh go nuige seo.


L. 81


SOINBEAD SIUBHLACH.



AN DARA h-IOMRAMH.



Fé mar adubhart libh indé, bhí mo leor-dhóthain saidhbhris
agam, agus gan a bhac orm é chaitheamh anáirde liom
féin, i ndiaidh mo chéad thurais; agus bhíos ar aigne a
raibh romham dem' shaoghal a thabhairt i mbun mo shuaimhnis.
Ach má bhí beathadh socair suairc agam ba ghearr go rabhas
tuirseach de. Bhí an dúil ró-mhór sa reacaireacht agam,
agus ní fada bhíos ar mo shámhán go dtáinig fonn
bóthair arís orm. D'ullamhuigheas me féin chun tabhairt
fé dhúthaighibh iasachta an t-ath-uair. Cheannuigheas na
h-earraí ab' fhearr a dhíolfadh asta féin, de réir mar
mheasas; agus do luigheas isteach i bpáirtidheacht le
ceannaidhthibh chreideamhnacha a bhí ar aithne agam.



Chuireamair chughainn ár last earraí agus ár leor
ndóthain lóin i slím-bharc so-ghluaiste. Chuireamair sinn
féin agus ar bhain linn fé comairghe Dé. Do leatha-
mair na seol-bhréide suathantacha, agus do leigeamair
an luath-bharc fé thonnaibh thaobh-uaithne na farrge fíor-
dhoimhne. Bhíomair ag dul ó oileán go h-oileán, agus ó
chuan go cuan, ag díol agus ag ceannach rómhainn, agus
sochar maith de bharr gach margaidh againn.



Thángamair lá go h-oileán chluthair chraobhach, agus
chuadhmair i dtír ann. Bhí toradh agus bláth ar chrann
agus ar chraobh ann, agus srutháin de'n fhíor-uisge
ghlinneach ag sníomh tré réidh-mhachairidhibh fhéarmhara, síos
chun na mara. Ach ní bhfuaireamair duine ná daonnaidhe


L. 82


ar an oileán, na fiú ainmhidhe cheithre gcos; agus ní raibh
sé de deamhramh ar an áit gur bhuail aon duine cos ann
riamh go dtí soin. Do dhruideamair romhainn isteach, ag
aeruidheacht dúinn féin ar fuaid an oileáin, cuid dínn
ag piocadh bhláth, agus a thuilleadh againn ag bailiughadh
meas crann. Bhí roinnt lóin ag gach nduine againn,
d'árán agus d'fhíon, a thugamair linn as an luing. Do
shuidheas féin ar bhánóig bhreágh thirim, idir dhá chrann,
nuair a bhíos cortha ó bheith ag siubhal. Chaitheas mo sháith
dhe'n arán agus de'n fhíon a bhí agam, agus thuit mo
chodla annsoin orm.



B'é codla an tsicín sa charn agam é. Ní fheadar an
fada dh'fanas ann; ach nuair a dhúisigheas bhí an long
imthighthe. Tháinig iongna orm nuair ná feaca an long,
agus ní h-iongna go dtí é. Phreabas im' shuidhe, agus
thugas sgiúrd mór-thímcheall, ag cuardach na coda eile.
Ní rabhadar le fagháil agam, ná pioc dá dtuairisg.
Fuaireas amharc ar an luing fé dheireadh, agus í faid
mo radhairc uaim fé lán tseol; agus ba ró-ghearr 'na
dhiaidh soin gur imthigh sí as mo radharc ar fad.



Do dhubhaigh agus do ghormaigh annsoin agam, agus ar
ndóigh ní gábhadh dhom a rádh libh. Thuit dubh-néall doilbhir
cumha orm, gur shaoileas go mbrisfeadh mo chroidhe im'
chliabh. Chaitheas me féin ar an dtalamh, ag uallfartaigh,
agus ag greadadh m'uchta, lán d'aithreachas, agus
d'éadóchas, agus de chráidhteacht, agus nár chás orm dá
bhfuighinn bás an nóimeat soin. Bhíos im' dhuine gan
chiall gan mheabhair, agus mé am' mhallughadh féin nár
fhan i mbun mo shuaimhnis agus mo shaidhbhris, táréis a
bhfuaireas de sgannradh le linn mo chéad thurais i
dtíorthaibh imigéine. D'fhanas sínte annsoin ar feadh
abhfad, ag búirthigh idir bhás agus bheathadh dhom agus mo


L. 83


chroidhe dhá raobadh le smaointibh dhubhacha dhorcha. Ach b'í
an chasaoid i n-antráth agam í. Ní rug an chomhairle
cheart i n-am orm.



Nuair a bhí an chéad tulc dem' brón thorm, d'eirgheas,
agus chuireas mo thoil le toil Dé, pé íde bhí im'
chomhair. Bhíos annsoin tamall ag cur agus ag cúiteamh,
féachaint cad dob' fhearra dhom a dhéanamh. Chuadhas
anáirde i mbarr crainn, már shúil is go bhfeicfinn cabhair
éigin, i ngar no i gcéin. Ní raibh long ná bád le
feisgint agam, ach an fharrge choimhightheach ag síneadh
uaim faid mo radhairc, go bun na spéarach. Ag breith-
niughadh na tíorach dom, chonnac, istigh i lár an oileáin,
rud éigin a bhí chomh geal le sneachta; ach bhí sé chomh
fada soin uaim ná féadfainn a dhéanamh amach cadé
mar shaghas ruda é.



Cheapas go mb'fhearra dhom dul agus féachaint cad a
bhí ann. D'árduigheas liom pé beagán lóin a bhí fágtha
agam, agus chuadhas dá ionnsaighe. Mheasas, agus me
ag druideamhaint leis, gur dhabhach no soitheach mór geal a
bhí ann; ach an túisge bhuaileas mo lámh air d'aithnigheas
air nár chré ná mianach é. Shiubhlas timcheall air,
féachaint an bhfuighinn aon osgailt ann, ach ní bhfuaireas.
Bhí dá fhichead rann tímcheall ann, ar a luighead; agus
bhí sé chomh sleamhain sin ná beadh aon bhreith again ar
dhul anáirde air.



Bhí an ghrian i ngiorracht do dhul fé san am soin;
agus le linn mise bheith ag iniúchadh an ruda bhí os mo
chomhair, tháinig doircheacht obann sa spéir, mar agus dá
mba sgamall ciar-dhubh síona bheadh os mo chionn. Bhí
iongna orm cad do chuir an doircheacht chomh h-obann
soin ann; ach ba mhó ná soin an t-uathbhás a tháinig orm
nuair a thugas fé ndeara nach sgamall síona bhí ag


L. 84


baint soluis na spéarach díom, ach éan mór millteach, a
bhí ag teacht lom díreach im' dháil. Chuimhnigheas annsoin
go gcloisinn, ag máirnéalachaibh, a leithéid a bheith ann,
saghas éin go dtugaidís an roc air, agus ná féadfaidís
cur síos air le méid. Samhluigheadh annsoin dom gur
bh'é ubh an éin an rud mór geal a bhí lem' ais. Dhruideas
isteach go cúthail le bun an uibh, nuair a chonnac an t-éan
ag déanamh orm. Bá ghearr go dtáinigh sé, agus gur
luigh ar an ubh. Ráinig cos leis i ngiorracht dom, cos go
raibh raimhdas gearra-chrainn inti; agus ar mh'fhocal ach
go mb'fhearr liom i n-aice liom ná anuas orm an chos
chéadna.



Nuair a bhraitheas go raibh an roc 'na chodla, do
sgaoileas díom an filleán éadaigh a bhí thar mo cheann
agam, 'sé sin, mo chinnbheart, agus cheanglas me féin
go daingean de'n chois leis, le h-ionchas go mbéarfadh
an t-éan leis i dtír éigin eile mé, as an oileán uaig-
neach soin. D'fhágas snaidhm reatha ar mo cheangal, i
gcás, dá n-oireadh dom é sgaoileadh, ná beinn abhfad
leis. Thugas an oidhche annsoin, no gur mhithid leis an
roc eirghe dhe'n ubh ar maidin; agus cé go raibh gor maith
láidir ag dul fúm, ní baoghal gur thuit aon chodla orm.



D'eirigh an rod de'n ubh ar maidin, le h-eirghe gréine.
Siúd leis suas go spéir uachdair de'n stáir sin, agus
mise greamuighthe dá chois. D'eirigh sé chomh h-árd soin,
thar néallaibh neimhe suas, nár fhan aon radharc ar an
dtalamh agam-sa. Níor fhan amháin aon tuairim agam
cadé an treo uaim a bhí an domhan so. D'éis seal do
ag casadh agus ag ath-chasadh sa bhfirmiment, do sguab
sé ar ais chun talmhan, chomh mear soin gur baineadh mo
mheabhair díom-sa. Thána chugham féin chomh luath agus
shroich sé talamh, agus níor bh'fhaillightheach dom gan an


L. 85


snaidhm reatha a bhí ar mo cheangal do sgaoileadh. Ní
mó ná sgurtha ó'n gcois a bhíos gur eirigh an roc san
aer arís, agus faid an lae amáirigh de nathair nimhe ar
cheann aige.



Cá bhfágfadh an roc mé, thar a bhfuil de bhallaibh eile
ar dhruim an domhain, ach i gcúm leathan doimhin, a bhí
suidhte istigh idir shléibhtibh loma choimhightheacha. Bhí na
cnuic chomh h-árd soin, mór-thimcheall an choma, go mb'
ar éigean a chínn a mbarr, agus bhí múr-fhaill de splinn-
ceachaibh loma ag eirghe ó úrlár an ghleanna mágcuairt,
chomh géar agus ná féadfadh aoinne beo gabháil 'na
coinne. Shiubhlas an gleann mór-thímcheall, agus bhreith-
nigheas go mion é. Nuair ná fuaireas aon áth ar theacht
as, thuigeas gur bh'é rogha an dá dhíg agam é — nár
bh'fhearra dhom bheith insa poll duibheagáin sin ná san
oileán fhásaigh fhágas im' dhiaidh.



Thugas fé ndeara, agus me ag gabháil tímhcheall, go
raibh clocha sgáil 'na sraitheannaibh ar an dtalamh ann.
Bhí oiread súil chapaill i gcuid díobh, agus iad chomh
glinneach, chomh taithneamhach, chomh lóghmhar soin gur bh'ait
liom bheith ag féachaint ortha. Ach chonnac radharc eile
a chuir lán mo chroidhe d'anaithe agus d'uathbhás orm,
naithreacha nimhe, bhí chomh mór téagartha soin go sloigfeadh
an ceann ba lugha dhíobh tarbh d'aon bhéalóig. Is amhlaidh
thugadís an lá, sáithte i bpollaibh agus i gcuasaibh, le
h-eagla an ruic. Ar theacht an tráthnóna bhíodar ag
snámh amach 'na gcéadtaibh chugham. Cheapas annsoin no
riamh go mb'fhearr teitheadh, dá mbeadh an teitheadh ar
mo chumas; ach fóríor ní raibh.



Chuadhas isteach fé charraig i gcomhair na h-oidhche, i
gcuas go raibh béal íseal cumhang air. Dhúnas an t-áth
am' dhiaidh le bollán maith cloiche, ar chuma ná féadfadh


L. 86


na naithreacha teacht isteach orm, agus go mbeadh amharc
agam ar sholus an lae, dá mbeireadh an lá im' beathaidh
orm. D'itheas greim eile dá raibh fágtha dhem' lón agam,
agus socaruigheas fúm istigh im' dhaingean. Bá ghearr
go dtáinig na piastaí go béal an phuill chugham, ag
bolathughadh, agus ag srónghal, agus ag gnúsartaigh, ar
mhodh ná raibh puinn de chompórd na h-oidhche sin i ndán
dom. Bhí crith-eagla orm rompa, agus níor thuit néall
chodlata orm. Bhíodar ag teacht agus ag imtheacht go
maidean, agus an bolath le bréine bhí ó n-a n-anál,
théidheadh sé tré m'inchinn.



Bailigh na naithreacha leo isteach 'na bpollaibh i
ndeire na h-oidhche, nuair a bhraitheadar ag ládhachtaint
é. Thána-sa amach fé'n spéir, agus mé ar baille-chrith
le faitchíos. Bhí péarlaí fém' chosaibh chomh tiugh le
grean, agus ní beag de chomhartha éadóchais orm nár
bh'fhiú liom cromadh chun cinn acu.



Nuair a bhíos cortha ó bheith ag gabháil tímcheall,
shuidheas ar ínse ghlas thirm. Bhí codla an dá oidhche
roimhe sin orm, agus dá mhéid é m'fhaitchíos, ba ghearr go
dtáinig míogarnach chodlata orm. Bhíos idir bheith im'
chodla agus im' dhúiseacht nuair a chuala torann uath-
bhásach éigin, a chuir chriothán sa talamh fúm. Phreabas im'
shuidhe, agus cad do bheadh ná slisne mór de mhairt-fheoil
úr taréis tuiteam lem' ais. Chonnac spólaí móra eile
feola san am gcéadna, ag tuiteam 'na gceann agus
'na gceann ar gach taobh díom. Bhí tuairm agam annsoin
cá rabhas. Chloisinn, abhfad roimhe sin, lucht taisdil ag
cur síos ar Chúm na nDiamant, agus ar na cleasaibh a
bhíodh ag mangairidhibh, d'iarraidh teacht suas leis na
péarlaidhibh lóghmhara atá thíos i n-urlár an choma; ach
níor mheasas riamh go dtí soin go raibh ins na sgéaltaibh


L. 87


sin ach fiannaidheacht. Fuaireas deimhin, fé dheireadh ar
fhírinne na sgéal soin a chloisinn le linn m'óige, agus
b'iní an deimhin deacrach agam.



Tá éacht fiolar imeasg na gcnoc mór-thimcheall an
choma, d'fhiolaraibh thréana gharbha: agus gach bliadhain,
le linn na ngeárcach a bheith ag na fiolaraibh, tagaid na
mangairí go bruach na faille, agus sgaoilid síos
canntaí móra d'fheoil úr. Na mion-phéarlaí bioranta
a ráinigheann fé'n bhfeoil, nuair a thuiteann sí ar an
dtalamh, gabhaid siad tríthe, agus fanaid siad i n-achrann
innti. Tagaid na fiolair ar ball, agus sgiobaid siad
leo an fheoil dá ngeárcachaibh; agus um an dtaca 'na
sroichid siad na neadracha, bíd na mangairí sa bhfairighis
ann rómpa. Ní túisge bhíonn an fheoil sa neid ná
chluithid na mangairí na fiolair chun fáin, go bpiocaid
siad na seod-chlocha a leanann de'n fheoil. Bainid na
mangairí a lán saidhbhris amach ar an gcuma soin.



Go dtí go bhfeaca an fheoil ag tuiteam anuas chugham,
ní raibh aon phioc coinne agam go dtabharfainn m'anam
liom as an nduibheagáin mharbhthach soin. Chuimhnigheas
annsoin ar mo chinnbheirt, nár chaill orm i gcumhangrach
an lae roimhe sin, agus phreab mo chroidhe ionnam le
dóchas. Chromas ar na seoda ba mhó agus ba lóghmhaire
dá raibh sa ghleann do bhailiughadh, gur líonas máilín mo
lóin díobh. Chuadhas annsoin agus shíneas béal fúm, fé
cheathramha mhairt-fheola, agus cheanglas go daingean
thorm aniar í lem' chinnbheirt. Níor bh'é mo dhearmhad,
ámhthach, gan mo máilín seod do dhaingniughadh dem' chrios,
ar eagla go dtiocfadh aon ghaoth a bhéarfadh uaim é.



Níor bh'fhada dhom go dtáinig na fiolair ag sgreadaigh
agus ag cuachartaigh. Chuir fiolar mór acfuinneach díobh
a chrúba im' cheathramha mhairt-feola-sa, agus d'árduigh


L. 88


leis me féin agus an fheoil, go h-éadtrom éasgaidh. Ba
ghearr go rabhas istigh sa neid aige, agus an t-ál
geárcach timcheall orm. Le n-a linn sin preabann
chughainn mangaire, ag glomghal agus ag déanamh foth-
raim, gur chuir sé an ruaig ar an bhfiolar.



Dá mbeadh gan agat ach aon gháire amháin dhéanfá fé'n
mangaire é, nuair a chonnaic sé mise sa neid roimis
Do leig sé aon sgread bháis amháin, agus chuir sé ins na
cosaibh uaim. Chuimhnigh sé air féin, ámhthach, i gcionn
tamaill, agus d'ionnsaigh arís me. D'fhiarfhaigh sé dhíom,
agus criothán 'na ghlór, cad do bheir dom teacht annsoin,
ag cur isteach ar a chuid mhacánta.



"Ná bíodh ceist ort, a bhráthair," arsa mise. "Nílim-
se ag bráth-chumhangcais ort, ná aon chall agam leis. Ní
gábhadh dhomh-sa bheith ag braith ar pé seod beag atá annso
agat-sa, taréis lán mála dhíobh a thoghadh dhom féin i
n-íochdar an ghleanna. Buail i leith, a dhuine," arsa mise
leis, "tá ár ndóthain araon annso."



Agus mar a bhíos ghá rádh soin chuireas lámh im' mháilín,
agus theasbánas lán mo ghlaice de chnapánaibh taith-
neamhacha dho.



Le n-a linn sin bhailigh na mangairí eile timcheall
orainn, agus iongna a gcroidhe ortha cá dtána féin
chúcha. Nuair innseas dóibh cionnus a seoladh ó'n oileán
me, agus 'na dhiaidh soin ó úrlár an ghleanna aníos,
dubhradar gur bhuaidh m'eachdra ar ar chualadar riamh.



Ghluaisigheas i n-aonfheacht leo, go dtí an tig ósda mar
a rabhdar ag cur fútha. D'osglas mo mhealbhóg ar ball,
agus theasbánas dóibh na seoda a bhí agam. D'admhuighdar
dom na feacadar ag rígh ná ag rúire, i n-aon talamh da
raibh siubhalta acu, a gcomh-mheas de sheodaibh, le méid
agus le taithneamhacht


L. 89


Dubhart leis an bhfear go mba leis an nead mar
fhág an fiolar me — mar bhí nead fé leith ag gach fear
díobh 'na cheart féin — dubhart leis lán máime dem'
sheodaibh-se a chur chuige. Ní ghlacfadh sé uaim ach an
t-aon cheann, agus b'iné an ceann ba lugha ortha.
Dubhart leis gan aon sgorn a bheith air, mar ná braith-
finn-se uaim iad, agus bhíos ag tafant air a thuilleadh
dhíobh a thógaint.



"Ní beag liom díobh, gura maith agat," ar seisean.
'Ní bhfuighinn óm' chroidhe ceann eile dhíobh a ghlacadh
uait. Is orm féin a locht má bheireann lá bocht orm
lem' shaoghal arís, agus gan a thuilleadh duaidh a chur
orm féin ag cuardach seod. Cuirfidh luach an chinn seo
bun orm féin agus ar mo shliocht im' dhiaidh."



Bhí an oidhche sin go súgach againn. B'éigean domh-sa
mo sgéal d'ath-innsint, mar bhí cuid de'n chuideachdain
nár airigh roimhe sin é. Isé dubhradar, gur bh'andána na
h-iarrachtaí uaim me féin do cheangal de chois an ruic,
agus de'n fheoil i n-íochdar an choma; agus má ráinig
liom m'anam do shaoradh nach le géire m'íntleachta ar
fad é, ach le méid mo mheisnigh.



Bhíos féin ag eiteallaigh le h-áthas an chúntabhairt a
bheith thorm; ach go n-ath-iompuigheadh mo dho-mheanma orm
i lár an aoibhnis. Néalla dá dtagadh orm, mheasainn go
mbínn coitchianta sa bhruid chéadna. Bhínn i n-amhras
orm féin, díreach mar bheadh duine agus é taréis músgailt
ó dhroch-bhrionglóid, no taréis tromluighe a chur de.



Do lean na mangairí dá gcéird suim laetheanta 'na
dhiaidh soin, ag raideadh na feola leis an bhfaill, agus ag
faire na bhfiolar ghá tabhairt aníos. Nuair a bhí cnuasóg
bheag seod bailighthe ag gach nduine dhíobh, bhogamair
an bóthar fé dhéin an chuain. Bhí orainn gabháil thar


L. 90


Chnocaibh fhiadhaine iomardamhla, a bhí 'na mbeathaidh le
naithreachaibh; ach bhí sé d'ádh orainn glanadh thar na naith-
reachaibh, gan iad do dhéanamh aon díoghbhála dhúinn.



Shroicheamair caladh-phort, agus fuaireamair long
annsoin a rug go h-oileán eile sinn, go dtugaid siad
Inis Rófa air. Ins an oileán soin iseadh fhásann
crainn an chamfair. Tá na crainn chamfair chomh mór
chomh géagach soin go bhfuigheadh céad fear ionad suidhte
fé sgáile chrainn díobh. Camfar glan iseadh súgh na
gcrann soin; agus ní bhíonn de dhuadh ar é dh'fhagháil ach
an chuirt do tholladh, agus leigint do sgéitheamh amach.
Nuair a bhíonn an súghlach go léir rithte amach, feodhann
an crann, agus críonann sé.



Tá saghas ainmhidhe san oileán soin go dtugaid siad
an srón-bheannach air. Ainmhidhe iseadh é ná fuil chomh
tuirteamhail leis an eilifint, 'sé sin, an tród, ach níl
aon chur síos ar an neart atá ann. Tá aon adharc
amháin ar an srón-bheannach, i n-árd a shróna, agus troigh —
go leith ar faid innti. Nuair a thugann sé féin agus an
t-eilifint aghaidh chomhraic ar a chéile, tiomáineann sé
an leath-adharc tré chompar an eilifint, agus árduigheann
leis ar a shróin é, go dtéidheann an fhuil agus an bhlonag
fé n-a shúilibh, agus go gcaochtar leo é. Tuiteann sé i
ndiaidh a chinn annsoin. Tagann an roc ar ball, nuair
a bhíd siad araon ar lár, agus sgiobann leis chun siubhail
iad, ceann acu i ngach crobh leis, mar mhír dá gheárcach.



D'fhonn sgéal gairid a dhéanamh dhe, leigfidh mé thorm
anois a bhfeaca d'iongantaisidhibh eile i nInis Rófa.
Mhalairtigheas ceann dem' sheodaibh annsoin ar last
mhaith d'earraidhibh dhaora. Thángamair as soin go
h-oileán eile, agus do rinneamair ár n-earraí do
mhalairtiughadh ann agus mar sin dúinn go rángamair


L. 91


cuan i mBalsóra. Thána-sa as soin go dtím' baile
dhúthchais, go Bagdad, fé dhéin mo mhuinntire.



Ba ghearr gur leathnuigh fúm arís im' shean áitreabh.
Roinneas cuid dem' sholáthar ar bhochtaibh. Thugas
tuilleamh agus tuarasdal do lucht saothair, agus chuireas
an t-airgead 'na rith i gcéad slighe, mar is dual do
dhuine mór-shaidhbhris.



Gurab é m'iomramh tánaiste go nuige seo.


L. 92


Brún agus Ó Nóláin, Teor., do chlódh-bhuail, Baile-Átha-Cliath


L. 42


*Focal annso uaim leis an léightheoir. Ní chuirfimíd suim as so amach
insa chomhrádh a dhéineadh Seatharólach leis an sgéalaidhe, agus ní stad-
famíd i lár an sgéil istigh, mar do stadadh Seatharáidhteach gach aon
bhreacadh lae.



Ta nídh eile bhaineas leis na sgéaltaibh seo, agus ba chóir dhúinn é
thuisgint. Na síogaithe ghnáthuigheas na tíortha úd i n-imigéin, deamhain
aeir mhóra mhillteacha choimhightheacha iseadh iad; ní h-ionann agus na
síogaithe beaga gleoidhte deagh-chroidheacha atá annso i nÉirinn againn.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services