Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail. Na Feiseanna, na Coláisdí Gaedhealacha, agus an Connradh

Title
Cúrsaí an tSaoghail. Na Feiseanna, na Coláisdí Gaedhealacha, agus an Connradh
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail.



Na Feiseanna, na Coláisdí Gaedh-
ealacha, agus an Connradh.



Is uatha féin beagnach d'fhás na feiseanna
agus na sgolta Gaedhealacha. Shíolraidh siad go
dearbhtha ó'n Chonnradh agus ní duine amháin
do cheap iad acht d'fhás siad réir a chéile mar
d'fhásfadh gort preataí nó gort coirce acht
an talamh do bheith saothruighthe agus an síol
do chur faoi'n ithir. Dubhairt duine éigin
focal nó leath-fhocal: chuir duine eile leis:
rinneadh gníomh, agus cuireadh leis, agus tá
toradh mór an tsaothair againn indiú. Chuir
Tomás Bán punta ó Ameriocá go hEilis Ní
Mhaoileagáin agus chuir sise comórtasa 'sa
Ghaedhilg ar bun in áit éigin agus geineadh
na feiseanna. Dubhairt Diarmuid Ó Foghludha
ag cruinniughadh beag i mBaile Átha Cliath
“Bíodh Oireachtas ann” agus tháinig an
t-Oireachtas (agus an Súgradh Gaedheal agus
an Árd-Fheis) as an fhocal sin. Chuir dream
beag do mhuintir Chúige Mumhan a bhí na gcomhnuidhe
i mBaile Átha Cliath agus i n-áiteacha eile a
sgillingeacha le chéile agus thóg sgoil
Ghaedhealach ag Baile an Ghaorthaidh, agus féach
bhí na sgolta Gaedhilge ann! Ní ró-mhór
an smaoineadh nó an bheart rinne ceachdar de
na daoinibh seo agus rinne mórán daoine nach
luaidhtear ann seo bearta mar iad, acht ó'n
fhás mhór do bhí san talamh, agus ó fholláine
an tsíl tá an foghmhar go breagh, buidheachas
do Dhia. Agus siúd is gur mór an díoghbháil
deanann na sgolta Gallda, leantar de na
feiseannaibh agus de na sgoltaibh Gaedhilge is
dóigh liom go mbeidh siad ró-láidir do na sgol-
taibh Gallda 'sa deireadh abair is nach bhfuighfimís
gréim ar na sgolta Gallda féin.



Acht tá contabhairt ann corr-uair go gcaill-
fimís cuid mhaith de'n toradh mar gheall ar gan
an foghmhar do shaothrughadh. Is fás nádurdha na
feiseanna agus na sgolta Gaedhilge acht tá fás
chomh maith i bpluibhearnach agus i bhfiadhaile is tá
i gcoirce agus mara dtiubhramaoid aire do'n
bharr caillfear a lán dé. Badh cheart do na
feiseannaibh agus do na sgoltaibh Gaedhilge
bheith riarach agus freagarthach do Chonnradh na
Gaedhilge níos mó 'ná tá siad. Ní headh nach
bhfágfainn a stiúradh ag daoinibh na háite go
díreach mar tá; siad na daoine is fearr eolas
leis an obair a dhéanamh, iad acht glacadaois le
réim oibre agus le fromhtha éigin ar a saothar
ó mhuintir an Chonnartha, agus tugadh an
Connradh teistiméireacht éigin dóbhtha go bhfuil
an obair dhá dhéanamh aca. Fá láthair bíonn
feis ann seo agus feis ann siúd agus comórtasa
aca 'sa' teangaidh agus i rud ar bith eile, acht
is eolach d'aon-duine a bhíonn ag na feisean-
naibh nach mar a chéile bíonn siad ar chor ar bith.
I gcorr-cheann aca bíonn an teanga go láidir
agus na comórtasaidhthe ar fheabhas agus i
gcuid eile aca ní bhíonn ins na comórtasaibh
Gaedhilge acht leithgséal agus clóca le lá mór
do bheith aca agus beagán airgid do bhailiughadh.
Badh cheart don Chonnradh iarraidh láidir do
dhéanamh le hiad do chur fá réir agus fá órdughadh
i modh is go dtuigfeadh an phoibligheacht i gcoit-
chean gur ionann duais do bhaint ag fheis
Gaedhealaigh fá'n Chonnradh agus roinnt aithrid
Gaedhilge bheith ag duine. Ní dóigh liom gur
gabhadh coimh-éigin do dhéanamh ar mhuintir na
bhfeiseann, sé sin má's feiseanna ar íribh bhíos
aca dhá stiúradh; acht go bhféadfadh iad do
thabhairt isteach go dlúth agus go fonnmhar
fáoi'n Chonnradh; agus go dtiubhradh an
Connradh congnamh éigin dóibh, cuir i gcás
roinnt duaiseann, agus moltóirí do chur chuca
agus testimín do thabhairt ar an obair atá dhá
dhéanamh aca.



Beagnach an cás céadna do na sgoltaibh (agus
na coláistibh) Gaedhealacha. Tá siad seo ag fás
agus ag méadughadh go tiugh agus gan riar nó
riaghail aca acht gach ceann aca ar a dtoil féin
nach mór. B'fhéidir nach bhfuil mórán dochair san
méid sin, acht ós éagsamhail an obair a ghní
siad badh cheart go dtuigfeadh an phoiblidheacht an
duithbhir atá eatorra. Tá buntáiste éigin ag
cuid aca ó'n Bhórd Náisiúnta agus ag cuid
aca ó bhuidhin stiúrtha Oideachais Talmhaidheachta
agus Ceard, agus roinnt aca gan cabhair ó
aon dream. Tá siad ag dul i líonmhaireacht
ó lá go lá agus gan cuma ortha stopadh ar an
méadughadh sin. Badh cheart do'n Chonnradh
féachaint ina ndéidh agus órdughadh agus eagar
éigin do chur ortha; sé sin gan chur isteach
ortha acht réim oibre do cheapadh dóbhtha (nó
réimí oibre do réir a rang agus a dteagasg)
agus lucht fromhtha do thairgisint dóbhtha. Má
ghlacann siad le bheith freagarthach do'n Chonnradh
úghdarás an Chonnartha do thabhairt dóbhtha agus
dá dteisimíní, agus mara nglacfaidh cead
a gceann a tabhairt dóbhtha. Ní ceart do aon
dream bheith ag doicheall roimh a líonmhaireacht
is tá na Coláisde ag fás. Is maith an éadail
do'n Ghaedhilg gach ceann aca má ghní siad an
obair agus má mhaireann siad. Má thig a choidhche
athrughadh Riaghaltais a bhéas báidheamhail do'n
Ghaedhilg glacfaidh sé leis na sgoltaibh Gaedhilge
seo mar comhchuid de sgolaidheacht na tíre go
fonnmhar agus bhéarfaidh adbhar a gcothuighthe
dóbhtha. Badh mhór an gar do'n Ghaedhilg san chás
seo a leithéid de sgoltaibh do bheith ann agus
b'fhuras a gcláir do leathnughadh le go mbeadh
siad 'na sgoltaibh do ghach uile adhbhar léighinn.
Tuigim go mbéidh coimhthionól de mhuintir
na gColáisdí nGaedhealach ann aimsear an
Oireachtais. Badh mhaith an rud é dá mbeadh
tionól ann de lucht na bhfeiseann, chomh maith,
agus go gcuirfidís na ceisteanna so faoi
díospóireacht.



Cú Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services