Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgeula ó Ameiriocá

Title
Sgeula ó Ameiriocá
Author(s)
Giolla na Luaithe,
Pen Name
Giolla na Luaithe
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sgeula ó Ameiriocá.



I Springfield Mass. do Mhicheál Ó Flannagáin
an cúigmeadh lá deug de'n mhí seo Eanair.
Fáth a thurais ann, chum aonach mór na
Hibernians do thionnsgnamh. Do bhí an halla
lán go bruach agus do cuireadh na mílte fáilte
roimh an sagart óg, agus nuair d'eirigh sé chum
labhartha, d'eirigh a raibh i láthair 'na seasamh agus
dorighneadar “gártha maoidhimh agus lúthgháir.”
Do labhair sé le héirim agus le héifeacht fa
mar is gnáth leis. Ag seo cuid dá ndubhairt
sé:—



“Is náir do'n Ghaedheal do leigfeadh Éire as a
chuimhne ar fad agus is dearbh gur duine mí-
nádurtha do dheunfadh a shamhail. Agus fós
ba dhuine diombáidheach é, chomh diombáidheach
de dhuine leis an té ná cuimhneóchadh ar an
máthair do thóg é.”



“Cad a bheadh i nÉirinn dá mbeadh sí i n-eughmais
a teangan féin agus a ngabhann léi acht mar
adeurfá sgiorta de Shasana agus sgiorta
gránda leis. Ní oireann an Beurla do theanga
ná do charbail an Ghaedhil de ghnáth agus ní mheas-
aim go n-oirfidh go lá deiridh an tsaoghail
agus is é seo an chúis go dtagann an teanga
choimhthigheach chomh cruaidh crosta air. Cá hiongnadh
daoine léigheanta na cruinne do dheunamh ceap
maghaidh do'n otrachánaidhe bocht a spalpann
droch-Bheurla agus ná labharfadh an teanga
do thiocfadh dó go nádúrtha?” Taréis do
suidhe síos do thugadar dá cheud dollar do
dorighneadar ar an bhfeis do bhí aca sgathamh
ó shoin.



Atá ógánaigh na hÉireann ag teacht annso
de chos i n-áirde fós agus atá a lán aca agus
b'fhearr dhóibh fanamhaint sa' mbaile. Níl
ór chomh fairsing le clochaibh annso agus chífear
ar a bhfuil im' dhiaidh annso síos ná bítear
fó-fhlathamhail le lucht oibre uaireannta. Seo
mar do nochtadh an nidh sin.



Muinntir na dteach Nigheacháin (.i.
Laundries) do chuir suas d'obair de chionn
an tuarastail suaraigh a bhí ghá fagháil aca agus
do cheap cinn na cathrach a ngearán d'infhiuchadh.
Dorighneadar agus do tháinig sgata de na
cailíní do bhí ag obair ins na tighthibh so chuca
cum finnéidheacht do thabhairt. Ba thruaigh-
mhéileach go léir an sgeul do bhí le hinnsint
aca. Is beag ná bainfeadh sé deora as cloch.
Do b'éigin dóibh oibriughadh ó'n a seacht ar
maidin go dtí na hocht uim tráthnóna agus go
minic go dtí n-a naoi agus a deich, agus gach
oidhche Sathairn go dtí n-a haon deug, agus
gan de thuarastal dóibh acht cúig dollar
(púnt i n-airgead Shasana) san tseachtmhain.
Adubhairt ceann de na cailínibh gur bh'éigin
di oibriughadh go dtí n-a haon a chlog gach oidhche
Sathairn. Ní fada a rachadh cúig dollar san
tseachtmhain ar cailín annso; is ar éigin do
dhíolfadh sé costas bidh agus leapthan di agus
ní fheudfadh sí snáithe eudaigh do cheannach as.



Ar m'fhalaing gur bhain ciotruinn bheag do
fhuirseoiríbh amharclann na Mainistreach i
Philadelphia. Do bhíodar ag léiriughadh ár nduine
muinnteardha .i. An Playboy, agus do mheas
na Gaedhil bradacha stiall do bhualadh annso
agus annsúd air. Dorighneadar roinnt
peudóireachta san Amharclann agus b'éigin
do na fuirseoiríbh stad go dtáinig na píléirí
chum na peudóirí do chaitheamh amach. Do tharla
Gaedheal maith macánta as na peudóiríbh ceudna
so darab ainm Garrity agus baineann sé le
deallramh go bhfuil a phaidreacha go pras aige
agus beagán 'na dteannta. Tomhais cad
righne ár gcoileán? Ní thomhaisfeá mhuise
dá mbeifeá ag gabháil do go mbeifeá liath. Is
amhlaidh do chuaidh sé go dtí giuistís agus fuair
barántas uaidh chum na fuirseóirí go léir do
chur isteach san bpríosún i dtaoibh greas
fuirseoireachta do dheunamh ar árdán ós comhair
an phobail agus caint bharbartha salach do bheith
ins an ngreas reamhráidhte sin. Do leigeadh
amach iad fá bhannaibh móra agus sin agaibh an
cheud chuid de'n sgeul. Anois chum na dara
coda.



Lá na cúirte agus an chúis dá pléidh. Lady
Gríogóra agus na fuirseóirí agus a ndligheadóir
ar thaoibh de'n mbórd agus ár gcoileán Garrity
agus sluagh fínnéidhthibh (beirt sagart ortha) agus
dligheadóir ar an dtaoibh eile. Níor bh'fhada gur
eirigh idir na dligheadóiríbh mar is gnáth leó agus
ba dhóigh leat go n-alpfaidís a chéile. Do thug
Garrity fínéidheacht uaidh agus is iomdha
sgiúrdóg mhaith do thug sé do'n Playboy.
Annsan do ghlaodhadh ar na sagartaibh chum
“bord na taidhbhse” agus dá dhéine do bhí
Garrity ar an aindiseoir bocht de Playboy
do bhí na sagairt seacht n-uaire níos déine,
gurab é adubhradar go gcuirfeadh an chaint
atá ann déistin ar mhadra. Dob' é deireadh
an sgéil é gur choimeád an giúistís a bhreath
siar go cionn roinnt laethe agus do sgaoileadh
amach na fuirseoirí fá bhanníbh arís. Gurab
é sin eachtra an Playboy go nuige seo. Atá an
saoghal roinnt buadhartha ag an bhfear bocht;
buailtear stiall air i ngach aon áit dá ngabhann
sé.



Deunfar oireacht do Mhicheál Ó Flannagáin
agus do Seaghán Leslí i Newark i stát New
Jersey ar an séamhadh lá de mhí na Féile Brighde
agus do réir mar a chloisim beidh maithe agus
uaisle na háite ar an oireacht so. Cinn an
phobail atá gá deunamh agus is deimhin go
mbaileoghfar roinnt airgid ann. Deunfar
oireacht eile dhóibh i mBayonne, N.J., an lá 'na
dhiaidh sin.



Beidh feis mhór i bProvidence i stát Rhode
Island ar an ochtmhadh lá de Fheabhra agus
beidh an bheirt ar an bhfeis san. Labharfaid leis
an sluagh agus atá súil ag Domhnall Ó
Conchubar le cuid mhaith airgid as an áit sin.



Deunfar oireacht mór dóibh i mBuffalo i
stát Nua Eabhraigh ar an cúigmheadh lá fichead
de'n mhí seo chugainn agus ba ceart go n-eir-
gheochadh go maith leó mar áit iseadh Buffala 'na
bhfuil na sluaighte Gaedheal.



Deunfar oireacht do Sheaghán Leslí i
dTorontó i gCanada an seachtmhadh lá fichead.
Dhá lá 'na dhiaidh sin.



Giolla na Luaithe.



Cathair Nua Eabhraigh, Eanair 21, 1012

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services