Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ag Stiúradh Báid le Gansraing

Title
Ag Stiúradh Báid le Gansraing
Author(s)
Ua Concheanainn, Tomás,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ag Stiúradh Báid le Gansraing.*



Is iomdha sin rud a cumadh agus a ceapadh agus
a tugadh amach lé'n ár linn, acht do réir mo
thuairim féin, sé an rud is iongantaighe fós
bád a stiúradh le gansraing. Creidim nach
áidhbhéil ar bith a rádh nach ndeachaidh dhá luing
chogaidh ar comhrac le'n a chéile ariamh gan cuid
mhór dá gcuid foireann a ghonadh agus a mhar-
bhughadh, a mbátha agus a múchadh, agus is minic
mar an gcéadna a chuireadar a chéile go tóin
an phoill agus a thugadar a gcuid foireann,
eidir bheódhaibh agus eidir marbhaibh, go duibh-
eagán na mara leó.



Tá taoisigh mara le fada fada an lá ag
smaoineadh agus ag machtna ar chaoi éigin a
cheapadh chun foirinn a gcuid loigis féin a
shábháil agus chun cabhlach agus foirinn a námhaid
a chur ó ratha. Sé an t-aon chaoi lé foireann
cabhlach a shábháil ó bhás i gcomhrac mara, ná na
loingis a stiúradh a bhfad ó áit an chomhraic.



Tá saoir soithighmara (naval builders) a
Niúramburg sa nGearmáin darab ain Wirth
and Knausss a thug iarracht ar bhád cogadh a stiúradh
gan mac an éin bheó i ngreim ar stiúir, ná
ar halmadóir, ná ar rotha, ná ar mhaide rámha,
ná ar aon deis eile dá'r stiúradh bád leis ó
thús an domhain. Tá an baile beag seo Niúram-
burg suighte ar loch darab ainm Dutzend Teich;
is ar an loch seo a déanadh an gníomh iongantach
táim tar éis a luadhadh. Cuireadh cutar beag
isteach san loch gan duine ná daoine innti.
Bhí sí ag fánaidheacht agus an guairneáil anonn
agus anall ar an loch do réir mar ba toil leis
an ngaoithe í thiomáint. I gceann tamaill
fagthas an stiúir ag casadh agus thug an bád-
ghluaisteán a ceann ar an gcéibhín; facthas
an stiúir ag casadh arís agus lé casadh na
stiúrach bhí aghaidh an bháid tugtha ar an
taobh eile thall den chaladh. Thug sí leathbhórd
agus leathbhórd eile; bhain sí an clog, shéid sí an
buaibhéal, agus ar a theacht i n-aice lé báid
eile di sgaoil sí urchar ionnta.



Rinne an Príonsa Ludbhig (sin é ainm an
bháid) an oiread sin bórdáil agus leathbhórdáil
agus chuir sí an oiread sin goití agus cóiriughadh
catha uirthe féin gur chuir sé iongantas an domhain
ar a raibh a láthair, agus cheap a lán aca go mba
le cineál éigin draoidheachta nó asarlaidheachta
a bhí sí dá seóladh.



Bhí crann caol árd ar an teile tosaigh aici agus
crann caol árd eile ar an teile deireadh agus budh
cómháirde agus comhthiughas dóibh. Ag bárr
na gcrann bhí sranga copair fighte a bhfhuirm
eangach agus iad sínte tresna ar fhad an
bháid eidir an dá chrann. Ba chosamhlacht é seo
go raibh Gléas Gansrang ar bórd aici, acht
ní fhaca duine ar bith de na mílte daoine a bhí ar
an talamh, agus a bhí a faire ar an bPríonnsa
Ludbhig, go raibh aon fhear ar bórd leis an
nGléas Gansrang a oibriughadh.



Ní fada gur iompuigh an chuid ba ghrinne agus
ba ghéarchúisighe díobh agus thugadar a n-aghaidh
ar thur-theach an tsoluis. Chonnaiceadar na
cuaillí fada, i gcumraidheacht crannta seóil,
dá síneadh féin suas díreach san aer. Ba seo
Stad Gansrang. Facthas oifigeach airm san
túr agus é ina sheasamh, lámh leis i ngreim
san radharcadán agus é a dearcadh thríd, agus
an lámh eile ag láimhseáil feac agus feacadáin.
Ní'l aon chorrughadh ná aon iompódh a dhéanfadh an
t-oifigeach nach n-iompuigheadh agus nach gcor-
ruigheadh an bád san am céadna. Thainig báid
anuas coigéal beag i gciúmhais na locha; leig
an t-oifigeach ar féin go mba cablach námhadach
a bhí ionnta. Thug a bádghluaisteán a aghaidh
ar an gcabhlach, sgaoil sí torpédó folamh isteach
ionnta, agus as an mbealach di féin dhe sgiortán.
Bhí fleódruinn a lár na locha ar nós na fleód-
ruinn, nó buadhanta, a bhíos os cionn mianacha
báidhte.



In aimsir chatha dáiríre ní túisge buailfidhe é
seo sa taobh ar shoitheach ná bheadh sé pléasgtha
agus ba dhóighide go gcuirfeadh sé an soitheach
ó ratha, agus bheadh sgiorta de'n ádh ar an mbád
a chaitheadh nó cuirfidh é fein ó ratha sul bheadh
sé glanta as an mbealach. Acht ní túisge a
bhuail an Príonnsa Ludbhig a gob ar an mianach
báidhte ná bhí sí as guais sul phléasg sé. Taréis an
ghíomh seo a dhéanamh di thug sí leathbhórd isteach
ar an talamh, nó go ndeachaidh sí chomh gar dó is
go mbféidir léi sloigeán, nó bumba, a chaitheamh
isteach i longphort an námhaid. Agus rinne
sí na cóirtighthe catha seo go léir de réir mar ba
toil leis an oifigeach a bhí ag oibriúghadh an
Gléas Gansrang ó thúr theach an tsoluis.



Is cuma goidé an ghuais ná an chontabhairt a
mbeidh soithigh cogaidh ann — agus is dóighide go
mbeidh siad i nguais go Lá an Luain — ná má
cuirtear go duibheagán na mara féin iad,
is maith an sgéal nach gcaillfear aon nduine,
mar ní bheidh aon fhoireann daonna ar bórd.



Má's saoghalach dúinn chidhfidh sinn cabhlach
ag ionnsuighe cabhlach eile; cloisfidh sinn neart
gleó agus torrainn, ficfidh sinn brise agus
réabadh, brúgha agus dinnge, acht ní fhicfear,
b'fhéidir, duine ná daoine ar bórd leis an
láimhseáil a dhéánamh; déanfar an stiúradh
agus an cheannaireacht ar an talamh tirim, na
mílte b'fhéidir ó “Ghort an Áir.”



Tomás Ua Concheanainn.



* Níl aimhreas nach mbéidh daoine ag lochtughadh an
fhocail seo. Bíodh aca. Caithfear focail a chumadh má's
linn cur síos ar gach ealadhain san nGaedhilg; Gans-
rang an focal is fearr a b'féidir liomsa chumadh ar
wireless. Tá sé chomh maith leis an bhfocal wireless
féin san mBéarla, agus gach uile ardlach chomh maith
le Sans Fil an bhFrannaigh agus senza file
an Eadálaigh. — T. Ua C.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services