Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuairt an Oireachtais - Árd-Sgoil Cholumcille

Title
Cuairt an Oireachtais - Árd-Sgoil Cholumcille
Author(s)
Ó hAnnracháin, Peadar,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cuairt an Oireachtais.



Árd-Sgoil Cholumcille.



I.



“Aoine, 13, viii, '09. Ag an gColáisde dhom.
An sgrúdughadh ar siubhal. Cuid mhaith cailíní
ann; foth-bhuachaill agus buidhean bheag fear.
Cuid aca amuigh fá'n ngréin agus dhá chuid eile
istigh. “Bruighean Chaorthainn,” “Amhráin
Sheáin Uí Neachtáin.” “Dubhaltaigh Mac
Firbhísigh,” na leabhir gur sgrúduigheadh na
mic-léighinn ionnta. An lá go breagh grianach;
gaoth fhionn-fhuar ann. Na daoine go cneasta
(macánta) caomhamhail. An seana-chrot céadna
ar an ndúthaigh. Eireagal agus a mhullach
meirgeach méisgreach i náirde fó dheas uainn.
Torach amuigh ar ucht na mara móire, a brollach
go glas, crios geal uisge fá'n na taoibhe seo dhe
agus an ceann tsoir de chomh foillteach agus
chómh gágach a's bhí riamh. Cnoc na Bealtaine
chomh glas deas as bhí anuirigh an lá a bhí an
Aeridheacht ar a bhaitheas. An abha chaol chrón
ghleodhach ar sodar thar doras an Choláisde siar
a measg na gcloch mbuidhe ar an seana nós,
agus an ceol ceanain céadna ghá dheanamh aici,
do bhí ar siubhal bliadhain an taca so. Mac
Giolla Bríghde ag teacht anoir an bóthar agus
an filleadh buidhe beag air, agus a mhaide droighin
duibh 'n-a láimh aige.



Úna agus Séamas agus Eamon a bhfeidhil
gnótha an sgrúduighthe, agus gur ar éigin go
bhféachaidís an dara huair ar sagart ná ar
mhinistir a dtagadh chucha isteach, táid chomh
priaclach soin.



Tá Íde Nic Néill ag sgríobhadh ag an mbórd
mbeag sa Choláisde. Tá Domhnall Ó Baoghaill
ag cainnt le cailín óg ar an mbóthar. D'fhágas
Seán so agam-sa i mbuidhin a bhí ag Séamas Ó
Searcaigh, agus tá aithne aca air fé'n am-so
bíodh geall. Tá cuid de na Macaibh Léighinn ana
neamh-chúramach indiu toisg go bhfuil a dtéarma
istigh is dócha.



Bhí lán stad annsoin agus níor sgríobhas
focal eile go dtí an oidhche deallraighim. Bhí
ana-fháilte rómhainn aca soin a bhí i mbun na
hoibre-chomh mór agus dá mba daoine sinn
do rinne saothar mór dóibh roimis sin. Bhí
fáilte rómhainn i sgoil Ghort an Choirce ag na
múinteóiríbh, agus ba mhó ná soin an fháilte do
bhí ag na leanbhaí romhainn nuair chualadar
amhrán ó Sheán. Bhí fáilte fé leith rómhainn sa
tigh, gur stadas anuirigh ann, ag bun Chnuic na
Bealtaine; agus bhí Aodh beag agus Eibhlín .i.
clann Aodha Uí Dhubhthaigh so tig sin romhainn,
agus gan focal acht Gaedhilg ghá labhairt aca.
Níl focal Béarla aca fós. Máthair-chéile
Aodha, bean an tighe sin, agus is binn an
cainnteóir Gaedhilge í. Bhí an t-Athair Mac
Cumhail ó Dhroichead Mag Uidhir i bhFear Manach
sa tigh chéadna agus creidim gur saothraidhe
tréan do'n Ghaedhilg é. Bhí daoine eile ag an
gColáisde do bhí i mBun Dobhráin an Domhnach
roimis sin, agus thánadar chughainn ag cainnt
agus ag fáiltiughadh romhainn. Níor inseadar
dúinn cia'r b'iad féinig; agus níor chuireadar
de neachtar againn.



Bhí Céilidh ist oidhche aca sa Choláisde acht ní
raibh sligh ann d'á dtáinig. Bhí cuid mhaith
daoine leath as-muigh de'n dorus; ag timcheall
gach fuinneóige bhí sgata beag. Bhí ciúineas
istigh agus amuigh an fhaid a bhíodh na hamhráin ghá
rádh. Daoine ana-chiúin go léis is eadh muinntir
an bhuill, daoine gan dánuigheacht gan dailthín-
eacht. Bhí daoine i láthair an oidhche sin go raibh
ainm mhór ortha chun amhráin do chanadh. Bhí
Mac Domhnaill, an tAlbanach, agus Peadar Ó
Ceallaigh ó Dhún Dealgan, agus Eamon Ó
Tuathail agus Mac Giolla Brighde agus Seán
Ó Muirthile i láthair. Ní maith liom Seán a
mholadh ró-mhór ná ró mhinic, acht go deimhin duit
'sé mheasas an oidhche sin ná go raibh sé thar meadhon
ar fad le feabhas, agus ní mise amháin a bhí ar
an inntinn sin, acht a raibh ag cainnt liom mar
gheall air 'n-a dhiaidh sin.



Daoine ana-mhuinnteadha is eadh na hOllamhain
sa Choláisde. Tá roinnt plámáis aca chomh maith
is tá ag aon daoine san Mumhain. Dubhairt
cuid aca cainnt ana ghrádhmhar ar ár bhfáiltiughadh
do'n áit, agus ní ró mhaith d'éirigh liom a thuigsint
an mór dá ndubhradar a bhí fíor, agus an mór
ná raibh. Dubhradar gur mhaith an chomhartha ar
an áit duine a theacht an dara huair anuas ó'n
Mumhain chuca, agus gur fearr ná soin é fear
eile a theacht le n-a chois an dara huair. D'aon-
tuigheas leis an gcainnt sin. Dubhairt duine
aca go mb'fhéidir nárbh olc an rud cleamhnas
do dhéanamh do Mhuimhneach éigin i dTír Chonaill.
D'aontuigh Seán leis an bhfocal sin.



Dubhairt Mac Giolla Bríghde gur tuairim
láidir dó féin, pé aca bhí an cheart sa tuairim
nó ná raibh, gur chóir Muimhneach do bheith sa
Choláisde gach bliadhain chun go mbeadh eolas ag
na macaibh léighinn ar bhlas na Cúige sin na
Mumhan. Thaithn an focal sin le cuid againn go
hana mhaith.



Dubhairt Fionn Mac Cumhail (tá Fionn fionn-
fholtach de fhinn-sgéalaidhe aca ann) gur mhaith
leis féin daoine mar sinn d'fheicsint foth-uair,
acht go gcuirfeadh sé a bheannacht linn-ne ó 'n-a
chroidhe an túisge a bhogaimíd an bóthar fó dheas
arís. Dubhairt Éamon Ó Tuathail gur labhair
Fionn fíor, agus go raibh sé féin ar aon fhocal.
Ní dóigh liom gur thaithn leo chomh muinnteardha
agus bhí daoine deasa áirighthe le Seán, acht ní
raibh leigheas aca súd air. Bhí cainnt ann i
dtaobh na “mBright Centres,” agus i dtaobh a
cheataighe agus a bhí an sgéal ar fuid Tíre
Chonaill, trá, agus ná leogfaidhe do dhaoinibh
ann cruinnighthe puiblidhe do thionóladh.



Ba mheidhreach an chuideachta a bhfurmhór dhá
raibh ann, agus nuair a tháinig am sguir ag a
deich a chlog ba leasg le n-a lán imteacht. Acht
d'imthigheaúar. Soir agus siar, agus fó thuaidh
is fó dheas leo. Soir a bhí ár dtriall-ne, soir go
dtí an Droichead agus fó dheas annsoin an
bóithrín garbh cumhang i gcoinnibh an chnuic, agus
síos le fánaidh tamall eile, agus casadh eile ar
an lámh chlé ag an srutháinín mar a bhfuil an
ladhar, agus suas an bóithrín caol ar an lámh chlé
go dtí an áit 'n-a bhfuil dhá thigh dheasa ar aghaidh a
chéile agus blátha agus rósanna ag fás le 'n-a
n-ais, agus isteach sa tigh iartharach aca mar
a raibh cúigear fear eile 'n-a suidhe chun buird,
agus a ndóithin bainne is brocháin os a gcomhair
ar an mbórd, agus iad féin agus bean an tighe
a labhairt Gaedhilge le chéile, agus iad go
grádhmhar sásta agus go geal-gháiriteach.



PEADAR Ó hANNRACHÁIN.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services