Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - An Príomh-Chomhairle

Title
Ar Faithche na hImeartha - An Príomh-Chomhairle
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



An Príomh-Chomhairle



Príomh-chomhairle Cumainn na gCleas Lúith do
theacht le chéile i dtig an Árd-Mhéara i mBaile
Átha Cliath Dia Domhnaigh, fá stiúradh Domhnaill
Mhic Chárrthaigh, Comhairleach do lucht Comhaire
Átha Cliath.



Tuairim is ceithre fichid theachtaire a bheith
i láthair ó gach áird d'Éirinn.



Cunntus airgid is gnó na bliadhna atá
caithte dá leigheamh do Mhac Uí Thuathail, rúnaidhe.
£57 6s. 9d., an t-airgead spártha.



Riaghlacha nua do cheapadh dhóibh agus comhaltus
a thóghadh chun fromhtha agus orduighthe na riaghlach
go léir.



Uachtarán agus oifigigh do thóghadh dóibh le
haghaidh na bliadhna so chughainn.



Rún do chur i bhfeidhm aca i bhfabhar na
Gaedhilge sa nIolscoil. Maith an mhaise dhóibh.



Bóthar Mhic Seóin



Báire comórtuis ann idir fóirnibh ó Loch
gCarmain is ó Bhaile Átha Cliath. Thárla an
lá bheith go dona. Loch gCarmain, 7-13; Baile
Átha Cliath, 6-7.



Sa láthair cheadna - Crócaigh, 2-1; Ráth Ó
Máine, 1-2.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services