Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Ag Rialto

Title
Ar Faithche na hImeartha - Ag Rialto
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Ag Rialto



Do bhí anathabhairt amach fé riar na gCrócach
ag Rialto Dia Domhnaigh. Bhí an lá go maith
agus sluagh oireamhnach ann. Dhá cheann de
chluithchíbh peile agus cluithche báire a bhí ann.
Idir fhoirinn "Dóthchus na hÉireann" agus
"Ridirí na hÉireann" a thárla an chéad
chluithche peile. Chuireadar lucht an Dothchuis
an sprid san imirt, an tarna babhta, agus
thángadar araon as ar aon scór: chúig puinntí
ar gach taobh.



Idir na Céitinnigh is na Ciceamaigh a thárla an
dara chluithche. Bhí an imirt go dian ar feadh
na haimsire. Níor shos d'aon taobh an fhaid
a bhí an liathróid eatortha. Fé dheireadh do
bhuadhadar na Céitinnigh d'aon phuinnte amháin.
Sidé an scór, Céitinnigh 1-3; Ciceamaigh 1-2.



Sa bháire do bhuadhadar Sóisir Ráth Ó Máine
ar Shóisir na gCiceamach go hadhsáideach. Ráth
Ó Máine, 5-16; Ciceamaigh 2-1.



Táillí Báire



Bhuadhadar na Dáibhisigh ar an Tuathlaigh
(Sóisir). Árdchraobh (Meadhóin) 1-6; Tuathlaigh,
1-4. Bhuadhadar Íochtráin Lusca ar na
Tuathlaigh.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services