Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Clár Dhá Theangadh

Title
An Clár Dhá Theangadh
Author(s)
Nic Fhualáin, Úna,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



An Clar Dhá-Theangthach.



Anois, ó thárla an cruinniughadh speisialta
de'n Árd-Fheis i leath-taoibh, agus sos catha
fuagruighthe i measg Gaedheal, i n-ainm Dé,
árduighmís bratach an Oideachais Dhá-
Theangthaigh agus tugaimís aghaidh ar sgoltachaibh
na Gaedhealtachta. Anois an t-am chum Clár
an Dá Theangan a sháthadh isteach ins na
sgoltachaibh, má's linn é dhéanamh i mbliadhna
chor ar bith. Tá míle éigin sgoil i n-a bhféad-
faidh an Clár a chur ag obair an chéad lá de'n
mhí seo chugainn. De réir riaghlach an Bhuird,
tá cead an Clár a chur ar bun i n-aon cheanntar
a bhfuil an Ghaedhilg dá labhairt ann, bíodh sé i
n-a cheanntar fhíor-Ghaedhealach nó i n-a
cheanntar leath-Ghaedhealach agus leath-Ghallda.
Is dóigh linn go bhfuil ar a laighead míle sgoil
i gceanntrachaibh de'n tsórt sin is gan an Clár
ar bun ionnta fós. Cia an fáth nach gcuirfidhe
an Clár ar siubhal ins an míle sgoil sin ó'n
gcéad lá de'n Iúl amach? Tá an Bord i n-a
fhábhar; támuid cinnte go bhfuil na stiúrthóirí i n-a
fhábhar freisin, cé is móite de chorr-dhuine aca
annso is annsúd. Ní féidir go bhfuil na
múinteoirí i n-a aghaidh? Ceapann a lán go
bhfuil, acht ní chreidfimís-ne ó'n saoghal go bhfuil.
'Sé is dóichighe beagáinín beag sgannartha a
bheith ortha roimhe, de réir mar adubhairt Úna
Nic Fhualáin i gCLAIDHEAMH na seachtmhaine
seo ghabh thorainn. Acht deir Úna nach gábhadh
dhóibh an sgannradh, agus is minic adubhairt
Domhnall Ó Duibhne agus múinteoirí eile a
chaith roinnt bhliadhanta i n-éadan an Chláir an
rud céadna. Luigheann sé le nádúr gur fusa
Gaedhilgeoirí óga a mhúineadh tríd an nGaedhilg
agus tríd an mBéarla 'ná iad a mhúineadh
tríd an Bhéarla amháin. I sgoil aon-theangthaigh
san nGaedhealtacht fá láthair caithtear na
bliadhanta ag iarraidh an Béarla a bhrúghadh
isteach i gcloignibh na bpáistí: is annamh
gheibheas siad aon ghreim ar an mBéarla go
mbíonn trí bliadhna caithte ar an sgoil aca, agus
an t-am sin féin ní bhíonn aca acht focla,
agus gan greim ar bith aca ar bhrígh na bhfocal.
Annsin bíonn ar an múinteoir tosnughadh ar
ar áireamh agus tlacht-eolas agus na céadta
rudaí eile a mhúineadh dóibh tríd an teangain seo
nach dtuigeann siad acht ar nós píoróid. Gan
bacadh leis na páistíbh bochta iad féin, is léir
gur mor an leathtrom é seo ar an múinteoir,
agus gur beag an toradh a bhíos aige de bharr
a chuid saothair i ndeireadh na dála.



Nárbh' fhusa go mór do'n mhúinteoir tosnughadh
ar dtús ag baint chainnte as na páistíbh i
nGaedhilg — an teanga a thuigeas agus a
labhruigheas siad; thar éis tamaillín mion-
leabhar Gaedhilge a chur i n-a lámhaibh agus
beagán léightheoireachta a mhúineadh dhóibh;
annsin roinnt áirimh, roinn tlacht-eolais, &c., a
mhúineadh dhóibh tríd an nGaedhilg ar an mbealach
céadna? An fhaid is bheadh an méid seo ar
siubhal aige, bheadh sé san am céadna ag tabhairt
ceacht cainnte i mBéarla ar an Módh Díreach gach
lá; thar éis tamaill chuirfeadh sé mion-leabhar
Béarla i lámhaibh na bpáistí; agus is gearr go
bhféadfadh sé roinnt Bhéarla a labhairt ag
múineadh áirimh agus tlacht-eolas, &c., dó.
An Gaedhilgeoir óg a múinfidhe ar an módh so
ó thús bheadh an Ghaedhilg agus an Béarla aige
ag fágáil na sgoile dhó agus bheadh léigheann air
san dá theangain, rud nach féidir a rádh i
dtaoibh furmhór na bpáistí san nGaedhealtacht
indiu.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services