Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tigheas agus Cócaireacht

Title
Tigheas agus Cócaireacht
Author(s)
Aistrithe ag Mícheál Ó Cionnfhaoilidh,
Translator
Ó Cionnfhaoilidh, Mícheál
Composition Date
1924
Publisher
Muínntear Guí agus a gCuid

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Don léightheóir.



Is iad Muinntir an Cheárd-Oideachais in Éirinn a chur an
leabhar seo i gcló ar dtúis. Do na scoileanna dheineadar é
sin, & ba mhaith, tairbheach an leabhar é, mar d'oir sé go
h-iongantach do gach aon dream. Níl aon diomailt ag baint
leis na cláracha bídh tá ann. Dheunfadh aoinne tígheas tar-éis
é léigheamh. Gabhaim-se mo bhuidheachas leo mar gheall ar cead
thabhairt dam Gaedhilg chur air.



B'fhéidir ná beadh gach aoinne sásta le cuid de na foclaibh
atá insan leabhar seo. Do dheineas-sa mo dhícheall ar fhocail
oireamhnacha do sholáthar, & má tá focail níos fearr ag aoinne
(dála go bhfuil) bheinn an-bhuideach de dá gcuirfeadh sé chugam
iad.



Micheal ó Cionnfhaoiladh.


L. 5


ANBHRUITHÍ.



STOC.



Cheithre púint brus cnámh, fuar nó beirbhighthe,
Chúig phúint uisge.



Bris na cnámha & bain an chuid is mó den saill & den smior
asta; cuir uisge orra & fiuch iad. Bain an barra go maith dhen
uisge & fág ag cnáthairt ar feadh ceathair nó cúig de uaireanta
iad; sgag iad & leag leath-taoibh na teine iad go mbeid fuar.
Gheobhthar an méithearas do bhaint de bharra an chorcáin gan aon
duadh insan.



Feuch. - Ná leig don stoc fuaradh insan chorcán in-ar bheirbhigh
tú é.



Níor cheart do dhuine uisge ina mbeirbheóchfaí sicíní nó
lachain, nó aon t-saghas feóla úr ann do chaitheamh uaidh. Gheobh-
faí anbhruithe an-dheas do dheunamh dhe, acht cnámha & spólaí
eallaig do bheirbhiughadh ann, & é fhágaint roinnt mhaith uaireanta
ag beirbhiughadh.



CHUM ANBHRUITHE TIUGH DO DHEUNAMH.



An bonn - Stoc, uisge ina mbeirbheochfaí eallaig ann, bainne &
uisge le h-aghaidh lá trosgaidh.



Glasairí - Chum é thiughchant & a bhlaisiughadh: - Iniún, lus, meacain
dáthabha, cáréidí, pónairí, pis, piseánach, prátaí, trá-
taí & rl.



Luibheanna. - Chum é bhlaisiughadh: - Peirsil, lus an Rígh. saidhbhíní
&rl.


L. 6


Cóir tiúghchant - (1) Plúr, plúr arbhair nó rís meilte measgaithe
le uisge fuar nó le stoc, & iad do chur insan anbhruithe
nuair bheidh sé ag beirbhiughadh, & lán spiúnóige búird
díobh do chuir in aghaidh gach cáirt den anbhruithe.



(2) Taipíóc, piarleorna, ság, rís, minchoirce meacain-
ronaig bhearmasila; iad san do nighe & a chuir insan
anbhruithe, & lán spiúnóige búird díobh do chuir in aghaidh
gach cáirt den anbhruithe, & iad do fhágaint ag beirbhiu-
ghadh go mbeidís an-bhog.



(3) An oiread ceudna ime & plúir nó inmhar measgaithe
le na chéile, & unsa de sin do chuir in aghaidh gach cáirt
anbhruithe. Caithfear beirbhiughadh beag do bhaint as
na measgáin seo, & iad do choimeád corruighthe os
cionn na teine go bhfiuchaid. Cuir an t-anbhruithe ina
gcionn go ríghin ansan, & fain á gcorruighe go bhfiuchaid
arís.



ANBHRUITHE GLASAIRÍ.



Dhá cháirt stuic.
Dhá iniún & cáréid.
Dhá bhata meacain dáthabha.
Dhá spiúnóg ság nó taipíóc.
Lus an Righ & peirsil.
Meacan ráibe.
Salann & piobar.



Fiuch an stoc. Cuir na glasairí go léir (acht amháin an pheirsil)
síos ansan bhfiuchadh. Bídís glan & nighte, & píosaí beaga
cruinne deunta dhíobh agat. Déin beart beag de lus an Rígh
'á chuir tríd duit; cuir ság & taipíóc ina gcionn ansan & beiribhigh
iad. Tóg iad nuair bheidh gach aon rud tiugh & bog. Cuir
peirsil miongheárrtha, salann & piobar ina gcionn nuair bheidh
siad gairid do bheith beirbhighthe.



ANBHRUITHE CAOIR-FHEOLA.



Dhá cháirt stuic, nó stoc a dheunfaí de chnámha.
Caoir-fheoil - muinéal, nó ceann.
Cúpla lus nó iniún.


L. 7


Cáréid, meacan ráibe bán.
Dhá bhata den meacan dáthabha-
Dhá phráta.
dhá spiúnóg de phiaraleorna, nó min-tíre.
lus an Rígh & peirsil.



Fiuch an stoc; cuir na glasairí go léir ina chionn; (acht an
pheirsil) bídís mion-gheárrtha, glan agat. Cuir an eorna nó an
mhin-tíre 'na gcionn san arís, & beirbhigh ar feadh dhá uair iad.
Cuir an pheirsil ansan ar, & blaisigh é dá chuir ar an mbórd.



ANBHRUITHE EORNA.



Dhá spiúnóg eorna (a bhí ar bogadh).
Iniún.
Práta.
Meacan ráibe.
Cáirt uisge nó beóir corcán.
Piúnta bainne bainte.



Dhá spiúnóg siúcre ruadh.
Dhá spiúnóg gréise niamh-ghlán.
Piobar & salann.



Cuir an eorna ar bogadh thar oidhche. Fiuch í, & cuir glasairí
lomartha, geárrtha ina cionn. Corruigh anois & arís í chum ná
dóghfadh sí. Cuir piobar, salann, bainne, geir & siúcre innte.
Beirbhigh & cuir ar an mbórd í.



ANBHRUITHE TRÁTAÍ.



Cáirt stuic.
Iniún.
Meacan ráibe & cáréid.
Leath-cheaintín trátaí nó cheithre cinn úra.
Unsa ime nó blonaige.
Unsa plúir, & leath-phiúnta bainne.
Salann & piobar.



Fiuch an stoc; cuir na glasairí & na trátaí ina chionn, & fág ag
cnáthairt iad go mbeidh siad bog. Críthir an t-anbhruithe; measg
an plúr & an t-im os cionn na teine; cuir an bainne & an
t-anbhruithe go ríghin ina gcionn & fiuch iad; corruigh go maith
iad fhaid & bheid ar an teine. Blaisigh iad dá gcuir ar an
mbórd.


L. 8


Anbhruithe dubhain.



Cáirt stuic.
Leath-dhubhan mairte.
Iniún.
Leath-meacain ráibe.
Cáréid beag.
bata meacain dáthabha.
lus an Rígh.
Spiúnóg ríse meilte.
Salann & piobar.



Bain an croicean den dubhan, & gearraigh ina phíosaí miona é;
cuir na píosaí san stoc & fiuch go réidh iad. Cuir na glasairí
ansan ann & leig dóibh bheith ag cnáthairt uair go leith. Cuir an
rís meilte, measgaithe le stoc fuar ina gcionn. Fiuch arís iad
ar feadh ceathramhadh uaire. Sgag an t-anbhruithe & cuir an
dubhan & na glasairí tríd an gcríathar. Gearraigh cuid den
dubhan go mion, & cóirigh an t-anbhruithe léi. Ath-téidh, & blaisigh
é ag dul ar an mbórd.



ANBHRUITHE BÁN.



Cáirt stuic bán a dhéantar de chnámha eallach &rl.
Cáirt uisge ina mbeirbheochfaí eallaig ann.
Iniún.
Bata meacain dáthabha.
leath meacain ráibe bán.
Trí nó ceathair de mhilseáin daraighe.
Billeóg mása.
Unsa ime nó blonaige.
Unsa plúir.
Leath-phiunta bainne.
Salann & piobar.



Fiuch an stoc; cuir na glasairí & an blaisiughadh inachionn, &
fág ag beirbhiughadh iad go mbeidh na glasairí bog; sgag an
t-anbhruithe ansan. Measg an t-im nó an blonag & an plúr os
cion na teine, & bí á gcorruighe go bhfiuchaid; blaisigh é fé
gcuirir ar an mbórd é.


L. 9


ANBHRUITHE PISEÁNACH - DO LAETHEANTA TROSGADH.



Leath-phúnt piseánach.
Cáirt uisge fuar.
Iniún, cáréid, meacan raibe.
Leat-phiúnta bainne, salann & piobar.



Dá bhata meacain dáthabha.
Unsa ime nó blonaige.
Unsa plúir.



Nigh go maith an phiseánach; cuir uisge uirre & fiuch í. Cuir an
chuid eile de na glasairí ina cionn, & fág ag beirbhiughadh thim-
cheall uair go leith iad go mbeidh an píseánach bog. Cuir tríd
an gcríathar ansan í, measg an t-im nó an blonag & an plúr os
cionn na teine; cuir an bainne & an t-anbhruithe ina gcionn go
ríghin, & fain 'á gcorruighe go bhfiuchaid. Blaisigh é dá chuir ar an
mbórd duit.



Feuch - Chuirfeadh ceathair nó cúig de spiúnóga trátaí na
gceaintíní, nó trátaí úra feabhas mór ar an anbhruithe seo.



Gheobhfaí (d'feudfaí) anbruithe pónaire nó pise do dheunamh
insan t-slighe cheudna, acht dhá leath do dheunamh dhíobh, & iad do
chuir ar bogadh thar oidhche i bhfíor-uisge. Bainean sé níos sia
dhíobh san beirbhiughadh ná dhen phiseánach.



ANBHRUITHE PRÁTAÍ.



Ceathair nó cúig de phrátaí móra.
Cáirt uisge, nó uisge ina mbeirbheochfaí feoil ann.
Unsa ime nó blonaige.
Iniún, meacan ráibe & cáréid.
Dhá bhata meacain dáthabha.
Rud beag pónaire nó pise.
Peirsil & lus an Rígh.
Leath-phiúnta bainne.
Spiúnóg mhor ság nó taipíóc.
Salann & piobar.



Nigh, lomair & gearraigh na prátaí na slaidhistí, leaigh an t-im,
acht ná leig do donnughadh. Cuir na prátaí igcionn an ime &
measg iad ann os cionn na teine, acht ná leig dóibh sin don-
nughadh acht an oiread. Cuir an t-uisge orra; fiuch é, & cuir
an chuid eile dhes na glasairí ina gcionn ansan. Fág shíos iad
go mbeid bog. Cuir gach aon rud tríd an gcríathar, nó bris


L. 10


iad le h-aol. Cuir an ság orra, & fiuch ar feadh ceathramhadh
uaire iad; cuir an bainne orra. Blaisigh ag dul ar an mbórd é.



ANBHRUITHE CHOILEACH NA LUS.



Sean-eallach.
Dhá cháirt uisge fuar.
Dá unsa rís.
Cúig nó sé lusana.
Salann & piobar.
Spiúnóg bheag peirsil mion-ghearrtha.



Cuir an t-eallach síos san chorcán; cuir uisge uirre, & fág ag
cnáthairt í ar feadh dhá uair. Sgiom anois & arís í. Bain na
barraí & ná pniaca des na lusana, & gearraigh tanaidhe iad.
Nigh an rís, cuir í féin & an lus igcoinn an anbhruithe, & fág ag
cnáthairt ar feadh dhá uair níos sia iad. Tóg an t-seana chearc
nó an seana choileach; gearraigh ina bpíosaí iad & bain ancroi-
cean díobh & na cnámha asta, cur na píosaí & an pheirsil insan
anbhruithe; blaisigh & cuir ar an mbórd.



ANBHRUITHE ÉISG.



Ceathramhadh phuint éisg úr nó brus .i. ceann troisg,
nó cadóige, croicean, cnámha & mar sin.
Dhá spiúnóg plúir.
Leath-phiúnta bainne.
Piúnta uisge.
Peirsil, piobar & salann.
Píosaí & crústaí aráin.
Iniún.



Nigh go maith an t-iasg, & bí deimhin go bhfuil sé úr. Cuir
san chorcán é, & cuir uisge, iniún geárrtha, peirsil, arán, piobar
& salann ar. Fág ag beirbhiughadh ar feadh uair go leith é. Sgag
ansan é & cuir an bheoir tar-ais san chorcán. Measg an plúr
& an bainne leis an anbhruithe. Beirigh chúig noimintí é fé
gcuirir ar an mbórd é.



IASG.



Bain na súile, ná putóga & na cleití den iasg. Nigh go
mear in uisge fuar é, & scríob go maith ó cheann go h-earball
é chum an sceanaig do bhaint de.


L. 11


Chúm éisg úr do bheirbhiúghadh .i. trosg, cadóg, colmóir,
bradán &rl: -



(1) Cuir idtulán éisg é, nó muna bhfuil ceann agat, cuir
igcorcán nó in oigheallan ar phláta é. Ceangail ceirt
thimcheall an phláta, & gheobhair é thógaint ar ball gan
aon bhaoghal briste ar an iasg.



(2) Cuir uisge guirt te ar an iasg, & fiuch é. Fág ag
cnáthairt ansan é go mbeidh sé beirbhighthe. (Ní mar a
chéile bradán & aon iasg eile, ba cheart é sin do chuir
in uisge fiuchta ar dtúis.)



(3) Timcheall sé nóimintí a bheadh ó gach aon phúnt éisg chum
beirbhiughadh, acht níor mhór do ghach aon phúnt den
mbradán deich nóimintí.



(4) Cé go mbíon iasg an-mhí-fholláin nuair ná bíon sé beir-
bhighthe, ní bhíon aon deallradh ar nuair bhíon sé ró-
bheirbhighthe. Caillean sé a bhlas & bíon sé bog. Dá
gcuirfidhe scian isteach ins an áit is tiúgha dhe idir an
cnámh & an t-iasg, & dá dtuitfeadh an t-iasg den chnámh
beadh sé beirbhighthe. Bfhearr iasg do bheirbhiughadh go
ríghin chum ná brisfeadh sé.



(5) Sgag go maith é.



(6) Cuir peirsil, ubh nó annlan bán air ag dul ar an mbórd.



CHUM ÉISG DO GHRÍOSCADH.



(1) Gheobhfaí leathóga & éisg mar sin do ghríoscadh mar
atáid. Gheobhfaí macréilí, scadáin, & éisg bheaga mar
sin do ghríoscadh ar an gcuma gceudna, nó gheobhfaí
dhá leath do dheunamh dhíobh, & na cnámha do bhaint asta.
Ba cheart langaí & troisg do ghearradh in gcácaí thim-
cheall órlach ar tuigheacht.



(2) Tiormuigh an t-iasg go maith; tom i bplúr a mbeadh piobar
& salann tríd é, nó gheobhfá é chlúdach le ubh & le brus
aráin, nó é thomadh in im.



(3) Más oighean beag íseal a bhíon ag gabháil don iasg agat,
ní mórán blonaige is gádh dhuit, & gheobhair plúr nó ubh
& brus aráin do chur ar an iasg, nó é thomadh in im.


L. 12


Más oighean doimhin é, & má bhíon go leor blonaige ann
caithfear an t-iasg do fhoiliughadh le ubh & brus aráin,
nó neachtar beidh blas an éisg ar an mblonag, & ní
bhfuighfear é úsáid le h-aghaidh aon rud eile acht le
h-aghaidh éisg.



(4) Caithfidh an teas ceart bheith san mblonag fé gcuirfear
an t-iasg ann. Isé an t-slighe a n-aineochfá é sin, ná
gal nádúir gorm bheith ag éirighe as, & é bheith ina leid
mharbh gan cor as.



(5) Ba cheart an t-iasg do shileadh ar pháipeur bog nuair bheadh
sé beirbhighthe, chum aon smeartha do fhanfadh ar an
taobh-is-amuigh dhe do ghabháil.



(6) Cóirigh é le peirsil, nó píosaí liomúin, nó rud beag ann-
lain más maith leat é, dá chuir ar an mbórd.



COMHASGA I GCÓIR GRÍOSCADH.



Chum Púint Éisg do Ghrióscadh.



Dhá unsa plúir.
Ceathramhadh spiúnóige bige
salainn.



Leath-chnagaire uisge alla-
bhog.
Ceathramhadh ansa saille.



Leaigh an t-saill, cuir plúr & salann san mbáisín, & cuir an
t-saill ina gcionn. Cuir an t-uisge alla-bhog go ríghin orra, &
bris na cnapáin le spiúnóg adhmaid. Buail go maith é & cuir i
leathtaoibh ar feadh uaire é fé n-úsáidfear é.



LANGA SHAILLTE.



Gearraigh an langa ina píosaí & cuir ar bogadh thar oidhche
in uisge alla-bhog í. Scríob & nigh go maith í an mhaidean tá id
chionn. Cuir síos in uisge fuar í, & fiuch í; caith uait an t-uisge
ansan. Clúdaigh í le bainne sgiomtha nó le bainne bainnte.
Cuir iniún geárrtha, billeóg mhasa, trí nó ceathair de mhilseáin
daraighe & dhá bhilleóg bádha ina cionn. Cuir síos arís í, & fág
ag cnáthairt í go mbeidh rí beirbhighthe (thimcheall fiche noimeant


L. 13


nó leathuair) tóg ar mhéis te í; tiúghaidh an bainne le plúr meas-
gaithe & doirt anuas ar an iasg é.



Feuch - Gheobhfaí (d'fheudfaí) cadóg do bheirbhiughadh san
t-slighe cheudna, acht ní gádh í fhágaint ar bogadh thar oidhche.



CADÓG BÁCÁLTA.



Cuir i gcóir an chadóg díreach mar bheidhfeá chum í bheirbhiu-
ghadh. Tiormaigh go maith í; fórlíon í leis an bhfórlíonadh seo im
dhiaidh: -



Fóirlíonadh - Trí spiúnóga búird de bhrus aráin.
Spiúnóg bheag de pheirsil mion-gheárrtha.
Leath spiúnóige bige lus an Rígh mion-gheárrtha.
Leath ubh-buailte.
Piobar & salann.



Ceangail mar seo í: - Cuir píosa chórda isteach trí na súilibh &
ceangail thíos fén cheann é; cuir casadh chum deisil san cheann,
& chum tuathail san earball, san t-slighe go mbeidh sí cosamhail
leis an litir "S." Cimil an leath eile dhen ubh fúithe; croth
roinnt de bhrus an aráin ruadh uirre. Cuir isteach in oighean
stáin í, & bíodh rud beag ime nó inmhair uirre. Fág ag bácáil ó
fhiche go dtí dá fhichead nóimeant d'réir méid an éisg í & déin í
aoilleadh anois & arís. Déin roinnt olair den fhuighleach a bheidh
in oighean na bácála; tiúghaidh é, & cuir uirre ag dul ar an
mbórd é.



PÍGHEÓG ÉISG.



Iasg fuar, úr nó guirt.
Prúitín.
Annlan bán.
Ubh cruaidh-bheirbhighthe.
Piobar & salann.



Leag ina sreathanna i méis pígheóg iad seo; bíodh na prátaí íocht-
arach & uachtarach agat. Scoráil a mbárr le h-aol, & fág ag
bácáil iad go mbeidh siad te & a mbarra donn.


L. 14


SCADÁIN NA GCEAINTÍNÍ



Glan iad, & más maith leat bain na cnámha asta. Leag síos
i méis pígheóg iad, & bíodh roinnt iniún geárrtha, cúpla milseán
daraighe, roinnt de chaora an phiobair, píosa mása, & cúpla
billeóg bádha thall & abhus tríotha. Croth salann orra; clúdaigh le
bhinéigre & uisge iad, leath má leath. Bácáil in amhthuinn ríghin
iad ar feadh uaire. Leig dóibh fuaradh i mbeoir an chorcáin.
Sgag iad, & cuir ar an mbórd iad.



CUID AN RÍGH.



Leath-phúnt éisg fuar.
Ubh cruaidh-bheirbhighthe.
Piobar & salann.



Unsa ime.
Leath-phúnt rís beirbhighthe.



Déin scaracha dhen iasg; bain an croicean de, & na cnámha as.
Déin píosaí roinnt mór de ghealacán uibh; leaigh an t-im; cuir
an rís, an t-iasg & gealacán an uibh i gcionn an ime, & measg go
maith iad. Cuir ar an mbórd ina gcruach iad, & bíodh buidheachán
uibh criathairthe anuas orra.



MEARÓG ÉISG.



Brus aráin ruadh.
Cadóg bheag shaillte.
Roinnt prátaí.



Unsa inmhair.
Piobar & ubh.



Smearthaigh múla go maith. Líonáil le brus aráin ruadh é;
nigh, lomair, beirigh & déin prúitín de na prátaí. Cuir an
chadóg síos in uisge fuar & fiuch í chum an ghuirteamais do bhaint
aiste; cuir ar chlár ansan í, & bain an croicean & na cnámha go
léir aiste. Gearraigh go mion í, & measg leis na prátaí í.
Cuir an t-inmhar & rud beag piobair & an t-ubh buailte ina
gcionn. Cuir isteach i múla ollamhuighthe í, & fág ag bácáil fiche
noimeant í.


L. 15


CÁCAÍ ÉISG.



Leath-phúnt éisg fuar mion-gheárrtha.
Leath-phúnt prúitín.
Spiúnóg bheag peirsil mion-gheárrtha.
Ubh.
Piobar & salann.



Measg na comhguisí seo go léir. Bíodh plúr ar do lámha, &
déin cácaí cruinne thimcheall órlach ar tuigheacht díobh. Cuir
roinnt mhaith plúir orra, nó clúdaigh iad le ubh & brus aráin, &
gríosc iad i saill te. Sgag iad, & cuir ar an mbórd i méis te
cóirighthe le peirsil iad.



Feuch - Gheobhfaí throsg beirbhighthe & éisg mar é do ath theidheamh
acht an croicean & na cnámha do bhaint asta; é bhriseadh ina
phiosaí, & é théidheamh in annlan éigin a mbeadh blas maith ar.
Bíonn arán tíortha thimcheall na méise dá chuir ar an mbórd.



STAOIGEANNA BRADÁN NÓ GIOLAMACH.



Lán ceaintín beag de bhradán nó de ghiolamach.
Unsa ime.
Unsa plúir.
Lán spiúnóige bige de shúghlach liomúin.
Ubh & brus aráin.
Ceathramhadh phiúnta bainne.
Gráinne beag de phiobar na céíne.
Salann & piobar.



Mion-ghearraigh an t-iasg. Measg an plúr & an t-im os cionn
na teine. Cuir bainne tríotha, & corruigh go réidh iad nó go
bhfiuchaid. Cuiran t-iasg & comhguisí eile ina gcionn. Cuir amach ar
phláta fliuch iad, & leathnuigh amach le sgian a bhí in uisge fuar iad, &
fág ansan iad go bhfuaraid. Déin ocht nó deich bpíosa dhíobh, &
maisigh ina staoigeanna beaga iad. Clúdaigh le h-ubh & brus
aráin iad, & gríosc i saill te iad.



Feuch - Gheobhfaí é seo romham do chruachadh ar shean phláta;
brus aráin do chrochadh ar, & é bhácáil insan amhthuinn go mbeadh
sé te.


L. 16


Gheobhfaí iasg na gceanitíní do théidheamh mar seo: - Cuir an
t-iasg imbáisín. Cuir rud beag piobair & salainn, dhá spiúnóg
de shúghlach an liomúin nó bhinéigre ina cionn. Clúdaigh an
báisín le páipeur smeartha, & fág shíos in uisge fiuchta é go
mbeidh sé te.



Niór mhór an t-iasg bheith go maith, & ar aon airgead ná fág
insan cheaintín é tar-éis é fhosgailt. Gheobhfar é choimead fol-
láin ar feadh lae nó dhó, acht é fholamhughadh isteach i méis nó in
oighean.



RÓSTA & BÁCÁIL FEOLA.



(1) Ní fiú biorán aon fheoil le h-aghaidh rósta ná fuil briosg, &
ba cheart don a leithéid sin de fheoil bheith ar crochadh
ar feadh trí nó ceathair de laetheanta san samhraidh,
& seachtmhain san ngeimhridh.



(2) Cimil an fheoil go maith le h-eudach glan.



(3) Cuir an fheoil san oighean bácála. Bíodh an taobh a bheidh
anáirde ar an mbórd síos agat. Caithfear í iompódh
nuair bheidh sí leath-rósta.



(4) Cuir uisge in ióctar oigheain na bácála, & roinnt inmhair
anuas ar an spóla, sé sin muna mbeidh sé an-mhéith.



(5) Níor mhór an t-amhthuinn bheith te, ar dtúis go h-áirighthe.



(6) Ní mór spólaí beaga d'aoilleadh gach aon deich noimintí, &
spólaí móra gach aon fiche nóimeant.



(7) Cuir roinnt olair donn uirre dá cuir ar an mbórd.


L. 17


Deunfaidh an clár seo im dhiaidh meur ar eolas: -



Mairt
Spolaí oireamhnacha - Asna mairt-fheola.
Am dóibh - Ceathramhadh uaire do gach púnt &
ceathramhadh san mbreis.
Rudaí leo - Olar donn, meacan radaig scrí-
obtha, mearóg Yorkshire.



Caoir-fheoil
Spolaí oireamhnacha - Dubhan, cois, gual-
ainn, ucht.
Am dóibh - Ó cheathramhadh go dtí fiche nóim-
eant an púnt, & ceathramhadh
san mbreis.
Rudaí leo - Olar donn, annlan iniún, nó
muirt cúiríní dearga.



Muic-fheoil
Spolaí oireamhnacha - Dubhan, cois nó
gualainn.
Am dóibh - Fiche nóimeant do gach púnt &
fiche san mbreis.
Rudaí leo - Olar donn, & é rud beag tiugh,
annlan ubhall.



Laoigh-fheoil
Spolaí oireamhnacha - Ucht, filleadh, &
dubhan.
Am dóibh - Chúig nóimintí & fiche do gach púnt
& chúig nóimintí & fiche san
mbreis.
Rudaí leo - Olar donn rud beag tiugh.



Uan
Spolaí oireamhnacha - Aon spóla dhe.
Am dóibh - Ó fhiche go dtí chúig nóimintí &
fiche an púnt & an méid
ceudna san mbreis.
Rudaí leo - Olar crón rud beag tiugh, ann-
lan miontúis, folacht.



Sicín
Am dóibh - Ó fhiche go dtí uair d'réir méid
& aoise.
Rudaí leo - Olar donn, annlan aráin, bagún
beirbhighthe & cabáiste.



Lacha
Am dóibh - Ó leath-uair go dtí uair d'réir
méid & aoise.
Rudaí leo - Olar donn, & pónairí glasa.




Am dóibh - Ó dhá uair go dtí dá uair go leith.
Rudaí leo - Olar donn, annlan ubhall.



Turcaí
Spolaí oireamhnacha - B'fheárr cearc.
Am Dóibh - Ó uair go leith go dtí trí h-uaire.
Rudaí leo - Olar donn & annlan aráin.


L. 18


Feuch - Is ag an muineul a fhóirlíontar sicíní & turcaighthe
leis an bhfóirlíonadh seo: -



Cheithre spiúnóga brus aráin.
Spiúnóg bheag de pheirsil mion-ghearrtha.
Leath-spiúnóige bige de lus an Rígh mion-gheárrtha.
Leath-spiúnóige bige de iniún nó saidhbhíní mion-gheárrtha.
Leath unsa ime.
Leath uibh buailte. (Ní gádh é más maith leat).
Piobar & salann.



D'fhóirlíonfadh an méid seo thuas eun cuibheasach mór. Níor mhór
a dhá oiread do thurcaí.



Líontar lachain & géana leó so im dhiaidh: -



Leath-phúnt prúitín; nó.
Chúig spiúnóga búird de bhrus aráin.
Iniún beirbhighthe mion-gheárrtha.
Leath-spiúnóige búird de sháiste mion-gheárrtha.
Ae an éin beirbhighthe, mion-gheárrtha.
Piobar & salann.



FILLEADH RÓSTAIGHTHE CAOIR-FHEOLA.



Chúig phúint filleadh (an ceann reamhar de chois caoir-
fheola).
Chúig spiúnóga búird de bhrus aráin.
Spiúnóg pheirsil mion-gheárrtha.
Leath spiúnóige lus an Rígh mion-gheárrtha.
Ubh.
Salann & piobar.



Bain na cnámha as an gcaoir-fheoil; measg brus aráin, luibheanna
& blaisiughadh, & úraigh le h-ubh buailte iad. Cuir an fórlíonadh
seo i n-áit na gcnámh. Fill an t-ucht go deas cruinn. Ceangail
le biorán ina ionad é, & cuir píosa chórda ar chum é choimeád
len a chéile. Cuir in oighean bácála é, & bíodh inmhar ar a bhárr
agat. Fág ag rósta san amhthuinn ar feadh uair go leith é, &


L. 19


aoill é gach aon cheathramhadh uaire. Nuair bheidh sé leath-rósta
iompuigh an spóla. Cuir olar donn air ag dul ar an mbórd.



Feuch - Bheadh prátaí lomartha go deas bácálta i bhfochair na
feola. Ba cheart iad go léir bheith comh-mhéad. Níor mhór iad
do aoilleadh i bhfochair na feola. Thimcheall uair bheidís ag beir-
bhiughadh.



CEIS MHUIC-FHEOLA LE H-AGHAIDH RÓSTA.



Dhá cheis mhuic-fheola ar chomh-mhéad.
Leath-phúnt prúitín.
Chúig spiúnóga búird de bhrus aráin.
Iniún beirbhighthe mion-gheárrtha.
Leath-spiúnóige bige sáiste mion-gheárrtha.



Scoilt na ceiseana síos trí n-a-lár; scoráil le scian iad chum
iad do leathnughadh amach chomh leathan & is féidir. Measg na
prátaí & an blaisiughadh, & socruigh síos trí lár aon cheise amháin
iad. Leag an cheis eile anuas uirre sin; daingnigh na clíatháin
le bior feola, & ceangail a dhá ceann le córda. Cuir in oighean
na bácála ansan í; cuir roinnt inmhair anuas uirre, & bácáil in
amthuinn the í ar feadh uaire, nó uair go leith, d'réir méid na
ceise. Aoill gach aon cheathramhadh uaire í. Cuir ar an mbórd í,
& olar donn rud beag tiugh uirre, & annlan ubhall.



CROIDHE BULLÁIN FÓIRLÍONTA



Croidhe bulláin.
Cheithre unsa brus aráin.
Piobar & salann.



Trí unsa iniún.
Luibheana tiorma.
Unsa blonaige.



Nigh an croidhe in uisge fuar, & tiormuigh go maith é; mion-
ghearraigh an t-iniún & fuar-bheirigh é; measg é le sáiste, brus
aráin, salann & piobar. Fóirlíon an croidhe leis na rudaí meas-
gaithe seo, & cuir rud beag inmhair anuas air. Bácáil nó róst
os coinne na teine nó san amhthuinn é. Thimcheall uair bhainfidh
sé dhe. Aoill go minic é. Cuir ar an mbórd i méis te é, &
olar donn thimcheall air.


L. 20


OLAR DO FHEOIL RÓSTA.



Sgag an t-inmhar & fág rud beag den méithearas, &
an dríodar go léir insan oighean. Tuitean an dríodar
donn go h-íochtar an oigheain, & d'fhanfadh sé ann muna
gcorreochfaí é. Croth leath-spiúnóige bige plúir ar, (acht má
bhíonn olar níos tiúgha uait caithfir a thuille do chur air) rud
beag salainn & piobair Corruigh os cionn na teine iad; cuir
stoc nó uisge orra. Fiuch iad & más gádh é cuir rud beag
donnughadh orra.



MEARÓG YORKSHIRE (LE HAGHAIDH MAIRT RÓSTA).



Leath phiúnta bainne.
Dhá spiúnóg búird de phlúr.
Ubh & gráinne salainn.



Cuir an plúr isteach imbáisín; bris an t-ubh síos ann; cuir rud
beag den bhainne tríotha & measg go maith iad. Cuir an chuid
eile dhen mbainne ina gcionn sin go ríghin; corruigh go maith iad
ar eagla cnapán do theacht orra. Cuir an gráinne salainn
ansan orra. Cuir spiúnóg inmhair den bhfeoil rósta isteach i
gceaintín, doirt isteach an fhuidréis ann, & fág ag bácáil ar
feadh leath uair í.



Déin sé nó ocht bpíosa dhi & socruigh thimcheall méise na
mairte ag dul ar an mbórd iad.



B'fhearr de dhon fhuidréis í fhágaint uair nó mar sin gan
bácáil.



FEOIL LE H-AGHAIDH BEIRBHIGHTHE.



Feoil úr nó eallaig. - (1) ba cheart feoil úr do ghlanadh go maith
ar an taobh-is-amuigh; ba cheart eallaig do ghlanadh istigh
& amuigh le h-eudach glan.



(2) Rop síos in uisge fiuchta í a mbeidh salann air, & fiuch go
láidir ar feadh trí nó ceathair de nóimintí í; fág ag
cnáthairt ansan í go mbeidh sí beirbhighthe.


L. 21


Nuair a bhíonn spóla reamhar ríghin le beirbhiughadh .i. muineal
caorach nó lorga bó, níor mhór iad do chuir síos in-uisge fuar;
iad do fhiuchadh go ríghin, & iad do chnáthairt an chuid eile dhen
aimsir. Is fearr an t-uisge bhíonn orra san t-slighe seo, ná dá
mbeirbheóchfaí in aon t-slighe eile iad. Níor cheart do dhuine a
leithéid sin de uisge do chaitheamh uaidh ar aon chor. Thá sé go
maith chum bonn do stoc nó do olar do dheunamh.



FEOIL GHUIRT.



(1) Má bhíonn feoil mar seo an-thirm, nó má bhíonn go leor
salainn uirre cuir ar bogadh ar feadh dhá uair deug roimh-
ré í.



(2) Cuir síos in uisge fuar í; fiuch í, & fág ag cnáthairt í go
mbeidh sí beirbhighthe.
Déunan fiuchadh bríoghmhar an fheoil an-ríghin.



(3) Má bhíonn cabáiste nó aon t-saghas glasairí eile dá mbeir-
bhiughadh agat i bhfeoil ghuirt, ba cheart duit an fheoil do
chuir síos leath uair ní ba thúisge, & í thógaint arís fé
gcuirfeá na glashairí síos (an t-uisge do fhiuchadh go
láidir tar-éis na feola thógaint, & fé gcuirfeá síos na
glasairí). Ba cheart an fheoil do chuir síos arís nuair
bheadh na glasarí beirbhighthe.



(4) Ba cheart an croicean do bhainnt de bhagún & de liamhás
fhaid & bheidís te; brus aráin ruadh do chríathairt ansan
orra, nó iad do thíoradh os comhair na teine.



(5) Más fuar ba mhaith leat liamhás do chuir ar an mbórd, níor
mhór an croicean do bhaint de chomh luath & beadh sé beir-
bhighthe; é chuir thar-ais san chorcán, & leigint do fuaradh
san uisge in ar bheirbhigheadh é.


L. 22


Dheunfadh an clár seo im dhiadh meur ar eolas do dhuine: -



Mairt
Spolaí oireamhnacha - Ucht, lorga nó
píosa earbaill.
Am dóibh - Ceathramhadh uaire do gach púnt &
ceathramhadh sa mbreis. Más
píosa ramhar é, fiche nóimeant.
Rudaí ina bhfochair - Caréidí, meacain ráibe. Putóga
bána gréise.



Caoir-fheoil
Spolaí oireamhnacha - Cois, ceann, ucht,
an ceann is fearr
den muineul.
Am dóibh - Ceathramhadh uaire do gach púnt &
ceathramhadh san mbreis.
Rudaí ina bhfochair - Peirsil, annlan fraochán, mea-
cain ráibe & meacain.



Laoigh-fheoil
Spolaí oireamhnacha - Ceann, muineal,
alt.
Am dóibh - Fiche nóimeant an púnt & fiche
nóimeant san mbreis.
Rudaí ina bhfochair - Annlan peirsil, bagún gríos-
caighthe nó beirbhighthe.



Sicín
Spolaí oireamhnacha - Sicíní na gcos
mbán is fearr.
Am dóibh - Ó fhiche go dtí dafhichead nóimeant
d'réir méid & aoise.
Rudaí ina bhfochair - Annlan peirsil nó ubh, bagún
gríoscaighthe nó beirbhighthe,
teanga daimh.



Bagún
Spolaí oireamhnacha - Aon phíosa dhe.
Am dóibh - Chúig nóimintí & fiche an púnt, &
an oiread ceudna san mbreis.
Rudaí ina bhfochair - Cabáiste, cabáiste na bruiseala,
nó pónairí leathana.



Turcaoí
Spolaí oireamhnacha - b'fearr na cearca.
Am dóibh - Ó uair gó dtí dhá uair gó leith
d'réir méid & aoise.
Rudaí ina bhfochair - Annlan meacain dáthabha nó
annlan peirsil, bagún beir-
bhighthe nó gríoscaighthe & cabá-
iste, luispíní nó teanga daimh.



Liamhás
Am dóibh - Thimcheall cheithre h-uaire do dheich
bpúint: níos sia nó níos giorra
d'réir méid nó luighead.



Ceann muice
Am dóibh - Dó nó trí h-uaire.
Rudaí ina bhfochair - Cabáiste, nó cabáiste na bruis-
eala, nó annlan bán.



Mairt saillte
Spolaí oireamhnacha - Ucht, teanga no
píosa earbaill
Am Dóibh - Chúig nóimintí & fiche do gach púnt
& an oiread ceudna san
mbreis.
Rudaí ina bhfochair - Cáréidí, cabáiste nó annlan bán.


L. 23


CHUM COISE CAOIR-FHEOLA NÓ LORGA BHEIRBHIUGHADH.



Cimil an fheoil le h-eudach glan; ceangail an bhinn ina
h-ionad le bior. Cuir síos in uisge guirt fiuchta í, & fiuch go
láidir í ar feadh chúig nóimintí. Cuir le clíathán na teine ansan
í, & fág ag cnáthairt í go mbeidh sí beirbhighthe. Cuir annlan
peirsil nó annlan fraochán uirre ag dul ar an mbórd, rud beag
de, & cuir an chuid eile dhen annlan ar an mbórd i méis annlain.
Gheobhfaí meacain ráibe bána nó meacain bheirbhighthe chuir thimcheall
na méise.



Gheobhfaí trí roinnt a dheunamh de chois caoir-fheola nuair ná
beadh ann acht murar beag: -



(1) An lorga: í bheirbhiughadh is gnáthach do dheunamh.



(2) An filleadh nó an ceann teugartha dhi; bíonn sí sin go deas
rósta.



(3) An t-ucht; gheobhfaí struisín gaodhlach do dheunamh dhe seo, nó
é shailleadh & é bheirbhiughadh.



AG BEIRBHIUGHADH BAGÚIN & CABÁISTE.



Trí púint bagúin.
Cabáiste.



Má bhionn an bagún an-thirm nó guirt cuir ar bogadh thar oidhche
é; cuir síos in uisge fuar é & fiuch é. Fág ag cnáthairt ar
feadh uaire & trí ceathramhna é. Cuir ar mhéis ansan é chum é
choimeád te. Fiuch go mear an t-uisge arís; cuir an cabáiste
síos ann, & coimeád an fiuchadh suas tríd go mbeidh
sé bog. Cuir an bagún san uisge arís chum é théidheamh. Bain
an croicean de & críthir roinnt bruis aráin anuas ar. Sgag an
cabáiste & fáisg an t-uisge amach go maith as le pláta.
Socruigh thimhcheall na méise é.



AG DEUNAM STRUISÍN



Sidé an t-slighe is bailighe chum cócaireacht do dheunamh, &
inneosad duit 'dé chúis: —



(1) Gheobhfar píosaí ríghne do bheirbhiughadh & má bhíonn siad beir-
bhighthe ina gceart beid briosg & deagh-bhlasta, & fanfaidh
an súghlach go léir san olar.


L. 24


(2) Ní gádh morán teine.



(3) Gheobhfaí rud beag feola chuir i bhfaid le roinnt glasairí do
chuir ina cionn, & ní h-olc an eudáil iad.



STRUISÍN GNÁTHACH.



Mairt - Ceis mhairt, mairt olar.
Lorga nó ucht.
Caoir-fheoil — Muineal, ucht.
Coiníní & sean-eallaig.



Níor mhór ó uair go leith go dtí cheithre h-uaire thabhairt do na
spólaí do réir méid, nó thimcheall leath-uair do gach púnt & leath-
uair san mbreis.



NA GLASAIRÍ IS GNÁTHACH DO CHUIR I STRUISÍN: —



Cáréid, meacan ráibe, iniún, meacain dáthabha, lus, peir-
sil, trátaí & lus an Rígh.



Is le plúr measgaithe a thiúghtar an t-olar, & cuirtear
spiúnóg búird plúir i gcoinne gach piúnta olair.



(1) Is síos in uisge fuar a chuirtear an fheoil de ghnáth.



(2) Níor cheart struisíní d'fiuchadh; iad do chnáthairt.



(3) Prúitín, rís beirbhighthe, nó píosaí aráin tíortha a chuirtear
thimcheall na méise.



STRUISÍN GAODHLUCH.



Púnt caoir-fheola truagha.
Dhá phúnt prátaí.
Dá iniún.



Leath-phiúnta uisge.
Salann & piobar.



Gearraigh an chaoir-fheoil ina píosaí deasa, & bain rud beag
den saill aiste más gádh. Lomair na prátaí, & má bhíonn siad
an-mhór déin leathanna nó ceathramhna dhíobh. Gearraigh an t-iniún
go tanaidhe. Socruigh ina sreathanna in oigheallan struisín iad
seo, & bíodh prátaí shíos & shuas agat; croth roinnt salainn &
piobair eadtorra. Cuir uisge ansan orra, & broithigh go righin


L. 25


iad; bíodh an clúdach go daingean ar an gcorcán agat, & fág
shíos iad go mbeidh na prátaí bog. (Thimcheall uair go leith.)
Bíodh an fheoil i lár na méise ag dul ar an mbórd agat; na
prátaí thimcheall uirre, & olar anuas uirre.



Feuch — Dheunfadh muineal nó ucht caoir-fheola, nó fuighleach
caoir-fheola an gnó le h-aghaidh an struisín seo. Má bhíonn
struisín níos fearr uait faigh píosaí den dubhan, nó píosaí den
taobh is fearr den muineul.



LORGA MAIRTE NÓ UCHT I GCÓIR STRUISÍN.



Cheithre púint uchta nó lorga mairte.
Dhá cháréid.
Dhá mheacain ráibe.
Dhá iniún.
Dhá bhilleóg bádha.



Dhá bhata meacain dáthabha.
Peirsil, plúr, & lus an Ríg.
Spiúnóg bheag piobair na h-ainíse.
Piobar & salann.



Ná cuir an mhairt síos in aon chorcán a bheidh órlach ró mhór di &
ná cuir uirre acht an méid uisge & a fhoileochaidh ar éigin í.
Tabhair chum cnáthairte í. Cuir an ainís & na glasairí go léir
uirre. (Acht an pheirsil.) Bídís glan agat & ina bpíosaí beaga.
Thimcheall dhá uair go leith bhainfidh sé dhíobh broithidh. Tóg an
mhairt ar mhéis te. Má bhíonn níos mó leachtach insan chorcán ná
bheidh uait le h-aghaidh olair, sgag cuid de isteach i mbáisín, &
cuir leath taoibh é i gcoír anbhruithe an lae umbháirig. Tiúghaidh an
chuid eile dhe le plúr measgaithe, & cuir spiúnóg búird de
i gcoinne gach piúnta. Fiuch go láidir é ar feadh roinnt nóim-
intí. Cuir peirsil mion-gheárrtha, piobar & salann ar & doirt
anuas ar an bhfeoil iad.



STRUISÍN CEIS-MHAIRT & LIATHRÓIDÍ BLASTA.



Púnt ceis-mhairt a ghearrfaí den chorp nó den dubhan.
Dhá iniún.
Cáréid.
Meacain dáthabha.
Unsa go leith inmhair.
Lán spiúnóige móire plúir.
Piúnta uisge.
Dhá spiúnóig bheag bhinéigre.
Salann & piobar.


L. 26


Déin píosaí meurach den mairt & gearraigh na h-iniúin go
tanaidhe. Téidh an t-inmhar in oighean gan líonáil. Gríosc na
h-iniúin ar dtúis & insan na píosaí mairte. Tóg na h-iniúin &
an mhairt as an oighean; cuir plúr i gcionn an inmhair & measg go
maith iad. Cuir uisge i n-a gcionn, rud beag in áit a chéile &
bhí á gcorruighe le linn na h-aimsire. Fiuch iad, & insan cuir
leath-taoibh na teine an t-oighean, & cuir na h-iniúin & an mhairt
síos ann arís. Gearraigh an cáréid & an meacain dáthabha & glan
iad. Cuir i gcionn na feola iad, & bíodh an bhinéigre i n-a
bhfochair. Broithigh go mall ar feadh cúpla uair iad. Cuir
roinnt prúitín nó liathróidí blasta, nó píosaí aráin tíortha thim-
cheall na méise 'á chuir ar an mbórd.



LIATHRÓIDÍ BLASTA.



Ceathramhadh phúint plúir.
Leath-spiúnóige búird de bhrus aráin.
Spiúnóg búird gréise mion-gheárrtha.
Spiúnóg bheag de pheirsil mion-gheárrtha.
Spiúnóg bheag de iniún mion-gheárrtha.
Leath-spiúnóige bige de phúdar na bácála.
Salann & piobar.



Measg na comhguisí go léir, & déin taos maith ríghin díobh le
h-uisge fuar. Déin ocht bpíosa dhíobh, & déin liathróidí dhíobh.
Bíodh roinnt mhaith plúir ar do lámha ag deunamh na liathróidi
dhuit. Cuir isteach in olar an stuisín iad, & fág ag beirbhiughadh
iad ar feadh uair an chluig.



COINÍN STRUISIGHTHE.



Coinín.
Dhá iniún.
Bata meacain dá thabha.
Piúnta uisge.
Trí unsa bagúin méith.



Cáréid.
Spiúnóg plúir.
Salann & piobar.



Nuair bheidh bainte as an gcoinín, & an croicean de, gearraigh
ina phíosaí miona é; nigh & tiormuigh le h-eudach glan é. Gear-
raigh na h-iniúin & an bagún an-thanaidhe. Gríosc an bagún in


L. 27


oighean an struisín, & fág ar an teine é go mbeidh spiúnóg go
leith de meithearas leachtach ar. Tóg an bagún insan. Gríosc
na h-iniúin & an coinín ina ndiaidh. Tóg iad, & cuir an plúr
san oighean & measg é leis an méid inmhair do fhain ann. Doirt
braon uisge orra anois & arís. Corruigh iad & fág ag fiuchadh
iad ar feadh cúpla nóimeant. Tarraingh an t-oighean anonn go
clíathán na teine, & cuir an bagún, an coinín, & na h-iniúin
síos ann arís. Déin píosaí beaga den cháréid & den mheacain
& cuir ina gcionn iad. Broithigh go mall iad ar feadh dhá uair.
Bíodh prúitín thimhceall na méise agat dá cuir ar an mbórd.



Feuch: - Blais an struisín fé gcuirfir an salann ar, mar
b'fhéidir go mbeadh sé guirt go leór ag an mbagún.



CAOIR-FHEOIL & GLASAIRÍ.



Dhá phúnt caoir-fheola.
Dá iniún & cáréid.
Píosa beag de lus an Rígh.



Spiúnóg búird plúir.
Piúnta uisge
Salann & piobar.



Déin píosaí beaga den chaoir-fheoil, & cuir isteach in oighean te
struisín iad. Gríosc go réidh iad ar feadh ceathramhadh uaire,
nó go mbeidh lán spiúnóige búird de mhéithearas leachtach
orra. Tóg an caoir-fheoil ansan & gríosc na h-iniúin go mbeidh
siad ag iompódh crón. Tóg na h-iniúin ansan, & measg an
plúr leis an méithearas Doirt an t-uisge isteach san oighean,
& corruigh anois & arís é. Fiuch é & tarraing anonn ar chlíathán
na teine é. Cuir an chaoir-fheoil, na h-iniúin, an cáréid, lus an
Rígh & meacain dáthabha san oighean arís, & fág ag broithidh go
ríghin iad ar feadh dhá uair. Cuir prúitín nó arán tíortha thim-
cheall na méise dá cuir ar an mbórd.



GRÍOSCADH.



Tá dhá shlighe chum gríoscadh dheunam .i. gríoscadh tirm & grío-
scadh fliuch. Oighean eadoimhin & beagán saille bheadh uait
i ngríoscadh tirm. Oighean doimhin & mórán saille bheadh uait le
h-aghaidh gríoscadh fliuch. Gríoscadh tirm bhíonn ó shliseana,
luispíní, ceiseana muic-fheola, aedheanna & rl,


L. 28


(a) Beagán saille bhíonn uatha seo. Níor mhór í bheith te.



(b) Níor mhór ceiseana muic-fheola do chimilt le h-eudach glan,
gráinne plúir do chaitheamh orra, nó iad do fhoiliughadh
le ubh nó le brus aráin.



(c) Gríosc taobh díobh san ar dtúis; ansan iompuigh iad & déin
an rud cheudna.



GRÍOSCADH FLIUCH.



(a) Beirbhightear cácaí feola, fleasga éisg & slaidhistí feola
mar seo.



(b) Níor mhór don saill bheith an-the. D'aithineóchfá é sin nuair
bheadh gal lag ag éirighe aiste, & í gan cor.



(c) Aon fheoil do ghríosctar mar seo níor mhór í chlúdach le ubh &
brus aráin roimh-ré.



(d) Nuair bheidh dath lag-chrón uirre beidh sé in am í thógaint; Ní
gádh í iompódh.



(e) Ná cuir an iomarca rudaí san saill i bhfochair a chéile.



(f) Sgag ar pháipéur bog í.



(g) Cuir ar an mbórd ar pháipéur méise í, cóirighthe le peirsil.



Feuch - Má thugtar aireachas ceart don saill a bhíon i ngríos-
cadh, gheobhfar í úsáid go minic, fiú amháin do iasg & do fheoil
indiaidh a chéile, acht níor mhór na rudaí seo im dhiaidh do thabhairt
fé ndeara: —



(1) Ná loisg an t-saill.



(2) Bíodh sí te fé ngríoscfair aon rud innte, & bíodh uibhe &
brus aráin cimilte dhen bhfeoil.



Muna ndeunfair na rudaí seo beidh blas na rudaí a ghriós-
cais ar an saill.



Nuair bheir réidh léi sgag í chum aon bhrus aráin do thuit-
feadh roimhe sin innte do dheighilt uaithe.



SLISEANA.



Gearraigh an-thanaidhe iad & bain díobh an fabhra; cuir san
oighean iad & foiligh le h-uisge. Fiuch an t-uisge & insan caith


L. 29


uait é. Tiormaigh an t-oighean ansan & téidh é. Cuir síos na
sliseana arís & bídís briosg fe dtógfair den teine iad.
Geobhfaí uibhe nó trátaí do ghríoscadh san oighean ansan & iad do
chuir ar an mbórd ina bhfochair.



TRÁTAÍ.



Cimil le h-eudach glan iad, & déin leathanna dhíobh. Cuir
isteach i saill bagúin te iad & gríosc taobh díobh ar dtúis,
ansan an taobh eile. Timcheall cúig nó seacht nóimintí bhain-
feadh sé dhíobh.



LUISPÍNÍ.



Fág chúig nóimintí ag beirbhiughadh iad; insan tóg iad &
prioc anso & ansúd le h-aol iad. Cuir isteach in oighean gríos-
cadh iad, & bíodh rud beag inmhair ann agat. Fág ag gríoscadh iad
go mbeidh an taobh is amuigh dhíobh crón. Iompuigh iad d'réir
mar is prádhainn é. Gheobhfaí iad do chuir ar an mbórd gan
dada ina bhfochair, nó gheobhfaí roinnt prúitín bheith ina bhfochair,
nó iad bheith ar arán tíortha.



CEISEANA MUIC-FHEOLA.



Scoilt na ceiseana anuas díreach trí na lár. Cuir cúpla
scor ionnta & déin trí nó ceathair de phíosaí de gach ceis.
Measg lán spiúnóige búird de phlúr, leath-spiúnóige bige
salainn & gráinne piobair ar phláta. Tom gach píosa ceise
ionnta. Bíodh roinnt saille te agat & cuir síos na ceiseana
innte. Gríosc taobh díobh ar dtúis & ansan an taobh eile. Níor
mhór dóibh deich nóimintí ar a luighead, mar nár mhór do mhuic-
fheoil bheith tamall maith ag gríoscadh. Nuair thógfair na ceis-
eana cuir síos roinnt iniún, & bídís geárrtha go tanaidhe agat.
Tóg iad nuair thiocfaidh dath crón orra & cuir ar an bhfeoil iad.
Tóg an méithearas as an oighean acht fág timcheall lán spiú-
noige búird de ann. Cuir spiúnóg plúir ina chionn; measg go
maith iad & ansan cuir thimcheall piúnta uisge nó adhbhar an-
bhruithe ina gcionn arís. Fan á gcorruighe ar feadh na h-aimsire.
Beirbhigh ansan iad & cuir piobar & salann ina gcionn & má bhíon
roinnt de aon anlann gaodhluch agat cuir orra ag dul ar an
mbórd dóibh.


L. 30


STAOIGEANNA CAOIR-FHEOLA.



Gearraigh na staoigeanna den taobh is fearr den muineul, &
bídís leath-órlach ar tuigheacht (isé rud a dheunfadh meur ar
eolas ar an tuigheacht ná an cheud staoig do ghearradh díreach
leithead an chnáimh; an dara ceann idlr na gcnámh, & mar sin ní
bheidh acht cnámh idir gach dhá staog). Bain cuid den t-saill
díobh & maisigh go deas iad. Cimil le eudach glan iad; clúdaigh
le ubh & le brus aráin iad & gríosc i saill te doimhin iad.



Feuch - Ní gádh saill le h-aghaidh staoigeanna bheith chomh te &
bheadh sí le h-aghaidh cácaí feola, ná fleasga éisg, mar bainean
sé níos mó aimsire de staoigeanna beirbhiughadh.



Rudaí an-dhaor isead staoigeanna mar imthigheann an-chuid
acu amúgha insann maisiughadh, acht gheobhfaí na píosaí seo do
choimeád go dtí lá ar na bháireach, & dá gcuirfaí rud beag eile
caoirfheola ina gcionn bheadh struisín gaodhluch an-mhaith agat.



FEOIL DÁ GRIOLLADH AR RÓISTÍN.



Píosaí feola a gheártar den dubhan nó den chabhail a dhéun-
tar a ghriolla ar an gcuma seo.



Thimcheall ó chúig nóimintí go dtí ceathramhadh uaire bhainfeadh
sé dhíot é sin do dheunamh d'réir tuigheacht an phíosa.



(1) Níor mhór duit teine dhearg gan datach.



(2) B'fhearr an fheoil bheith órlach ar tuigheacht.



(3) Níor mhór í iompódh go minic & má bhíonn aol agat ag
gabháil dí ná bain le aon phioc de an áit thruagha é.



(4) Ná déin aon mhoill gan í chuir ar an mbórd, & bíodh rud
beag ime uirre agat nó prúitín.



(5) Níor mhór an griodal do théidheamh & na brannraí do smear-
thadh go maith.



AG ATH-THÉIDHEAMH FEOLA.



(1) Bain na cnámha, an smior & an chuid is mó den saill as an
bhfeoil.



(2) Cuimhnigh ná fuil ón bhfeoil acht í théidheamh.



(3) Níor mhór cáréidí, iniúin, nó aon t-saghas eile glasairí bheith
bheirbhighthe fé gcuirfaí an fheoil dá téidheamh leó.


L. 31


(4) Blaisigh go maith í nó beidh sí leamh.



(5) Ná cuir feoil fhuar in annlann te go deó, & ná leig don
annlann berbhiughadh tar-éis duit an fheoil de chuir ann.



PÍGHEÓG COITCHEANTA.



Púnt feola úr.
Dhá phúnt prátaí fuara.
Iniún.
Dhá phiúnta de uisge na feola.



Spiúnóg plúir.
Salann & piobar.



Bain na cnámha go léir as an bhfeoil; bris iad; cuir fíor-uisge
orra & fág ag beirbhiughadh ar feadh trí nó ceathair de uair-
eanta iad. (Bfhearra dhuit é seo dheunamh an lá roimh-ré.)
Chuir iniún mion-gheárrtha síos i leath phiúnta den uisge bheidh ar
na cnámhaibh seo, & fág ag beirbhiugadh ar feadh fiche nóimeant é.
Cuir plúr measgaithe & piobar & salann ina chionn. Gearraigh
an fheoil go mion; déin prúitín des na prátaí & blaisigh iad.
Socruigh ina sreathanna in oighean pígheóg iad. Bíodh an fheoil
thíos agat, & doirt roinnt annlainn idir gach sreath acu isteach.
Coimeád roinnt mhaith de na prátaí don a bhárr. Socruigh go
deas iad & cuir roinnt scorana ionta le h-aol. Fág ag bácáil
iad go mbeid te & dath crón ar a mbárr.



(1) Gheobhfaí fuighleach glasairí fuara do chuir insan phígheóg seo.



(2) Aon annlann ná olar bheadh fágaighthe ó indé roimhe sin
dheunfadh sé in ionad annlainn úir.



CÁCAÍ FEOLA.



Leath-phúnt feola fuaire (mion-gheárrtha).
Spiúnóg bheag de pheirsil miongheárrtha.
Spiúnóg bheag de iniúin nó saidhbhíní miongheárrtha.
Leath-spiúnóige de lus an Ríogh mhiongheárrtha.
Salann & piobar.
Ubh & leath-phúnt prúitín.



Measg na comhguisí go léir; bíodh roinnt mhaith plúir ar do
lámha, & déin cácaí nó liathróidí dhíobh. Foiligh le ubh & le brus
aráin iad, & gríosc in oighean doimhin te iad. Sgag ar pháipeur
bog iad, & cuir ar an mbórd te iad, cóirighthe le peirsil.


L. 32


FEOIL MION-GHEÁRRTHA ATH-TÉIDHTE.



Bain na cnámha go léir as an bhfeoil & bris iad. Cuir síos
in uisge fuar iad & fág ag beirbhiughadh ar feadh trí nó ceathair
de uaireanta iad. Cuir cáréid, iniún, nó meacain dáthabha ina
gcionn, bídís geárrtha ina bpíosaí beaga glana agat, & fág
ag beirbhiughadh iad go mbeidh siad bog. Tóg na cnámha ansan
& cuir plúr measgaithe síos ar an uisge, timcheall lán spiúnóige
búird do gach piúnta. Fiuch & blaisigh é le annlann gaodhluch.
Bíodh an croicean, an smior, & an saill go léir as an bhfeoil
agat. Gearraigh ina píosaí miona í, & cuir an corcán ar thaoibh
na teine. Fág cois na teine é go mbeidh an fheoil te go maith,
acht ná leig dó fiuchadh. Cuir prúitín nó píosaí aráin tíortha
thimcheall na méise dá cuir ar an mbórd.



Feuch - Gheobhfaí an fheoil do mhion-ghearradh, í chuir isteach i
méis píghe, olar do dhortadh uirre, & gach aon rud do théidheamh
in amhthuinn ná beadh ró-the.



PÍGHEÓG CEISE-MAIRTE.



Leath-phúnt ceise mairte.
leath ae mairte (gheobhfaí deunamh in a h-eughmais).
Spiúnóg bheag búird de phlúr.
Leath-spiúnóige bige salainn.
Ceathramhadh spiúnóige bige de phiobar.
Beagán peirsil, lus an Rígh, & iniún mion-gheárrtha.
Ubh cruaidh-bheirbhighthe (gheobhfaí deunamh in a h-eughmais).



Le h-aghaidh na sudóige: -
Leath-phúnt plúir.
Sé unsa ime nó blonaige, nó leath má leath.
Uisge fuar.



Cimil an cheis le eudach glan. Bain an croicean & an saill den
bhfeoil & gearraigh ina stiallacha tanaidhe í. Déin píosaí beaga
de chuid den saill, & measg an plúr, an piobar & an salann ar
phláta. Tom gach píosa dhen bhfeoil insan saill & cas gach píosa
feola thimhcheall ar phíosa saille. (Má bhíonn an ae agat, bain
an croicean dí & gearraigh ina sliseana í. Bain aisti an píosa
chruaidh a bhíonn ina lár.) Cuir isteach í méis pígheóg iad, & bíodh
an t-iniún, an pheirsil & lus an Rígh go cothrom ar a bhfuaid.
Cuir sliseana de ubh cruaidh ar a mbárr & líon an mhias nach


L. 33


mór le h-uisgc fuar. Clúdaigh le sudóg ansan iad. Déin
poll anáirde ar a bhárr, cóirigh é & fág gach aon rud ag bácáil
ó uair go dtí uair go leith.



Feuch - Má bhíon aon cnámha i bhfochair na ceise gheobhfaí iad
do chuir isteach i méis na pígheóige má bhíon slighe dhóibh, nó
gheobhfaí olar do dheunamh díobh, & iad do chur i gcionn na
pígheóige. Deunfadh rud beag adhbhar anbhruithe nó olar feabhas
mór do chuir ar phígheóg mar sin.



Ba mhór an feabhas uirre í chimilt le ubh ceathramhadh uaire
fé mbeadh sí beirbhighthe.



Gheobhfaí pígheóg sicín nó coinín do dheunamh san t-slighe
cheudna, acht iad do ghearra ina spólaí & an croicean do bhaint
den sicín, & na píosaí do thomadh i bplúr blaisighthe. Cuir
cúpla slaidhiste bagúin, iniún mion-gheárrtha, peirsil, lus an
Rígh & ubh cruadh ina gcionn.



MEARÓG AE & CEISE MAIRTE.



Púnt go leith ceise mairte.
Leath ae inairte (gheobhfaí deunamh in a h-eughmais).
Spiúnóg bheag búird de phlúr.
Leath-spiúnóige bige de shalann.
Ceathramhadh spiúnóige bige de phiobar.
Roinnt bheag de iniún mion-gheárrtha, peirsil, lus an Rígh.



Le h-aghaidh na sudóige; -
Leath-phúnt plúir.
Ceathramhadh phúint gréise.
Spiúnóg búird de bhrus aráin.
Spiúnóg bheag de phúdar na bácála.
Gráinne salainn.



Cuir an fheoil i gcóir díreach dála an chláir tá romhat. Déin
an t-sudóg ansan. Gearraigh píosa beag di & cuir i leath-
taoibh í i gcóir bárr na mearóige. Osgail an chuid eile dhi
amach, mór go leór chum an taobh istigh de shoitheach na mearóige
do fhoiliughadh. Níor mhór smeartha bheith ar an soitheach & an
t-sudóg do dhiongadh isteach go maith leis. Socruigh an fheoil
ina sreathana go bog ar a chéile, & bíodh peirsil, iniúin & lus an
Rígh sgaipighthe eadtorra agat. Líon an tríomhadh cuid den
soitheach le h-uisge. Osgail amach an píosa dhen t-sudóg do


L. 34


bhí i leath taoibh agat, & déin mór go leor í chum bárr na mear-
óige do chlúdach. Bíodh rud beag uisge cimilte den a faobhair
agat roimh-ré. Fáisg an dá shudóg go maith ar a chéile ansan.
Foiligh le páipeur smeartha, nó le eudach scallta & plúr air í.
Fág ag galadh ar feadh dhá uair gach aon rud; iompuigh amach í &
cuir te ar an mbórd í & rud beag olair thimcheall na méise.



Feuch - Aon chnámha do bheadh ins cheis, gheobhfaí iad do bheir-
bhiughadh le h-aghaidh olair, fhaid & beadh an mhearóg ag beirbhiughadh.
Blaisig & tiúghaidh an t-olar fé gcuirfir ar an mbórd é.



PÍGHEÓG FARRAIGE.



Púnt feola (fuar).
Iniún & cáréid.
Meacan ráibe.



Unsa inmhair.
Spiúnóg búird plúir.
Piúnta uisge.



Sudóg: -
Leath-phúnt plúir.
Ceathramhadh phúint gréise.
Spiúnóg búird de bhrus aráin.
Leath-spiúnóige bige de phúdar na bácála.
Leath-spiúnóige salainn.
Uisge fuar.



Cuir an t-inmhar isteach in oigheallan iarainn, & gríosc an
t-iniún geárrtha ann nuair bheidh sé te. Croth an plúr anuas ar.
Cuir an t-uisge isteach san oigheallan, fiuch é & cuir síos an
fheoil gheárrta ann; blaisigh le piobar & salan é. Cuir an
clár ar an oigheallan & fág ag cnáthairt cois na teine é fhaid
& bheir ag deunamh na sudóige. Nuair bheidh sí deunta agat
oscail amach chomh leathan leis an oigheallan í. Leag go cruinn
deas ar bhárr na feola í, & fág ag cnáthairt ar feadh dhá uair
nó uair go leith í. Déin ceathramhna dhen sudóg & bí aireach
'á tógaint as an oigheallan. Cuir an fheoil ar mhéis te; cuir
roinnt olair thimcheall uirre & leag an sudóg anuas uirre.



Feuch - Bíon coiníní & sean-eallaig go maith, beirbhighthe ar
an gcuma seo. Dheunfadh cácaí tanaidhe sóid in áit na
sudóige.



TRIOPAIS & INIÚIN.



Ocht n-unsa triopais.
Spiúnóg búird plúir.
Piobar & salann.



Dhá unsa iniún.
An tríomhadh cuid de
phiúnta bainne.


L. 35


Nigh an triopais in uisge te, & gearraigh ina phíosaí deasa é.
Cuir in oigheallan é fhéin & bainne, & iniúin mion-ghearrtha. Fág
thimhcheall trí ceathramhna uaire thíos é go mbeidh sé bog. Tóg
ansan an triopais. Fliuch an plúr le rud beag uisge nó
bainne, & cuir an tiughchant i gcionn an bhainne & na n-iniún in
áit a chéile. Fiuch é, & bí á chorruighe le linn na h-aimsire. Cuir
an triopais dhá ath-téidheamh; blaisigh é le piobar & salann, &
cuir ar an mbórd i méis te é.



TORC-FHEOIL.



Leath-cheann muice.
Dhá chois mhuice.
Spiúnóg bheag de phiobar na h-ainíse (meilte).
Leath-spiúnóige bige piobair.
Peirsil & lus an Rígh mion-ghearrtha.



Níor mhór an ceann & na cosa muc do chuir ar bogadh thar oidhche
in uisge fuar má bhíon siad an-ghuirt. Níor mhór iad do sciom-
radh & a ghlanadh go maith. Ná cuir orra acht an méid uisge &
a fhoileochaidh ar éigin iad dá gcuir ar an teine dhuit.



Feuch - Fág ag cnáthairt iad go mbeidh an fheoil bog ar na
cnámhaibh (thimcheall dhá uair go leith é sin.) Bain na cnámha,
asta & an croicean de an teanga ansan, & gearraigh ina bpíosaí
beaga iad. Cuir roinnt den uisge in ar bheirbhigheadh an ceann,
piobar na h-ainise, piobar, peirsil & lus an Rígh orra. Déin
cruach díobh go léir imbaisín nó i múla. Cuir pláta anuas
orra & meadhchant ar an bpláta. Leig dóibh fuaradh; iompuigh
amach ar mhéis iad; cuir grinneus páipéir timcheall leo, & cóirig
le peirsil & le biolar iad.



MIAS NA LOCHLANACH.



(Igcóir siupéir fuar nó lá aerigheachta.)



Leath-phúnt ceis-mhairt (fuar).
Ceathramhadh-phúint bagúin truagha.
Leath-phúnt luispíní.
Trí unsa brus aráin.
Trí ubh & rud beag uisge na feola.
Leath-spiúnóige bige peirsil.


L. 36


Gearraigh an bagún & an cheis mhairt go mion. Bain an croicean
des na luispíní & measg gach aon rud insan mbrus aráin, ubh
buailte & rud beag adhbhar anbhruithe. Leathnuigh amach ar chlár
a mbeidh plúr air iad go mbeid thimhcheall órlach ar tiuigheacht.
Gearraigh dhá ubh cruaidh-bheirbhighthe & cuir anuas orra iad. Croth
roinnt peirsil anuas orra san. Fill suas iad & cuir isteach in-
eudach smeartha iad. Ceangail an t-eudach ag á dhá cheann &
fuaghail a chlíatháin dhen a chéile. Cuir isteach in oigheallan uisge
fiuchta é & fág ag cnáthairt ar feadh uair go leith é. Nuair a
bheidh siad beirbhighthe cuir isteach idir dhá mhias iad & fág ann
go mbeid fuar. Bain an t-eudach díobh, gloinigh & coirigh iad.



AG OLLAMHUGHADH GLASAIRÍ GLASA.



(1) Níor mhór cabáiste, cólais & cabáiste na bruisealla bheith
ar bogadh ar feadh leath-uaire in uisge guirt chum fear-
án do bhaint asta.



(2) Níor mhór iad do chuir síos in uisge a mbeadh salann ar;
é bheith ag fiuchadh, & é choimeád ag fiuchadh, go láidir.



(3) Dheunfadh gráinne de shóid an aráin bogadh mór ar ghlasairí
mar sin, & thabharfadh sé dath orra dá mbeidís críon.



(4) Ná bíodh an clár ar an oigheallan.



(5) Bain an scioma de bhárr an oigheallain d'réis mar thiochfadh
sé air.



(6) Sgag go maith iad fé gcuirfir ar an mbórd.



RIAGHALACHA IGCÓIR GLASAIRÍ PNIACACH.



(1) Nigh le scuab iad acht amháin bíotais & iniúin.



(2) Nuair a bheidh siad glan agat cuir síos in uisge fuar iad go
mbeidh siad uait.



(3) Cuir síos in uisge guirt iad chum iad do bheirbhiughadh; fiuch
go láidir iad, acht ná bris.



(4) Bíodh an clár ar an oigheallan agat.



(5) Bain an sciomadh den a bharra.



(6) Sgag go maith iad.



Feuch - Nuair a bhíonn siad an-aosta cuir síos ar an teine in
uisge fuar iad.


L. 37


Dheunfadh an clár seo im dhiaidh meur ar eolas: -



Glasairí.



Bliosán.
A n-ollamhughadh - Nigh, glan & lomair iad.
Am dóibh - Ó fiche do dtí deich nóimintí & fiche.



Pónairí na frainnce.
A n-ollamhughadh - Nigh: bain na cinn & na heirbeaill
díobh; garraigh go tanaidhe iad.
Am dóibh - Ó cheathramhadh go dtí leath-uair.



Pónairí leathana
A n-ollamhughadh - Nigh go maith; bain as na sliogáin
iad.
Am dóibh - Ó cheathramadh go dtí leath-uair.



Bíotais.
A n-ollamhughadh - Nigh, acht ná bris an croicean orra.
Am dóibh - Dó nó trí uaireanta.



Cabáiste na bruiseula
A n-ollamhughadh - Bain na billeóga críona díobh & cuir
ar bogadh in uisge guirt ar feadh
leath-uaire.
Am dóibh - Ó fiche go dtí chúig nóimintí & fiche.



Cabáiste.
A n-ollamhughadh - Déin ceathramhna dhe na toir & cuir
ar bogadh in uisge guirt ar feadh
leath-uaire.
Am dóibh - Ó chúig nóimintí & fiche go dtí da
fhicheadh nóimeant.



Cáréidí.
A n-ollamhughadh - Nigh, scríob & déin ceathramhna dhíobh
ar a bhfaid.
Am dóibh - Ó uair go dtí uair go leith.



Cólais.
A n-ollamhughadh - Bain na billeóga leath is amuigh
dhíobh & cuir ar bogadh ar feadh
leath-uaire iad.
Am dóibh - Ó cheathramhadh go dtí leath-uair.



lus.
A n-ollamhughadh - Bain na barraí glasa & na pniaca
dhíobh. Má bhíd ró bheag déin
traidíní dhíobh.
Am dóibh - Ó leath uair go dtí da fhichead nóim-
eant.



Meacain.
A n-ollamhughadh - Nigh le scuab iad; scríob iad & déin
ceathramhna ar a bhfaid díobh.
Am dóibh - Ó leath uair go dtí da fhichead nóim-
eant.



Pis.
A n-ollamhughadh - Nigh & bain na sliogáin díobh.
Am dóibh - Ó cheathramhadh go dtí fiche nóimeant.



Prátaí nuadh.
A n-ollamhughadh - Nigh & bain an croicean díobh le
h-eudach garbh.
Am dóibh - Ó cheathramhadh go dtí fiche nóimeant.


L. 38


Glasairí



Meacain ráiba.
A n-ollamhughadh - Nigh, lomair & gearraigh.
Am dóibh - Ó leath-uair go dtí uair.



Meacain ráiba bána.
A n-ollamhughadh - Nigh, lomair & gearraigh.
Am dóibh - Ó fhiche nóimeant go dtí uair.



Raitheach trágha.
A n-ollamhughadh - Nigh le scuab; déin píosaí bheaga dhe
& ceaingail ina thraidíní é.
Am dóibh - Ó fhiche nóimeant go dtí leath-uair.



Creamh.
A n-ollamhughadh - Gearraigh iad go léir comhfhaid.
Scríob an áit bhán ag bun na
ngas, & déin traidíní dhíobh.
Am dóibh - Ó fhiche nóimeant go dtí leath-uair.



Meacain dáthabha.
A n-ollamhughadh - Nigh le scuab; déin píosaí cheithre
h-órla ar faid, & déin traidíní
dhíobh.
Am dóibh - Ó fhiche nóimeant go dtí leath-uair.



Glasairí mara.
A n-ollamhughadh - Lomair; déin slaidhistí dhíobh & bain
na crathacha asta.
Am dóibh - Ó deich go dtí fiche nóimeant.


L. 39


(1) Is in uisge fuar a chuirtear sean-phrátaí dá mbeirbhiugadh.



(2) Is ar arán tíortha chuirtear bliosán, raitheach trágha, meacain
dá thabha, glasairí mara & rl dá gcuir ar an mbórd.



(3) Anlann bán chuirtear ar chólais, meacain dá thabha, bliosán,
lus, raitheach trágha, glasairí mara & rl.



(4) Cuirtear rud beag ime & piobair, & rud beag salainn ar
phis, pónairí, cabáiste & pónairí leathana.



(5) Isé an t-slighe chum meacain & meacain ráiba do chuir ar an
mbórd ná iad do bhriseadh & a bhrúdha nuair bheidís beir-
bhighthe; rud beag inmhair do théidheamh in oigheallan, iad
do cur síos ann & iad do chorruighe ar an teine go mbeid-
ís te. Cuir isteach i mias glasairí ansan iad. Cuir
roinnt scorana ionnta le h-aol dá gcuir ar an mbórd.



Nuair a bhíon meacain aosta ann, & boladh láidir
uatha, b'fhearr-de iad roinnt prúitín do chur tríotha. Ní
bheadh an blas chomh láidir ansan orra.



AG OLLAMHUGHADH BLONAGÁIN.



Dúbail na billeoga ar a bhfaid. Strach na gasa dhíobh, &
nigh trí nó ceathair de uaireanta iad. Cuir isteach san oighe-
allean fliuch iad, & ná cuir a thuille leachtach orra. Cuir salann
ina gcionn & fág shíos iad go mbeidh siad bog (timcheall fiche
nóimeant). Sgag go maith iad; mion-ghearraigh, nó críathair
iad. Leaigh rud beag ime san oigheallan. Cuir an blonagán
tríd & measg os cionn na teine iad. Cuir piobar orra, & más
maith leat súghlach liomúin, & spiúnóg búird de uachtar. Cóirigh
le píosaí beaga aráin tíortha nó ubh cruaidh-bheirbhighthe iad.



AG BEIRBHIUGADH INIÚN.



Bain na barraí, na pniaca, & an croicean díobh. Cuir síos
in uisge fuar iad. Fiuch & caith uait é. Cuir uisge
eile ansan orra & salann & fág shíos iad go mbeidh siad
bog, thimceall uair go leith é sin. Sgag go maith iad & cuir
annlann bán orra dá gcuir ar an mbórd.



Feuch - Isiad iniúin na Spáinne na cinn is fearr le h-aghaidh
iad do bheirbhiughadh.


L. 40


AG OLLAMHUGHADH BEACÁN.



Lomair & bain na gasa des na beacáin. Cimil le
h-eudach & cuir isteach in oigheallan iad. Bíodh rud beag
piobair, ime & salainn orra. Cuir an clár ar an oigheallan, &
broithigh go mall ar feadh ceathramadh uaire iad. Gheobhfaí an
t-uisge bheadh orra thiúghchant le plúr measgaithe, & le spiúnóg
uachtair.



Feuc - Gheobhfaí beacáin bheaga do bhroithidh i mbainne, mar
ná bíon morán súghlaig ionnta.



PRÚITÍN.



Púnt prátaí beirbhighthe.
Unsa ime.
Trí nó ceathair de spiúnóga búird de bhainne.
Salann & piobar.



Déin prúitín des na prátaí. Cuir im, bainne, salann & piobar
san oigheallan. Fiuch iad & cuir an prúitín ina gcionn. Measg
os cionn na teine iad go mbeidh siad te & dath bán orra.
Déin cruach díobh i méis glasairí. Cuir roinnt scorana le h-aol
ionnta dá gcuir ar an mbórd.



CAIBLIDÍ



An oiread ceudna de phrátaí fuar-bheirbhighthe, & de
chabáiste fuar-bheirbhighthe.



Unsa inmhair: piobar & salann.



Déin prúitín des na prátaí, & measg iad leis an gcabáiste
mion-ghearrtha. Blaisigh, & measg san oigheallan le inmhar iad.
Téidh go maith iad & cuir te ar an mbórd iad.



BULÓG PRÁTAÍ.



Prátaí fuar-bheirbhighthe.
Iniún, peirsil, & lus an Rígh.
Salann & piobar.
Rud beag inmhair.


L. 41


Déin prúitín des na prátaí. Tabhair ceathramhadh uaire ag
beirbhiughadh dhon iniún; mion-ghearraig é fhéin & an pheirsil & lus
an Rígh. Leaigh an t-inmhar & measg gach aon rud. Cuir salann
& piobar orra. Déin cruach díobh ar shean-phláta nó stán. Cuir
cúpla scor le aol ionnta; cimil iad le ubh buailte & cuir ag
bácáil iad go mbeidh siad an-the, & dath crón ag teacht ar an
taobh-is-amuigh. Sleamhnaig isteach ar méis glan iad dá gcuir
ar an mbórd.



Feuch - Bheadh sé seo romham an-dheasacht círíní beaga dheunamh
díobh; ubh a chimilt díobh & iad d'fhágaint ag bácáil go mbeidís
crón.



AG GRÍOSCADH PRÁTAÍ FUAR-BHEIRBHIGHTHE.



Lomair na prátaí, & déin píosaí thimcheall órlach ar tuigheacht
díobh. Téidh roinnt saille in oighean gríoscadh. Cuir na prátaí
isteach ann, & fág ann iad go mbeidh dath crón orra. Iompuigh
ansan iad. Sgag go maith iad. Cuir ar an mbórd i méis
glasairí iad. Bíodh salann, piobar, & rud beag peirsil tríotha
agat.



FOLACHT.



Is minic ná bíonn aon rud i bhfolacht acht an bhilleóg mhaith.
Gheobhfaí iad seo go léir, nó aon cheann acu do mheasgadh leis
an bhfolacht: -



Abhrag & biolar, meacain dá thabha, cularán, trátaí, iniúin
earraig, radaig.



Gheobhfaí biatais, prátaí, bliosán, pis & pónairí na frainnce
do chaitheamh chomh-maith nuair bheidís fuar-bheirbhighthe.



Dheunfadh fuighleach éisg, cearc, & lachan tairbhe don bhfolacht
leis.



CHUM AN BHILLEÓG MHAITH DO CHÓIRIUGHADH.



Gearraigh na pniaca & na billeóga críona dhi. Coimeád na
crathacha beaga glasa chum na folachta do chóiriughadh. Cuir na
billeóga in uisge fuar, & má bhíonn aon dath críon orra fág
leath-uair ann iad. Nigh go maith iad, & suaig in eudach tirm


L. 42


iad chum an t-uisge do bhaint asta. Ná brúigh iad. Gearraigh
na billeóga; socruigh imbáisín iad, & bíodh na crathacha beaga
ina lár agat. Cóírig le uibhe cruaidh-bheirbhighthe, píosaí bíotais,
nó aon rud oireamhnach a mbeadh a malairt de dhath air.



AG CÓIRIUGHADH FOLACHTA.



Buidheacáin dhá ubh cruaidh-bheirbhighthe.
Leath spiúnóige bige abhraig.
Spiúnóg nó dhó bhinéigre.
Dó nó trí spiúnóga búird de ola folachta.
Uachtar geur, nó im leighte.
Salann, piobar & gráinne siúcre.



Beirigh na h-uibhe san t-slighe go mbeidh na buidheacáin plúrach;
mion-bhris go maith iad le cúl spiúnóige adhmaid. Cuir an ola,
an t-uachtar, nó an t-im ina gcionn go ríghin & bí á mbualadh ar
feadh na h-aimsire. Cuir an chuid eile des na comhguisí ina
gcionn ansan.



AG CÓIRIUGHADH PRÁTAÍ.



Prúitín dhá phráta.
Dhá spiúnóg búird ola folachta, nó uachtar geur.
Lán spiúnóige búird de bhinéigre.
Lán spiúnóige bige abhraig.
Salann & piobar.



B'fhearr-de dhóibh buidheacán uibh cruaidh-bheirbhighthe bheith orra, acht
gheobhfaí deunamh gan é.



Buail bhuidheachán an uibh; cuir prúitín, ola nó uachtar ina
chionn. Bí á gcorruighe ar feadh na h-aimsire; cuir an bhinéigre
ansan orra.



Feuch - Níor cheart aon chóiriughadh do chuir ar fholacht, go
mbeidhfaí 'á chuir ar an mbórd.



Dheunfadh gealacáin gearrtha ina bhfáinní cóiriúgadh don
bhfolacht.


L. 43


CHUM GLASAIRÍ TIORMA DO BHEIRBHIUGHADH.



Pis.
A n-ollamhughadh - Cuir ar bogadh thar
oidhche iad.
Am - Timcheall leath-uair.



Pónaire.
A n-ollamhughadh - Cuir ar bogadh thar
oidhche iad.
Am - Timcheall dó nó trí
h-uaire.



Piseánach.
A n-ollamhughadh - Nigh go minic, iad acht
ná bíodh an t-uisge
ceudna agat.
Am - Ó uair go dtí uair go
leith.



Feuch - Síos in uisge fuar a chuirtear glasairí tiorma
igcomhnuidhe & ní chuirtear aon salann orra go mbíon siad bog.



MEARÓGA.



Mearóga bainne iad seo a dhéuntar le bainne, & a mbíonn
uibhe, arán, rís, ság, plúr-arbhair, nó tapíóc dá dtiúghchant.



RIAGHLACHA MEARÓGA BAINNE.



(1) Nuair a bhíonn rís, ság nó tapíóc dá n-úsáid agat, cuir
dhá unsa dhíobh, nó dhá spiúnóg búird a gcoinne gach
piúnta bainne.



(2) Níor mhór gráinneacha móra mar rís gan meilt do níghe, &
iad do chuir i gcionn an bhainne. Is cuma é bheith fuar
nó te; bris & measg gráinneacha beaga mar rís meilte,
& cuir í gcionn bainne fiuchta iad san.



(3) Más bainne bainte bheidh agat cuir rud beag ime nó gréise
mionghearrtha tríd.



(4) Leig don measgán fuaradh beagán fé gcuirr aon ubh air.



(5) Cuir ubh nó dhó igcoinne gach cáirt bainne, (acht is minic ná
cuirtear aon ubh i mearóg ríse san ngeimhridh nuair bhíonn
uibhe gann.)


L. 44


(6) Blaisigh í le liomúin, faoineag, croicean liomúin, díobhlair,
nó cúpla billeóg labhrais. (Gheobhfaí croicean an
liomúin do bheirbhiughadh insan mbainne go mbeadh go leór
blas ar an mbainne aige, nó gheobhfaí é scríobadh & é chuir
igcionn na mearóige.)



(7) Ná bíodh an mhearóg ró thiugh agat dá dortadh amach ar
mhéis na pígheoige dhuit. Gheobhfaí rud beag eile bainne
chuir ina cionn ansan má's gádh é.



(8) Bácáil í in amhthuinn ná beidh ró-the. Théactfadh aon mhearóg
a mbeadh uibhe innte in amhthuinn ró the.



MEARÓG RÍSE.



Piúnta bainne bainte.
Dhá spiúnóg búird de rís.
Leath-unsa ime nó gréise.
Ubh (gheobhfaí deunamh gan é).
Spiúnóg siúcre & blaisiughadh.



Nigh an rís; cuir i gcionn an bhainne í, & fág ag beirbhiughadh í
go mbeidh na gráinneacha bog. Cuir an siúcre & an blaisiughadh
ina gcionn & nuair bheidh siad rud beag fuar, an t-ubh buailte.
Dhoirt isteach i méis pigheóige smeartha í, & fag ag bácáil í go
mbeidh sí cruaidh, & crón ar a bárr.



Feuch - (1) B'fhearrde í cúpla unsa cúiríní nó rísíní do chur
ina cionn fé gcuirfaí i méis na pígheóige í.



(2) Gheobhfaí tapíóc, macaroinig, ság mór do dheunamh san
t-slighe cheudna.



MEARÓG RÍSE MEILTE.



Piúnta bainne.
Dhá unsa nó dhá spiúnóg búird de rís meilte.
Ubh. Spiúnóg búird siúcre & blaisiughadh.



Fiuch an bainne; coimeád rud beag de chum an rís do mheas-
gadh. Cuir an rís measgaithe igcionn an bhainne ansan. Corruigh
os cionn na teine thimcheall chúig nó deich nóimintí í. Cuir
siúcre, blaisiughadh, & ubh buailte ina cionn. Doirt gach aon
rud isteach i méis píghe smeartha, & fág ag bácáil í go mbeidh a
barra crón.


L. 45


MEARÓG IME & ARÁIN.



Cúig nó sé de phíosaí aráin a mbeadh im orra.
(Dheunfadh arán stáluighthe an gnó go maith.)
Trí unsa cúiríní nó rísíní.
Spiúnóg búird de shiúcre.
Piúnta bainne.
Ubh & blaisiughadh.



Gearraigh na crústaí an-eudtrom den arán & déin slaidhistí
beaga dhíobh. Cuir isteach i méis pígheóige smeara iad & cuir
roinnt cúiríní nó rísíní idir na sreathacha. Fiuch an bainne.
Cuir siúcre & blaisiúghadh ina chionn & tóg den teine
é. Cuir an t-ubh buailte ina gcionn & bhí ag á gcorruighe, &
insan doirt an t-ubhagán seo anuas ar an arán i méis pígheóige
Fág an mhearóg ag súghchant ar feadh leath-uaire nó níos mó fé
gcuirfir insan amhthuinn í. Fág ag bácáil í timhceall leath-uair,
go mbeidh sí cruaidh & crón.



SCOTH NA MEARÓG.



Piúnta leamhnachta sgiomadh.
Unsa ime.
Spiúnóg búird de shiúcre.
Lán dhá chupán de bhrus aráin.
Dhá ubh.
Lán spiúnóige búird de shubh.
Croicean scríobtha liomúin, no.
Ceathramhadh spiúnóige faoineaig.



Measg an brus aráin, an siúcre & croicean an liomúin im-
báisín; beirbhigh an bainne & an t-im, & cuir ina gcionn iad.
Cuir buidheacán an uibh tríotha ansan, & doirt gach aon rud
isteach i méis pígheóige smeartha. Fág ag bácáil í go mbeidh sí
cruaidh. Leathnuigh an subh ar a bárr; buail gealacáin na n-ubh
go h-an-mhaith. Cuir leath spiúnóige siúcre mínighthe anuas uirre,
& déin cruach de ar a bárr. Bácáil ar feadh roinnt nóimintí in
amhthuinn cuibheasach te í, nó go mbeidh na gealacáin cruaidh &
dath crón ag teacht orra.


L. 46


Mearóg Semolína.



Piúnta bainne.
Dhá ubh.
Spiúnóg búird de shiúcre.
Spiúnóg búird de Shemolína.
Blaisiughadh.



Cuir an semolína igcionn an bhainne & fág ag sughchant ar feadh
ceathramhadh uaire iad. Fiuch ansan iad & fág ag beirbhiughadh ar
feadh deich nóimintí iad. Tóg den teine iad; cuir an siúcre, an
blaisiughadh & gealacáin na n-ubh ina gcionn. Bíodh na gealacáin
buailte go maith agat, & cuir i gcionn na mearóige iad. Doirt
gach aon rud isteach i méis pígheóige & fág ag bácáil í go mbeidh
sí cruaidh, & crón ar a barra. Cuir ar an mbórd gan mhoill i.



MEARÓG UBHAGÁN.



Piúnta bainne.
Dá ubh nó cheithre bhuidheacán.
Spiúnóg búird de shiúcre.
Blaisiughadh.



Beirbhigh an bainne; cuir an siúcre & an blaisiughadh ina chionn, &
doirt go réidh ar na h-uibhe bualte é. Ní mór bheith á chorruighe
nuair beidhfear á dhortadh orra. Cuir isteach i mias píghcóige
smeartha gach aon rud ansan & fág ag bácáil í go mbeidh sí
cruaidh.



Gheobhfaí an mhearóg seo do ollamhughadh i méis pígheóige &
measgán bheith ar an taobh istigh de.



UBHAGÁN MILIS.



Piúnta bainne.
Trí ubh bheaga.
Dá spiúnóg bheaga shiúcre.



Cuir igcóir í seo dála na mearóige seo romhat; cuir dhá spiúnóg
mhóra uisge isteach i gceaintín beag & cuir ar an teine é go
n-iompóig dath siocolóid crón air. Iompuigh an ceaintín thim-
cheall & fain dá iompódh go mbeidh an carmil milis go cothrom ar


L. 47


gach aon phioc de. Cuir isteach an t-ubhagán & clúdaigh le pái-
peur smeartha é. Cuir isteach in oigheallan uisge te é, & bíodh
go leor uisge ann chum an ceaintín do chlúdach suas go dtí
a leath. Cuir annon ar thaobh na teine é & ná fiuch ró-láidir é.
Leig do fuara fé dtógfair as an gceantín é.



Má bheirbhighean an t-uisge thimcheall ar an mearóg go léir
téachtfaidh sí.



UBHAGÁN BEIRBHIGHTHE



Chum é chuir ar an mbórd i bhfochair torthaí & rl.
Ubh nó dhó.
Leath-phiúnta bainne.
Dá spiúnóg bheaga shiúcre.
Blaisiughadh.



Fiuch an bainne & leig do fuara; cuir an siúcre & an blaisiughadh
ann & doirt gach aon rud anuas ar na h-uibhe. Bí á gcorruighe
le linn é dhortadh dhuit. Cuir an t-ubhagán thar-ais insan oighe-
allan no cuir i gcrúiscín é, & cuir síos in uisge bheidh ar fiuchadh
an crúiscín. Corruigh go maith é, go mbeidh sé tiugh. Tóg den
teine go mear é; cuir isteach in áthrach fuar é, & fain á chorruighe
go mbeidh sé fuar. Gheobhfar é fhuaradh go mear acht an ceaintín
ina mbeidh sé a thomadh síos in uisge fuar.



MEARÓG GRÉISE.



(1) Bíodh cheithre unsa ghréise i gcoinne ocht n-unsa plúir, nó plúr
& brus aráin le h-aghaidh mearóg choitcheannta do dheunamh.



(2) Caithfir an ghréis do ghearradh go mion.



(3) Dheunfadh an oireadh ceudna plúir & brus aráin mearóg níos
eudtroma ná plúr leis féin.



(4) Gheobhfaí mearóga gréise do dheunamh gan aon ubh, acht is
saidhbhre & is eudthroma iad nuair a bhíonn uibhe ionnta.



(5) Nuair a bhíonn gach aon rud measgaighthe ba cheart iad bheith
ró-fhluich chum iad do láimhseáil & ró-thiugh chum iad do
dhortadh.



(6) Níor mhór mearóg gréise bheith beirbhighthe go maith. Caithfir
uair an chlug thabhairt do mhearóg chomh mór le cupán, &
dá mhéidh & dá shaidhbhre táid iseadh is mó aimsire bheidh
uatha.


L. 48


Feuch - Nuair a bhíon siad beirbhighthe go maith is folláin na
rudaí iad & is saor. Isé chuis ná bíonn níos mó éileamh orra,
acht gur minic ná bíonn siad leath-bheirbhighthe.



MEARÓG PLUMAÍ.



Ceathramhadh phúint plúir.
Ceathramhadh phúint Gréise.
Ceathramhadh phúint brus aráin.
Ceathramhadh phúint siúcre.
Ó cheathair go dtí sé unsa torthaí.
Unsa croicinn gréidh.
Blaisiughadh sainséir nó croicean scríobtha an
liomúin no cnómúise.
Gráinne salainn.
Ceathramhadh spiúnóige bige de shóid an aráin.
Ceathramhadh spiúnóige bige de thartar geal.
Bainne geur.



Measg na comhguisí tiorma go léir len a chéile. Cuir bainne
geur ina gcionn chum an tiúghdas ceart bheith ionta. Cuir isteach
imbáisín smeartha iad & clúdaigh le páipeur smeartha nó le
eudach a mbeadh plúr ar, & cuir ar galadh thimcheall dá uair iad.
Cuir anlann mearóige báine uirre dá cuir ar an mbórd duit.



Feuch - Gheobhfaí an mhearóg seo do bheirbhiughadh ar an gcuma
seo leis: - Ceangail in eudach fiuchta nó in eudach a mbeadh plúr
ar í; tabhair a dóthain slighe chum at di. Cuir síos in uisge
fiuchta í, & fiuch go láidir í ar feadh dhá uair.



MEARÓG FIGE.



Cheithre unsa plúir.
Cheithre unsa gréise.
Cheithre unsa brus aráin.
Cheithre unsa siúcre.
Cheithre unsa figí.
Spiúnóg bheag de phúdar an aráin.
Ubh & rud beag bainne.
gráinne salainn.


L. 49


Gearraigh na figí go mion, & measg na comhguisí go léir; cuir
an t-ubh ina gcionn, & an oiread bainne & chuirfidh an tiúghdas
ceart ionta. Cuir isteach imbáisín smeartha iad & clúdaigh le
páipeur smeartha nó le eudach fiuchta, nó le eudach a mbeadh
plúr ar iad & cuir á galadh ar feadh dhá uair í. Cuir anlann
mearóige báine uirre dá cuir ar an mbórd duit.



Feuch - Gheobhfaí cúiríní nó rísíní chuir in ionad na bhfigí san
mearóg seo thuas, isé an ainm a bheadh insan uirre ná mearóg
na scológ.



MEARÓG MARMALÉID.



Ceathramhadh phúint plúir.
Ceathramhadh phúint Gréise.
Ceathramhadh phúint brus aráin.
Ceathramhadh phúint siúcre.
Dá spiúnóg mhór de mharmaléid.
Spiúnóg bheag de phúdar na bácála.
Ubh & rud beag bainne.
Gráinne salainn.



Measg na comhguisí tiorma go léir; cuir ina gcionn san an
t-ubh buailte, & an marmaléid, & an oiread bainne & dheunfaidh
an tiúghdas ceart do chuir innte. Cuir isteach i mbáisín
smeartha í, & clúdaigh le páipéur smeartha í, & fág ar galadh ar
feadh dhá uair. Cuir annlan mearóige báine uirre dá cuir ar an
mbórd duit.



MEARÓG SIOPLUIS.



Feuch ar chlár mearóige marmaléid & cuir dhá spiúnóg
mhóra de shiopluis in ionad na marmiléide. Cuir dhá unsa de
rísíní Sultana ina gcionn.



MEARÓG SÚGH-CHRAOBH.



Feuch ar chlár mearóige na marmiléide; chuir dhá spiúnóg
mhóra dhe subh na súg-chraobh in ionad na marmiléide.


L. 50


PUTÓG BHÁN UBHALL NÓ BHIADHBHÓG.



Ubhla nó biadhbhóg.
Siúcre.
Cúpla milseán daraighe.



An t-sudóg: -
Leath-púnt plúir.
Ceathramhadh phúint gréise.
Spiúnóg mhór de bhrus aráin.
Spiúnóg bheag de púdar bácála.
Gráinne salainn & uisge fuar.



Déin an t-sudóg; gearraigh piósa dhe & cuir i leath taoibh le
h-aghaidh barra na mearóige é. Leathnuigh an chuid eile dhe amach
go dtí go mbeidh sé chomh mór & go gclúdóchadh sé an taobh
istigh de bháisín na mearóige. Bíodh an báisín smeartha agath.
Cuir na h-ubhla nó an biadhbhóg isteach ina lár & déin cruach
díobh; cuir an siúcre & an blaisiúghadh ina gcionn. Leathnuigh an
píosa bhí i leath-taoibh agat chomh leathan le barra na mearóige.
Cimil le uisge ciosaí na sudóige & insan dlúigh ar a chéile
iad. Clúdaigh le páipeur smeartha í & galaigh í ar feadh dhá
uair.



Dheunfadh roinnt smeura dubha nó plumaí feabhas mór do
chuir uirre.



PUTÓGA BÁNA GRÉISE.



Leath-phúnt plúir.
Cheithre unsa gréise.
Dhá unsa siúcre.



Leath-spiúnóige bige de phúdar
na bácála.
Ceathramhadh spiúnóige bige
salainn.
Bainne.



Gearraigh an ghréis go mion & cuir i gcionn an phlúir í; bíodh go
leór siúcre, púdar na bácála, salann & bainne go leor ann
chum é bheith tiugh go leor. Fuin go h-eudthrom í, & gearraigh ina
dhá phíosa dheug í, & déin liathróidí dhíobh. Bíodh oigheallan
uisge fiuchta réidh agat. Cuir na putóga isteach ann, & fág ag
beirbhiughadh iad ar feadh trí ceathramhna uaire.


L. 51


MEARÓG BHAILE NA NGALL.



Subh nó marmiléid.



Le haghaidh na sudóige: -
Leath-phúint plúir.
Ceathramhadh phúint gréise.
Spiúnóg mhór de bhrus aráin.
Spiúnóg bheag de phúdar bácála.
gráinne salainn & uisge fuar.



Leathnuigh amach an t-sudóg go mbeidh si thimcheall leath-órlach
ar tuigheacht, & í fé dhó níos sia ná mar tá sí leathan. Leath-
nuigh an subh amach ar an t-sudóg in giorracht órlaig don a
ciosa. Cimil na faobhair amuigh le uisge. Fill suas go deas í, &
coimeád a ciosaí go díreach daingean ar a chéile: bíodh an
subh istigh in a lár agat; fill in eudhach fiuchta a mbeidh plúr air í,
& ná bíodh sí fillte ró-chruaidh agat. Caithfidh an iall bheith ag
dul ó cheann ceann an eudaigh, chum congnamh thabhairt duit ar
ball chum í d'árdach as an gcorcán. Bíodh ciosaí an eudaigh
fuaghailte dhen a chéile agat. Cuir síos in uisge a bhfuil fiuchadh
láidir aige í & ná bris í dá chuir síos duit. Tabhair dhá uair
ag beirbhiughadh dhi.



Chum mearóg do thógaint. - Sleamhnaigh scian isteach fén
mearóg led láimh chlé, & beir ar an iall led' láimh dheis. Bain
an t-eudach di & cuir annlan bán uirre dá cuir ar an mbórd.



MEARÓG FUIGHLIG ARÁIN.



Leath-phúnt fuighlig aráin.
Dhá spiúnóg mhóra siúcre.
Dá unsa gréise.
Dhá spiúnóg mhóra plúir.
Ceathramhadh phúint cúiríní nó rísíní.
Unsa croicinn gréidh.
Ubh.
Blaisiughadh croicinn liomúin nó spiúnóg bheag de
phúdar na bácála.



Cuir an t-arán ar bogadh in uisge nó go mbeidh sé bog; fáisg
an t-uisge as & bris na cnapáin le h-aol. Gearraigh an ghréis


L. 52


go mion, measg leis an bplúr í, & cuir na comhguisí go léir
i gcionn an aráin. Cuir an t-ubh buailte ina gcionn ansan &
rud beag bainne más gádh é. Cuir isteach i mbáisín smeartha
í, & clúdaigh í le h-eudach smeartha; fág ar galladh í ar feadh
dhá uair an chluig. Cuir annlan bán uirre dá cuir ar an mbórd
duit.



Feuch - Gheobhfaí an mhearóg seo do chuir isteach i mias píghe-
óige & í bhácáil. Ní bhainfeadh sé an oiread aimsire dhi mar sin.



MEARÓG SHAIDHBHIR NA NODLAG.



Leath-phúnt rísíní bhailensia.
Leath-phúnt cúiríní.
Ceathramhadh phúint de rísíní Sultana.
Ceathramhadh phúint croicinn milis.
Sé unsa gréise.
Sé unsa siúcre.
Trí unsa plúir.
Cheithre ubh.
Unsa amúin.
Leath-phúnt brus aráin.
Ceathramhadh spiúnóige bige cnómúise meilte.
Leath-spiúnóige bige sinséar meilte.
Gloine branda nó biotáile.



Cuir na torthaí igcóir; geal & gearraigh na h-amúin; gearraigh an
croicean milis ina phíosaí beaga, acht bíodh an siúcre scríobtha
dhe ar dtúis agat. Gearraigh an ghréis go mion. Measg na
comhguisí tiorma go léir; cuir na huibhe & an biotáile ina
gcionn, & measg go maith iad. Cuir ceirt fhiuchta a mbeidh plúr
uirre thimcheall orra & fág rud beag slighe aice chum at. Cuir
síos in uisge fiuchta í & beirbhigh ar feadh cúig nó sé uaireanta í.



Gheobhfaí an mhearóg seo do dheunamh trí nó ceathair de
sheachtmhainí fé mbeadh sí ó dhuine, & b'fhearr-de í é. Caithfear
í bheirbhiughadh ar feadh ceathair nó cúig de uaireanta an lá
dheunfar í, & nuair a thógfar í, caithfear í chur in áit thirm the
go mbeidh an t-eudach a bhíonn thimcheall uirre tirm (& go
h-áirighthe an áit a bhfuil an iall ceangailte) gan é sin do
dheunamh b'féidir go liathfadh sí.


L. 53


Nuair a bheidhfear chum í úsaid, caithfear í cuir síos in uisge
fiuchta ar feadh uair go leith nó dhá uair.



Dheunfadh an méid seo romham dóithin cúigir no seisir. Má
bhíonn an mhearóg an-mhór caithfear í fhágaint ag beirbhiughadh
níos sia ná mearóg níos lugha.



Cuir annlan fíona uirre dá cuir ar an mbórd duit.



MEARÓG UBHALL NA Ú-AIBHLÉISE.



Púnt ubhall.
Ceathramhadh phúint brus aráin.
Dhá unsa siúcre.
Unsa gréise.
Croicean liomúin nó cnomúise.



Beirbhigh na h-úbhla & cuir unsa siúcre orra; fág shíos iad go
mbeidh siad bog & laodhánach. Gearraigh an ghréis go mion, &
measg leis an mbrus aráin í; cuir an t-unsa eile
siúcre & an blaisiughadh ina gcionn. Smearthaigh ceaintín
beag nó múla & cuir líonáil brus aráin leis. Socruigh
comhguisí an bhruis aráin & na n-ubhall san cheaintín ina
sreathana; brúigh go maith ar a cheile iad & bíodh an brus
aráin thios & thuas agat. Cuir cúpla píosa ime ar a bhárr &
fág ag bácail ar feadh uaire í. Cuir uachtar & bainne uirre
dá cuir ar an mbórd duit.



MEARÓG UBHALLA AN UACHTARÁIN.



Púnt go leith ubhall.
Siúcre.
Croicean scríobhtha liomúin.
Leath-phiúnta bainne.
Buidheacán dá uibh.
Spiúnóg bheag shiúcre mínighthe.
Dó nó trí de chácaí buigiúin.
Gealacán dá uibh.
Siúcre.



Broitigh iad go mbeid
bog.
Déin ubagán beirighthe
dhíob seo.


L. 54


Gearraigh na cácaí buigiúin & socruigh i mias pígheóige smeartha
iad; tabhair uain fuara rud beag dos na h-uibhibh & don ubhagán:
Measg insan iad & doirt anuas ar na cácaí iad. Fág mar
sin ar feadh leath uaire iad & insan cuir ag bácáil ar feadh deich
noimintí iad. Buail go maith gealacáin na n-ubh san t slighe
go mbeidh an-chubhar orra. Cuir leath-spiúnóige bige de shiúcre
mínighthe orra. Déin cruach de seo ar bhárr na mearóige, & cuir
a bácáil in oighean ná beidh ró the í, go mbeidh na h-uibhe cruaid &
dath crón ag teacht orra. Dheunfadh sí an gnó fuar nó te ag
dul ar an mbórd di. Bíodh leamhnacht nó uachtar uirre.



MEARÓG UBHALL.



Unsa go leith ime.
Unsa plúir.
Leath cupáin beag de bhainne.
Ubh & ubhla beirbhighthe.



Leaigh an t-im; cuir an plúr ina chionn ar dtúis, insan an
bainne. Coruigh go ríghin é go mbeidh sé ag fiuchadh & ag tiúgh-
chant; cuir an siúcre & gealachán an uibh ann ansan. Bíodh an
t-ubh buailte go maith agat. Doirt anuas air na h-úbhla beir-
bhighthe i mias pígheóige & fág ag bácáil in oighean ná beidh ró-the í
go mbeidh sí cruaidh & ag iompódh crón.



MEARÓG NA GRÉINE.



Arán.
Torthaí.
Siúcre.



Gearraigh roinnt slaidhistí aráin thimcheall órlach ar tiugheacht;
gearraigh píosa timcheall de cheann acú seo, chum go n-oirfeadh
sé do íochtar an bháisín. Gearraigh píosaí meurach do chlíathán
an bháisín; bídís chomh fada le aoirde an bháisín agat, & bídís
órlach go leith ar leithead ar cheann & órlach ar an gceann eile.
Fáisg go maith iad seo thimcheall leis an taobh istigh den mbáisín,
broithigh na torthaí & cuir siúcre ina gcionn. Muna mbeidh go
leor súghlaig ionnta cur rud beag uisge orra.


L. 55


MEARÓG FUIDRÉISE (BÁCÁLTA).



Cheithre spiúnóga móra plúir.
Piúnta bainne, ubh, & unsa go leith siúcre.



Measg an siúcre, an plúr & an salann i mbáisín. Buail go
maith an t-ubh, & cuir bainne go ríghin ina chionn. Cuir an bainne
ar na comhguisí tiorma & buail & measg go maith iad le spiúnóg
adhmaid chum ná tiocfadh aon chnapáin orra. Cuir an fhuidréis i
leath-taoibh ar feadh leathuaire fé mbeireochfar í. Bácáil i mias
pígheóige smeartha í & bíodh an amhthuinn te go maith. Gheobhfaí
siúcre ruadh nó síoróip órdá do leathadh ar a barra fé gcuirfaí
ar an mbórd í.



Má bhíonn torthaí nó biadh-bhóga agat, gheobhair iad do gear-
radh go mion, & iad do chuir i gcionn na fuidréise - cheithre unsa
dhíobh i gcoinne an méid seo thuas. Ní gádh siúcre ná síoróp
má bhíonn siad san agat.



UBHLA & TAIPÍÓC.



Dhá unsa taipíóc nó ság.
Piúnta uisge.
Spiúnóg mhór siúcre.
Ceathair nó cúig de mhilseáin na daraighe.
Ceathair nó cúig de ubhla.



Nigh, & cuir uisge ar an taipíóc; cuir milseáin na daraighe ina
cionn & fág ag beirbhiughadh iad go mbeidh an taipíóc glan: tóg
na milseáin daraighe ansan, & cuir an siúcre ina n-áit, lomair
& bain an croidhe as na h-ubhla, & déin ceathramhna dhíobh; cuir
isteach i mias pígheóige smeartha iad; doirt an taipíóc anuas
orra, & bácáil iad go mbeidh na h-ubhla bog.



Feuch. - Dheunfadh duloisí an gnó in áit ubhla. Caithfear iad
do nighe ar dtúis, & iad do chuir ar bogadh ar feadh tamaill.



UBHLA SEARLÓIDEACH.



Arán cruaidh.
Dhá unsa ime.
Gealacán uibh.
Sé nó h-ocht n-ubhall.
Siúcre. Trí nó ceathair de
spiúnóga móra uisge.



Beirbhigh iad go mbeidh siad
bog, timcheall chomh tiugh
le praiseach.


L. 56


Gearraigh píosa cruinn aráin thimhcheall órlach ar tiugheacht, &
thimcheall órlach níos ísle ná lár an cheaintín. Gearraigh píosaí
meurach aráin thimcheall an tiugheacht ceudna, & timcheall
órlach ar leithead, chum iad do chur mar líonáil leis an
gceaintín. Cuir im orra, & cuir mar líonáil leis an
gceaintín iad; bíodh taobh an ime iompuighthe isteach. Cimil
an taobh istigh le gealacán buailte. Líon an ceaintín nó
an múla leis na h-ubhla boga. Cuir sreath eile de arán & im
ar a mbárr. Cuir pláta anuas orra, & bíodh meádhchant bheag
air, & fág ag bácáil ar feadh leath-uaire iad. Bíodh an t-arán
iompuighthe rud beag crón, & croth roinnt siúcre mínighthe uirre
dá cuir ar an mbórd duit.



Dheunfadh roinnt suibh feabhas do chuir uirre.



BREACH THOIRT UBHALL.



Trí no ceathair de ubhla lomartha, & an croidhe asta, &
iad gearrtha ina slaidhistí.
Dhá spiúnóg mhóra plúir.
Dhá spiúnóg uisge te.
Gealacán uibh, & gráinne salainn.
Spiunóg ime leighte.



Measg an plúr le h-im & uisge; cuir salann ar & fág i leath
taoibh ar feadh uaire é; cuir gealacáin uibh, buailte go maith,
air. Tom gach píosa dhen ubhall san bhfuidréis seo. Tóg le
bior as iad & cuir síos i saill te iad. Fág ag gríoscadh iad
go mbeidh siad briosg & rud beag crón. Sgag ar pháipeur
bog í; croth roinnt siúcre uirre & cuir ar an mbórd gan mhoill í.



MÚLA PLÚIR ARBHAIR.



Dhá spiúnóg búird plúir arbhair.
Piúnta bainne.
Spiúnóg mhór siúcre.
Blaisiughadh faoineaig nó croicean liomúin.



Beirbhigh an bainne, & coimeád rud beag de chum an phlúir arbhair
do mheasgadh; cuir an blaisiughadh ann, & nuair a fhiuchadh sé, an
siúcre & an plúr. Fág deich nóimintí ag beirbhiughadh é & bí á


L. 57


chorruighe ar feadh na h-aimsire. Cuir isteach i múla fliuch é, &
nuair a bheidh sé tirm tóg amach é. Cuir torthaí beirbhighthe, nó
subh nó ubhaghán nó uachtar air dá chuir ar an mbórd duit.



Feuch: - Gheobhfá rís meilte do ollamhughadh san t-slighe
cheudna; an ris bheith agat in ionad an phlúir mheilte, & í fhágaint
ceathramhadh uaire ag beirbhiughadh.



Gheobhfaí athrughadh do dheunamh le cúpla spiúnóg mhóra de
chóc do mheasgadh le bainne, nó cúpla spiúnóg siocoláid do
leaigh imbainne te.



MEARÓG NA RINNE.



Ceathramhadh phúint brioscóidí gaodhlucha.
Dhá ubh.
Leath-phiúnta bainne.
Unsa ime.
Unsa plúir.
Croicean scríobtha liomúin.
Rud beag suibh.



Socruigh na brioscóidí i mias pígheóige smeartha; bíodh rud beag
subh thall & i bhfus triotha. Leaigh an t-im; cuir an plúr ina
gcionn, & measg go maith os cionn na teine iad. Doirt an
bainne go mall orra, & fan á gcorruighe go bhfiuchaid: insan
cuir croicean an liomúin & an siúcre orra. Tóg den teine
ansan iad & cuir gealacáin na n-ubh orra. Fág ag súghchant ar
feadh leath uaire iad, & cuir deiridh beirbhighthe léi díreach dála
mearóige ubhall an uachtaráin.



MEARÓG NA GCORRÁN.



Dhá ubh.
Im, siúcre & plúr.
Leath-spiúnóige bige púdair na bácála.
Leath spiúnóige bige de shúghlach an liomúin
Dhá spiúnóg mhóra suibh
Fuighleach sudóige.


L. 58


Cuir an t-sudóg thimcheall leis an mias, & cuir sraith suibh
thíos ar a bun. Measg an t-im & an siúcre go mbeidh sé ina
uachtar. Cuir gach ré cuid de ubh buailte & plúr ina gcionn,
insan cuir an blaisiughadh & púdar na bácála innte. Fág ag
bácáil gairid do uair an chluig í. Cuir annlan suibh uirre dá
cuir ar an mbórd duit.



MEARÓG AN CHRIOSTAIL.



Cheithre unsa ime.
Dhá unsa siúcre mínighthe.
Cheithre unsa plúir.
Dhá ubh.
Leath spiúnóige bige de shóid an aráin.
Leath spiúnóige bige de shúghlach an liomúin.
Spiúnóg mhór de mhairmiléid.



Buail an t-im & an siúcre go maith; cuir an plúr & na h-uibhe
ina gcionn. Leaigh an sóid in uisge & cuir é féin & an sughlach
& an marmiléid i bhfochair a cheile i gcionn na coda eile. Cuir
isteach i mbaísín smeartha í, & fág ag galadh í ar feadh dhá uair.



MEARÓG AN DEITHINIS.



Ceathramhadh phúint ime.
Dhá unsa siúcre.
Leath-phúnt plúir.
Leath-spiúnóige bige de shóid an aráin.
Dhá ubh.
Cheitre spiúnóga móra de shubh na súgchraoibhe.



Buail an t-im & an siúcre go mbeidh siad ina n-uachtar; cuir
an plúr & na h-uibhe buailte ina gcionn. Leaigh an sóid in
uisge, & cuir é féin & an subh i gcionn na coda eile; cuir
isteach i mbáisín nó i múla smeartha iad, & fág ag galadh iad
ar feadh dhá uair go leith.


L. 59


MEARÓG NA BAIN-FHEISE.



Chúig unsa aráin geárrtha mar bheadh díslí.
Gloine fíona na silíní (no spiúnóg mhór biotáile).
Ceathramhadh phiúnta bainne.
Trí unsa siúcre.
Chúig unsa rísíní an Sultana.
Dhá unsa croicean milis.
Croicean scríobtha liomúin.



Unsa siúcre bolóige.
Dhá spiúnóg mhóra uisge.
Leat-piúnta bainne.
Trí ubh.



Cuir an t-arán ar bogadh
imbainne & i bhfíon na
siílní ar feadh fiche
nóimeant.
Cuir na comhguisí go léir
seo igcionn an aráin.



Cuir an siúcre bolóige & an t-uisge i n-oigheallan iarainn;
cuir ar an teine iad & fág ag beirbhiughadh iad go mbeidh siad
crón. Cuir leathpiúnta eile bainne igcionn an t-siúcre ruaidh
& leaigh é. Beirigh & fuar é: cuir anuas ar na h-uibhe buailte
insan é. Cuir an t-ubhagán seo i gcionn na gcomhguisí eile.
Fág ansan go ceann leath-uaire í fé gcuirir dhá beirbhiughadh í.
Gal í ar feadh dhá uair an chluig.



MEARÓG MIN'TÍRE.



Deich n-unsa aráin cruaidh.
Trí spiúnóga móra mine tíre.
Unsa go leith gréise.
Leath-spiúnóige móire sáiste.
Dhá iniún & ubh.
Rud beag inmhair, piobar & salann .
Leath-phiúnta bhainne.



Cuir an t-arán ar bogadh in uisge fuar, & nuair bheidh sé bog
sgag é; fáisg an t-uisge go maith as, & déin é bhriseadh. Cuir
an mhin tíre & an bainne ina gcionn, & cuir i leath taoibh ar feadh
tamaill iad. Gearraigh go mion an ghréis & na h-iniúin, & cuir
iad féin & an sáiste & na comhguisí eile na gcionn. Leaigh an
blonog i gceaintín. Doirt isteach ann an mhearóg. Ní mór
di uair ag bácáil. Bíodh anbhruithe uirre dá cuir ar an mbórd
duit.


L. 60


UACHTAR FAOINEAG.



Leath-phiúnta bainne.
Ubh mór nó dhá cheann bheaga nó gealacáin trí n-ubh.
Spiúnóg mhór go leith siúcre.
Leath-spiúnóige bige de súghlach faoineag.
An t-ochtmhadh cuid de phiúnta uisge.
Unsa muirtíne. (Leaigh an mhuirtín in uisge os
cionn na teine.)
Leath-phiúnt uachtair.



Beirbhig ubhagán.



Measg an t-ubhagán & an mhuirtín: cuir an t-uachtar ina gcionn
nuair do fhuaraid; cuir isteach i múla fliuch iad fé gcruaidhfid.
Nuair a fhuaradh siad iompuig amach arís iad.



Feuch - Ba mhaith an rud roinnt de thorthaí na stán, abair
cnópairí, peithseóga, nó ubhla na giúse do mhion-ghearradh & do
chuir isteach san múla fé gcurrfaí an t-uachtar ann. Níor mhór
roinnt díobh do choiméad chum a chuir thimcheall ar an uachtar ag
dul ar an mbórd.



BEAGÁN.



Ubh mór nó dhá ubh bheaga; nó
dó nó trí ghealachán.
Spiúnóg mhór siúcre.
Leath-phiúnta bainne.



Déin ubhagán díobh seo.



Ceathar nó cúig de chácaí
buigiúin.
Dhá spiúnóg mhóra suibh.
Gloine fíona na silíní.
Leath-phiúnta uachtair.



Ceathramhadh phúint de
bhrioscóidí na meaca-
róin.
Dhá unsa brioscóidí an
díobhlair.
Dhá unsa amúin.



Níor ghádh iad seo bheith
ann dá mba mhaith leat.


L. 61


Geal & mion-ghearraigh na h-amúin. Gearraigh na cácaí & cuir
subh orra. Cuir os cionn a chéile i mias gloine iad, & bhíodh na
brioscóidí & na h-amúin thall & ibhfus ionta. Doirt an fíon &
an t-ubhagán anuas orra, & fág ag súghchant ar feadh tamaill
iad. Corruigh an t-uachtar go mear, & cuir ar a bharra go
deas é.



Feuch - Má bhíonn an t-uachtar gann gheobhfaí dhá ghealacán do
bhualadh & iad a chuir i gcionn leath an méid reo uachtair.



Gheobhfaí roinnt péithseoga, ubhla na giumhaise, nó cnópairí
do chuir in ionad an t-suibh, & iad do shocrughadh imeasg cácaí
na buigiúin, & dheunfadh cuid den t-síoróip an gnó ináit an
ubhagáin.



CHUM TORTHAÍ DO BHROITHE.



(1.) Níor cheart torthaí do bhroithe in oigheallan miotail; caill-
ean siad a ndeallradh & a mblas.



(2.) Ba cheart iad do chorruighe i gcomhnuidhe le spiúnóg adhmaid.



(3.) Níor mhór iad do bhogadh san mbroithe dhóibh acht gan brus
do dheunamh dhíobh.



(4.) D'réir mar bhíon súghlach ins na torthaí iseadh chuirtear
uisge ionta. Ní gádh do thorthaí a bhfuil go leor súghlaig
ionta mórán uisge, biadhbhóg cuir i gcás.



(5.) Tá dhá shlighe chum torthaí do bhroithidh.
(a.) Cuir na torthaí, siúcre, uisge & blaisiughadh isteach
in oigheallan & broithigh iad go mbeidh siad bog.
(b.) Cuir na torthaí & na rudaí eile isteach i mias píghe-
óige nó in seár; foiligh iad le páipeur smeartha, & cuir
san amhthuinn iad go mbeidh siad bog.



(6.) Ní mar a chéile an fhaid bhainean sé dhe gach thortha broith-
eadh. Is dréir aibhígheacht & na saghasana torthaí bheadh
agat a ghabhann san.


L. 62


Bhfhéidir go ndeunfadh an clár seo duine stiúriughad: —



Úbhla
Ollamhughadh - Lomair go tanaidhe iad; déin ceath-
ramhna dhíobh & bain an croidhe asta.
Blaisiughadh - Milseáin daraighe nó croicean liomúin.



Biadhbhóg
Ollamhughadh - Cimil le h-eudach glan é, & gearraigh
na billeóga & na pniaca & má bhíonn
siad aosta bain an croicean díobh.
Déin píosaí thimcheall órlach go leith
ar faid díobh.
Blaisiughadh - Croicean liomúin nó cainéala.



Duloisí
Ollamhughadh - Nigh & cuir ar bogadh ar feadh roinnt
uaireanta iad, tar oidhche más
féidir.
Blaisiughadh - Croicean liomúin.



Spriúnáin
Ollamhughadh - Bain an barra & an bun díobh & nigh iad.
Blaisiughadh - Croicean liomúin nó gan dada.



Plumaí
Ollamhughadh - Bain na cosa dhíobh & cimil le h-eudach
glan iad.
Blaisiughadh - Roinnt de na croidheoga gheobhfar
istig ins na clocha. Cuirean siad
an-bhlas air.



Péiríní
Ollamhughadh - Lomair go tanaidhe iad, & déin ceath-
ramhna dhíobh & bain na croidheóga
asat.
Blaisiughadh - Súghlach faoineaig nó súghlach liomúin.



Figí
Ollamhughadh - Nigh iad, acht má bhíonn siad an-thirm
cuir cúpla uair ar bogadh in uisge
fuar iad.
Blaisiughadh - Súghlach liomúin.


L. 63


RIAGHLACHA LE H-AGHAIDH SUDÓG.



(1.) Níor mhór an plúr bheith tirm & gan aon chnapán bheith ann.



(2.) Níor mhór im cruaidh ná beadh ró-ghuirt bheith agat chum
geire do dheunamh; nó saill, blonog, nó gréis. Níor
mhór salann do chuir ar na trí cinn dhéidhneacha seo.



(3.) Dá fhuaireacht é an t-uisge 'seadh is fearr é; d'réir an
méid plúir bheadh agat 'seadh chuirfeá uisge innte.



(4.) Bíodh sgian agat á measgadh.



(5.) Níor mhór an taos bheith chom fuinte go dtiocfadh sé amach
as an mbáisín gan pioc de a cheangal de na cliatháin.



(6.) Níor mhór an rollaéir do chuir go cruinn, cothrom, & an dul
ceudna bheith ar an t-sudóg go léir .i. siar & aniar. Ná
déin ón taobh clé go dtí an taobh eile choidhche é ná a
mhalairt. Muna bhfuil an deallradh cheart uirre socruigh
an t-sudóg, & ná bac leis an rollaéir.



(7.) Bh'fearr-de dho shudóg í fhágaint cúpla uair tar-éis í
dheunamh gan bácáil, acht ní féidir é sin a dheunamh má
chuirtear púdar bácála innte.



(8.) Níor mhór "crústa gairid" cuir in amhthuinn ná beadh ró-the.
Amhthuinn te bheadh ó chrústa slámánach.



CRÚSTA GAIRID.



Leath-phúnt plúir.
Trí nó ceathair de unsaí ime, blonoige, nó saille.
Spiúnóg bheag de phúdar bácála.
Uisge fuar & gráinne salainn.



Cuir an blonog, nó an t-im tríd an bplúr, & bris le scian iad;
suaigh & cimil le barraí do mhéuranna iad go mbeidh siad cos-
amhail le brus aráin; cuir púdar bácála tríthe ansan. Cuir
uisge fuar orra & déin taos ríghin díobh. Iompuigh an taos
amach ar chlár a mbeidh plúr air, & fuin go maith é, nó go mbeidh
an taobh thíos de an-mhín, sleamhain. Iompuigh ansan é & déin é
rolladh id rogha slíghe.



Feuch - 1 - Níor ghádh púdar bácála bheith ann ar aon chor,
acht muna mbeadh chaithfaí cheithre unsa ime, nó saille, nó blonaige
chuir i gcoinne gach leath-phúnt plúir.


L. 64


SUDÓG SLÁMÁNACH.



Leat-phúnt plúir.
Cheithré nó sé unsa inie nó blonoige.
Salann (acht má bhíon im guirt agat ní gádh).
Uisge fuar.



Cuir an ceathramhadh cuid den im nó den mblonoig innte; ansan
bris le scian í & measg go maith le barraí na méuranna í;
déin taos dí le uisge fuar; cuir amach ar chlár a mbeidh plúr
air í, & fuin go maith í go mbeidh an taobh thíos de sleamhain.
Iompuigh ansan í, & tabhair amach fada caol leis an rolla í &
órlach do thuigheacht innte.



Cuir an chuid eile den im nú den mblonoig ar an leath eile
den t-sudóg seo; coimeád isteach go maith ón chiosa leis.
Fill an leath eile os a chionn & fáisg go maith ar a chéile iad.
Iompuigh go dtí taobh an chliatháin an ciosa tá fáisgthe ar a
chéile, & oscail amach arís í. An-fhada amach sa t-slighe go
mbeidh sé thimcheall leath órlach ar tuigheacht. Fill ina thrí phíosa
ansan í; iompuigh an faobhar tá fillte agat do dtí na chlíathán,
& oscal amach arís í; bí á oscailt, & á fhilleadh go mbeidh sí
fillte & oscailte cheithre h-uaire agat. Ná comhairigh an cheud
fhilleadh nuair ná raibh acht an ceatramhadh cuid den mblonog,
im & rl insan t-sudóg.



An cúigamhadh uair déin í fhilleadh & a shocrughadh mar is maith
leat féin.



Feuch - Níor mhór rud beag aimsire thabhairt don t-sudóg
idir na bhfillí in aimsir the nuair bhíon an t-im bog, & í choimeád
in áit an-fhuar.



Dheunfadh rud beag de shúghlach an liomúin igcionn an uisge
dá mheasgadh dhuit feabhas do chuir uirre.



Is ar phígheóga feola is gnáthaighe an slámán seo a chur, acht
cuirtear ar phígheóga torthaí é uareanta.



CRÚSTA GRÉISE.



Leath-phúnt plúir.
Ceathramhadh phúint gréise.
Spiúnóg mhór brus aráin.
Spiúnóg bheag de phúdar na bácála.
Gráinne salainn & uisge fuar.


L. 65


Mion-ghearraigh an ghréis, & measg go maith na comhguisí tiorma.
Déin taos daingean le uisge fuar díobh. Cuir amach ar chlár a
mbeidh plúr air iad, & fuin iad go mbeidh an thaobh thíos sleamhain,
mín; Iompuigh an taobh sleamhain, & leathnuigh amach é go dtí pé
méid thá uait air.



Feuch - Gheobhfaí pígheóga bochta do chlúdach leis an sudóg
seo & iad do bhácáil, cé gor gnáthaidhe iad do ghalladh nó
bheirbhiughadh nuair a bhíonn siad i mearóga mairt, i mearóga
biadhbhóg i mearóg ubhall nó i mearóg Bhaile na nGall.



PÍGHEÓGA TORTHAÍ.



Ubhla - Lomair go h-eudtrom, & déin cruach i mias pígheóg
dhíobh; cuir roinnt de mhilseáin na daraighe tríotha; roinnt siúcre
& uisge fuar.



Plumaí & baláistí - Cimil le eudach glan; déin cruach i mias
pígheóg díobh; cuir siúcre & rud beag uisge orra (gheobhfaí
roinnt baláistí no plumaí do chuir i bpígheóg ubhall.)



Spriúnáin - Bain na barraí & na buin díobh. Déin cruach i
mias pígheóg dhíobh; cur siúcre & roinnt uisge orra.



Biadhbhóg - Cimil le h-eudach glan é; bain na pniaca & na
billeoga dhe & má bhíonn sé aosta bain an croiceann de. Déin
píosaí thimcheall órlaig nó dhó ar faid de; cuir os cionn a chéile
i mias pígheóg é: Ní gádh aon uisge. Clúdaigh iad seo le crústa
gairid no le sudóg slámánach & fág ag bácáil iad go mbeidh
siad bog. Is amhladh gheobhair amach go mbeidh sé bog ná sgian
nó bior do chuir isteach idir na sudóige & na méise.



CHUM PÍGHEÓG DO CHLÚDACH LE SUDÓG.



Leathnuigh an sudóg amach rud beag níos leithne ná beul
na méise, & ar an dul ceudna. Gearraigh píosa thimcheall de
fhaobhar na sudóige mar adeurfá comh leathan le faobhar na
méise, acht bíodh an rud bheidh id dhiaidh leathan go leór chum an
pígheóg go léir do chlúdach. Cimil faobhar na méise le uisge, &
leag arís uirre cuid den phíosa do ghearraigh tú. Cimil le
h-uisge í seo leis, & clúdaig an chuid eile dhen phigheóg leis an


L. 66


chuid eile dhen sudóg, & fáisg na faobhair ar a chéile go maith.
Aon phíosa bheidh ag teacht amach thar fhaobhar na méise gearraigh
é. Tóg an mhias id láimh chlé ansan, & bearraigh na faobhaoir
di le scian. Cóirigh a barra, & bácáil í.



Feuch - Ar a mbarra dhéintear pígheóga feola chóiriughadh;
thimcheall na bfaobhar a dhéintear cinn mhilse.



Níor mhór poll bheith i mbárr pígheóga feola igcomhnuidhe.
Gheobhfaí phigheóga feola do ghlionadh le ubh buailte do chimilt
díobh deich nóimintí fé dtógfaí iad.



Gheobhfaí pígheóga milse do ghlionadh le gealacán do bhualadh
& do chimilt orra; siúcre mínighthe do chrochadh orra, & iad chuir
thar n-ais san amhthuinn ar feadh chúig nóimintí.



CHUM MÉISE PÍGHEÓG DO LÍONÁIL LE SUDÓG.



Is minic a chuirtear mearóg ar an mbórd i méis a bhíon
líonálta le sudóg. Is amhlaidh dhéuntar é sin ná: -



An t-sudóg do leathnughadh amach i gcomh mhéid leis an mias;
píosa do ghearradh den a ciosa chomh leathan le faobhar na méise,
nach gan an iomarca do ghearradh di ar eagla ná beadh sí leathan
go leor chun na pígheóige do chlúdach. Cimil uisge fé fhaobhar na
méise, & cuir uirre arís an píosa ghearrais di. Brúigh na fao-
bhair ar a chéile. Gearraigh aon phiósa bheidh ag teacht amach thar
fhaobhar na méise. Tóg an mhias id láimh chlé & bearraigh na
faobhair le scian. Cóirigh na faobhair. Cuir scorana thall &
i bhfus san t-sudóg ar íochtar na méise. Cuir cúpla crústa
arain ina lár, & fág ag bácáil í go mbeidh sí leath-bhácálta. Tóg
na crústaí ansan; doirt an mhearóg isteach & cuir insan
amhthuinn arís í.



Feuch - Tá líonáil mar seo oireamhnach do mhearóga ubhagán,
rís meilte & tapíóc.



Slighe an-mhaith é seo chum fuighlig slámáin, & crústa gairid
do úsáid, acht is ar éigin a b'fhiú pigheóg do dheunamh le h-aghaidh
an ghnó san amháin.


L. 67


ANNLAIN.
Is minic a dhéuntar na h-annlain is fusa dheunamh chomh dona,
& go ndéunan siad gan mhaith an méile is fearr.



Níor mhór na riaghlacha seo im dhiaidh do leanmhaint.



(1.) Níl aon ghnó cnapáin bheith san annlan. Chum an sgeul so
leigheas níor mhór bheith á chorruighe go bhfiuchadh sé, & insan
gan na leachtacha do dhortadh síos ró-mhear ann.



(2.) Aon annlan a gcuirtear plúr dhá thiúghchant níor mhór é sin
bheith roinnt nóimintí ag fiuchadh nó neachtar beidh blas
gránda fuar ar & ní féidir é dhoiliughadh.



(3.) Ní bhíonn blas ná deallradh ar annlan nuair bhíonn sé ró-
thiugh. Cuir i gcás ba cheart an t-annlan bheidhfaí chur ar
chólais, caoir-fheoil bheirbhighthe, eallaig & rl bheith rud
beag níos tiugha ná an t-annlan chuirfaí ina bhfochair i
mias annlain. An t-annlan bheadh ar mhearóga bheir-
bhighthe mar bheadh uachtar tanaidhe nár mhór do san
bheith. Is deacair tuigheacht annlain do mheas go mbeadh
sé tamall ag fiuchadh. Má tá sé ró thiugh gheobhair a
thuille leachtacha do chuir ina chionn ansan.



(4.) Na h-adhbhra le haghaidh annlain is na cláracha seo im dhiaid,
bfhéidir go mbeadh cuid acu ró thiugh, mar nach mara chéile
an neart bhíonn in gach aon phlúr & rud eile ní ar an
inntinn cheudna tá gach aon chócaire idtaobh méid spiú-
nóige plúir.



(5.) Gheobhfaí úsáid a dheunamh de inmhar maith in áit ime ag
deunamh annlain do ghlaisirí, do eallaig, do fheoil & rl.



ADHBHAR ANNLAIN BÁN.



Unsa ime nó blonaige.
Unsa nó spiúnóg mhór phlúir.
Leath-phiúnta bainne (nó an oiread ceudna bainne
& adhbhar anbhruithe.)



Leaigh an t-im; measg an plúr ann & cuir leath na leachtaig ina
gcionn, braon de anois & arís. Corruigh go maith é, & cuir an
chuid eile dhen leachtaig ina gcionn. Cuir ar an teine & fan
á chorruighe go bhfiuchadh se; cuir salann & piobar ar.


L. 68


Adhbhar do go leor annlain iseadh an clár seo; -



Annlan.



Meacain dáthabha
Slíge a dheunta - Cuir i gcóir & beirbhigh tor meacain dá
thabha gearraigh go mion é.
Rudaí ag gabháil Leis - Turcaí beirbhighthe nó aon eallach.



Ubh
Slíge a dheunta - Cuir gealacáin chríathra & buidheacáin
mion-ghearrtha & dá ubh chruaidh-bheir-
bhighthe i bhfochair a chéile. Is minic a
choimeádtar rud beag den ngeal-
acán chum é sgaipeadh ar an bhfeoil.
Rudaí ag gabháil Leis - Eallaig bheirbhighthe; iasg beirbhighthe.



Iniún
Slíge a dheunta - Beirigh dhá iniún bheaga nó iniún mór.
Mion-ghearraigh iad.
Feuch siar: - Aon chlár amháin é seo
& an ceann ina dhiaid.
Rudaí ag gabháil Leis - Caoirfheoil rósta, coinín beirbhighthe.



Peirsil
Slíge a dheunta - Cuir dhá spiúnóg mhóra peirsil ar seo
fé gcuirfir ar an mbórd é.
Rudaí ag gabháil Leis - Caoir-fheoil bheirbhighthe. Iasg beir-
bhighthe. Eallaig beirbhighthe.



Mearóg
Slíge a dheunta - Cuir an cheathramadh cuid de phiúnta
bainne san mbreis. Spiúnóg siúcre
& blaisiúghadh.
Rudaí ag gabháil Leis - Aon saghas mearóige beirbhighthe.



Fraocháin
Slíge a dheunta - Cuir spiúnóg mhór de fhraocháin, & cuid
den uisge inar shailleadh ann iad.
Ná leig don annlan beirbhiugadh tar-
éis duit na fraocháin do chuir ann,
nó téachtfaidh sé.
Rudaí ag gabháil Leis - Caoir-fheoil bheirbhighthe; iasg beirbhíghthe.


L. 69


ANNLAN MIONTÚIS



I gcóir laoigh-fheoil rósta.



Trí spiúnóga móra de mhiontús rósta.
Spiúnóg nó dhó siúcre,
Cúig nó sé spiúnóga móra bhinéigre.



Nigh an mhiontús & mion-ghearraigh é; measg an siúcre & an
bhinéigre leis. Bfhearr-de do bhlas an annlain é dá bhfágfaí
cúpla uair é gan cuir ar an mbórd.



ANNLAN ARÁIN.



Igcóir eallaig rósta, turcaí, nó eallaig fhiadhaine.
Leath-phiúnta bainne.
Ceathramhadh phúint brus aráin.
Leath unsa ime.
Dó nó trí mhilseáin daraighe.
Billeóg mása.
Iniún beag.
Cúig nó sé chaora an phiobair.
Leath-spiúnóige bige salainn.



Cuir an bainne in oigheallan; cuir milseáin na daraighe, an mhás,
an t-iniún & caora an phiobair ina chionn, & fág ag cnáthairt ar
feadh leath-uaire iad. Sgag an t-annlan insan & cuir thar n-ais
san oigheallan arís ag súghchant é; cuir an brus aráin, an
t-im & an salann air. Bain aon fhiuchadh amháin as insan. Dheun-
fadh spiúnóg mhór uachtair an gnó in áit an ime.



ANNLAN TRÁTAÍ.



I gcúir caoir-fheola rósta nó asnaí caoir-fheola.
Trí nó ceathair de thrátaí móra; nó an áit bhog de
thrátaí stáin.
Leath-phiúnta trátaí stáin (laodhánach).
Leath iniúin.
Billeóg mása.
Dhá mhilséan daraighe.
Piobar & salann.
Leath-spiúnóige plúir an arbhair.


L. 70


Glan na trátaí & déin leathana dhíobh; cuir na h-iniúin, más,
milseáin na daraighe, & leath-phiúnta uisge nó adhbhar anbhruithe
orra. Cuir ar cnáthairt iad go mbeidh na trátaí bog (mas
trátaí stáin bheidh agat & má bhiónn siad ró-thiugh fiuch in oigheallan
iad; cuir rud beag uisge no adhbhar anbhruithe orra; cuir ar cná-
thairt ar feadh fiche nóimeant iad). Sgag iad & cuir gach aon
rud tríd an gcríathar acht na croicinn & na síolta. Fiuch arís
iad, & cuir plúr an arbhair measgaithe le rud beag adhbhar
anbhruithe ina gcionn. Blaisig iad.



ANNLAN UBHALL.



I gcóir gé rósta, muic - fheoil & rl.
Broithigh cúig nó sé d'úbhla in uisge. Fág shíos iad go mbeidh
siad bog; déin laodhán díobh; cuir siúcre & im, más maith leat
ansan orra.



ANNLAN UBHAGÁN.



Piúnta bainne.
Dhá spiúnóg bheag de phlúr an arbhair.
Dhá spiúnóg bheag de shiúcre.



Ubh & leath-spiúnóige bige súghlach an fhaoinig nó croiceann
scríobtha líomúin.



Measg plúr an arbhair le rud beag den mbainne. Fiuch an
chuid eile dhen mbainne; cuir an siúcre & an plúr measgaithe ina
chionn, & fág ag beirbhiughadh ar feadh trí nó ceathair de nóimintí
iad. Fuar insan iad & doirt anuas ar an ubh buailte iad; cuir
thar n-ais san oigheallan arís iad, acht ná leig dóibh fiuchadh;
tabhair cúpla nóimeant dóibh, & corruigh go maith iad.



ANNLAN SUIBH.



Igcóir aon saghas mearóige.



Dhá spiúnóg mhóra de shubh maith gaodhluch.
Ceathramhadh piúnta uisge.
Spiúnóg de shughlach an liomúin (ní gádh é.)
Trí nó ceathair de chnapáin siúcre.
Leath spiúnóige bige de phlúr an arbhair, nó chnópairí


L. 71


Cuir an subh, uisge, siúcre, & súglachan liomúin in oigheallan & fiuch
iad. Measg an plúr le h-uisge; cuir ina gcionn é, & fiuch ar feadh
ceathair nó cúig de nóimintí iad. Sgag insan iad chum
síol nó clocha an t-suibh do dheighilt ón gcuid eile. Ath-
théidh iad & muna maith leat an dath a bheidh orra deunfaidh rud
beag cárnaid feabhas do chuir orra.



ANNLAN MEARÓIGE PLUMA SAIDHBHIRE.



Unsa ime.
Spiúnóg plúir.
Gloine de fhion na silíní.
Spiúnóg mhór siúcre.
Gealacáin dhá ubh.



Leaigh an t-im & measg é fhéin & an plúr, cuir an siúcre &
an fíon ina gcionn go réidh. Fiuch & corruigh iad. Tóg den
teine iad & buail na gealacáin isteach ionta. Cuir ar an teine
& corruigh arís iad, acht ná leig dóibh fiuchadh.



Feuch - Annlan áluinn é seo, acht tá sé ró-dhaor chum é bheith
ag duine gach aon lá.



ARÁN.



Is mó cúis go mb'fhearra dho dhuine arán do dheunamh é
féin: —



(1.) Níl an oiread diomailt ag gabháil leis.



(2.) Ní mórán costais bhíonn ar dhuine a bhfuil cruithneacht ag
fás aige féin, & is fearr an plúr san ná aon phlúr eile.



(3) Ní bhíonn aon mhí-fholláineacht ag baint le plúr mar sin; is
minic a bhíonn plúr mí-fholláin Sasanach ins na bullóga
móra siopa.



(4) Tá an-scabhárd & neart in arán a dhéuntar le bainne.



RIAGHLACHA LE H-AGHAIDH SÓID & BAINNE GÉIR.



(1.) Níor mhór an bainne bheith geur, act gan é bheith stálaighthe.



(2.) Más bláthach í níor mhór í bheith tiugh & maith.


L. 72


(3.) Má bhíonn aon chnapáin insan sóid beidh paistí cróna san
chíste.



(4.) Bíonn an císte ró-chrón nuair bhíonn an iomarca sóid ann.



(5) Ní gádh aon tartar geal i bhfochair bainne géir; má bhíon
bainne agat ná fuil ró-gheur cuir leath má leath sóid &
tartar ann. Más bainne milis tá agat cuir a dhá
oiread tartair ann.



CÍSTE SÓID.



Cheithre cupáin bheaga plúir.
Spiúnóg bheag salainn.
Spiúnóg bheag sóid.
Bainne geur nó bláthach.



Measg na comhguisí tiorma go léir. Cuir bainne geur tríotha
ansan, & bíodh an taos ríghin daingean agat. Fuin go maith é,
& leathnuigh amach é sa t-slighe go mbeidh sé thimcheall dhá órlach
ar tiugheacht. Cuir roinnt scorana le scian in bharra; cimil
roinnt bainne géir den a bharra & fág ag bácáil é go mbeidh
glór follamh ag an taobh shíos de.



Gheobhfaí athrughadh do dheunamh ar an t-slighe seo romham, ar
bheagán costais: —



Cístí sóid - Cuir cúpla unsa ime nó blonaige tríd an bhplúr
fé gcuirfeá na rudaí eile tríd.



Císte milis sóid - Cuir cúpla unsa ime nó blonaige tríd an
bplúr, ansan cuir cúpla spiúnóg mhór siúcre & cúpla spiúnóg
torthaí i bhfochair na gcomhguisí eile.



Sconaí - Cuir cúpla unsa ime nó blonaige tríd an bplúr;
cuir na comhguisí eile ina chionn; leathnuigh amach é & gearraigh
ina shé phíosa dheng é.



Sconaí milse - Cuir cúpla unsa ime nó blonaige insan bplúr;
cuir dhá spiúnóig mhóra siúcre & torthaí i gcionn na gcomhguisí
eile; leathnuigh amach é & déin dhá phíosa dheug nó sé phíosa dheug
díobh.



Císte sóid crón - Cuir an oiread ceudna plúir & caisgín
nó trí cupáin plúir & dhá chúpan gránlaig ann.


L. 73


ARÁN GABHÁLA.



Trí púint go leith plúir.
Leath-unsa gabhála.
Spiúnóg bheag shiúcre.
Dá spiúnóig bheag shalainn.
Uisge alla-bhog.



Measg an ghabháil & an siúcre in uisge alla-bhog, go mbeidh gach
aon rud ina leachtach. Déin poll i lár an phlúir & doirt isteach
an ghabháil ann. Cuir a thuille uisge alla-bhog ina chionn, chum
an taos do ríghiniughadh. Fuin go maith é sa t-slighe ná ceanga-
lóchadh sé ded'lámha ná den oighean. Cimil do lámha i bplúr
tirm anois & arís fhaid & beir ag gabháil do. Croth rud beag
plúir fén taos insan oighean & cuir in áit éigin te é; fág ann
é go mbeidh sé fé dhó níos mó, (timcheall dá uair nó trí).
Fuin go maith insan é. Thimcheall fiche nóimeant bheir ag gabháil
dó; má bhíonn sé ró-fhliuch cuir rud beag plúir tirm ar. Déin
bulóga insan de & cuir ar éirighe arís é ar feadh leath-uaire nó
mar sin. Cuir á bhácáil in oighean te é go mbeidh glór follamh
ag an taobh shíos de.



Feuc - Muna dóigh leat go bhfuil an ghabháil úr feuch chúiche
mar seo: —



Measg an ghabháil & an siúcre; leag in áit éigin the iad ar
feadh ceathramadh uaire & muna dtiocfaidh aon chúbhar orra, ní
bheidh aon mhaith san ngabháil.



Pé méid plúir bheidh agat níor cheart níos lugha na leath-unsa
gabhála do úsáid. Má tá a dhá oiread plúir agat ná cuir níos
mó na unsa gabhála ann & mar sin de.



Dheunfaí cístí saora folláine le gabháil; feuch ar seo shíos
mhar sholaoid: —



BAIRGHÍN BREAC.



Púnt & ceathramhadh plúir.
Ceathramhadh phúint ime.
Ceathramhadh phúint siúcre.
Trí ubh.
Leath-phiúnta bainne.
Leath-unsa gabhála.


L. 74


Trí ceathramhna púint cúiríní nó rísíní.
Unsa go leith de chroiceann milis.
Croicean scríobtha liomúin. (Gheobhfaí deunamh
gan é.)



Measg an ghabháil & an siúcre; fain dá gcorruighe go mbeidh
siad ina leachtacha. Leagh an t-im; cuir an bainne ina chionn &
bídís alla-bhog agat. Doirt anuas ar an ngabháil iad & cuir
gach aon rud i gcionn an phlúir; measg go maith le spiúnóg
adhmaid iad, & bídís ina dtaos bog agat. Cuir in áit éigin te
ansan é, chum go n-éireochadh sé (timcheall uair go leith nó dhá
uair) ina dhá mhéid. Cuir na torthaí, an croicean milis &
an siúcre ina chionn, & fuin gach aon rud go maith. Cuir gráinne
plúir ar má bhíon sé ró bhog. Cuir isteach i gceaintín smeartha
ansan é & fág in áit the é go ceann leath-uaire. Bácáil in
amhthuinn cuibhseach te é ar feadh uair nó uair go leith.



BRÍCÍ GABHÁLA.



Púnt & ceathramhadh plúir.
Cúig unsa cúiríní nó rísíní
Trí unsa ime.
Unsa croicinn milis



Leath-unsa gabhála.
Ceithre unsa siúcre.
An tríomhadh cuid de
phiúnta bainne.



Measg & cuir i gcóir an plúr dála mar tá sé san chlár seo
romhat. Cuir in áit éigin chum éirighthe é, go mbeidh sé a dhá
mhéid. Fuin an siúcre & ná torthaí, & roinnt plúir tirm isteach
ann chum an taos bheith ríghin daingean. Déin sé bhríc deug
ansan de, & cuir in áit éigin chum go n-árdóchaidís arís ar
feadh ceathramhadh uaire. Cimil roinnt bainne dhíob & croch
roinnt siúcre garbh orra; cuir ag bácáil ar feadh ceathramhadh
uaire in amthuinn te iad.



CÍSTÍ.



1. Gheobhfaí dá roinnt do dheunamh de chístí ime.



(a) Cístí bochta .i. na cístí a gcuirtear an t-im tríd an bplúr
fé gcuirtear aon chuid des na comhguisí eile ann.



Cístí saidhbhre .i. na cístí a ndéintear uachtar den im & den
siúcre le bualadh, & a gcuirtear plúr & uibh ina gcinnn, & a
mbítear dá measgadh le linn na h-aimsire


L. 75


2. Déinean uibhe cístí an-eudthrom & saidhbhir; gheobhfaí úsáid
do dheunamh dhíobh in go leor slighte: —



(a) Iad do bhualadh san t-slighe go mbeidís ina leachtacha; nó
go silfidís de aol mar dheunfadh uisge.



(b) Gheobhfaí iad do bhualadh len a chéile .i. an gealacán & an
buidheacán ag deunamh cístí um Nodlaig.



(c) Ní bhuailtear len a chéile na gealacáin & na buidheacáin do
chístí eudthroma.



3. Gheobhfaí aon cheann des na blaisighthe seo síos do chuir
i gcoinne gach púnt plúir: —



(a) Croicean scríobtha liomúin.



(b) Ceathramhad spiúnóige móire de shinséar meilte nó de
chnómúise.



(c) Leath spiúnóige bige de spís measgaithe.



(d) Spiúnóg de shíolta an aráin.



(e) Leath spiúnóige bige de shúghlach faoinig.



(f) Leat-spiúnóige bige de shúghlach an liomúin.



(g) Cúig nó sé bhraonacha de shúghlach amúin.



4. Níor mhór don t-sudóg bheith ró-fhliuch chum i láimhseáil le
h-aghaidh cístí móra do dheunamh i stánta. Na cístí a mbíonn
torthaí ionta, níor mhór dóibh bheith níos daingine nó raghadh na
torthaí síos tríotha.



5. Níor ghádh amhthuinn i gcóir cístí móra bheith chomh te le
ceann i gcóir cístí beaga. Má bhíonn torthaí san chíste ní mór
don amhthuinn bheith níos teó ná mar bheadh sé do chístí gan aon
torthaí



6. Ná bí ag oscailt doras an amhthuinn ró-mhinic, & ná tóg
aon chíste amach as go mbeidh sé bácálta. Sáidh sgian nó bior
isteach san áit is tiúgha dhen chíste & má thagann siad amach glan
tá sé bácálta.



7. Má bhíon an amhthuinn ró-the cuir píosa pháipeur smeartha
anuas ar an gcíste nó beidh sé ró-chrón fé mbeidh sé bácálta.


L. 76


8. Má bhíon púdar bácála agat bfhearr de an císte é gan
aon mhoill do dheunamh á chuir san chíste dhuit tar éis é mheasgadh.
Ní mór é bheith measgaithe go maith.



9. Cuir an císte ar fuaradh tar-éis bácála acht ná cuir in
aon áit a mbeidh séideán é.



CHUM PÚDAR BÁCÁLA DO DHEUNAMH.



Dhá unsa sóid an aráin.
Sé unsa rís meilte nó plúr
an arbhair.



Cheithre unsa tartar geal.



Suaigh len a chéile iad seo go léir; déin iad do chríathairt ansan
chum na gcnapán do dheighilt uatha. Coimeád i gceaintín clú-
daighthe iad. Dhá spiúnóg bheaga dhíobh a dheunfadh in aghaid gach
púint plúir.



Feuch - Ní mar a chéile an neart bhíonn in gach aon t-saghas
púdair, mar sin caithfear iad do chuir insan phlúr d'réir a nirt.
Is dos na púdair dhéintear mar seo shuas na cláracha seo.
Má cheannuighean tú púdar lean na riaghlacha bheid ar an mbosca.
Ba shaoire go mór púdar bácála da dheunamh san mbaile.



CÍSTE TEAGHLAIG TORTHAÍ.



Púnt plúir.
Sé unsa siúcre.
Dhá ubh.
Ceathramhadh spiúnóige
cnómúise.
Ceathramhadh spiúnóige sinséar meilte.



Sé unsa ime.
Leath-púnt rísíní nó cúiríní.
Leath-phiúnta bainne.
Dhá spiúnóg bheaga púdar
bácála.



Measg an t-im & an plúr; cuir na comhguisí tiorma go léir ina
gcionn, & déin poll i lár an phlúir; doirt isteach na h-uibhe
buailte & an bainne ann; measg go maith iad & cuir isteach i
stán smeartha iad. Bíodh an t-amhthuinn te go leor. Tabhair
uair go leith ag bácáil dó.


L. 77


CHÍSTÍ CARRAIGEACH.



(Feuch ar an gclár seo romhat.)



Ná bíodh an oiread bainne agat. Níor mhór an taos bheith
níos ríghne. Déin cruach den taos le dhá aol & cuir isteach i
stán bácála é. B'fhearr píosa de chroicean milis do chur ar
bharra gach císte & ceathramhadh uaire thabhairt ag bácáil dóibh in
amhthuinn te.



CÍSTE SÍOLTA.



(Feuch ar chlár chístí an teaghlaig.)



Fág as na torthaí & cuir spiúnóg mhór de shíolta an aráin
ann.



CÍSTE MHÁIRE.



Dhá chupán go leith plúir.
Cupán go leith cúiríní nó rísíní.
Lán cupáin de shiúcre ruadh.
Ceathramhadh phúint ime.
Dhá spiúnóg de shíolta an aráin.
Spiúnóg bheag sóid.
Bainne geur & trí ubh.



Déin an plúr & an sóid do chríathairt i mbáisín; measg an t-im,
& cuir na torthaí, siúcre & na síolta ina gcionn. Cuir
na h-uibhe buailte & an bainne geur ina gcionn ansan; cuir
isteach i stán smeartha ag bácáil é.



CÍSTE NA NODLAG.



Trí cheathramhnadh púint ime.
Trí cheathramhnadh púint siúcre.
Púnt & ceathramhadh plúir.
Chúig ubh.
Dhá spiúnóg bheaga púdair bácála.
Púnt & ceathramhadh torthaí.
Blaisiúghadh.



Buail an siúcre & an t-im san t-slighe go mbeidh siad cosamhail
le h-uachtar; cuir gach re cuid den phlúr & des na huibhe ina


L. 78


gcionn, & measg go maith iad. Cuir na torthaí, an blaisiughadh,
& púdar na bácála ina gcionn. Cuir ag bácáil i méis smeartha
é ar feadh dhá uair nó dhá uair go leith.



ARÁN SINSÉAR.



Trí ceathramhnadh púint plúir.
Leath phúnt siopluis.
Dá unsa ime
Dá unsa siúcre.
Dhá unsa amúin slán.
Dhá ubh.
Spiúnóg bheag de shinséar meilte.
Leath spiúnóige sóid an aráin.
An t-ochtmhadh cuid de phiúnta bainne nó uisge.



Measg an plúr, siúcre & sinséar i mbáisín. Geal & mion-
ghearruigh na h-amúin & buail na h-uibhe. Téidh an t-im & téidh
an bainne nó an t-uisge & leaigh an sóid ann. Cuir iad seo
go léir i gcionn an phlúir, & measg go maith iad. Doirt isteach
i stán smeartha iad & cuir ag bácáil ar feadh trí ceathramhna
uaire iad.



CÍSTE AN T-SNEAGHTA.



Cheithre ubh beag.
Ceathramhadh phúint siúcre mínighthe.
Dhá unsa ime.
Trí unsa plúir.



Cuir na h-uibhe & an siúcre i mbáisín; cuir os cionn uisge te
iad, & buail go mear ar feadh fiche nóimeant iad. Cuir an t-im
leighte ina gcionn. Críathair an plúr isteach tríotha; measg &
cuir isteach i stán smeartha chum bácála iad. Ná bíodh an
t-amhthuinn ró-the.



CÍSTE AN T-SEACA.



Trí ubh.
Trí spiúnóga móra siúcre mínighthe.
Trí spiúnóga móra plúir.
Spúnóg mhór bainne.
Leath-spiúnóige púdar na bácálá.


L. 79


Measg na h-uibhe (le buailteoir) & an siúcre ar feadh fiche
nóimeant; cuir bainne ina gcionn. Measg plúr & púdar na
bácála & déin iad do chriathairt isteach san mbainne. Corruigh
go réidh acht ná buail iad. Doirt isteach in dhá cheaintín smeartha
iad & bácáil iad. Nuair bheidh siad fuar leathnuigh subh amach
ar cheann acu; leag an ceann eile anuas air & chroth rud beag
siúcre mínighthe anuas air sin.



CÍSTE SIOCALÓID.



(Feuch ar chlár chíste an t-sneachta.)



In ionad subh chur ar gheobhfaí císte siocalóid do dheunamh
mar seo: —



Déin píosaí miona de cheithre unsa siocalóid; leaigh iad le
cheitre spiúnóga mora d'uisge fiuchta cuir leat-phúnt siúcire
seaca orra & corruigh go maith iad. Cuir sreath dhen sioc anuas,
ar clíatháin & idir na cístí leathnuigh le scian as uisge té é.
Fág leath-taoibh roinnt uaireanta iad go gcrudhfaid.



CÍSTE NA NGEARMÁNACH.



Dá unsa dheug plúir.
Ocht n-unsa siúcre.
Trí ceathramhna púint
cúiríní nó rísíní.
Spiúnóg bheag de phúdar bácála.



Ocht n-unsa ime.
Cheithre ubh.
Croicean scríobtha
liomúin.



Buail an t-im & an siúcre go mbeidh sé cosamhail le uachtar;
cuir gach re cuid de phlúr & de uibhe buailte ina gcionn. Buail
go maith iad, & insan cuir na torthaí, croicean an liomúin, &
púdar na bácála (ar deiridh) ina gcionn san arís. Cuir dá
mbácáil i mias smeartha ar feadh dhá uair an chluig iad. Bíodh
an t-amhtuinn cuibheasach te.



CÍSTÍ AN UACHTARÁIN.



(Feuch ar chlár chíste na ngearamánach.)



Bíodh cúiríní agat in ionad rísíní; bácáil iad i miasa beaga
pígheóg.


L. 80


CISTE SAIDHBHIR SÍOLTA.



(Feuch ar chlár chíste na ngearamánach.)



Chuir spiúnóg mhór de shíolta an aráin in ionad na dtorthaí.



CÍSTE BUIGIÚINE.



Sé ubh.
Meadhchant chúig ubh de shiúcre.
Meadhchant trí ubh de phlúr.
Croicean scríobtha liomúin.



Buail na h-uibhe & an siúcre i bhfochair a chéile ar feadh fiche
nóimeant. Críathair an plúr isteach ionta, & corruigh é an fhaid
& bheir dá chuir isteach (ná buail é tar-éis duit an plúr do chuir
ann.) Cimil im ar stán & cimil measgán spiúnóge bige de
shiúcre mínighthe & plúir uirre. Doirt isteach an císte insan
innte, & bíodh an t-amhthuinn cuibheasach te dá bhácáil agat.



PÁIRCÍNÍ.



Chúig unsa plúir.
Dhá unsa saille.
Trí unsa min-choirce.
Ceathramhadh unsa spísre
measgaithe.
Unsa siúcre.



Gráinne cnómúise.
Cheithre unsa siopluis.
Ceathramhadh unsa sóid an
aráin.
Spiúnóg bheag bhainne.



Measg an tsaill leis an bplúr; cuir min-choirce, siúcre &
spíosra ina chionn. Doirt an t-síoróip te isteach ann, & cuir
an sóid leaighte imbainne ina gcionn. Déin cheithre liathróidí
deug thimcheall méud uibh de, & cuir ar an teine i stán smeartha
iad; fág slíghe leathnughadh acú; cimil rud beag bainne dhíobh
Tabhair ceathramhadh uaire ag bácáil in amhthuinn ríghin dóibh.



PANCÓGA.



Dhá ubh.
Cheithre spiúnóga móra plúir.
Piúnta bainne.
Gráinne salainn.


L. 81


Cuir an plúr isteach i mbáisín; déin poll ina lár & cuir buidhe-
acán na n-ubh & an bainne síos ann. Measg go maith é san
t-slighe ná beidh aon chnapán ann. Ansan cuir an chuid eile dhen
mbainne ina chionn go ríghin & gráinne salainn. Ba fhearr de é
fhágaint measgaithe ar feadh cúpla uair. Measg & buail go
maith gealacán na n-ubh & cuir isteach arís ann iad. Smearthaig
& téidh an greideal, & doirt lán cupáin den fhuidréis isteach ann.
Fág síos é go mbeidh sé cruaidh; iompuigh an taobh eile ansan de.
Croth roinnt siúcre & súghlach an liomúin anuas orra. Fill &
cuir ar an mbórd iad.



SCONAÍ SILTE.



Leath-phúnt plúir.
Ceathramhadh spiúnóige sóid an aráin.
Spiúnóg mhór shiúcre.
Leath-spiúnóige bige salainn.
Ubh.
Ceathramhadh phiúnta bainne nó bláthach.



Críathair an plúr & an sóid isteach imbáisín. Cuir salann,
siucre, ubh & bainne geur ina gcionn & measg go maith iad.
Téidh & smearaig an greideal, & leig do spiúnóga den measgadh
seo tuitim ar. Nuair bheidh taobh díobh bácalta iompuigh iad &
bacáil an taobh eile.



CÍSTE PRÁTAÍ.



Leath phúnt prúitín.
Dhá unsa plúir.
Unsa ime nó blonog bagúin.
Trí spiúnóga móra bainne.
Leath-spiúnóige bige de phúdar bácála.
Leath-spiúnóige bige salainn.



Leaigh an t-im insan mbainne & cuir é féin & an salann ar na
prátaí. Measg an plúr & an púdar & cuir ina gcionn san arís
iad. Fuin go h-eudtrom iad & oscail amach iad san t slighe go
mbeidh an císte leath-órlach ar tuigheacht. Bácáil ar ghreideal.
te smeartha é.


L. 82


SUIBH.



1. B'fhearr lá tirm chum torthaí do bhailiughadh. Aon subh a
dheunfar de thorthaí fliucha liathfadh sé.



2. 'Sé an riaghal is coithcheannta ná an oiread ceudna siúcre
& torthaí bheith agat.



3. Aon subh bheidhfaí chum a choimead istig tamall maith níor
mhór siúcre an chána chuir ar. Thabharfaí isteach an cos-
tas leis an bhfeabhas a chuirfeadh sé ar an subh.



4. Níor mhór subh bheith ag síor bheirbhiughadh & an scioma bhaint
de d'réir mar d'eireóchadh sé air.



5. Corruigh go minic le spiúnóg adhmaid é.



6. Ní hé an fhaid cheudna bhainean sé subh do dheunamh de gach
saghas torthaí. Cur roinnt bheag amach ar phláta & má
mhuirtean sé tar-éis do fuaradh beidh sé iniúil é thógaint.



7. Muna bhfiuchair an subh go maith beidh sé tanaidhe & ní
sheasóchadh sé; má fhiuchair ró-láidir é beidh sé tirm &
ríghin.



8. Má bhíon na crúisgíní fliuch liathfadh sé gan amhras.



9. Nuair bheidh an subh fuar clúdaigh le páipeur céireach é, &
ceangail pár os a chionn. Gheobhair na clúdaig seo & gach
aon rud mar gheall orra le ceannach cheithre cinn & fiche
acu ar phinginn.



10. Níl morán gádh le oighean fé leith i gcóir suibh.



Feuch - Dheunfadh oigheallan cruan an gnó chomh maith. Ní
dheunfadh oigheallan a mbeadh iaran nó stán istigh leis an gnó ar
aon chor.



SUBH SPRIÚNÁN GLAS.



Bain an barra & an bun de na spriúnáin & meádhaigh iad; nigh
ansan iad & cuir isteach san oigheallan coimeádta, fliuch iad.
Cuir púnt siúcre igcoinne gach púnt spriúnán. Beirigh gach aon
rud, & má chruadhan lán spiúnóige dhíobh tar-éis di fuaradh tá
siad beirbhighthe.


L. 83


Feuch - Gheobhfaí subh súgh-thalmhan, súgh-chraobh, subh cúiríní bána
nó dearga, nó dubhá do dheunamh san t-slighe cheudnaacht ní gádh
iad seo do níghe ná aon uisge cuir ina gcionn.



Níor mhór na cosa & an áit is tiúgha i lár na súgh-chraobh do
bhaint asta.



Ba cheart na cosa bhaint de na cúiríní dearga & bána. Ba
cheart na buin & na barraí do bhaint de na cúiríní dubha.



Ba cheart na chosa bhaint den súgh-thalmhan.



Níor mhór plumaí & baláistí do chimilt le h-eudach glan, &
na clocha tá ionta bhriseadh. Dheunfadh na croidheacháin tá ionta
blaisiúghadh.



SUBH BÍDH-BHÓIGE.



Sé púint bídh-bhóige.
Sé púnt de shiúcre coimeádtach.
Croicean dhá liomúin.
Unsa go leith sinséar gan meilt.



Glan an bhiadh-bhóg; bain an chuidh is mó den chroicean de, &
ghearraigh ina phiosaí miona é. Cuir isteach an oighean choim-
eádta é; cuir an siúcre, croicinn liomúin mion-ghearrtha & an
sinséar (níor mhor é seo bheith brúighthe & casta i bpíosa muslín
cum go mbeadh sé fuiris é thógaint). Corruigh go maith chum
na dóghfaidhe é, & coimeád ag fiuchadh é go mbeidh sé beirbhighthe.



Feuch - Dá gcuirfaí dhá phúnt figí geárrtha, & dhá unsa amúin
gealtha mion-ghearrtha i gcionn na biadh-bhóige & iad do fágaint
ag beirbhiughadh go gcruadhfidhís ba mhór an feabhas é. Lughnasa
an mí is fearr.



SUBH MEARGA.



Mearg.
Siúcre coimeádta.
Liomúin.
Sinséar gan meilt.



Déin slaidhistí, órlach ar tiugheacht den measg. Bain an
croicean, & na síolta as & gearraigh ina phíosaí miona é.
Cuir trí ceathramhna púint den siúcre bolóige i gcoinne gach


L. 84


púnt den mearg, & fág mar sin thar oidhche iad. Cuir unsa
sinséar, croicean & súghlaig liomúin mór nó dhá cheann bheaga
i gcoinne trí púint mearga. Níor mhór do so cheithre h-uaire
fé mbeadh sé beirbhighthe, & níor mhór do bheith san tslighe go
bfeicfeá an solus tríd.



MUIRT UBHALL.



Cheithre púint ubhall.
Siúcre coimeádta.
Liomúin.
Milseaín daraighe.



Nigh na h-ubhla & déin leathana dhíobh; no ceathramhna má bhíon siad
an-mhór. Clúdaigh ar éigin le h-uisge fuar iad & bruithigh go
ríghin iad go mbeidh siad bog. Sgag iad trí mhála muirte;
muna bhfuil ceann agat gheobhair é dheunamh le cathaoir do
iompódh síos suas; pláinín nó eudach glan gloine do cheangal dé
na cosa, cúinne dhe ar gach cois. Cuir dhá phúnt de shiúcre coim-
eádta, súghlach & croicean liomúin, & ceathair nó cúig de mhil-
seáin na daraighe i gcoinne gach cáirt súghlaigh. (Ba cheart
milseáin na daraighe & croicean an liomúin do cheangal i bpíosa
muslín sa tslíghe go mbeadh sé fuiris iad do tógaint ar ball.)
Fiuch go ríghín, san tslighe go dtiocfaidh dath glan-dhearg ar an
muirt, & go gcruadhfadh sé nuair thógfar cuid de. Bain an
sgiomadh dhe d'réir mar d'eireochadh sé air.



1. Is fearr úbhla dearga.



2. Isiad na crabaí fiadhaine dhéunan an mhuirt is fearr; dheun-
fadh na h-ubhla leagfadh an ghaoth san úbhall-ghort muirt an-
mhaith leis.



SUBH SMEUR DÚBHA & UBHALL.



Cheithre púint ubhall.
Dhá phúnt smeura dubha.
Chúig phúint siúcre.



Bain na cosa des na smeura dubha; croch púnt siúcre orra &
fág ar mhias ar feadh oidhche iad. Cnáithir iad an lá ina dhiaidh
san, chum an t-súghlaig do bhaint asta, & sgag iad. Lomair, bain


L. 85


na croidheachaín asta & gearraigh na h-ubhla. Cuir in oighean na
coimeádtá iad i bhfochair súghlaig na smeur & an chuid eile dhen
siúcre. Fág ag beirbhiughadh ar feadh uaire nó gairid do iad.



MARMALÉID ORÁISTÍ.



Cuir aon liomúin amháin i gcoinne ceathair nó cúig de
oráistí Seville. Nigh in uisge fuar iad. Gearraigh an-thanaidhe
iad & bain asta na síolta. Cuir trí phiúnta uisge orra igcoinne
gach púnt oráistí, & fág ansan ar feadh lae iad. Cuir rud
beag uisge ar na síolta & fág ar feadh lae iad san leis.
Doirt na h-oráistí a bhí ar bogadh isteach san oighean coimeádta,
& cur an t-uisge bhí ar na síolta orra. Fág ag beirbhiughadh iad,
go raghadh brobh tuighe tríotha len a mbuigeacht. Tóg iad & cuir
púnt siucre coimeádta igcoinne gach piúnta. Fág shíos ansan
iad go muirtid nuair a fhuaraid.



SUBH CNÓPAIRÍ.



Púnt cnópairí tiorma.
Chúig phúint siúcre.



Nigh' & cuir na cnópairí ar boghadh i bhfíor-uisge ar feadh dhá uair
deug. Gearraigh ina bpíosaí an-mhion iad. Cuir trí phiúnta
uisge orra, & cuir ar bogadh ar feadh dhá uair deug eile iad.
Beirigh ar feadh leath-uaire; cuir an siúcre ina gcionn & fág
tamaillín eile ag beirbhiugadh iad.



CHUM UBH DO SGALLADH.



Beirigh roinnt uisge in-oigheallan nó i gcorcán gríoscadh &
cuir gráinne salainn ar. Cuir ar leath taoibh na teine insan é;
bris na h-uibhe isteach igcupán ar leith-leith & doirt síos insan
uisge go ríghin iad. Ná leig dóibh leathnughadh acht chomh beag & is
féidir leat. Fág ag cnáthairt ar feadh cheithre nóimintí iad;
tóg & sgag insan iad & cuir ar an mbórd ar arán tíortha iad
nó ar shliseana feola.



AG GRÍOSCADH UBH.
An bhlonog a bheadh san chorcán tar-éis bagúin, an bhlonog
is fearr don obair seo. Bris na h-uibhe isteach i gcupán.


L. 86


Sgaoil isteach san mblonoig iad, & ná leig dóibh leathnughadh acht
chomh beag & d'fheudfair. Fág ag gríoscadh ar feadh trí nó cea-
thair de nóimintí iad; aoill go maith iad.



UIBHE SCRÓBACHA.



Dhá ubh.
Dhá spiúnóg mhora bhainne.
Leath-unsa ime.
Salann & piobar.
Arán tíortha.
Peirsil.



Cuir an t-im & an bainne in oigheallan; cuir salann & piobar
orra & fiuch iad. Bris na h-uibhe isteach ina gcionn (ní gádh iad
do bhualadh) & fan dá gcorruighe go mbeidh siad cruaidh go leór
chum fuireach os cionn a chéile; (ná beirigh an iomarca iad nó
téachtadh siad). Bíodh cheithre phíosa aráin tíortha igcóir, & cuir
na h-uibhe orra. Cuir rud beag peirsil orra ag dul ar an
mbórd.



UIBHE BÁCÁLTA.



Cuir rud beag ime ar chúpla fo-chupán, & bris ubh isteach in
gach ceann acú; croth rud beag salainn & piobair orra; cuir
píosa beag ime anuas ar gach ceann acu, & bácáil iad. Tóg
iad nuair bheidh siad rud beag cruaidh.



Feuch - Nuair bheidh go leór ubh uait faigh mias pígheóg in áit
na bhfo-chupán.



UIBHE FÓIRLÍONTA.



Trí ubh cruaidh-bheirbhighthe.
Leath-unsa ime.
Cuid de shicín nó de iosgaid bagúin mion ghearrtha.



Bain na plaoisg de na h-uibhe, & gearraigh ina leathana iad;
bain na buidheacáin asta & bris (maistrig) iad; cuir an t-im
leighte, an iosgaid nó an sicín, an salann & an piobar orra, &
cuir i gcionn na ngealacán iad; croth roinnt peirsil mion-
ghearrtha orra, & cuir ar an mbórd i bhfochair biolair nó folacht
iad.


L. 87


UIBHE ALBANACH.



Dhá ubh cruaidh-bheirbhighthe.
Ubh & brus aráin.
Dhá luispín.



Bain na plaoisg de na h-uibhe beirbhighthe & tiormuigh go maith
iad; bain an croicean de na luspíní; cuir plúr ar do lámha;
cur an luispín thimcheall ar an ubh san t-slighe go mbeidh an t-ubh
go léir clúdaighthe cothrom aige. Clúdaigh leis an ubh eile & an
brus aráin ansan iad, gríosg in go leor blonaige iad; sgag
iad & leig dóibh fuara. Déin dhá leath de gach ann ubh, & cuir
biolar nó folacht orra dá gcuir ar an mbórd.



UIBHE LE H-AGHAIDH LÁ TROSGAIDH.



Cuir im ar mhéis píghcóg & bris isteach ann an méid ubh tá
uait; croth piobar & salann orra; líon an mhias nach mór le
bainne; croth roinnt bruis aráin ar an mbainn chum é thiughchant.
Cuir cúpla píosa ime ar a bhárr, & fág ag bácáil deich nó
ceathramhadh uaire iad go mbeidh siad rud beag cruaidh. Croth
brus aráin ruadh ar a mbárr & bídís te agat dá gcuir ar an
mbórd.



Feuch - Níor mhór ceathramhadh phiúnta dhe bhrus aráin do chuir
igcoinne leath-phiúnta bainne.



SCREABHACH BLASTA.



Trí ubh.
Spiúnóg mhór bainne.
Spiúnóg bheag peirsil mion-gheárrtha.
Salann & piobar.



Deighil na gealacáin & na buidheacáin: measg na buidheacáin,
an salann, piobar, & an pheirsil. Buail na gealacáin san t-slíghe
go mbeidh cúbhar maith tiugh orra. Doirt na buidheacáin anuas
ar na gealacáin & measg iad beagáinín. Bíodh unsa ime leighte
& te i gcorcán gríosca agat; doirt isteach an screabhach & beirigh
é. Corruigh le linn na h-aimsire é; nuair bheidh sé ag cruadh-
chant, & dath crón ag teacht shíos fe air, cuir an corcán os
coinne na teine nó go dtiocfaidh dath crón ar a bharra, fill é &
ciur ar an mbórd go mear é, nó má fhuaran sé searacó sé.


L. 88


SCREABHACH MILIS.



Trí ubh.
Spiúnóg mhór bhainne.
Spiúnóg mhór shuibh.
Leath spiúnóige bige blaisiúghadh an fhaoineaig.
Siúcre mínighthe.
Gráinne salainn.



Measg na buidheacáin, blaisiughadh an fhaoinig & an bainne.
Buail go maith na gealacáin & déin dála an chláir seo romhat.
Fé dtosnóchair ag cur an screabhaig seo igcóir, cuir an subh
i gcupán, & cuir isteach san amhthuinn é, nó in-oigheallan uisge te.
Nuair bheidh an screabhach fillte agat cuir an subh te isteach idir
na fillí. Croth roinnt siúcre mínighthe air & cuir ar an
mbórd gan mhoill é.



RÍS BHEIRBHIGHTHE.



Trí unsa ríse.



Uisge & salann.



Ní mhór an rís do níghe & do sgagadh; í cuir síos in uisge
fiuchta ansan; í fhágaint fiche, nó chúig nóimintí & fiche, ag beir-
bhiughadh; í sgagadh an san & í thiormú ag an teine. Níor mhór bheith
dá corruighe fhaid & bheidh sí ag beirbhiughadh.



Feuch - Dheunfadh trátaí an stáin, nó trátaí úr-bheirbhighthe
feabhas do chur ar an rís; iad do chuir ina cionn.



PISEÁNACH CARTHA.



Ceathramhadh phúint piseánaig.
Iniún beag.
Leath-unsa ime.
Spiúnóg bheag phlúir



Spiúnóg bheag phúdair
chartha
Leath-phiúnta uisge.
Salann.



Nigh an piseánach & cuir síos in uisge fuar é. Fág ag fiucadh é
go mbeidh sé briosg acht ná bris é. Gearraigh an t-iniún &
scamhaig insan im é. Cuir an plúr, an t-uisge, an púdar cartha,
& salann orra. Tabhair trí nóimintí ag fiuchadh dhóibh. Cuir an
piseánach ina gcionn insan.


L. 89


CÁISE MEACAINRONAG.



Ceathramhadh phúint meacain-
ronaig.
Piúnta uisge.
Leath-unsa ime.



Unsa ime.
Spiúnóg mhór phlúir.
Leath-phiúnta bainne.
Ceathramhadh spiúnóige móire
adhbharaig measgaithe.
Salann.
Piobar na caéína.
Trí unsa cáise (briste).



Fág ag beirbhiughadh iad
seo go mbeidh na mea-
cainronaig bog.



Déin annlan bán & cuir
blaisiughadh ina chionn.



Cuir leath na cáise briste & an meacanronaig i gcionn an ann-
lain & cuir isteach i méis pígheóg smeartha iad. Croth an chuid
eile dhen cháise ar a bharra & fág ar bácáil iad go mbeidh siad
crón. Cur te ar an mbórd iad.



CÓCAIREACHT DO OTHAIR.



Té mairte.



Leath-phúint mairte truagh (úr mharbhuighthe).
Leath-phiúnta uisge.



Bain an croicean & an méith den bhfeóil, & gearraigh ina stial-
lacha í; ansan mion-ghearraigh ó cheann go ceann na stiallacha le
sgian. Cuir isteach in áthrach criadh ansan í; cuir uisge fuar
uirre, & fág mar sin ar feadh uaire í; corruigh, & clúdaigh le
páipeur smeartha í, & cuir isteach in oigheallan uisge fuar í. Fág
ag cnáthairt ar feadh uaire í; corruigh í le linn na cnáthairte.
Sgag insan í, & fáisg an súghlach amach go maith aiste. Má tá
deitheanas agat léi; bain an mhéithearas dí le páipeur súghchant
do tharraingt ar bharra an oigheallain. Cuir gráinne salainn
uirre & cuir ar an mbórd í i bhfochair arán tíortha tirm.



Feuch - Oigheallan dúbalta is fearr i gcóir an té seo. Ná
leig do thé mairt fiuchadh.


L. 90


MUIRT SICÍN.



Sicín.
Salann & piobar (má luailtear iad).



Bain an croicean & na spólaí den sicín & má bhíon aon áit de
méith bain as é. Ná cuir acht an méid uisge fuar ar & a fhoile-
ochaidh ar éigean é; fág ag cnáthairt ar feadh trí nó ceathair
de uaireanta é, & nuair bheidh sé beirbighthe bain an mhéithearas
dá bhárr.



Feuch - Déunan an clár seo shuas muirt an-láidir. Más
anbhruithe lag sicín beidh uait caithfir a dhá oiread uisge chuir air.



IASG DO OTHAIR.



Iasg geal is fearr do othair; an ceann is fearr acú ná an
faoitín nó an leathóg bhán.



Is fearr iasg beirbhighthe ná iasg gríosctha. Slighe an-mhaith é
seo im dhiaidh: —



Cuir blúire éisg idir dhá phláta a mbeadh im orra, cuir ar
bharra oigheallain uisge fiuchta iad & fág ann ar feadh fiche
nóimeant iad. Cuir te ar an mbórd iad.



CÁTHBHRUITH.



Piúnta min'tíre.
Cáirt uisge.
Leath-spiúnóige bige salainn.



Cuir an mhin-tíre ar bogadh in uisge fuar ar feadh cheithre h-uaire
fichead. Sgag trí phíosa muslín í & cuir an leachtach ag beir-
bhiughadh ar feadh fiche nóimeant nó leath-uair: corruigh í, & cuir
salann uirre. Cuir bainne nó uachtar uirre dá cuir ar an
mbórd duit.



MEADHG.



Piúnta leamhnachta.
Ceathramhadh phiúnta bainne géir.



Fiuch an leamhnacht; cuir an bainne geur ina chionn, fiuch arís iad
& cuir leath-taoibh na teine ar feadh chúig nóimintí iad; sgag
iad.


L. 91


UBH BUAILTE.



Buail an buidheacán & cuir leath spiúnóige bige shiúcre
mínighthe tríd. Cuir spiúnóg mhór uisge te ansan ann, & buail
go mear é. Cuir ceathramhadh phiúnta bainne fiuchta ina gcionn,
& corruigh go maith ar eagla a dtéachtadh. Cuir ó árthrach go
dtí árthrach eile trí nó ceathair de uaireanta é, & blaisigh le
biotáile nó le brannda dá chuir ar an mbórd duit.



TÉ MINE RUIS.



Leath unsa min'ruis.
Ceathramhadh unsa carra-
cháin.



Ceathramhadh unsa siúcre
gréidh.
Piúnta uisge.



Nigh an mhin-ruis. Cuir síos in oigheallan uisge fuar í, & fág ag
cnáthairt leath-uair í. Cuir an carrachán & an siúcre gréidh in a
cionn. Sgag í fé gcuirir ar an mbórd í.



MUIRT CÚNAIG GAEDHEALACH.



Leath-unsa cúnaig gaedhealach.
Píosa chroicean liomúin.



Piúnta bainne nó uisge.
Unsa siúcre.



Cuir ar bogadh & nigh go maith an cúnach in uisge fuar: cuir isteach
in oigheallan é, & cuir croicean liomúin & leachtach air. Fág ag
cnáthairt ar feadh leath-uaire é. Cuir siucire ar & sgag i múla
fliuch é, & ná tóg as é go mbeidh sé fuar.



BROCHÁN.



Spiúnóg mhór min-tíre.
Piúnta uisge, nó uisge & bainne leath 'má leath.
Salann.



Cuir an mhin tíre ar bogadh ar feadh cúpla uair. Fiuch ansan í, &
bí á corruighe. Cuir ar cnáthairt ar feadh trí ceathramhna uaire
í. Corruigh thall & i bfus í. Sgag í, & cur roinnt bainne nó
uachtair uirre dá cuir ar an mbórd duit.


L. 92


CUPÁN CNÓPHNIAC NÓ PLÚR AN ARBHAIR.



Leath-phiúnta bainne.
Dhá spiúnóig bheaga cnóphniac nó plúr arbhair.
Siúcre & blaisiughadh mar is toil leat.



Fiuch an bainne, cuir an siúcre ina chionn. Bíodh an cnóphniac
nó an plúr arbhair measgaithe le bainne fuar agat roimh-ré &
corruigh iad dá gcuir igcionn an bhainne fiuchta. Fan á gcor-
ruighe cúig nó sé nóimintí.



Gheobhfaí spiúnóg búird uachtair do chuir ar fé raghadh sé ar
an mbórd, nó spiúnóg búird biotáile nó brannda.



UISGE NA H-EORNAN.



Piúnta uisge.
Spiúnóg mhór de eorna an phéarla



Nigh an eorna; cuir in-oigheallan uisge fuar í, & fiuch í; sgag
ansan í & caith uait an t-uisge. Cuir piúnta uisge fuar ansan
uirre & beirigh go ríghin ar feadh cúpla uair í. Sgag í & má ta
sí ró-thiugh cuir bainne nó uisge innte chum í thanúchant.



Feuch - Más do pháistí í seo ní bheidh aon bhlaisiughadh uait,
acht muna ab eadh bheadh píosa de chroicean an liomúin go deas
tríthe.



AG DEUNAMH PRAISGE.



Trí nó ceathair de spiúnóga móra min'tíre. (Má tá min
an-gharbh agat deunfaidh trí spiúnóga móra do gach aon cháirt
uisge tú).



Cáirt uisge.



Spiúnóg bheag salainn.



Fiuch an th-uisge & cuir an salann ar; cuir an mhin ar ansan
in áit a cheile, & corruigh í; cuir an t-oigheallan i leath-taoibh na
teine & bíodh sí ag fiuchadh de shíor ó uair go dtí dhá uair d'réir
míneacht na mine.



Feuch 1 - Dheunfadh min-tíre slámógach an gnó; leath uair a
bhaineadh sé dhi beirbhiughadh.


L. 93


2 - Nuair a bhíonn leite uait igcóir breachfast gheobhfá an
salann & an mhin do chuir san oigheallan thar oidhche, & uisge fiuchta
dhortadh uirre. Bheadh na gráineacha an-bhog ar maidin, & ní
bhaineadh sé leath na h-aimsire dhen leite.



CHÚM CÚIRÍNÍ & RÍSÍNÍ SULTANA DO GHLANADH.



Croth rud beag plúir orra & cas in eudach iad; coimeád an
t-eudach id láimh chlé, & cimil iad led láimh dheis, & bain na cosa
dhíobh. Cuir i gcriathar iad & déin an plúr & na cosa do críath-
airt díobh. Cimil go maith led láimh arís iad chum iad do
ghlanadh.



Feuch - Muna bhfuil aon chríathar agat caithfir na cosa phiocadh
go maith asta d'réir mar bhainfir as an eudach iad.



CHUM RÍSÍNÍ BHAILENCIA DO OLLAMHUGHADH.



Bíodh báisín uisge te agat chum do mhéuranna do thomadh ann
anois & arís, chum ná beidís ag ceangal dá chéile. Oscail ar na
rísíní & bain na clocha asta; ná fliuch iad acht chomh beag & do
fheudfair.



CHUM GRÉIS DO MHION-GHEARRADH.



Gréis dubhan mairte a bheadh trí nó ceathair de laetheanta
istig is fearr. Is saidhbhre gréis caoir-fheola, & ní gádh an
oiread san di do úsáid. Déin píosaí an-mhion den ngréis, &
croth rud beag plúir uirre; bíodh barra na scine go daingean id
láimh chlé agat & oibrigh síos & suas cois na scine id láimh dheis
dá gearradh dhuit. Tóg an plúr as an mias, a bheidh meáidhte
agat le h-aghaidh an ghnó.



CHUM PEIRSIL DO MHIONGHEARRADH.



Nigh & fáisg in eudach glan an pheirsil. Bain na cosa de &
déin beart beag de; gearraigh ar a threasna tríd & tríd é go
mbeidh sé an-mhion agat. Coiméad barra na scine daingean &
oibrigh cois na scine síos & suas.


L. 94


CHUM AMÚIN DO GHEALADH.



Caith isteach inuisge fiuchta ar feadh trí nó ceathair de
nóimintí iad; sgag iad & cimil na croicinn díobh.



CHUM CÚBHAIR DO CHUIR AR GHEALACÁIN.



Níor cheart gealacáin do bhualadh go mbeidis uait; cuir
gráinne salainn ina gcionn & buail go bríoghmhar iad le scian
nó le buailteóir, nó go mbeidh siad láidir go leor chum an
bualteóir do iompcur. B'fhearr iad do bhualadh in áit fhuar nó
i séideán.



CHUM DONNUGHADH DO DHEUNAMH.



Gheobhfaí é seo cheannach nó é dheunamh mar seo; —



Cuir dó nó trí de unsaí siúcre & dhá spiúnóg mhóra uisge
isteach in oigheallan iarainn nó i sean-chorcán gríoscadh. Leaigh
é & nuair bheidh sé crón cuir leath-phiúnta uisge fiuchta ina chionn;
fiuch arís iad & corruigh iad le spiúnóg iarainn. Fág cois na
teine é go mbeidh an siúcre go léir leighte, & nuair a fhuaradh sé
cuir i mbuideal é, & bíodh corc maith daingean ann.



CHUM BRUS ARÁIN RUAIDH DO DHEUNAMH.



Le h-aghaidh a chur ar bharra bagúin & rl: - Faig píosaí aráin
cruaidh & cuir isteach in amhthuinn cuibheasach te iad go mbeidh
siad an-thirm & ruadh. Bhrúigh iad le biorán rolladh & déin iad
do chríathairt. Fuar iad & cuir isteach i gceaintín tirm iad, &
clúdaigh go maith iad. Gheobhfá an oiread do dheunamh mar seo,
& dheunfadh ar feadh go leór aimsire tú.



CHUM BLONAIGE NÓ GRÉIS DO NIAMH-GHLANADH.



Píosaí gréise nó saille caoir-fheola, fuar nó beirbhighthe,
gheobhfaí d'usáid mar seo: —



Gearraigh ina bpíosaí miona iad, & ná fág aon phíosa truagha
ná olc ionnta, beirigh in oigheallan iarainn gan aon chlúdach ar
feadh ceathair nó cúig de uaireanta iad. Corruigh anois & arís
le spiúnóg iarainn iad ar eagla go ndóghfaidhe iad. Níor cheart


L. 95


dóibh bheith leath chomh mór & bhíodar nuair bheidís beirbhighthe, &
níor mhór dóibh bheith ag iompódh crón, & fonn dul fé uisge orra.
Sgag iad & leig dóibh fuaradh.



CHUM SOIRN DO GHLANADH.



Má tá sé an-shmeartha nigh le sóid an nígheacháin & uisge é;
cuir luadh-dhubh air & nuair thirmeochaidh sé slíomhaig le scuab
bhog é; má bhíonn meirg ar cuir roinnt de shúghlach na giúise ar
chum an luadh-dhubh do úrughadh; i gcionn cúpla lá gheobhfá uisge
do chur arís air.



CHUM CRUADHA DO GHLANADH.



Bain an smeartha dhen chruadha le páipeur bog; slíomhaig le
galúnach an "moncí" nó le bríc scian smúrtha & bíodh roinnt
gall-ola agat air, nó má bhíonn an-chuid ar fad meirge ar an
gcruadha faig páipeur smiora.



Nuair a bhíonn sorn deasuighthe le cruadha, ba mhór an t-saor-
áid roinnt bhaselín nó gréis gan salann do chimilt de fé dtos-
nóchair ag cócaireacht.



Aon áit a ndeunfar é seo, deunfaidh páipeur bog, & ceirt
ina dhiaidh an gnó.



CHUM TEINE DO ADHAINT.



Cuir roinnt gríosaig ag bun an ghráta, & cuir roinnt páipeur
bog-fhillte anuas orra; cuir roinnt cipíní anuas orra san ar a
dtreasna, & cúpla píosa guail anuas orra san.



Feuch - 1. Muna mbeadh cead ag an ngaoth dul tríd an teine
ní adhainfeadh sí.



2. Níor cheart do aoinne gall-ola do chuir ar theine, tá sí
costasamhail & an-chontabhrach.



CHUM ÚRLÁIR CLÁIR DO SCRÍOBADH.



Faigh bucéid uisge te & galúnach. Fliuch rud beag den
úrlár & scríob leis an ngráinne é; cimil id dhiaid é le eudach


L. 96


phlainín fáisgithe as uisge te. Ná úsáid an t-uisge ceudna
ró-mhinic, & ná h-úsáid mórán galúnaig ná sóid, mar cuirean
siad droch-dhat ar na cláracha, & rud eile má fhágann tú an
t-uisge ró-fhada gan tiormúghadh dheunfadh sé na cláracha gan
mhaith.



CHUM BÚIRD CISTINEACH DO NIGHE.



Má bhír dá nglanadh gach lá is fearr uisge te & beagán galú-
naig, & iad do scríobadh leis an ngráinne. Cuímhnigh ar fhaobhra
an bhúird. Dá gcimiléochfá le gainimh mhín na búird uair san
t-seachtmhain gheobhfá dath an-mhait choimead orra.



CHUM OIGHEALLAIN & CORCÁIN DO GHLANADH.



Oigheallain smeartha - Nigh le sóid láidir & le h-uisge te
iad; srothluigh le uisge te iad & insan cuir ar sileadh & ar tior-
mughadh iad.



Má bhítear tar-éis bainne nó glasairí do bheirbhiughadh ionnta
cuir ar bogadh ar feadh leath-uair iad; nigh in uisge te & scuab
ansan iad; cuir ar sileadh & ar tiormúghadh iad.



Feuch - 1. Má bhíonn siad dóighte beirigh ar feadh leath-uaire
in uisge sóid iad.



2. Níor mhór an taobh amuigh de thuláin & de oigheallain do
scríobadh anois & arís chum iad do choimeád glan. Má bhíonn
oigheallain dá n-úsaid os cionn teine oscailte b fhéidir nár mhór
iad do ghlanadh le scian chum an t-súgha bhaint díobh fé ndeunfaí
iad do nighe.



3. B'fhearr gan dada dheunamh le corcáin gríosca & le
greidil acht iad do chimilt le páipeur bog ar dtúis, & insan le
h-eudach glan. Níor ghádh iad do nighe muna an rud é go
mbeidhfaí tar-éis éisg nó iniúin, nó aon rud láidir mar sin do
bheirbhiughadh ionta, nó nuair bheidís an dhóighte.


L. 97


CHUM FUIREAN BREACFAIST & DINNÉIR DO NIGHE.



1. Cuir na árthaighe smeartha ar leith-leith.



2. Fuighleach cupán, scríobadh na bplátaí, sceana rl.



3. Nigh na h-árthaighe is glaine ar dtúis, ansan na h-árthaighe
smeartha.



4. Bíodh dhá chorcán uisge te agat, ceann chum nigheacháin &
ceann chum sruthlughadh; faig uisgí eile nuair is gád é.



5. Ná úsáid aon t-sóid má bhíonn aon óradh ar na h-árthaighe.



6. Níor mhór feuchaint go maith ar lámha cupán, crúisginí & rl, &
iad do níghe le scuabh más gádh é.



7. Ba cheart crúisgíní an bhainne go sgaladh & iad do bheith fén
aer ar feadh an lae; ba mhaith an rud dhá cheann acú bheith
ann. Gheobhadh ceann acú bheith fén aer de shíor.



8. Ná tom cosa na scian san uisge.



9. Má nigheann tú soithighe ná earraidhe airgid tiormuigh ar
nóimeant iad no chaillfid a ndath & a snas.



10. Níor mhór gach aon saghas gréithre do thiormughadh le eudach
bog glan tar-éis iad bheith ar sileadh, & fuireach dá
gcimilt go dtiocfaidh taithneamh ionta.



Gloine - Níor mhór gloine do nighe in uisge bog; é shruth-
lughadh in uisge fuar, é shilleadh, é thiormughadh & é chimilt go
maith.



Má bhíonn bainne ingloinne agat sruthluigh in uisgc fuar é;
nigh in uisge te é, sruthluigh aris é, sill & tiormuigh.



Ba cheart stánta, ceaintíní & rl do nighe in uisge te & sóid;
iad do thiormughadh & a chimilt le gealarán nó le rud beag
galúnaig gaedhealach.



1. Ní gádh stánta na gcístí do níghe go minic; is leór iad do
chimilt & do ghlanadh ón taobh istig.



2. Ná cuir aon snas ar an taobh istigh de mhúlaí ná de stánta na
gcístí.


L. 98


3. Aon árthaighe ná earraighe tá sreabhaighthe níor mhór iad do
nighe in uisge bog; iad do thiormughadh go mear, & iad
do chimilt le rud beag gealaráin tirm. Dheunfadh sé an
gnó dhóibh iad do ghlanadh uair sa th-seachtmhain le
gealarán úruighthe le uisge nó le rud níos fearr (súghlach
an adhmaid). Leig dóibh tormughadh & cimil le h-eudach
bog tirm iad. Ina dhiaid san cimil le saimí tirm iad.



Ceirteana cistineach - Nigh go maith iad le uisge te & gal-
únach; sruthlaig & tiormuigh iad.



Beirigh fé dhó san t-seachtmhain iad & bíodh galúnach & sóid ar
an uisge agat. Sruthlaig go maith iad fé dtiormóchaid siad.



Feuch - Chum feabhais do chur ar dhath eudaighe nó ceirteana
cistineach & paistí smearta & rl do bhaint asta, ba mhaith an rud,
rud beag gall-ola do chuir síos insan uisge fiuchta.



Níor cheart é dheunamh muna ar bh'fhéidir leat na ceirteana
do shruthlughadh i gcúpla uisge & iad do thiormughadh leat-is-
amuigh fén aer.



Sceana - Cimil ar chlár iad & bíodh rud beag de cheó na
scian crochta air agat. Ná dearmhad cul & buin na scian.



Ná cuir aon phioc den cheó ar chosa scian mbán.



Ná glán sceana sreabhaighthe .i. sceana ime & rl ar chlár na
scian.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services