Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - I mBaile Átha Hí

Title
Ar Faithche na hImeartha - I mBaile Átha Hí
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



I mBaile Átha hÍ



Bhí aghaidh gach deagh-Ghaedhil ar Bhaile Átha hÍ
Dia Domhnaigh. Is ann a bhí comórtas cinn
gaisce idir laochraidh Bhaile Átha Cliath agus
Chorcaighe sa pheil. Is iad Muinntir Bhaile
Átha Cliath do bhuaidh, acht má b'iad, a béal an
mhadraidh do sciobadar an bhuadh soin. Sidé
mar a bhí an scór i ndeireadh na mbeart: Áth
Cliath, 0-5; Corcaigh 0-4.



An Imirt



Árd-chluiche ar fad a b'eadh é. Bhí an dá
fhuirinn cothrom go leor i dtaobh meadhchaint
is lúith agus ó'n nóimeat 'n-ar tosnuigheadh go
dtí glaodh deireannach na feide níor bh'fhios
ciaca bhuaidhfeadh. Go deimhin do cheap gach
éinne go mbeadh sé ar chothrom eatortha. Bhí
uireasbha aicillidheacht sa lucht scríbe ag an
dá fhuirinn. Go deimhin is annamh Baile Átha
Cliath ar a mhalairt de chuma. Mar sin féin,
do dhein gach taobh aca árd-ghaisce Dia Domh-
naigh. Molaim-se a ngradam do sna Ciceam-
aigh.



Táillí Báire



I gcomhair chraobh Chonntae Bhaile Átha Cliath:
Dáibhisigh 4-6; Fontanáigh, 2-10. Fé réir an
Chumainn Báire: Na Rábairí, buadh i n-aisce ó
sna Céitinnigh (mo náire soin): Na Crócaigh
4-8, Árd-Chraobh 0-4.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services