Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin

Title
Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Bóthar Mhic Seóin



Ní ró-líonmhar an sluagh a bhí do láthair age
Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh seo ghaibh thar-
ainn. Is truagh soin agus a fheabhas de radh-
arc a bhí le feicsint ann. Do fearadh trí
cinn de chluithchibh ann, cluithche báire agus dhá
chluithche peile. San mbáire do bhriseadh ar
toghadh gaiscidhigh na nGrósaerí age toghadh
as an gcuid eile de lucht iomána Bhaile Átha
Cliath. 2-8 i gcoinnibh 1-8 an scór.



Na Céitinnigh



Do thárla ar-imirt thar na beartaibh idir na
Céitinnigh agus Emmetigh Bhrí Cualann. Cluith-
che de sna cluithchibh i gcóir Chraobh Bhaile Átha
Cliath do b'eadh é seo. Chúig nóimit sarar
stadadh den imirt ba cheist ciaca taobh aca
bhuaidhfeadh. Chuir na Céitinnigh cúl agus dá
chúilín le n-a scór agus d'fhág soin ar uachtar
iad. 2-10 i gcoinnibh 2-5 an scór. Táid
na Céitinnigh ag teacht chun cinn sa pheil go
háirithe.



Téarmaí



Deir Pilib Ó Néill liom go bhfuil a thuill-
eadh "téarmaí" bailighthe aige i gcóir báire is
peile is cluithchí Gaedhlacha eile. Dá mb'áil
leis iad a chur chughainn chuirfimís i gcló
annso iad. Badh mhaith an rud tuilleadh
feidhme a bhaint asta.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services