Cainnt gan Eolas.
Tá dream daoine ann anois, agus
chomh túisge is bhíonn duine aca ábalta
ar “tá bó agam” a rádh ní bhíonn
suaimhneas air chun go gcuireann sé i
n-úil dúinn gur mhaith leis cromadh,
lom díreach, ar an nGaedhilg a cheart-
ughadh. Ní réidhtigheann “dh” i
“nglaodhach” leis, agus badh mhaith
leis an gh a bhaint amach as lár an
“tsaoghail.” Is cruinn deis-bhéalach
a thugann an tAthair Peadar fé n-a
leithéidíbh seo i Sgoth-Bhualadh, II.
Cuireann sé a gcainnt i gcomórtas
leis “an saghas cainte a dhéanfadh
fear dall ar dhathanaibh. An saghas
cainte a dhéanfadh gréasaidhe ar conus
ba cheart bríste a dhéanamh, nú a
dhéanfadh táiliúir ar conas ba cheart
bróg a dhéanamh.”
“Is fada mé ag éisteacht,” ar
seisean, “le caint agus ag léighe
cainte, agus ní fheicim choidhche go
labhran duine ná go sgríobhan sé ach
ar an rud atá ar eolus aige, an rud
go bhfuil fhios aige cad a bhainean
leis. Ach idtaobh na Gaeluinne, chím i
gcomhnuighe riamh, gur b'é an té is
lúgha eolus uirthi an té is aoírde agus
is dána a labhran 'ghá insint dúinn go
léir conus is ceart í labhairt agus í
sgrí', agus í shaothrú'!”
Tá beirt aca anois ag tabhairt
comhairle ar leasa dhuinn sa
“Léader,” “Chanel” agus Seán
Mac Murchadha.
W. T. Stead óg iseadh “Chanel.”
Do mhúinfeadh d'Impire na Rúise
cionnus badh cheart dó a thír a riagh-
lughadh, agus do dhéanfadh sé caipín
cogaidh do Thógé, fear cinn riain airm
Seapáin. Acht dár ndóigh, ní bhíonn
Chanel acht ag magadh leath na haim-
sire, caithfeann sé bheith ag cainnt
's ag cnáimhseáil, acht ní bhacann éinne
leis. Acht Seán Mac Murchadha!
Maise, cúis gháire dhúinn! an fear a
thugann “An Súilbheanach” ar Mhac Uí
Shúilleabháin, agus “lámh istigh” aige
ag ceartughadh na Gaedhilge!! Is
iongantach nár dhein sé Súil-Bheannach
de'n ainm, i dtreo is go mbeadh 'fhios
againn i gceart an gaol a bhí idir
Súil-Bheannach agus an Finn-Bheannach.
Tá árd-eolas ar fad aca so ar
theangachaibh iasachta — nó deir siad
go bhfuil. Is mar a chéile an sgéal,
níl duine chun iad a bhréagnughadh;
agus dá mbeadh féinig bheadh sgáth air
“thugais t'éitheach” a rádh le duine
léigheannta foghlumtha. Acht má's
mar a chéile an t-eolas atá aca ar na
teangachaibh eile úd agus an t-eolas
atá aca ar an nGaedhilg, molaim-se
an t-eolas, agus molaim-se an té
a chuirfeadh aon tsuim 'n-a gcuid
cainnte, mar ná fuil ann, mar adeir
an tAthair Peadar, acht “Caint gan
Eolus.”
Beirt Fhear
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11