Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Mhullach Chnoc Fola II

Title
Ar Mhullach Chnoc Fola II
Author(s)
Cionn Fhaolaigh,
Pen Name
Cionn Fhaolaigh
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Mhullach Chnoc Fola.



II.



Thoisigh an chainnt is an comhrádh
eadrainn fhéin agus fear na gcaorach.
Agus sin fhéin an fear a rabh an
comhrádh aige.



“Is deas an áit tá agaibh annso,”
adeir duine againn.



“An bhfuil a fhios agaibh caidé tá
mé a innse dhaoibh: níl sé faoi luighe
gréine indiu áit is deise 'ná é sa
tsamhradh. Bhí fear thiar annso
anuraidh a shiubhail na seacht ríoghachta,
agus an bhfuil a fhios agat i ndiaidh ar
shiubhail sé d'innis sé dhamh nach bhfaca
sé áit ar bith ábalta ar an áit seo a
bhualadh. Agus creidim é!”



“Badh chóir gur mhaith an bháighe
iasgaireachta an bháighe sin amuigh,”
arsa mé fhéin, gheall ar chainnt a
bhaint as.



“Maise, anois le ha'n nó trí de
bhliadhanaibh rinneadh neart airgid as
iasgaireacht sgadán. Bhí tréan sgadán
le fhágháil san gheimhreadh ghach a'n áit
amach annsin. Gheibhtear a bhfeiceann
tú ó chionn Áranna go Cionn Thoraighe
iad, agus soir go mbéidh tú thoir ar na
Dúnaibh.”



“An le líonta a mharbhthann sibh
iad?” arsa duine de'n bheirt eile.



“Chan eadh, acht le heangacha.”



“Eangach” atá ar líon i dTír
Chonaill.



“San tsamhradh bhí iasgaireacht
bhradán amach annsin. An samhradh
s' chuaidh thart bhí mé fhéin ar iasgair-
eacht na mbradán. Buidheach go leor
a bhí mé de'n am a chaith mé uirthi.
Leóga, bhí anró léithi fosta. Chonnaic
mé sin fhéin ag cur amuigh annsin
taobh amuigh de'n líneán údaigh amuigh.
Tháinig stoirm de ghaoith deas agus
séideadh amach údaigh sinn. Tá mé
cinnte teacht na maidne go rabh sinn
fiche míle amach ó chladach. Nuair a
thóg sinn na heangacha bhí greadóg
mhaith againn. Laghduigh an ghaoth agus
bhain sinn talamh amach.”



Bhí sé ag éirghe mall. Bhí an
chéilidhe le toiseach i ndiaidh ghabhail ó
sholus de, agus badh mhaith liom fhéin aghaidh
a thabhairt ar an Choláiste cé go rabh
leisg orm an fear a fhágáil. Ní nach
hiongnadh. De chainnteoiríbh blasta
dá gcuala mé raimh rug sé bárr
buaidhe ortha.



“Má's fada an lá tig an oidhche sa
deireadh.” Tháinig an oidhche orainn,
óir níor mhothuigheamar leis an chomhrádh
solus an lae ag imtheacht uainn.



B'adhmhail gur oidhche réab-ghealaigh a
bhí ann. Marab é gurbh' eadh bhéadh
orainne trí nó ceathair de mhíltibh a
shiubhal, óir caidé an dóigh a dtiocfadh
linn rothaidheacht a dhéanamh ar bheal-
taighibh móra, cumhanga, aimhréidheachta
Thír Chonaill san dorchadas? Cha
ndéanfadh an té b'eolaighe ortha 'ná
sinne é.



Síos taobh an chnuic linn. Bhí duine
ag dearbhughadh gurbh' é seo an bealach
bhéarfadh go dtí na rothair sinn, agus
fear eile ag dearbhughadh nárbh' é, go
dtí sa deireadh nuair nach dtiocfadh
linn aontughadh fá'n chasán cheart thóg
gach a'n duine bealach dó fhéin. Eadar
thuitim agus éirghe bhain mé fhéin an
bealach mór amach thíos. Bhí a fhios
agam annsin nach mbéadh moill orm
an áit ar fhágamar na rothair a fhágháil
amach. Leis sin cluinim mar bhéadh
duine ag feadghailigh. An bumaite i
n-a dhiaidh sin 'tchím toirt le solus
gealaighe eadar mé agus bun an chnuic.
Iad-san a bhí ann. Tharraing mé ortha.
Tig siad-san in m'araicís agus na rothair
leobhtha. Tugthar amach 'un bhealaigh
mhóir na rothair agus suas ar a chionn
fhéin le gach duine againn. Síos le
fánaidh ar feadh míle linn. Ní rabh
cos le bogadh againn. Níorbh' fhada
dhúinn go bhfacamar solus na Coláiste.
Ag gabháil isteach dúinn bhí an chéilidhe
ar siubhal, acht má bhí féin, ní ar
chéilidhe bhí áird againne. Bhí barraidh-
eacht tuirse orainn i ndiaidh a bheith
ar siubhal rioth an tráthnóna. Sgíste
is mó bhí a dhíth orainn.



Sin agaibh cunntas goirid ar ár
dturas go mullach Chnoc Fhola agus
ár dteacht ar ais.



Cionn Fhaolaigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services