Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Os Cionn na Fairrge

Title
Os Cionn na Fairrge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth Cliath, Deireadh Foghmhair 13, 1906.



Os Cionn na Fairrge.



Shuidheamar lá os cionn na fairrge.
Bhí an ghrian ag dul faoi san domhan
thiar. D'ísligh sí go mall, mall, nó go
ndeachaidh sí as amharc, dá báthadh,
mar adéarfá, ins an aigéan. Leath
dorchadas ar an gcuan do bhí os ár
gcomhair amach agus ar na cnocaibh do bhí
taobh thiar dhínn. D'fhanamar 'n-ár
suidhe san áit uaignigh sin, agus tháinig an
smaoineadh so isteach 'n-ár gcroidhe:



“Tá an ghrian imthighthe faoi. Tá
solus glórmhar an lae múchta. Tá sé
'n-a oidhche ar fud na dtalta agus na
bhfairrgí. Tá na daoine agus na beithidhigh,
na héanlaithe agus na bláthanna, 'n-a
gcodladh. Ní corruighthear ar fud an
domhain. Tá an ghrian imthighthe faoi.



“Acht tá a fhios againn go n-éireoch-
aidh an ghrian arís maidin i mbárach.
Gealfaidh lá eile san domhan thoir.
Chífear solus iongantach ar mhullach
na gcnoc agus ar bharr na n-uisgí. Cluin-
fear ceileabhar ag an éanlaith ins na
coilltibh. Cluinfear géimneadh ó na
beithidheachaibh ar na bántaibh. Cluin-
fear gáire ó na páistíbh ar na bóithríbh.
Dúiseochar ar fud an tsaoghail mhóir.
Tosóchar ar obair agus ar shiamsa agus ar
bhuaidhreadh lae eile. Béidh sé 'n-a lá.”



Agus tháinig an smaoineadh eile seo
isteach 'n-ár gcroidhe 'n-a dhiaidh sin:



“Tá sé 'n-a oidhche i nÉirinn le
fada. Chuaidh an ghrian faoi na céadta
bliadhain ó shoin. D'imthigh néalta
áilne an lae as, agus leath dorchadas ar
an duthaigh. Coisgeadh de cheileabhar
na n-éan agus de cheol na gcláirseach agus
de gháire na bpáistí. Tá an tír 'n-a
tost. Tá sí 'n-a codladh.



“An ngealfaidh lá eile i nÉirinn?
An bhfeicfear solus iongantach na
maidne ar mhullach na ngnoc agus ar bharr
na n-uisgí? An gcluinfear arís
ceileabhar na n-éan agus ceol na gcláir-
seach agus gáire na bpáistí?”



Labhair an guth 'n-ár gcroidhe agus
adubhairt:



“Ní feicfear an solus sin. Ní
cluinfear an ceol sin. Ní gealltar
do thír ná do náisiún acht aon ré
amháin. Tá ré na hÉireann caithte.
Ní chasfaidh sí go deo na ndeor.”



Acht labhair an dara guth 'n-ár
gcroidhe, agus seo mar dubhairt sé: —



Gealfaidh an lá arís. Chífear
solus na maidne ar na sléibhtibh agus ar
na huisgíbh. Cluinfear ceol ins na
coilltibh agus ar na bóithribh i mbothánaibh
ar dhruim na gcnoc agus i gcathrachaibh
móra, i hallaibh ríoghdha agus i dteam-
pallaibh Dé. Níl ré na hÉireann
caithte. Ní caithtear ré aon náisiúin
acht dá dheoin féin. Agus má
caithtear ré náisiúin de bharr a
lag-mhisnigh nó a mhí-dhóchais féin,
bíonn an dara ré ann má oibrigh-
thear i gceart 'n-a comhair. Níor
chaill Dia ar náisiún riamh nár chaill
uirthi féin.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services