Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Páistí Arís

Title
Na Páistí Arís
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth Cliath, Meadhon Foghmhair 29, 1906.



Na Páistí Arís.



Ag labhairt dúinn ar na páistíbh an
tseachtmhain seo ghabh tharainn, dubh-
ramar gur dhóigh linn féin gur mithid
craobhacha de'n Chonnradh do chur ar
bun ins na sgoileannaibh. Ní heol
dúinn aon tslighe is fearr chum na
páistí do shábháil. Dá mbeadh Craobh
ar bun 'n-a sgoil féin agus é ag obair
go dícheallach ins an gCraoibh sin,
thuigfeadh an páiste go raibh dualgasa
áirithe air-sean le coimhlíonadh chomh
maith le cách; thuigfeadh sé gur saigh-
diúir i n-arm na hÉireann é agus
d'éireochadh a chroidhe 'n-a chliabh le
bród; gheobhadh sé taithighe ar an obair
agus dhiocfadh fonn chum oibre air. Ann-
soin, tar éis fágáil na sgoile dhó,
leanfadh sé do'n Ghaedhilg agus d'obair
ar son na Gaedhilge go díreach mar
leanann sé do chleachtadh a chreidimh
fá láthair. Bheadh an páiste sin 'n-a
shaighdiúir ag comhrac go calma ar son
Chaitlín Ní Uallacháin fhad is mhairfeadh
sé.



Ní leor dúinn Gaedhilg do mhúineadh
dár gcloinn; caithfimíd saighdiúirí do
dhéanamh dhíobh ionnus go bhféadfaidh
siad an cath do chosaint nuair claoidh-
fear sinne.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services