Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seoda na Sean III

Title
Seoda na Sean III
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Seoda na Sean



1. Giotaí ar n-a mbaint as
Litridheacht na hÉireann.



III.



“Ba mhó 'ná abairt in gach ré
Comhairle Dé frí Éirinn uill.”



— File éigin.



“Is fíor-bhinn a bheith ós bán-mhuir.”
— Laoi Bhinne hÉadair.



“Ba ádhbhar a bheith meanmnach
A bheith ag féachaint is ag éisteacht
Le gáir uaignigh an fhiolair,
Le cannrán na ndobhrán,
Is le comhrádh na sionnach;
An lon dubh ar inbhear sgeiche,
Agus í ag seinm go fíor-bhinn...”



— Laoi Bhinne Builbin.



“Soitheach balsaim brú Mhuire,
Corn lán is lia trócaire.
Soitheach na ngrás is glan deoch,
Níor fhás sal ar an soitheach.



“Soitheach is milse 'ná mil,
Ann do cuireadh Rí na Ríghthe,
Soitheach is ion-chuir fá fhíon,
Soitheach iomchuir an Árd-Ríogh.”



— Aonghus Ó Dálaigh Fionn
(d'éag 1570).



“Gabh mo chomairc, a chuirp Íosa,
A abhlainn naomhtha is mo mhaoin,
Saor mo chlí ó chith na bpeacadh,
Ní san bhioth ní deacair Daoibh!”



— Id.



“Má tráighthear tiobruid an fhis,
Leabhair, uama is iris,
Falach bhur sgéal ní sgrios gann,
Gan fios bhur gcéimeann gcothrom.”



— Aodh Buidhe Mac Cuirtín
(d'éag 1750).



An Ghaedhilg:
“Níor dhealbh an domhan uile
Teanga is milse mór-thuile,
De bhraithraibh is briocht-snoighthe
blas,
Cainnt is ciaintilte chunntas.”



— Id.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services