Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seoda na Sean II

Title
Seoda na Sean II
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Seoda na Sean



1. Giotaí ar n-a mbaint as
Litridheacht na hÉireann.



II.



“Cipé bes hi tTeamhraigh teinn
As é as Airdrí fos Éirinn.”



— Corbmacán Éigeas Mac Maoil-
Bríghde (1942-1943).



“Leanam lorg na laochraidhe.”



— Seaghan Mór Ó Dubhagáin
(d'éag 1372).



“Ná déan díomas, a dhuine,
Deimhin gur fríth fios do locht;
Fogus daoibh, fairíor! an uaimh,
Ná bíodh, dá thaobh, uabhar ort.”



— Aonghus Ó Dálaigh Fionn
(d'éag 1570).



Fáidh-bhréagach an saoghal so is ná
humhluigh dó.
Gearr bhéaras na séada so chnuasuighis
dó.
Ní fhuil lá téarma ag aon neach gur
buan bhias beo
Acht mar bhláth éadtrom chraobh-ghlas
an uair bhíos nódh.”



— Seathrún Céitinn (1600).



“Treise leat, a Chromuell,
A rí chrothnuigh gach sgológ,
Is led' linn fuaramar suaimhneas
Mil, uachtar is onóir.”



— Aodhagán Ó Rathaille
(circ. 1713).



An tAnfadh.
(blúire)



“Dob' éagnach imirt na tuile re
daor-ruathar,
Méad na tuinne re fuirneadh na
ngaoth nguairnein,
Taobh na luinge 's fuireann ar
tréan-luasgadh,
Ag éigheamh ag tuitim go grinneall
gan dáil fuasgailt!”



— Id.



“A uaisle Éireann áilne,
A chrú na gcéimeann cómbáidhe,
Tréigidh bhur dtrom-shuan gan ón,
Céimidh lom-luadh bhur leabhar!



Trom an taom so tharlaidh daoibh,
Idir mnáibh agus macaoimh,
Ar séanadh sean-rádh bhur sean,
Comhrádh soluis bhur sinnsear!”



— Aodh Buidhe Mac Cuirtín
(d'éag 1750).



“Ba mhinic fear maith crom-shlinn-
eánach.”



— Brian Mac Giolla Meidhre
(1781).



*“Cibé bhéas i dTeamhraigh teinn
Is é is Árd-rí ar Éirinn.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services