Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Giotaí Seafóideacha do na Páistíbh

Title
Giotaí Seafóideacha do na Páistíbh
Author(s)
Sinéad Shéamuis,
Pen Name
Sinéad Shéamuis
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Giotaí Seafóideacha do na
Páistíbh.



Siubháinín Ní Mhurchadha a chuaidh amugha
Is Suanáinín, a madadh beag, a fuair
í indiu;
Thug a máthair dhóibh cupán lán de
ghruth buidhe is sugh
Is canndaí de'n bhuilín is brúillí
d'im úr;
Níor fhág siad an oiread 's a fhliuch-
fadh do shúil
Ná a thachtfadh an sgadán ná an luichín
is lugha.



A leadaidhe na leisge,
A leadaidhe na leisge,
B'fhearr liom go mór
An fear ar dhearg-mheisge!
'Sé beathughadh a gheobhas tú
Bainne bó seisge,
A chadaidhe, a leoiste,
A leadaidhe na leisge!



Bhí caitín ba bpíob is madadh na fidile
Ag dul chum bainse an luichín;
Do casadh ortha sidhe ag tiomáint a
thrucaille
A thug dhóibh gloineachaí fuisgí.
Ó didilí didilí didilí dí-í-í,
Ó tú- í dili tú - í dili dum daoi, —
Níor fhéad siad an phíob ná an fhidil a
sheinnm
Mar bhí an bheirt aca ar mheisge!



Sinéad Shéamuis.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services